Cartlann Nuachta: 5 Iúil 2017

Foireann Sacair Chois Fharraige Buachach 

Foireann Buacach Sacair leis an Sciath (2017)

Foireann Chois Fharraige leis an Sciath a bhuaigh siad sa gCluiche Ceannais Sacair  le gairid.


Campaí Samhradh

TuismitheoirínaGBeidh dhá champa á reáchtáil in ionad SPLANC! Thuismitheoirí na Gaeltachta an samhradh seo, faoi stiúr Shorcha Ní Chéide. Tá tuilleadh eolais faoi na campaí agus sonraí teagmhála thíos.

Campa Damhsa le Sorcha Ní Chéide Agus Róisín Ní Mhainín
Ionad: SPLANC! Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua.
Dátaí: 17-21 Iúil
Am: 9.30-2.30
Costas: €40
Téigh i dteagmháil le Sorcha Ní Chéide ar 086-4063478 chun áit a chur in áirithe.

Campa Dramaíochta le Phil Uí Dhubhghail & a clann
Ionad: SPLANC! Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta An Cheathrú Rua
Dátaí: 14-18 Lúnasa
Am: 9.30-2.30
Costas: €40

Téigh i dteagmháil le Sorcha Ní Chéide ar 086-4063478 chun áit a chur in áirithe!


Cumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachBhí deireadh seachtaine thar barr ag Cumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach ag Comórtas Aon Bhalla Náisiúinta i gCaisleán an Bharraigh, áit ar chroch siad leo trí mhórchomórtas.

Fuair Sadhbh Ní Fhlatharta an chéad áit (Cailiní faoí 15) agus ar na sála uirthi bhí Skylyn Ní Mháille Breathnach sa gcluiche ceannais.

Sé Oisín Ó Cualáin a bhuaigh Comórtas  Fir C go paiteanta nuair a chuair sé i leataobh a chéile comhraic ó thrathnona Dé hAoine go dtí am dinnéir Dé Domhnaigh.

Fuair Colm Ó Cualáin an bua (Fir os cionn70) agus fuair S Ó Fátharta an pláta sa ngrád céanna.

Glach 34 ball de Chumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach páirt  sna comórtais éagsula agus chuir  siad ar fad taispeántas den scoth ar fáil agus marar baineadh sult as ní lá go maidin é!


Ceannasaí Bainistíochta Nua Ceapaithe

Tearmann Éanna Teo. LogoIs í Bainisteoir Thearmann Éanna, Peigí Uí Chéide, atá ceaptha ina Ceannasaí Bainistíochta ar trí eagraíocht i gCois Fharraige: Comharchumann Sailearna; An Crann Taca agus Tearmann Éanna. Beidh Peigí ag dul i mbun a cuid cúraimí nua láithreach. Tá bord stiúrtha i mbun gach ceann den trí eagraíocht, neamhspléach ar a chéile, ach tarlaíonn sé go bhfuil Peadar Mac an Iomaire ina chathaoirleach ar gach ceann acu.

Tá comh-bhord stiúrtha curtha ar bun le ionadaíocht ón trí bhord stiúrtha eile. Is cosúil gurb é seo an structúr a mhol dream a fostaíodh le staidéar a dhéanamh ar fheidhmiú na n-eagraíochtaí agus go gceapfaí ceannasaí bainistíochta ar cheann an ghrúpa comhlachtaí.

Tá Peigí Ní Chéide ina bainisteoir faoi láthair ar Thearmann Éanna Teo., an comhlacht atá i mbun tithíochta agus seirbhísí do na haosaigh ar an gCnoc agus ar an Tulach, a bhunaigh Pól Ó Foighil an chéad lá.

Ag labhairt dhó faoin socrú nua bainistíochta ar Adhmhaidin le gairid, thug Peadar Mac an Iomaire, atá ina Chathaoirleach ar an trí chomhlacht, le fios go bhféadfaí i bhfad níos mó a dhéanamh dá mbeadh an trí chomhlacht ag roinnt acmhainní. Luaigh sé go sonrach na scileanna atá ag Tearmann Éanna a d’fhéadfaí a úsáid le Comharchumann Sailearna chun tithe sóisialta a thógáil sa gceantar do dhaoine nach mbeadh in ann tithe a thógáil iad féin.


Leabhar faoin ‘Mine’

CuireadhSeoladhAnMineIs cosúil go bhfuil an-éileamh ar an leabhar faoin mianach mara a phléasc 100 bliain ó shin ar dhuirling an Locháin Bhig. ‘An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige,’ is teideal don leabhar atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus curtha in eagar ag Lochlainn Ó Tuairisg. Ní iontas ar bith go mbeadh tóir ar an leabhar: ní amháin go bhfuil cur síos ar a dtarla ar an lá tubaisteach sin, 15 Meitheamh 1917, ach tá go leor grianghrafanna de ghaolta na ndaoine a maraíodh sa bpléasc. Sa leabhar chomh maith tá ainmneacha na ngarrantaí sa Lochán Beag agus tá mapa lamhdhéanta a theaspánann na tithe a bhí ar an Lochán Beag ag an am.

Tá cóipeanna den leabhar ar fáil le ceannacht ón Spailpín Fánach sa Spidéal, ó Chló Iar-Chonnacht, chomh maith le siopaí áitiúla i gCois Fharraige. Is féidir an leabhar a ordú ar an idirlíon chomh maith, ach dul ag an suíomh www.cic.ie.


