Cartlann Nuachta: 5 Aibreán 2023

Cuimhneachán ag Dumhach na Leanbh

An Chrois Dumhach na LeanbhAr Luan Cásca, 10 Aibreán, beidh ócáid ar bun ag Dumhach na Leanbh, An Teach Mór, i gcuimhne ar na páistí atá curtha sa gcillín ar bhruach Loch Lurgan.

Tosóidh an ócáid ag 4.00pm. Beidh fáilte roimh an pobal, go speisialta roimh dhaoine a bhfuil gaolta leo curtha sa gcillín. Daoine atá in ann siúl síos ag an láthair, iarrtar orthu a gcuid carranna a fhágáil ag an bPoitín Stil, mar nach bhfuil mórán spás páirceála thíos ann. Beidh mionbhus ar fáil ó 3.30pm do dhaoine nach mbeadh in ann siúl síos ag an láthair.

Ag an ócáid déarfar an Paidrín agus leagfar bláthanna ag an gcrois. Beidh ceol á chur ar fáil ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Théis na hócáide tugtar cuireadh do dhaoine tíocht le chéile sa bPoitín Stil, áit a mbeidh sólaistí ar fáil.

Tá an ócáid chuimhneacháin á eagrú ag Coiste Dumhach na Leanbh, fochoiste de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige agus tá sé i gceist ócáid bhliantúil a dhéanamh dhó. Tá tacaíocht geallta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin Scéim Tacaíochta Pobail le cúnamh a thabhairt íoc as costaisí na hócáide.


Deontais Tacaíochta ón gComhairle Chontae

• Cumann Forbartha Chois Fharraige: €450 le Cuimhneachán a eagrú ag Dumhach na Leanbh, An Teach Mór.

• Comharchumann Sailearna, Indreabhán: €500 le ceolchoirm a eagrú.

• Comharchumann Sailearna, Indreabhán: €1,500 chun margaíocht a dhéanamh ar an gceantar.

• Club Leabhar Chois Fharraige: €500 don ócáid ‘Blas Meala’ a eagrú.

• Pastime Chonamara, Indreabhán: €500 le tacú le téarmaíocht traidisiúnta a mhéadú.

• Coiste Curachaí An Spidéil: €500 le haghaidh Féile na gCurach.

• Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua: €600 le haghaidh Féile Lúnasa.

• Taispeántas Chois Fharraige: €1,000 don taispeántas talmhaíochta i gColáiste Chonnacht, An Spidéal.

• Féile an tSrutháin: €1,000 don fhéile bád ar an gCeathrú Rua.

• Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga: €800 le haghaidh Féile Chois Fharraige.

• Bailte Slachtmhara na bhForbacha: €2,000.

• Carraroe Tidy Towns: €1,000.

• Bailte Slachtmhara Bhearna: €630.

• Club Scannán Sailearna, Indreabhán: €600.


‘Féasta Ceoil’ sa Spidéal

Stiúidió Chois Chuain

Stiúideo Cuan, An Spidéal

Leanfar le Féasta Ceoil An Spidéil an tseachtain seo le dhá cheolchoirm den scoth i Stiúideo Cuan, ar chúl na Ceardlainne sa Spidéal. Ar an Déardaoin seo, 6 Aibreán, beidh an grúpa RAW BAR COLLECTIVE ar an stáitse agus ar an Aoine seo, 7 Aibreán, beidh an grúpa cáiliúil NA CASAIDIGH ag casadh.

I measc na gceoltóirí i RAW BAR COLLECTIVE tá Conal Ó Gráda ar an bhfeadóg mhór, Benny McCarthy ar an mbosca agus Dave Sheridan ar an bhfidil. In éindí leo beidh an sár-amhránaí ó Mhúscraí, Nell Ní Chróinín.

Gan ach líon teoranta suíochán sa seomra ceoil i Stiúideo Cuan, moltar ticéid a chur in áirithe trí dul chuig www.stiuideocuan.ie, nó glaoch ar 091 553838.


