Cartlann Nuachta: 4 Samhain 2020
Duaiseanna Oireachtais do Scríbhneoirí Chois Fharraige
Tadhg Mag Dhonnagáin, Baile an Domhnalláin, An Spidéal, ar éirigh leis duais €3,000 a bhuachan i gComórtais Liteartha an Oireachtais don úrscéal ‘Madame Lazare’, a bheas á fhoilsiú an bhliain seo chugainn.
Chomh maith le sin d’éirigh le FUTA FATA, an teach foilsitheoireachta a bhunaigh Tadhg ar an Spidéal, Gradam Réics Carló a bhuachan i mbliana don leabhar AN FÉILEACÁN IS AN RÍ le Máire Zepf.
Is maith mar a chruthaigh Tadhg Mag Dhonnagáin is a theach foilsitheoireachta Futa Fata sna comórtais liteartha, a reáchtáil Oireachtas na Gaeilge i mbliana. AN FÉILEACÁN IS AN RÍ le Máire Zepf, foilsithe ag Futa Fata, an leabhar ar a bronnadh Gradam Réics Carló. Is fiú €5,000 don fhoilsitheoir an gradam agus €1,250 do údar an leabhair. Is i mBaile Domhnalláin, An Spidéal, atá Futa Fata lonnaithe.
Chomh maith le Gradam Réics Carló, d’éirigh le Tadhg é féin duais €3,000 a bhuachan don úrscéal ‘Madame Lazare’, a bheas á fhoilsiú an bhliain seo chugainn.
Seo a leanas na scríbhneoirí eile ó Chois Fharraige a bhí i measc na nduaiseoirí liteartha i mbliana ag Oireachtas na Gaeilge:
- Bróna Ní Uallacháin agus Páid Ó Neachtain, An Spidéal, a fuair an 1ú duais de €2,000 as ficsean do dhaoine óga a chur ar fáil, dar teideal ‘A+’
- Feargal Ó Béarra, Bothúna, An Spidéal, a fuair duais de €1,250 as an saothar próis ‘Buile’.
- Brian Ó Gibne, An Teach Mór, Indreabhán, a fuair duais de €400 as dráma do dhaoine óga a chur ar fáil.
- Siobhán Ní Neachtain, Baile na hAbhann, a fuair an 2ú duais de €100 sa gcomórtas iriseoireachta faoi 21, as alt a scríobh sí faoin teideal ‘Ardteist Chovid’.
- Aifric Ní Scolaí, An Teach Mór, Indreabhán, a fuair an 1ú duais de €200 sa gcomórtas faoi 21, as an scéal ‘Gearr go mbeidh sé ina Shamhradh’.
- Brian Mac Donncha, An Cheathrú Rua, a fuair an 1ú duais de €300 as an dán ‘Dúchas’ sa gcomórtas faoi 21.
BISEACH 2020
Tá na cóipeanna go léir den iris BISEACH 2020 díolta anois agus níl aon cheann eile le fáil sna siopaí ná ó Chló Iar-Chonnacht. Priontáileadh 650 cóip ar fad i mbliana, níos mó ná aon bhliain eile, ach taobh istigh de sheachtain th’éis seoladh na hrise ar an gclár Iris Aniar, ní raibh aon chóip fágtha sna siopaí i gCois Fharraige.
Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH gach bliain agus le roinnt blianta anuas tá béim á chur san iris ar stair áitiúil agus oidhreacht Chois Fharraige. I mbliana bhí béim faoi leith ar eachtraí a tharla 1920, 100 bliain ó shin, nuair a bhí Cogadh na Saoirse ag bailiú nirte i gCois Fharraige agus ar fud na tíre.
Tá na sean-eagráin den iris BISEACH le fáil anois ar líne ón suíomh cartlainne atá forbartha ag Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge i gCárna.
