Cartlann Nuachta: 5 Bealtaine 2021

Bogadh na mBailte

Bogadh na mBailte

Cé nach bhfuil ‘Darkness into Light’ á dhéanamh i gceantar Chois Fharraige i mbliana, tá trí chumann spóirt i gCois Fharraige th’éis tíocht le chéile le ‘Bogadh na mBailte’ a eagrú le linn an lae ar an Domhnach seo chugainn, 9 Bealtaine, agus é mar aidhm acu airgead a bhailiú ar mhaithe le Pieta House, an seirbhís saor in aisce do dhaoine a bhíonn faoi bhrú agus in ísle brí.

Cumann Micheál Breathach, An Cumann Liathróid Lámha agus Cumann Sacair Chois Fharraige atá ag eagrú ‘Bogadh na mBailte’ ar an Domhnach seo, ón 9.00 am go 9.00 pm chun tacú le Pieta House. Tá uair go leith tugtha do gach baile fearainn, idir Abhann an Spidéil agus Abhainn Chasla, ó Bhothúna go Ros a’ Mhíl. Iarrtar ar gach baile 125 km a shiúl, a rith, nó a shnámh ag an luas is fearr a fheileann dóibh féin agus iad ag cloí le treoracha maidir le scaradh sóisialta. Tá an t-am atá ceapaithe le haghaidh gach baile ar an bhfógra thuas.

Rachfaidh chuile phinghin a bailítear ar an Domhnach i dtreo na carthannachta Pieta House.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Katie Breathnach ag 0879359861 nó ó Ciara Griallais ag 087 7530882.


Féile Chois Fharraige

Fuair Cumann  Forbartha Chois Fharraige dea scéal an tseachtain seo faoi mhaoiniú atá ceadaithe do Fhéile Chois Fharraige. Tá €3,500 ceadaithe ag Foras na Gaeilge don fhéile agus beidh deontas de €1,500 le fáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoin Scéim Tacaíochta Pobail.

Beidh Féile Chois Fharraige ar bun idir an 1 agus 10 Deireadh Fómhair.  Féile nua ealaíne agus cultúir atá beartaithe, a dhéanfaidh ceiliúradh ar chultúr, cheol, oidhreacht agus traidisiún Chois Fharraige.  Beidh sé á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar leis an Oifig Pleanála Teanga.

Tá comórtas do dhéagóirí ar bun faoi láthair le lógó feiliúnach a aimsiú do Fhéile Chois Fharraige agus €200 mar duais don lógó is fearr. Tá go dtí an Aoine, 21 Bealtaine le iarratais a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com.


Liosta na nDeontas Ceadaithe ag an gComhairle Chontae

An tseachtain seo caite cheadaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe deontais do go leor eagraíochtaí i gConamara Theas faoin Scéim Tacaíochta Pobail. Seo thíos liosta na ndeontas a cheadaíodh i gConamara Theas.

 

  • Traidphicnic, An Spidéal: €3,000 le féile cheoil ar líne a eagrú idir tús mí Iúil.
  • Cumann Forbartha Chois Fharraige, Indreabhán: €1,500 le Féile Chois Fharraige a eagrú, tús mí Dheire Fómhair.
  • Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua: €900 le Féile na Ronnach a eagrú.
  • Taispeántas Chois Fharraige, An Spidéal: €500 le leabhrán an taispeántais a chur le chéile.
  • Cumann na bhFear, An Cheathrú Rua: €500 le haghaidh an Mens’ Shed.
  • Baile Slachtmhara, An Spidéal: €1,000 le haghaidh tionscadail taithneamhachta.
  • Baile Slachtmhara, Na Forbacha: €1,250 le haghaidh plandaí agus ábhar le bláthanna a chur.
  • Téarmann Éanna, An Tulach: €1,300 le caitheamh ar an Ionad Lae.
  • Comharchumann Sailearna, Indreabhán: €1,500 le caitheamh ar doirse tine.
  • Seirbhísí Bruach na Mara, Casla: €420 le haghaidh tionscadail ealaíona.
  • Comhar Chuigéil, Leitir Mealláin: €1,500 le haghaidh insliú ar áiléar.
  • Comharchumann Sailearna, Indreabhán: €1,000 le caitheamh ar shraith coirmeacha ceoil i ngairdíní seandaoine.
  • Club Scannán Sailearna, Indreabhán: scannáin a thaispeáint i Seancoil Saileana sa bhFómhar.
  • Comhar Chuigéil agus Ionad Oidhreachta, Leitir Mealláin: €400 le taighde a dhéanamh faoi ainmneacha na gcarraigeacha is na dtonnta.
  • Cumann Forbartha Chois Fharraige: €450 le Cuisle Chois Fharraige a chur ar an idirlín.
  • Pastime Chonamara, Indreabhán: €450 le ranganna praiticiúla as Gaeilge a chur ar bun.
  • Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, An Spidéal: €840 le haghaidh dráma a réiteach leis na foghlaimeoirí.

