Cartlann Nuachta: 4 Samhain 2015
4 Samhain 2015
Buaiteoirí ag Oireachtas na Samhna
Éadaoin Nic Dhonncha (Ros a’ Mhíl) agus a colcheathar Éamonn Ó Ceallacháin (An Chré Dhubh, An Spidéal) a fuair duais speisialta Ros na Rún sa gcomórtas Agallamh Beirte faoi 12 ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath deireadh seachtaine na Samhna.
Colm Óg Ó Curraoin (Na Minna) agus a dheaid, Colm Jimmy Ó Curraoin leis na coirn a ghnóthaigh siad as amhránaíocht ar an Sean Nós ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath deireadh seachtaine na Samhna.
Cainear Nic Réamonn (Na hAille) agus Fódhla Ní Bhraonáin (An Teach Mór) a thóg an chéad áit sa gcomórtas Agallamh Beirte (12 – 15 bhl.) ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath deireadh seachtaine na Samhna.
Éadaoin Nic Dhonncha (Ros a’ Mhíl) agus Cainear Nic Réamonn (Na hAille) a thóg an chéad áit sa gcomórtas Lúibíní (12 – 15 bhl.) ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath deireadh seachtaine na Samhna.
D’éirigh thar cionn le iomaitheoirí ó Chois Fharraige a ghlac páirt i gcomórtais Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Arís i mbliana bhí go leor iomaitheoirí óga ó Scoil Sailearna, Indreabhán, agus roinnt chomh maith ó Choláiste Cholmcille agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
Seo a leanas na duaiseanna a tháinig an taobh seo ó City West.
-
Amhránaíocht ar an Sean-Nós do Mhná (faoi 35): An Chéad Duais: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín, An Sruthán, An Cheathrú Rua.
-
Lúibíní (daoine fásta): An Dara Duais: Páid Ó Neachtain & cara, An Chré Dhubh, An Spidéal.
-
Sceitse (daoine fásta): An Chéad Duais: Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, An Chré Dhubh, An Spidéal.
-
Agallamh Beirte (daoine fásta): An Chéad Duais: Páid Ó Neachtain & Bróna Ó hUallacháin, An Chré Dhubh, An Spidéal; An Dara Duais: Pádraig a’ Táilliúra Ó Conghaile & Máire Bríd Ní Chualáin, Ros a’ Mhíl.
-
Rince Aonair ar an Sean Nós (daoine fásta): An Chéad Duais: Rónán Ó Conghaile, Leitir Mór na Coille, Camus.
-
Lúibíní (12-15): An Chéad Duais: Éadaoin Nic Dhonncha & Cainear Nic Réamoinn, Scoil Sailearna, Indreabhán; An Dara Duais: Liadan Canny & Bróna Ní Cheallacháin, Na hAille, Indreabhán.
-
Lúibíní (faoi 12): An Chéad Duais: Neans Nic Dhonncha & Patrick Ó Flatharta, f/ch. Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua; An Dara Duais: Ríona Howlin & Gránia Ní Fheinneadha, Scoil Sailearna, Indreabhán.
-
Agallamh Beirte (15-18): An Chéad Duais: Bróna & Róísín Ní Cheallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal.
-
Agallamh Beirte (12-15): An Chéad Duais: Fódhla Ní Bhraonáin & Cainear Nic Réamoinn, Indreabhán; An Dara Duais: Aifric Ní Ghibne & Liadan Canny, Teach Mór, Indreabhán.
-
Agallamh Beirte (faoi 12): An Chéad Duais: Éamonn Ó Ceallacháin & Iarfhlaith Canny, Scoil Sailearna, Indreabhán; An Dara Duais (Roinnte): Katie Bhreathnach & Amanda Ní Bhrádaigh, Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Duais Speisialta (carachtar as Ros na Rún): Éadaoin Nic Dhonncha & Éamonn Ó Ceallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal.
-
Scéalaíocht faoi 12: An Dara Duais (Roinnte): Seán Óg Ó Flatharta, f/ch. Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua,
-
Amhránaíocht ar an Sean-Nós (15-18): An Chéad Duais: Bertie Ó Domhnaill, Tír an Fhia, Leitir Móir; An Dara Duais: Caroline Ní Chonaire, Teach Mór, Indreabhán.
-
Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 12 – 15): An Chéad Duais: Domhnall Ó Braonáin, Teach Mór, Indreabhán.
-
Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 9 – 12): An Chéad Duais: Colm Óg Ó Curraoin, Na Minna, Indreabhán; An Dara Duais (Roinnte): Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.