Tá digitiú déanta ar an ábhar go léir sna heagráin den iris ón mbliain 1968 go eagrán na bliana seo caite. Tá súil ag an gCumann Forbartha go mbeidh eagrán na bliana seo á chur ar an suíomh tar éis na Nollag. Le tíocht ar na sean-eagráin ar líne, níl le déanamh ach an nasc www.cartlann.ie a úsáid agus dul ag Taispeántas Biseach.
Reilig an Chnoic
Reilig an Chnoic
Thug an gComhairleoir Pádraig Mac an Iomaire (ar dheis) le fios ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite go raibh moilleadóireacht ar bun ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, maidir le talamh a fháil le haghaidh Reilig an Chnoic. Tá an dá chomhairleoir áitiúil, Pádraig Mac an Iomaire agus Daithí Ó Cualáin ag brú cás na reilige ó toghadh iad ar an gComhairle Chontae.
Le roinnt blianta anuas tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh ar an gComhairle Chontae réiteach a fháil ar an easpa spáis sa reilig. Is cosúil nach bhfuil aon spás fanta faoi láthair ach amháin sna cosáin. Ag cruinniú a bhí ag an gCumann Forbartha an mhí seo caite, glacadh le rún ag iarraidh ar an gComhairle Chontae CPO a úsáid más gá le talamh a fháil don reilig, nuair nach féidir teacht ar thalamh feiliúnach in aon bhealach eile.
‘Féile Chois Fharraige’
In eagarfhocal i mBISEACH 2020 tugadh moladh do Chumann Micheál Breathnach agus do Thearmann Éanna Teo faoi mbealach ar tháinig siad i gcabhair ar dhaoine a bhí sáinnithe ina dtithe de bharr srianta Covid. Dúirt an t-eagarfhocal go bhfuil “ár mbuíochas tuillte ag na múinteoirí as na scoileanna a oscailt agus daltaí a fháil ar ais sa seomra ranga in anneoin na haicíde”.
Moladh san eagarfhocal go mbeifí anois ag breathnú chun cinn agus a bheith ag tnúth leis an uair a bheas COVID faoi smacht agus an saol ar ais mórán mar a bhí, agus muid saor ó na srianta atá orainn faoi láthair maidir le ócáidí a chuireann cosc ar an bpobal bailiú le chéile. “Chuige sin”, a dúradh san eagarfhocal, “níor mhiste Féile a eagrú i gCois Fharraige an chéad bhliain eile le ceiliúradh a dhéanamh ar an bpobal agus ar shaibhreas cultúrtha an cheantair, lena thaispeáint nach bhfuil muid cloíte ag Covid ach níos láidre mar phobal ina dhiaidh.”
An Triail Ar Líne
An deireadh seachtaine seo caite bhí FÍBÍN, an chomhlacht drámaíochta agus físe atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, i mbun taifeadadh ar an dráma cáiliúil AN TRIAIL, le go mbeifear in ann an dráma atá ar chúrsa na hArdteiste a chur ar fáil do scoileanna iarbhunoideachais ar fud na tíre ar líne.
Gradaim Chumarsáide an Oireachtais
Máire Bríd Ní Chualáin – Réalt Óg na Bliana
Sí Máire Bríd Ní Chualáin ó Ros a’ Mhíl, a piocadh mar Réalt Óg na Bliana, nuair a fógraíodh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais an tseachtain seo caite. Bíonn Máire Bríd ag obair ar chláracha nuachta agus cláracha cúrsaí reatha le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Roghnaíodh an clár ‘Adhmhaidin’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, do Ghradam Cumarsáide chomh maith mar Shraithchlár Raidió na Bliana. Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg as Cois Fharraige a chuireann Adhmhaidin i láthair go hiondúil.
Cosán Cois Cladaigh le Críochnú
An droichead a thrasnaíonn Abhainn Bholuisce, sa Spidéal, ar an tsiúlóid cois cladaigh a cheanglaíonn an tSeancéibh leis an gCéibh Nua. Tá píosa eile den siúlóid le déanamh leis an Airdín Buí a cheangailt leis an gcosán.