 


Leabhar Nua le Brian Ó Baoill Seolta

Brian Ó Baoill 2021

Brian Ó Baoill ón Teach Mór leis an leabhar is deireanaí uaidh, Ceann Fhaoladh, úrscéal gearr atá foilsithe ag Coiscéim.

Lá Bealtaine seoladh leabhar nua ó Bhrian Ó Baoill, An Teach Mór, Indreabhán. ‘Ceann Fhaoladh’ an teideal atá ar an leabhar atá foilsithe ag Coiscéim. Úrscéal staire atá ann, bunaithe ar shaol fhir a raibh Ceann Fhaoladh mar ainm air agus a rinne éachtaí iontacha mar scoláire agus mar ghaiscíoch i nDún na nGall, thart ar 1,400 bliain ó shin.


Calaphort Ros a’ Mhíl

Radharc ar an gCalaphort Iascaigh i Ros a' Mhíl. [Pic: Máire Áine Nic Dhonncha]

Calafort Ros a’ Mhíl. Tá beagnach €1,000,000 le caitheamh ag an rialtas ar áiseanna ag an gcalafort a uasghrádú ach tá an cheist ardaithe an bhfuil an rialtas chun dul ar aghaidh le calafort domhain-mhara a fhorbairt i Ros a’ Mhíl?

[Pic: Máire Áine Nic Dhonncha]

Cé gur fógraíodh ag tús na seachtaine go bhfuil beagnach €1,000,000 le caitheamh ag an rialtas ar Chalafort Ros a’ Mhíl, ní mó ná sásta atá Kevin O’ Hara, urlabhraí Shinn Féin i gConamara leis an scéal. I ráiteas a d’eisigh sé, dúirt sé nach leor an maoiniú atá curtha ar fáil le céibh domhan-mhara a fhorbairt ann.

“Tá tograí straitéiseacha á bhrú chun cinn sna calafoirt eile, agus arís eile tá Ros a’ Mhíl fágtha in áit na leathphingine” a dúirt sé.  D’iarr sé soiléireacht ó Roinn na Mara faoin céibh domhan-mhara atá ceadaithe le forbairt i Ros a’ Mhíl agus cheistigh sé an bhfuil tacaíocht ag an Roinn ag an togra.

Mí na Nollag seo caite chuir Coiste Tacaíochta Chalafort Ros a’ Mhíl litir chuig an Aire Mara, Charlie McConlogue, ag meabhrú dhó go bhfuil an cead pleanála faighte le céibh domhain-mhara a réiteach i Ros a’ Mhíl agus nach dteastaíonn ach €19.5 milliún leis an obair a fháil déanta.  Iarradh sa litir ar an Aire na céimeanna riachtanacha a thógáil le gur féidir tús a chur leis an obair forbartha ar Chéibh Ros a’ Mhíl sa mbliain 2021.