-
Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 9): An Dara Duais: Caoilte Canny, Scoil Sailearna, Indreabhán.
-
Aithriseoireacht (9- 12): An Chéad Duais: Róísín Ní Raifeartaigh, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua; An Dara Duais: Éabha Ní Niaidh, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua.
-
Rince ar an Sean Nós (15- 18): An Chéad Duais: Breandán Seoighe, An Sraith Salach, Co. na Gaillimhe.
-
Rince ar an Sean Nós (9- 12): An Dara Duais: Rónán Ó Niaidh, An Caiseal, Co. na Gaillimhe.
Daltaí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, a bhain duaiseanna ag Oireachtas na Gaeilge, and deireadh seachtaine seo caite, a reáchtáladh i City West, Baile Átha Cliath.
Chun tosaidh, ó chlé: Caoilte Canny, Roisín Ní Raifeartaigh, Ríona Howlin, Éadaoin Nic Dhonncha, Éamonn Ó Ceallacháin, Iarfhlaith Canny.
Ar chúl, ó chlé: Gránia Ní Fhéinneadha, Katie Breathnach, Amanda Ní Bhrádaigh, Cainear Nic Réamonn.
Comórtas 30 – Pádraig a’ Táilliúra & Máire Bríd Ní Chualáin.
Comórtas 30 – Páid Ó Neachtain agus Bróna Ni Uallacháin.
Comórtas 31 – Páid, Aisling Ní Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.
Cailíní Chois Fharraige ina Seaimpíní an Chontae
D’éirigh le foireann peile faoi 16 ó Chumann Mícheál Breathnach an bua a fháil i gCluiche Ceannais an Chontae (Roinn II) ar an Domhnach seo caite, ar Pháirc an Spidéil, nuair a bhuail siad St. Furseys, Áth Cinn, leis an scór 5-07 in aghaidh 3 – 01.
Bhí cailíní Chois Fharraige trí chúl chun tosaigh ag leath ama, ach d’éirigh le cailíní Átha Chinn trí chúl a aimsiú sa darna leath, an fhad is a bhí duine d’imreoirí na mBreathnaigh sa ‘sin bin’ tar éis di cárta buí a phiocadh suas.
Foireann Peile faoi 16 ó Chumann Mícheál Breathnach a bhuail St Furseys (Áth Chinn) i gcluiche cheannais an chontae Roinn II leis an scór 5 – 07 in aghaidh 3 – 01.
Ar chúl, ó chlé: Róisín Ní Choistealbha, Becky Ní Éallaithe (Captaen), Róisín Ní Ghionnáin, Tiffany Ní Choistealbha, Aoife Nic Chormaic, Caoimhe Ní Churraoin, Shauna Spratt, Rosie Nic Dhubhghaill, Maela Ní Choistealbha, Majella Nic Dhonnacha, Eileanóir Ní Fheinneadha, Mary Ní Fheinneadha, Eimear Nic Dhonnacha.
Chun tosaigh ó chlé: Fíona Nic Dhonnacha, Gráinne Ridge, Fódhla Ní Bhraonáin, Sinéad Ní Chonchubhair, Sadhbh Howlin, Síofra Ní Mhárta, Aifric Ní Ghibne, Róisín Ní Chonghaile, Ailbhe Bhreathnach.
Torthaí Eile Spóirt
-
Peil (Sraith, Roinn 2): Mícheál Breathnach 2 – 12; Uachtar Ard 0 – 04.
-
Iomáint ( Cluiche Ceathrúcheannais Sóisear A): Micheál Breathnach 4-15; Tommy Larkins 3 – 12.
-
Peil (Cluiche Ceannais Sóisear B an Chontae): An Spidéal 2-11; Meelick Eyrecourt 2 – 9.
-
Peil (Sraith, Roinn 3): An Spidéal 0 – 17; Dunmore Mc Hales 2 – 13.
TIMBUKTU sa tSeanscoil
TIMBUKTU an scannán sa tSeanscoil an Déardaoin seo, 5 Samhain.
Tá an scannán lonnaithe i dtuaisceart Mali agus léirítear an drochbhail a chuirtear ar na daoine nuair a thógann na jihadists seilbh ar an mbaile. Cuirtear ceol agus sacair faoi chosc agus cuirtear srian ar na mná, nach raibh cleachtadh acu air. Déanann an Iman áitiúil iarracht seasamh roimh na jihadists, ach ag iarraidh a leagan féin den sharia a bhrú ar mhuintir na háite atá sé.