Tá an cuma ar an scéal go bhfuil tús le cur go gairid le obair ar an gcosán cois cladaigh a cheanglódh An Airdín Buí sa Spidéal leis an gcosán siar ón Sean-chéibh. Thart ar 80 méadar a bhí fágtha den chosán gan déanamh. Tá €80,000 curtha ar fáil don Chomhairle Chontae leis an obair a dhéanamh agus conradh le síniú an tseachtain seo. Ceithre sheachtain atá leagaithe amach leis an obair a chur i gcrích.
Ag fáiltiú roimh an scéal dúirt an Comhairleoir Chontae Dáithí Ó Cualáin (ar dheis), go bhfuair an Comhairle Chontae €80,000 ón Roinn Chomhshaoil chun an cosán a críochnú agus go mbeidh 1.32km de cosán leanúnach siúlóide ann don phobal le siúl cois cladaigh, nuair a bheas sé déanta. Ghlac sé buíochas le úinéirí an talaimh taobh leis an gcosán as a gcúnamh is a gcomhoibriú. “Is áis iontach nádúrtha atá sa cosán cois cósta seo, ní hamháin do phobal an cheantair ach do chuairteoirí chomh maith. Is léir anois níos mó ná riamh an tábhacht atá ag baint le áiseanna mar seo do shláinte an phobail” a dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin.
Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag cur fáilte mór roimh an scéal. Le 5 bhliain anuas bhí feachtas láidir ar bun ag an Comhlacht Forbartha ag brú ar an gComhairle Chontae an siúlóid cois cladaigh a chríochnú. Dúirt Aodán Mac Donnacha go raibh buíochas speisialta ag dul don ailtire, Míchéal Breathnach, a chuir dearadh ar fáil don Chomhlacht Forbartha.
Cruinniú Cinn Bhliana an Chomharchumainn
Seachtain ón Déardaoin seo chugainn, 19 Samhain, a thionólfar Cruinniú Cinn Bhliana Chomharchumann Sailearna Teo. Ach is ar líne, ag úsáid ZOOM, a chaithfear an cruinniú a reáchtáil i mbliana de bharr srianta COVID. Is do scairshealbhóirí amháin an cruinniú agus le páirt a ghlacadh sa gcruinniú ní mhór ríomhphost a sheoladh chuig sailearna@nullgmail.com faoin 5pm ar an Déardaoin seo chugainn, 12 Samhain agus do ainm a thabhairt.
Is cosúil go bhfuil trí fholúntas le líonadh ar Choiste Stiúrtha an comharchumainn i mbliana. Ní foláir na páipéir ainmniúcháin a bheith curtha ar ais faoin Déardaoin seo chugainn, 12 Samhain, chuig oifig an Chomharchumainn i Seanscoil Sailearna. Mar a chéile leis na rúin a bheas le cur os comhair an chruinniú, is ceart iad a bheith seolta ar ais faoin Déardaoin seo chugainn chomh maith, sínithe ag moltóir agus cuiditheoir.
Le bliain anuas tá roinnt talaimh ceannaithe ag Comharchumann Sailearna. Ceannaíodh seacht n-acra ó Údarás na Gaeltachta ar an mBaile Ard, An Spidéal. Fógraíodh ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo go bhfuil beagnach cúig acra ceannaithe sna hAille, trasna ó Shéipéal an Chnoic, an siopa a bhíodh ag muintir Seachnasaigh san áireamh, áit a bhfuil sé i gceist ag an gcomharchumann siopa carthanachta a oscailt.
Tá iarratas á réiteach ag an gComharchumann faoi láthair le aitheantas a fháil ón Roinn Tithíochta mar Áisínteacht Tithíochta agus cead a fháil tithíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta.