Cartlann Nuachta: 4 Feabhra 2015
4 Feabhra 2015
Comórtas Scoraíochta Idirbhailte i bParóiste an Chnoic
Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige Comórtas Scoraíochta Idirbhailte a eagrú i bParóiste an Chnoic, sé sin na bailte idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Cruimlinne. Bhíodh a leithéid de chomórtas ann blianta ó shin.
Séard a bheas sa gcomórtas ná seó nó scoraíocht, thart ar 25 noiméad ar fhad, a bheadh curtha in oiriúint don stáitse ag bailte fearainn sa bparóiste. Sa scoraíocht bheadh meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht, greann, drámaíocht etc. faoi théama éicint. Bheadh sé fágtha faoin mbaile an téama a roghnú.
Bheadh PríomhGhradam á thabhairt amach don léiriú is fearr, ag tógáil san áireamh na réimsí seo:
- (i) ceol;
- (ii) amhránaíocht;
- (iii) damhsa;
- (iv) daoine óga;
- (v) éagsúlacht;
- (vi) cumadóireacht;
- (vii) scéalaíocht/filíocht/lúibíní
- (viii) aisteoireacht;
- (ix) greann;
- (x) feisteas.
Bheadh sé i gceist gradaim éagsúla a bhronnadh chomh maith sna réimsí thuas.
Uasmhéid de scór duine a bheas ceadaithe le bheith páirteach sa seó ar an ardán. Beidh cead props agus soilsiú a úsáid. Beidh cead ag bailte beaga atá buailte ar a chéile tíocht le chéile nó dul i bpáirt le baile eile taobh leo.
Caithfidh gach duine atá le bheith páirteach sa scoraíocht a bheith ina chónaí sa mbaile fearainn óna dtagann an seó, nó de bhunú an bhaile sin sa gcás nach bhfuil cónaí orthu sa mbaile sin anois.
Tá go dtí an Aoine an 6 Feabhra ag bailte lena chur in iúil an mbeidh siad páirteach sa gcomórtas scoraíochta. Má bhíonn níos mó ná 5 bhaile ag iarraidh a bheith páirteach sa gcomórtas beidh dhá réamhbhabhta ar bun le 4 bhaile a phiocadh amach le dul san iomaíocht sa gcraobhchomórtas ag an deireadh.
Tá an Cumann Forbartha ag súil go mbeadh an comórtas críochnaithe faoi dheireadh Mhárta.
Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ach glaoch ar Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 0860888578.
Deireadh an Bhóthair ag Aisteoirí an Spidéil
Tá an chamchuairt atá ar bun ag Aisteoirí an Spidéil leis an sár-léiriú ar an dráma ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’ ag tíocht chun chríche an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a chuirfear an dráma ar stáitse don uair dheireannach i Seanscoil Sailearna, ar an Satharn seo chugainn, 7 Feabhra ag 8 tráthnóna.
Tá ardmholadh faighte ag an léiriú seo ó Jimmy Murphy, údar an dráma a chonaic sa Taibhdhearc é le gairid. Dráma cumhachtach do dhaoine fásta atá ann, agus go leor caint ghraosta tríd, rud nach mbeadh feiliúnach do ghasúir óga.
Ní inniu ná inné a thosaigh Aisteoirí an Spidéil ag plé le drámaí a chur ar stáitse. Seo thíos sliocht as mír a bhí sa gCuradh Connachtach 75 bliain ó shin:
The Tans in Connemara
The Tans were very active in Connemara recently but their peregrinations were confined to the limits of the stage in Carr’s Hall in Moycullen, when Spiddal Gaelic dramatic society produced the new Irish play, ‘Na Tans i gConamara’, by an tAthair Com Mac Suibhne, a native of Spiddal. This play received its premiere in Spiddal Irish college on New Year’s night. The leader of the flying column was excellently portrayed by Seosamh Ó Neachtain and the Bean Comharsan was quietly and effectively portrayed by Maighréad Ní Neachtain. No less effective was the portrayal of the other members of the flying column by Pádraic Ó Coistealbha, Uilic Mac Suibhne, Antoine Ó Domhnaill, Pádraic Ó Curraidhín, Stiofán Mac Donnchadha and Beartla Ó Cualáin. The bean-a-tighe was ably portrayed by Maighréad Ní Churraidhín. Pádraic Ó Droighneáin filled the role of the blacksmith to perfection. The part of the Tans was acted by Pádraic Ó Domhnaill, O.S., Proinnsias Mac Gloinn and D. Ó Colchúin.
Buíochas le Seán Ó Neachtain as an mír sin as an gCuradh Connachtach (2/10/1940) a chur ar fáil dúinn.
