Cartlann Nuachta: 4 Iúil 2018
Traidphicnic sa Spidéal
Colm Gannon ag Traidphicnic 2015
Féasta ceoil is amhránaíochta a bheas á chur ar fáil an deireadh seachtaine seo chugainn sa Spidéal ag Traidphicnic. Tá idir ceoltóirí áitiúla agus ceoltóirí a bhfuil aithne domhanda orthu le bheith ag seinnt ag an ocáid a bheas amuigh faoin aer, ar chúl an Cheardlainn sa Soidéal.
Seo a leanas buaicphointí na féile.
Dé Aoine, 6 Iúil
7.30 Seosamh Ó Neachtain, Lisa O’Neill & Jesse Smith
Dé Sathairn 7 Iúil
7.30 De Danann – Frankie Gavin, Alec Finn, Aidan Coffey, Colm Murphy & Dolores Keane
De Domhnaigh 8 Iúil
5.30 Navá – Shahab Coohe, Shayan Coohe, Paddy Kiernan & Niall Hughes
7.00 Ceoltóirí Chois Fharraige
I measc na ngrúpaí a bheas ag seinm i mbliana beidh an grúpa De Danann. Bhíodh baint ag De Danann le Cois Fharraige, sa méid is gur minic i dTigh Hughes sa Spidéal agus i dTigh Jimmy Beartla ar an gCnoc a bhíodh an grúpa ag cleachtadh le chéile, nuair a tháinig siad le chéile i dtosach.
Tá liosta mór ceoltóirí eile le bheith ag casadh thar an deireadh seachtaine. Ar ndóigh bíonn neart ceoil sna tithe tábhairne áitiúla nuair a stopann an ceol ar an stáitse.
Tá áit bainte amach ag Traidphicnic ar cheann de na féilte ceoil traidisiúnta is taibhneamhaí dá bhfuil ann.
Mar is gnáth ní dhíoltar aon ticéad, ach glactar le síntiús ar an mbonn ‘íoc an méid is féidir leat’.
Is féidir an clár ar fad a léamh nó a íoslódáil anseo: Traidphicnic Clár 2018
Caitlín Loughnane is a mac Cormac, ag casadh i dTigh Chualáin le gairid, nuair a bhí an clár ‘Céilí House’ á thaifeadadh ann. Beidh Caitlín ag casadh ag Traidphicnic, in éindí le Alec Finn, a iníon Caitríona agus Cian Finn, mac le Alec.
An Crann Taca Ag Lorg Iarratais
Tá an t-Ionad Tacaíochta Teaghlaigh., ag lorg iarratais do phostanna páirt–aimseartha.
Post uimhir 1: Post mar Phríomh Stiúrthóir Naíonra
Tá cáilíochtaí QQI FETAC leibhéal 6 i gcúram leanaí riachtanach chomh maith le taithí ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost.
Post uimhir 2: Post mar Stiúrthóir cúnta Naíonra
Tá cáilíochtaí QQI FETAC leibhéal 5 i gcúram leanaí riachtanach chomh maith le taithí ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost.
Tuilleadh eolas le fáil ach glaoch ar 091-593132 nó ríomhphost a sheoladh ag ittt@nulleircom.net.
Seoltar litir iarratais mar aon le CV isteach roimh an Aoine 27ú Iúil 2018
An Bainisteoir
An Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
An Cnoc, Indreabhan, Co. na Gaillimhe
Bail ó Dhia ar an Obair!
Danny Wallace ag críochnú an mural ar bhinn na scoile nua atá ag Scoil Sailearna, ar an gCnoc.
Dumhach na Leanbh
Tá fáilte roimh síntiús i gcónaí don chiste atá curtha ar bun le athchóiriú a dhéanamh ar Dumhach na Leanbh, ar an dTeach Mór. Ceaptar go gcosnóidh an athchóiriú thart ar €5,000, idir chuile shórt. Tá beagnach leath den airgead bailithe cheana féin ag an gCoiste.
Tá cuntas oscailte leis an gComhar Creidmheasa faoin ainm ‘Fochoiste Dumhach na Leanbh’ agus is féidir le duine ar bith, ar mian leo síntiús a thabhairt, é sin a dhéanamh in oifig an Chomhar Creidmheasa, nó is féidir airgead a chur isteach sa gcuntas go leictreonach ach úsáid a bhaint as an IBAN seo a leanas: IE03CCHC99218194742425. Cuirfear admháil amach ar aon síntiús a fhaightear.
Torthaí Spóirt an Deireadh Seachtaine
Iománaíocht Faoi 13 B – Roinn 1: Ballinderreen 2-3, Cois Fharraige 1-4.
Iománaíocht Sinsir A – Roinn 3: Meelick-Eyrecourt 5-14, Bearna-Na Forbacha 0-13.
Iománaíocht Sinsir A – Roinn 2: Gort Inse Guaire 1-9, Clg Mícheál Breathnach 3-18.Peil Faoi 15 Roinn 1 (Iarthar): Salthill-Knocknacarra 3-17, CLG Bhearna 0-9.
Peil Faoi 15 Roinn 2 (Iarthar): An Spidéal 3-6, Clg Mícheál Breathnach 2-10.
Car Parts Warehouse Roinn 6 (Iarthar): Clg Mícheál Breathnach 1-12, An Spidéal 1-10.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.
4 Iúil 2018