Club Iomanaíochta Bearna/Na Forbacha

Tá sé fógraithe ag Club Iomanaíochta Bearna/Na Forbacha go bhfuil píosa talún ceannaithe ag an gclub in aice le páirc imeartha Sportlann na bhForbacha, lena fhorbairt le haghaidh páirc imeartha don iomanaíocht agus don chamógaíocht.

Tá an Club Iománaíochta agus Loch Lurgan AC tagtha le chéile le hairgead a bhailiú le dífhibrileoirí a cheannach is a fheistiú ar na páirceanna sna Forbacha agus i mBearna.


Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí

Tá ranganna Gaeilge dírithe ar thuismitheoirí le tosú ar an gCéadaoin seo chugainn, 12 Bealtaine. Beidh na ranganna á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar an gcóras zúm. Díreoidh na ranganna ar usáid  na Gaeilge sa saol laethúil agus sa teaghlach. Cruthófar sna ranganna deiseanna le cleachtadh a dhéanamh ar an dteanga in atmasfaer cáirdiúil.

Ní gá go mbeadh aon ranganna déanta cheana ag tuismitheoir le páirt a thógáil. Ach mar go bhfuil na spásanna teoranta, ní mhór clárú roimh ré trí teagmháil a dhéanamh le Katie san Oifig Pleanála Teanga ag 0830106294 nó ríomhphost a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com.


Leabhar le Beairtle Ó Conaire le Plé

Beairtle Ó Conaire is a bhean Úna, ón bPáirc, An Spidéal ag ócáid sheolta an leabhair Thar na Tonnta, úrscéal a bheas á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige ar zúm ar an gCéadaoin seo chugainn, 12 Bealtaine.

Beidh an chéad teacht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin seo chugainn, 12 Bealtaine, ag a 8.00 i.n. leis an úrscéal  ‘Thar na Tonnta’ le Beairtle Ó Conaire a phlé.  Is ar Zúm a bheas an plé ar bun.

Is as Ros Muc ó dhúchas é Beairtle ach cónaí air i gceantar an Spidéil le fada an lá.  Bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Mhichíl, Bunscoil na mBuachaillí, ar feadh na mblianta.  Is scríbhneoir cumasach é Beairtle, a bhfuil cuid mhaith duaiseanna buaite aige.

Baineann ‘Thar na Tonnta’ le scéal faoin an deoraí Sonaí Ó Giolla, a ndeachaigh Karl Marx i bhfeidhm air agus é ina óige.  Tar éis dó filleadh ón deoraíocht i Londain agus é ag dul siar ar bhóithre na smaointe, faigheann sé amach gur fíor don sean-nath cainte nach mar a shíltear a bítear.

Le páirt a thógáil sa bplé ar leabhar Bheairtle ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus seolfar nasc Zúm chugat ar an lá.


Darkness Into Light, An Cheathrú Rua

Darkness Into LightIs ar an Satharn seo, 8 Bealtaine, a bheidh ‘Darkness Into Light’ á eagrú ar fud na tíre. Cé nach féidir daoine a thabhairt le chéile i mbliana de bharr Covid, beidh ‘Darkness Into Light’ á eagrú i mbealach difriúil i mbliana ag Coiste na Ceathrú Rua, ar mhaithe le airgead a bhailiú don tseirbhís mheabhairshláinte a chuireann Pieta House do daoine in ísle brí.

Iarrann Coiste Na Ceathrú Rua ar dhaoine éirí le breacadh an lae ar 8 Bealtaine agus píosa siúil, rith nó snámha a dhéanamh ar son Darkness Into Light, ag cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí.

De bharr Covid is géire ná riamh a theastaíonn airgead ó Pieta House le seirbhís a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil brú orthu de bharr na dianghlasála agus a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu dá bharr.

Tá breis seirbhísí ar líne curtha ar fáil ag Pieta House mar gheall ar Covid.  Tá cabhair le fáil ó Pieta House i gcás éigeandála níl le déanamh glaoch a chur ar an uimhir 1800 247247.


5 Bealtaine 2021