Cartlann Nuachta: 4 Bealtaine 2016
4 Bealtaine 2016
Díomá ar Pheileadóirí an Spidéil
Tá díomá ar pheileadóirí an Spidéil nár éirigh leo áit a fháil i gCómórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Mhúirne an chéad mhí eile. Ar an Luan seo caite d’éirigh le Rinn Mhaoile an ceann is fearr a fháil ar an Spidéal sa gcluiche ceannais sóisir do fhóirne Gaeltachta ó Ghaillimh a imríodh sa Spidéal. Anuraidh chuaigh an Spidéal chomh fada leis an gcluiche ceannais sa gcomórtas náisiúnta a imríodh in Ard an Rátha, Dún na nGall.
Ar an Luan sa gcluiche ceannais bhí Rinn Mhaoile róláidir don Spidéal agus s’iad buachaillí Chonamara Thiar a bheas ag déanamh ionadaíocht do Ghaeltachtaí na Gaillimhe sa ngrád sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Mhúirne, Co Chorcaí, deireadh seachtaine na Cincíse.
Roinnt Torthaí Spóirt
-
Iomáint (Sóisear 1): Ml. Breathnach 2 – 11, Bearna/Na Forbacha 0 – 19.
-
Peil (Sóisear): An Spidéal 2 – 8, Rinn Mhaoile 3 – 11.
-
Peil (Roinn 4): Ml. Breathnach 0 – 08, St. Brendan’s 3 –07.
-
Peil (Roinn 1): Ml. Breathnach 0 – 11, Cortoon Shamrocks 1 – 13.
-
Iomáint faoi 14 (C): Ml. Breathnach 0 – 00, Pádraig Pearses 1 – 00.
-
Iomáint faoi 14 (C): Cois Fharraige 0 – 05, Creagáin/Maigh Locha 1 – 05.
Foireann iománaíochta Micheál Breathnach a chas ar Bhearna/Na Forbacha sa tsraith Sóisear 1, ar an Luan seo caite:
Ar chúl ó chlé: Máirtín Ó Neachtain, Oisín Ó Ceallaigh, Rónán Ó Beoláin, Cárthach Breathnach, Fionntán Ó Tuathail, Breandán Ó Conghaile, Ruaidhrí Óg Ó Béarra, Mark O’ Dwyer.
Chun tosaigh: Kevin Ó Conghaile, Dinny Ó hÉallaithe, Breandán de Búrca, Adrian Ó Tuathail, Gearóid Ó Conghaile, Maidhc Ó Conghaile, Ruadhán Ó Béarra.
Cumann Gailf Chois Fharraige
Agus an aimsir ag feabhsú tá neart imeachtaí gailf beartaithe ag Cumann Gailf Chois Fharraige.
Beidh comórtas ag an gCumann i mBaile Locha Riach ar an Satharn seo, 7 Bealtaine. Beidh an chéad cheann eile ar an gCréig Mór, 18 Meitheamh, agus beidh Duais an Chaptaein á imirt in Eanach Mheáin ar an Sathairn, 16 Iúil.
Liam Ó Maolaodha atá ina chaptaen ar an gcumann.
Tá breis eolais ar fáil ón Rúnaí, Pádraic Ó Conghaile (087 2313797) nó ag padraicoc@nulleircom.net.
‘Céilí House’ ag Tíocht ag an Spidéal
Tá Ciarán Hanrahan (ar chlé) agus a chriú le tíocht ag an Spidéal, ar chuireadh ó Traidphicnic, leis an gclár raidió ‘CÉILÍ HOUSE’ a thaifeadadh ar an Satharn seo chugainn, 7 Bealtaine. Sa Droighneán Donn, a bheas an taifeadadh ar bun. Tá banna céilí tagaithe le chéile don ocáid ar a bhfuil scoth na gceoltóirí áitiúla. Deirtear linn go bhfuil lucht féachana bríomhar ag teastáil chomh maith.
Ní foláir a bheith ann ag 6.45 ar a dheireannaí le bheith sa lucht féachana mar beidh an taifeadadh ag tosaí ag 7.00. Craolfar an clár Satharn eicínt an chéad mhí eile ar RTÉ Raidió a hAon.
AGM an Chumann Forbartha
Bhí a Chruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le gairid. Cúigear déag a bhí i láthair.
Tugadh tuairisc ar obair an Chumann Forbartha le bliain anuas. Seo a leanas cuid de na nithe is mó a tuairiscíodh:
-
Cúrsa ríomhaireacht a eagrú le airgeadú ón GRETB i gcomhar le Comharchumann Sailearna.
-
An iris ‘Biseach’ a fhoilsiú agus 700 cóip dhó a dhíol.
-
Bunú an Chumann Forbartha a chomóradh ar an 6 Márta, chothrom an lae a tugadh an chéad chruinniú le chéile ag Séipéal an Chnoic, leathchéad bliain ó shin.
-
Gradam Pobail 2015 ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bhuachaint.
-
Tíocht sa darna áit i Rannóg na Gaeltachta de chomórtas Ghlór na nGael, agus duais €4,000 a bhuachaint.
-
Lá glantúcháin a eagrú sa gceantar tús Aibreáin, i gcomhar le Comharchumann Sailearna, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus An Taisce, le brúscar a bhailiú ar an gcladach agus ar bhóithríní sa gceantar.
Ag an gcruinniú dúirt an Cathaoirleach, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh sé i gceist ag an gCumann seanainmneacha na mboithríní sa gceantar a chur ar chomharthaí ag ceann gach bóithrín. Beidh fochoiste á bhunú le tabhairt faoin obair.
Pléadh na deacrachtaí a bhíonn ag an bpobal tíocht ar Gharda sa dá stáisiún atá i gCois Fharraige. Tá an Cumann Forbartha le scríobh in athuair ag na Gárdaí le fáil amach céard iad na huaireanta a d’fhéadfaí Garda a bheith ar diúité i stáisiún an Spidéil.
Duine amháin nua a toghadh ar an gCoiste Stiúrtha: Meaimí Ní Chualáin, Teach Mór, Indreabhán. Beidh cruinniú an tseachtain seo chugainn le oifigigh a thoghadh don chéad bhliain eile.
Tá níos mó eolais faoin gCumann Forbartha le fáil ar an suíomh seo.
Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta
Tháinig dhá dhuais náisiúnta ag scoileanna i gCois Fharraige ón bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta a bhí ar bun i Muileann gCearr an tseachtain seo caite.
D’éirigh le Scoil Náisiúnta Cholmcille, Ros a’ Mhíl, an duais a thabhairt leo leis an dráma ‘Scéalta Beaga 1916’. Bhí an bua chomh maith ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán, leis an dráma ‘An Chéad Fhaoistin’, bunaithe ar ghearrscéal le Frank O’ Connor.
Féile Náisiúnta Drámaíochta
Lucht buaite na nGradam ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 2016 in Amharclann Chois Fharraige, Conamara, le Pól Ó Gallchóir, Ceannasaí TG4, a bhronn na Gradaim; moltóirí agus oifigigh an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta.
Is in Amharclann Chois Fharraige a bhí an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar bun don darna bliain as an chéile an deireadh seachtaine seo caite. Léiríodh scoth na ndrámaí, curtha ar stáitse ag compántais drámaíochta ó Chorca Dhuibhne, ó na Dúnaibh i nDún na nGall, ó Cheatharlach, ó Chúil Aodha, ó Chamas agus ó Leitir Mealláin.
D’éirigh le Danny Wallace agus Páraic a’ Táilliúra Ó Conghaile Gradam na hÉigse a thabhairt leo de bharr an aithris a rinne siad ar an agallamh beirte ‘Raiftearaí agus an File’, a scriobh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha.
Fuair Danny Wallace gradam eile chomh maith as a chuid aisteoireachta sa dráma ‘Mar a Chéile Muid’.
Bronnadh Gradam ar Jacinta Ní Chonghaile, as an gCloch Mhór, Baile na hAbhann, faoina cuid aisteoireachta sa dráma ‘Págánaigh’, a chuir Scoil Éigse Chamais ar an stáitse.
Is in Amharclann Chois Fharraige a bheas an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar bun an chéad bhliain eile arís.
Gradam Aisteoireachta á bhronnadh ar Jacinta Ní Chonghaile ag Pól Ó Gallchóir, Ceannasaí TG4, don pháirt a rinne Jacinta sa dráma “Págánaigh” le Tomás Mac Donnchadha, á léiriú ag Scoil Éigse Chamais.
Pól Ó Gallchóir, CeannasaI TG4 ag bronnadh Gradam Aisteoireachta ar Danny de Bhailís, Aisteoirí Chaoráin Aodha, Leitir Mealláin, don pháirt a rinne sé sa dráma “Mar a Chéile Muid” le Seán Ó Coisdealbha (Johnny Chóil Mhaidhc).
Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh
I mBaile Átha Cliath ar an Máirt seo caite, cothrom an lae céad bliain ó shin a cuireadh an Piarsach chun báis, sheol an tOllamh Alan Titley an dlúthdhiosca nua ‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’.
Tá ceol agus amhráin luaite i nach mór chuile dhráma a scríobh an Piarsach agus bhí an ceol fíorthábhachtach ina chur chuige cruthaitheach.
Síle Denvir, ar as na hAille í, a rinne cóiriú ar an CD, atá eisithe ag Cló Iar-Chonnacht. Beidh Síle agus a comhghleacaithe ceoil ag tíocht go Cois Fharraige mí Meán Fómhair seo chugainn le ceolchoirm den cheol atá ar an CD nua a chur ar stáitse in Amharclann Chois Fharraige, mar chuid de Oireachtas Chois Fharraige 2016.
‘Darkness into Light’
Beidh siúl/rith 5km ar bun sa gCeathrú Rua, maidin Sathairn seo chugainn, 7 Bealtaine, ag tosaí sa dorchadas ag 4.15 ar maidin agus ag críochnú le éirí na gréine. Beidh an tíocht le chéile ag an Scoil Chuimsitheach, áit a bhfuil neart áit páirceála.
Beidh an ócáid ar siúl i mbreis is 110 ionad in Éirinn ar mhaithe leis an eagraíocht Pieta House, eagraíocht dheonach atá ag iarraidh dul i ngleic le fadhb an fhéinmharú in Éirinn. Tá ionad ag Pieta House i dTuaim, le freastal ar Iarthar na hÉireann. Seo é an chéad uair don tsiúlóid ‘Darkness into Light’ a bheith á eagrú i nGaeltacht Chonamara. Tá níos mó eolais ar fáil ach dul ag an suíomh dil.pieta.ie.