I bhFraincis is mó atá an scannán, le fotheidil i mBéarla. Ní gá bheith i do bhall le freastal ar scannáin sa tSeanscoil. Is féidir íoc ar an doras ar an oíche. www.clubscannan.ie.
Club Gligíní ar an gCeathrú Rua
Tá tús curtha le Club Gligíní in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua. Club spraoi agus drámaíochta atá i gceist do thuismitheoirí agus leanaí óga – puipéadóireacht, scéilíní, cluichí beaga, yoga, suathaireacht (massage), saor spraoi agus go leor eile.
Beidh an club ar bun chuile Dé Céadaoin idir 10 agus 11.15. Cúrsa 7 seachtaine atá i gceist. Costas €20 a bheidh ar an gcúrsa dóibh siúd atá ina mbaill don eagraíocht. Is féidir ballraíocht a ghlacadh ar €10 in aghaidh na bliana.
Is féidir clárú do ‘Club Gligíní’ trí ríomhphost a sheoladh chuig tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com nó glaoch a chur ar Shorcha ag 087 24364618.
Beidh na himeachtaí ag díriú ar an spraoi idir an tuismitheoir agus an leanbh agus tá an club feiliúnach dá réir do ghasúir ó chúpla mí d’aois go haois naíonra.
Tá an club seo dírithe ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus níl sé feiliúnach d’fhoghlaimeoirí.
Futa Fata agus Mise Raifteirí
Leabhar faoin bhfile Raiftearaí a bhain Gradam Uí Shúilleabháin, a fógraíodh ag Oireachtas na Gaeilge i City West an tseachtain seo caite. ‘Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal’ teideal an leabhair, atá scríofa ag Tadhg Mac Donnagáin (ar chlé) ón Spidéal. Is iad FUTA FATA, an comhlacht foilsitheoireacha a bhunaigh Tadhg, a rinne an leabhar a fhoilsiú.
Is fiú €4,000 an gradam don fhoilsitheoir agus €3,000 do údar an leabhair.
Comhartha de bheocht na foilsitheoireacht Ghaeilge i gceantar Chois Fharraige go mba údair as Chois Fharraige triúr den cheathrar eile a bhí ainmnithe i mbliana don Ghradam: Joe Steve Ó Neachtain leis an leabhar ‘Neamh is Talamh’; Labhrás Ó Finneadha leis an leabhar ‘Ibíotsa’ agus Darach Ó Scolaí leis an leabhar ‘Na Comharthaí’.
Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara
Ba mhaith le grúpa tuismitheoirí deis a thabhairt do phobal Chonamara teacht chuig ócáid eolais ina ndéanfar plé ar “Na Buntáistí a Bheadh le Meánscolaíocht Lán-Ghaeilge i gConamara”.
Beidh an ócáid phoiblí seo ar siúl i Seanscoil Sailearna, na hAille, Indreabhán, ar an Satharn 7 Samhain, ón 10.00 r.n. go dtí 12.00, le plé a dhéanamh ar “Na Buntáistí a Bheadh le Meánscolaíocht Lán-Ghaeilge i gConamara”. Tá an ocáid eagraithe ag grúpa tuismitheoirí atá tagaithe le chéile faoin teideal ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’.
Ar na cainteoirí a bheidh i láthair tá:
- Fíona Uí Uiginn, Príomhoide Choláiste Íosagáin, B.Á.C.
- Máire Denvir, Concos.
- Máire Uí Dhufaigh, Comhordaitheoir ‘Séideán Sí.’
- Séamas Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara.
Déanfar plé ar chur chuige na meánscoile Lán-Ghaeilge, agus ar na buntáistí a bheadh ina leithéid de chóras meánscoile do dhaltaí Chonamara.
Beidh plé oscailte i ndiaidh na gcainteanna, agus is í Norita Ní Chartúir a bheidh mar chathaoirleach ar an bplé.
BÉALOIDEAS CHOIS FHARRAIGE
Bun an Údair
Tugtar cuireadh duit chuig
Seoladh an leabhair
Leabhar Bailiúcháin áitiúla atá
curtha le chéile ag Béaloideas Chois Fharraige
Sé Eddie Bheairtle ó Conghaile a sheolfaidh an leabhar
ag 7.30 i.n. Dé Céadaoin 11 Samhain , 2015
I Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Beidh sólaisti ar fáil
Béaloideas Chois Fharraige, Na hAille, Indreabhán,
Co. na Gaillimhe
Fón: 091- 505766 Ríomhphost: ltibealoideas@nulleircom.net