‘Glanadh Suas’ in Indreabhán

Glanadh Suas - Brúscar Cladaigh

Tá sé socraithe ag Fochoiste Timpeallachta Chumann Forbartha Chois Fharraige an ‘Glanadh Suas’ bliantúil a eagrú ar an Satharn, 22 Aibreán, i gceantar Indreabháin. Tá sé i gceist brúscar a bhailiú ó na bóithríní sa gceantar agus ar an gcladach. Tabharfar an brúscar chomh fada le áit lárnach, le gur féidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe an brúscar a thabhairt chun bealaigh.

Mar is gnáth, cuirfear láimhíní agus málaí dubha ar fáil do na daoine a bheas ag bailiú ar an lá. Cuirfear sólaistí ar fáil tar éis an bhailiú a bheith déanta.

Beidh níos mó eolais faoin ‘Glanadh Suas’ i Nótaí Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.


Scannán Deireanach an tSéasúir

Radharc as an scannán TORI & LOKITA, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 6 Aibreán, ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

An Déardaoin seo, 6 Aibreán, cuirfear clabhsúr le Séasúr Scannán an Earraigh le scannán nua ón mBeilg, TORI & LOKITA, ag tosú ag 8.15pm. Baineann scéal an scannáin le beirt ógánach ó Iarthar na hAfraice, a dhéanann gach iarracht fanacht le chéile, is iad ag dul i ngleic le cruatan an tsaoil mar imircigh óga sa mBeilg.

Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.

Anois go bhfuil fad leis an lá beidh Club Scannán Sailearna ag glacadh sos don samhradh. Beidh na scannáin ar ais arís i Seanscoil Sailearna gach Déardaoin ó dheireadh Mheán Fómhair. Faigheann Club Scannán Sailearna tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.


Ciana Ní Churraoin

Ciana Ní Churraoin - Seaimpín an Domhain 2018

Ciana Ní Churraoin – Seaimpín an Domhain 2018

D’éirigh le Ciana Ní Churraoin fáil tríd go Cluiche Ceannais na hÉireann sa liathróid láimhe dúbailte (4 bhalla) ag grád na Sinsear ar an Domhnach seo caite. Ag imirt sa gcluiche leathcheannais lena páirtí Niamh Heffernan, bhuail siad beirt bhan ó Thír Eoghain leis an scór 21 – 11; 21 – 6 sa bpiniúr nua i bPáirc an Chrócaigh.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €5,100 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 17, 19, 29, 31.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

  • Bobbie Uí Chualáin, An Teach Mór;
  • Sarah Uí Chualáin, An Teach Mór;
  • Róisín Breathnach, Na hAille;
  • Maidhc Ó Conghaile, An Cnoc.

An Poitín Stil, a fuair duais an díoltóra.

€5,200 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Iomáint (Sóisear): Ml. Breathnach 0 – 10, Bearna/Na Forbacha 0 – 19.

• Iomáint (Sóisear): An Spidéal 0 – 09, Sylane 3 – 15.

• Iomáint (faoi 15B): Ml. Breathnach 3 – 11, Rahoon/Newcastle 4 – 11.

• Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 2 – 05, An Turlach Mór 3 – 11.

• Peil na mBan (faoi 16): Ml. Breathnach 4 – 22, Ballinasloe 1 – 01.

• Peil na mBuachaillí (faoi 13): Ml. Breathnach 5 – 10, Maigh Cuilinn 6 – 05.

• Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, Oughterard 2.

• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha B 3, Kinvara Utd. 2.

• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 0, Salthill Devon 0.

• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 1, Colemanstown Utd. 3.

• Sacar (Cailíní f14): Bearna/Na Forbacha 3, St. Bernard’s 2.

• Sacar (faoi 14): Mac Dara B 1, Ballinasloe Town C 4.

• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha B 1, St Patrick’s 3.

• Sacar (faoi 12): Bearna/Na Forbacha B 4, Maree/Oranmore B 1.


5 Aibreán 2023