Scannáin sa tSeanscoil
Tá Club Scannán Sailearna faoi lánseol arís ón Déardaoin seo caite. Idir seo agus aimsir na Cásca, beidh scannáin den scoth á dtaispeáint gach Déardaoin i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15 trathnóna. Anocht is scannán grinn ón tSualainn atá le taispeáint, ‘The 100 Year Old Man who Climbed Out a Window and Disappeared’, bunaithe ar leabhar den teideal céanna.
An tseachtain seo chugainn beidh ‘Ida’le feiceáil, scannán ón bPolainn, chomh maith le ‘Rúbaí’, gearrscannán faoi chailín atá ag maíomh nach gcreideann sí i nDia, díreach agus í ceapaithe a céad chomaoineach a dhéanamh! Sa ngearrscannán tá an phríomhpháirt ag cailín óg as an gCathair, Doireann Ní Fhoighil.
Tá níos mó eolais faoi na scannáin, chomh maith le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Scoil Éinne Chun Tosaigh sa Liathróid Láimhe
D’éirigh thar barr le himreoirí óga Chois Fharraige sa gcomórtas Liathróide Láimhe idir bunscoileanna Dé Sathairn seo caite a imríodh i mBóthar na Trá. Bhí os cionn leathchéad gasúr as bunscoileanna ar fud an chontae ag glacadh páirte.
Ghnóthaigh Sadhbh Ní Fhlaithearta as Scoil Éinne, an Spidéal, comórtas na gcailíní singil faoi 13 agus ón scoil chéanna thug Orlaith Ní Churraoin agus Grace Nic Craith leo an chéad áit i gcomórtas na gcailíní dúbailte faoi 13 nuair a bhuail siad Liadan Canny agus Neasa Ní Chonghaile ó Scoil Sailearna, Indreabhán, sa gcluiche ceannais, gan eatarthu ach marc amháin ag an deireadh.
Beidh na buaiteoirí san iomaíocht i gCraobh Chonnacht i gceann coicíse, 15 Feabhra, i mBóthar na Trá.
Factóir Chonamara i Ros a’ Mhíl
Is i Ros a’ Mhíl a bheas an comórtas “Fachtóir Chonamara” ar bun ar an Aoine seo, 6 Feabhra, i Halla Pobail Cois Cuain. Is comórtas é seo a bhíonn á reachtáil ag Óige na Gaeltachta go bliantúil do na clubanna óige sa nGaeltacht atá cláraithe le Óige na Gaeltachta.
I measc na gclubanna a bheas páirteach i mbliana tá Club Óige Lurgan as ceantar Chois Fharraige, Club na nÓg as Inis Mór, Ionad Óige Iorras Aithneach as Carna, agus Club Óige na Crannóige as Ros Muc.
Cuireann déagóirí ó na clubanna éagsúla mír ar stáitse. Roghnófar trí mhír chun ionadaíocht a dhéanamh ag an bhFachtóir Náisiúnta, a bheas ar bun i nGaoth Dobhair ar an Satharn, 21 Feabhra. Beidh disco agus oíche siamsaíochta ar siúl i ndiaidh an chomórtais do bhaill cláraithe na gclubanna, agus cuirfear clabhsúr leis an oíche ag 11:45 i.n. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch a chur ar Óige na Gaeltachta ag 091 506014.
Coláiste Chroí Mhuire
Bhí an-ócáid ag an scoil ar an Oíche Oscailte a reachtáladh ar an Déardaoin, 29 Eanáir. Ar an oíche labhair an príomhoide faoin staidéar féidireachta atá ar bun maidir le soláthar oideachais i gceantar Chois Fharraige, agus maidir leis an gcomhpháirtíocht nua idir Colaiste Chroí Mhuire agus Foras na Mara. Ghlac an cathaoirleach, Maree Uí Chonaill, buíochas le foireann agus le tuismitheoirí na scoile agus mhol sí na múinteoirí as ucht a gcuid oibre ar fad ar son na scoile. Moladh chomh maith fuinneamh agus dearfacht na scoláirí a rinne an obair ar an oíche.
Bua ag Coláiste Chroí Mhuire
Bhí bua eile ag foireann sacar Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, sa tSraith Idir-Scoileanna (buachaillí faoi 16) an tseachtain seo caite nuair a d’imir siad in aghaidh Chinn Mhara. Ba é 4 – 3 an scór deiridh.
Cheana féin tá Scoil Naomh Póil, Uachtar Ard, agus Pobalscoil na Gaillimhe, Móinín na gCiseach, buailte acu. Níor chaill buachaillí an Spidéil aon chluiche go dtí seo i mbliana.