Cartlann Nuachta: 31 Meitheamh 2021
Féile Traidphicnic sa Spidéal
Frankie Gavin ar an bhfidil agus Mary Bergin ar an bhfeadóg á thaifeadadh don fhéile ar líne, Traidphicnic 2021, Tigh Hughes, An Spidéal.
Sé an t-ealaíontóir Brian Bourke atá ar an mbodhrán.
Beidh na seisiúin ó Tigh Hughes á gcur amach ar líne ag Traidphicnic an deireadh seachtaine seo chugainn.
An deireadh seachtaine seo a bheas imeachtaí Féile Traidphicnic á chur ar fáil don phobal. Tosóidh an fhéile ar an Aoine agus leanfaidh na himeachtaí ar líne ar aghaidh go dtí an Domhnach, 4 Iúil. Tá an coiste ag ceiliúradh deich mbliana den fhéile agus mar is gnáth beidh scoth na gceoltóirí ag seinm agus scoth na bhfonnadóirí ag canadh.
I measc na n-aíonna beidh:
- Clare Sands agus Liam Ó Maonlaí;
- Erin McGeown, Seosamh Ó Neachtain, Mairéad Hurley, John Blake agus Máire Ní Neachtain;
- Becky Ní Éallaithe, Megan Nic Fhionnghaile, Orla Leavy, Plunkett Ó Tuathail, Cillian Mac Cába agus Oisín Mac Diarmada.
Cuid de na seisiúin is spéisiúla, rinneadh taifead orthu i dTigh Hughes, an teach ósta a raibh cáil air ar fud na hÉireann mar theach ceoil. Sa turas ceoil ó Tigh Hughes beifear ag tabhairt chun cuimhne na seisiúin Tigh Hughes le 50 bliain anuas: daoine ar nós Frankie Gavin, Mary Bergin, Charlie Lennon a bhíodh ag casadh go minic ann, nuair a bhí Tigh Hughes faoi lán tseoil.
Beidh blaiseadh le fáil ar roinnt tograí pobail a bhfuil baint ag Traidphicnic lena eagrú:
- Sárchumhachtaí leis an bhfís-ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin;
- Hup an Baile s’Againne;
- Seoda Áitiúla le Coláiste Chroí Mhuire gan Smál & Coláiste Cholmcille;
- Tóit Chonáin le Fighting Words Chonamara;
- Traidmos le ATMOS Collective.
Léireofar don chéad uair dráma nua-scríofa de chuid Mháirín Mhic Lochlainn dár teideal “Pop-up Gaeltacht ar an bhFaiche Mhór”, curtha ar stáitse ag Cumann Drámaíochta Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige.
Muintir Uí Iarnáin – Marcus agus a bheirt mhac Breandán agus Proinnsias – ag casadh le linn seisiún ceoil a taifeadadh ag an margadh ar an Teach Dóite le gairid.
Beidh físeán den seisiún agus neart seisiúin eile le feiceáil ar líne, le linn Féile Traidphicnic, an deireadh seachtaine seo chugainn, ar leathanach Facebook Traidphicnic.
Ar ndóigh, cosnaíonn sé airgead mór Traidphicnic a eagrú ar líne agus bíonn an fhéile ag brath cuid mhaith ar shíntiúis ón bpobal. Ní bheidh na buicéid á gcreathadh ag ócáidí beo ar stáitse i mbliana, ach beidh na buicéid ar líne ar leathan Facebook agus nasc chuig Paypal ar leathanach gréasáin na féile: www.traidphicnic.com. Beidh fáilte roimh gach síntiús, beag nó mór.
Séamas Ó Scolaí R.I.P.
Ar an Satharn seo caite cuireadh Séamas Ó Scolaí i Reilig an Choiligh, tar éis tinneas gairid. Tháinig Séamas Ó Scolaí go Cois Fharraige beagnach caoga bliain ó shin lena bhean Dolores is a chlann óg, agus bhí cónaí orthu sna hAille.
Is le dul ag obair mar eagarthóir leis na foilsitheoirí Cló Chois Fharraige a tháinig Séamas go Cois Fharraige, ag fágáil post socair sa nGúm chun tacú le Comharchumann Chois Fharraige dul i ngleic le fadhb na dtéacsleabhar Gaeilge.