Pastime Chonamara

An tAire Stáit do Ghnóthaí Tuaithe, Seán Kyne, ag bronnadh teastas ceardaíochta de chuid Pastime Chonamara ar Mháirín Uí Neachtain ag ócáid bronnta sa Phoitín Stil, Indreabhán, Dé Sathairn. Pic: Seán Ó Mainnín

An tAire Stáit do Ghnóthaí Tuaithe, Seán Kyne, ag bronnadh teastas ceardaíochta de chuid Pastime Chonamara ar Mháirín Uí Neachtain ag ócáid bronnta sa Phoitín Stil, Indreabhán, Dé Sathairn. Pic: Seán Ó Mainnín

An tAire Stáit do Ghnóthaí Tuaithe, Seán Kyne, ag bronnadh teastas timpeallachta agus ceardaíochta ar Chloe Davy, Scoil Sailearna, Co na Gaillimhe ag ócáid bronnta sa Phoitín Stil, Indreabhán. Pic: Seán Ó Mainnín

An tAire Stáit do Ghnóthaí Tuaithe, Seán Kyne, ag bronnadh teastas timpeallachta agus ceardaíochta ar Chloe Davy, Scoil Sailearna, Co na Gaillimhe ag ócáid bronnta sa Phoitín Stil, Indreabhán. Pic: Seán Ó Mainnín

An tAire Stáit do Ghnóthaí Tuaithe, Seán Kyne, ag bronnadh teastas ceardaíochta de chuid Pastime Chonamara ar Josie Ó Márta ag ócáid bronnta sa Phoitín Stil, Indreabhán. PIc: Seán Ó Mainnín

An tAire Stáit do Ghnóthaí Tuaithe, Seán Kyne, ag bronnadh teastas ceardaíochta de chuid Pastime Chonamara ar Josie Ó Márta ag ócáid bronnta sa Phoitín Stil, Indreabhán. PIc: Seán Ó Mainnín


Club na bhForghlaimeoirí

ClubFoghlaimeoiríNí bheidh Club na bhFoghhlaimeoirí ag tíocht le chéile ar an Máirt seo chugainn sa Spidéal, mar a dhéanann go hiondúil.

Ach beidh an Club ar ais faoi lán tseol aríst ar an Máirt ina dhiaidh, 11 Iúil, ag 11am sa gCrúiscín Lán, An Spidéal.

Cuirfear fáilte roimh dhaoine nua atá ag iarraidh an Ghaeilge atá acu a chleachtadh i dtimpeallacht shóisialta thaithneamhach.


VTOS Ros Muc

Tá an tIonad Breisoideachais i Ros Muc ag glacadh le iarratais ó dhaoine a bhfuil spéis acu cúrsa a dhéanamh sa Staidéar Gnó agus Ríomhaireachta, a bheas ag tosú Meán Fómhair seo chugainn. Cúrsa dhá bhliain atá i gceist ina ndéantar Ríomhaireacht, Leabhar Coiméad, Pá Rolla, Scileanna Riaracháin Gnó, Gaeilge agus Cumarsáid. Tugtar deis do dhaoine an ECDL a dhéanamh mar chuid den chúrsa agus bíonn Taithí Oibre i gceist chomh maith.

Le dul ar an gcúrsa ní mhór a bheith 21+ bliain d’aois agus a bheith ar íocaíocht leasa shóisialaigh ar feadh 6 mhí, ar a laghad. Coinníonn daoine ar an gcúrsa an íocaíocht leasa shóisialtaigh agus íoctar costais taistil leo chomh maith. Tá breis eolais faoin gcúrsa le fáil ó Mhairéad ag an uimhir 091 574411.


Aonach Tailteann

tailteann-logo-wideTá an spiocdáta a bheas mar chuid d’AONACH TAILTEANN ag teannadh linn. Tá na foirmeacha iontrála le fáil ón suíomh www.tailteann.ie. Tá go dtí an Aoine, 7 Iúil, leis na foirmeacha do na comórtais scríbhneoireachta, filíochta agus ealaíne a fháil ar ais ag an lucht eagraithe. Tá go dtí an 28 Iúil leis na foirmeacha a chur ar ais sna comórtais éagsúla eile a bheas ar bun.

Tá sé mar sprioc ag Aonach Tailteann an Ghaeilge, an cultúr agus an spórt a chur chun cinn sa nGaeltacht, nasc a chruthú idir na ceantair Ghaeltachta, agus mórtas pobail agus teanga a neartú. Beidh imeachtaí ardáin, litríochta, agus lúthchleasaíochta ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta, amhránaíocht, coraíocht, snámh, lúibíní, rith agus eile ina measc.

Is ar an Satharn, 5 Lúnasa, a bheas na babhtaí cáilithe do cheantar Chonamara á reachtáil ar Pháirc an Chnoic (Páirc Chumann Micheál Breathnach). Tá babhtaí cáilithe le bheith i nGaeltacht Dhún na nGall chomh maith. Is ar an Satharn, 26 Lúnasa, a reachtálfar na babhtaí ceannais ar Pháirc an Chnoic, Indreabhán.

Más spéis leat cúnamh a thabhairt leis na comórtais a reachtáil, níl le déanamh ach spéis a léiriú trí ríomhphost a sheoladh ag eolas@nulltailteann.ie.


Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais aríst ar an Déardaoin, 14 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.