Má tá rath ar an tionscail foilsitheoireachta i gCois Fharraige, tá cuid den bhuíochas ag dul do Shéamas, a thug a chuid scileanna foilsitheoireachta anoir leis agus a rinne a chion féin ar son na foilsitheoireachta Gaeilge a fhorbairt i gCois Fharraige.
Suaimhneas síoraí leis.
Mionúir Chois Fharraige
Fiontán Ó Curraoin ó Chumann Micheál Breathnach leis an liathróid, le linn cluiche an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh St James, sa sraithchomórtas peile. Chaill buachaillí Chois Fharraige le cúl amháin.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
Don chéad uair riamh tá foireann mionúir iomána Grád A curtha le chéile i le iománaithe óga ón trí chlub i gCois Fharraige: Bearna-Na Forbartha, An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach agus foireann bainistíochta ón trí chlub dá stiúradh.
‘Cois Fharraige’ a thugtar ar an bhfoireann nua agus an fhoireann ag glacadh páirt i gcomórtas craoibhe an chontae sna mionúir Grád A, beidh siad ag imirt in aghaidh na bhfoirne iománaíochta is fearr sa chontae.
Fís
Tá cúrsa nua sna healaíona traidisiúnta le reáchtáil ag Ealaín na Gaeltachta i gcomhar le Stiúideo Cuan sa Spidéal. Cúrsa ar líne a bheas ann, dírithe ar dhéagóirí idir 12 agus 17 bliain d’aois. Leagfar béim le linn an chúrsa ar scileanna sna healaíona dúchasacha a úsáid le gearrscannán a dhéanamh.
Mairfidh an cúrsa ar feadh coicíse ag tosú ar an Luan, 19 Iúil, agus ag críochnú ar an Aoine, 30 Iúil, cúig lá den tseachtain ó 9.30am go 12.45pm.
Tá breis eolais le fáil faoin gcúrsa ó Ealaín na Gaeltachta, agus táthar ag obair ar iris na bliana a chur le chéile.
Páirc Spraoi an Chnoic
Páirc Spraoi an Chnoic
Tá freagra tagtha ó Chathaoirleach an Chomharchumainn, Pádraic Mac Diarmada, maidir leis an ngearán a rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige faoin drochstaid ina bhfuil Páirc Spraoi an Chnoic fágtha le fada. Sa bhfreagra a seoladh ag Cathaoirleach an Chumann Forbartha, Gerry Willie Ó Fátharta, glactar leis go bhfuil ligeachtaí go stairiúil sa gcóras a bhí ann le freagracht, bainistíocht agus cothabháil a dhéanamh ar an bpáirc spraoi. Dúirt sé sa bhfreagra go bhfuil próiseas idir lámha ag an gComharchumann “chun é seo a chur ina cheart le go mbeidh áis den scoth ag gasúir an cheantair”.
Meangadh Fíbín ag Cuartú Eagarthóir
Tá post mar eagarthóir le líonadh ag an chomhlacht léiriúchán teilifíse MEANGADH FÍBÍN, ar an Tulach. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gConamara agus theastódh Gaeilge mhaith a bheith ag an duine a cheapfar, chomh maith le oiliúint sa gcóras eagarthóireachta ar a dtugtar AVID.
Faoi láthair tá píosa á chur ag Fíbín leis an bhfoirgneamh atá acu, le go mbeidh sé mar áis eagarthóireachta ag an gcomhlacht.
Fógra do Ealaíontóirí
I gceann trí mhí beidh Féile Chois Fharraige á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus ag Oifig Pleanála Teanga Chois Fharraige, ag tosú ar an 1 Deireadh Fómhair. Mar chuid den fhéile beidh taispeántas ealaíon á reáchtáil agus sí Méadhbh Ní Eidhin ón Spidéal a bheas mar ‘curator’ ar an taispeántas. “Cois Fharraige” an téama a bheas ag an taispeántas agus ba mhaith le Méadhbh cloisteáil ó ealaíontóirí a mba mhaith leo a gcuid saothair a chur ar taispeáint, cuma cén cineál ealaíon atá ann: péintéireacht, adhmadóireacht, miotalóireacht, olann, cré, dealbhadóireacht etc. Is féidir teagbháil a dhéanamh le Méadhbh ag an seoladh mavceol@nullgmail.com. Sé 31 Lúnasa an spriocdháta do na saothair a bheith tugtha ar lámha, le cur sa taispeántas.