Cartlann Nuachta: 5 Meitheamh 2024

Na Toghcháin Áitiúla

Iarrthóirí ag Cruinniú Bánú

Na hIarrthóirí Gaeltachta

Ar an Aoine seo a bheas deis ag daoine vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa agus sna toghcháin áitiúla le baill a roghnú le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus le comhairleoirí contae a roghnú don chéad bhliain eile.

Tá neart iarrthóirí Gaeltachta ar chainteoirí Gaeilge iad, ag seasamh don Chomhairle Contae. As Cois Fharraige cuid acu. Seo iad: An Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire ó Na Doireadha (FG); An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (RSF) ó Bhearna; An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (FF), Corr na Rón; Micheál Leainde (Independent Ireland) ó Ros a’ Mhíl; P.J. Ó Flatharta (Neamhspleách) ó Mháimín, Leitir Móir; Criostóir Breathnach (Neamhspleách) ó Ros Muc; Michael Curran (Neamhspleách) ó Leitir Caladh, Leitir Móir; Kevin O’Hara (SF) ón Spidéal agus Máirtín Lee (FF) ó Thír an Fhia.


Cuimhneachán ag Dumhach na Leanbh

Cuid den slua a ghlac páirt san ócáid chuimhneacháin, a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige, ag Dumhach na Leanbh ar an Teach Mór, Indreabhán, Dé hAoine seo caite.

[Pictiúr: Seathrún Ó Tuairisg]

Tráthnóna Dé hAoine seo caite, 31 Bealtaine, bhailigh grúpa daoine ag Dumhach na Leanbh, An Teach Mór, chun an Paidrín Páirteach a rá agus le bláthanna a leagan ag an gcrois chuimhneacháin. Cumann Forbartha Chois Fharraige a d’eagraigh an ócáid i gcuimhne ar na páistí atá curtha sa gcillín ar bhruach na farraige.

Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh ócáid bhliantúil a dhéanamh de Chuimhneachán Dumhach na Leanbh. Tar éis an Phaidrín bhailigh na daoine sa bPoitín Stil, áit ar cuireadh sólaistí ar fáil.


Na Breathnaigh sa gComórtas Peile

Foireann Sóisear na mBan ó Chumann Micheál Breathnach

Níor éirigh ró-mhaith le foireann sóisear na mBan ó Chumann Micheál Breathnach ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra, Co Chorcaí, an deireadh seachtaine seo caite. Bhí an mí-ádh ar fhoireann Chois Fharraige gur in aghaidh Clann na nGael ó Chontae na Mí a tarraingíodh iad sa mbabhta cáilithe.

Bhí tús iontach ag Na Breathnaigh agus taobh istigh de sé nóiméad bhí dhá chúl scóráilte, ceann ag Méabh Ní Dhireáin agus ceann ag Aoife Nic Dhonncha. Ach is ansin a thosaigh mná na Mí ag imirt i gceart agus ag leath ama bhíodar chun cinn ar fhoireann Chois Fharraige. Cé gur éirigh le Méabh Ní Dhireáin cúl eile a scóráil sa dara leath leis an bearna idir na foirne a laghdú go trí chúilín, ní raibh sé i bhfad gur éirigh le Clann na nGael creathadh a bhaint as eangach na mBreathnaigh.

Sa deire chríochnaigh an cluiche le sé chúilín idir na foirne agus mná Chois Fharraige cloíte. Lean Clann na nGael orthu ag buachaint i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus b’iad a chroch leo Corn Raidió na Gaeltachta ar ais go Gaeltacht na Mí.


Lá Colmcille ar an Domhnach

An tAifrean ar an mBánrach anuraidh

Is fada ‘Lá an Tobair’ á cheiliúradh i gCois Fharraige ar an 9 Meitheamh, Lá Colmcille. Tá omós speisialta i gCois Fharraige do Cholmcille, le trí scoil ainmnithe ina dhiaidh. Mar go dtiteann Lá Colmcille, 9 Meitheamh, ar an Domhnach seo chugainn, is cosúil nach mbeidh Aifreann á cheiliúradh i mbliana ar an mBánrach, mar a bhí anuraidh.

Mar sin féin is cinnte go mbeidh daoine ag déanamh turais ar an dtobar, mar a dhéantaí chuile bhliain le cuimhne na ndaoine.


Féasta Ceoil i Stiúideo Cuan

Stiúidió Chois ChuainTá féasta ceoil á chur ar fáil do phobal Chois Fharraige ag Stiúideo Cuan sa Spidéal. Tá trí ceolchoirm den scoth ann an tseachtaine seo.

Ar an gCéadaoin seo tá Séamus Ó Flatharta agus a dheirfiúr Caoimhe ó Chárna le bheith ag ceol is ag amhránaíocht.

An Déardaoin seo, 6 Meitheamh, beidh an sár-fhidléir ón gClár, Mairtin Hayes, ar stáitse agus ar an Aoine, 7 Meitheamh, sí an t-amhránaí Caitríona Ní Cheannabháin ó Chárna a bheas ann.

Ar an Déardaoin seo chugainn beidh deis ag daoine an banna ceoil Kila a chloisteáil.

Mar nach bhfuil ach 57 suíochán i Stiúideo Cuan moltar do dhaoine ticéid a chur in áirithe in am.

Tá na ticéid le fáil trí Eventbrite.


Na hEasógaí sa tSeanscoil

An grúpa ceoil Na hÉasógaí ag casadh i Seanscoil Sailearna an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí ceolchoirm an-speisialta i Seanscoil Sailearna ar an Satharn seo caite, nuair a chas Colm Seoighe is an grúpa Na hEasógaí os comhair slua breá.

Tá clár teilifíse á dhéanamh ag RTÉ faoin gceol a dhéanann Na hEasógaí, a bhíonn ag casadh ceol comhaimseartha anois le píosa agus atá ag bailiú lucht leanúna. Tá cuid mhaith amhráin cumtha agus curtha le chéile acu féin.

Sa tSeanscoil chas siad leaganacha nua-aimseartha de Pheigín Leitir Móir agus de Oró Sé do Beath Abhaile, chomh maith le amhráin as an nua atá cumtha ag Colm Seoighe, ó Ros a’ Mhíl.


BÁNÚ ag Teach Laighean Arís

Daoine ag tacú le BÁNÚ ag an léirsiú taobh amuigh de Theach Laighean an tseachtain seo caite, mar gheall ar an moill ar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, atá geallta le dhá bhliain anuas, ach nach bhfuil foilsithe ag an Aire Tithíochta fós.

[Pictiúr: Eoin Ó Riain]

Ar an gCéadaoin seo caite ghlac ionadaithe ón eagraíocht BÁNÚ páirt sa léirsiú a bhí taobh amuigh de Theach Laighean, mar gheall ar an moill mhór a bhaineann le foilsiú Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, treoirlínte atá geallta aríst is aríst eile ag an Aire Tithíochta le breis is dhá bhliain anuas.

Ag labhairt leis an slua a bhí bailithe taobh amuigh de gheataí Teach Laighean dúirt Donncha Ó hÉallaithe ón eagraíocht BÁNÚ go raibh geallúint tugtha go sollúnta ag an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, go mbeadh na dréacht-treoirlínte foilsithe aimsir na Cásca.

Tá an Cháisc tagtha agus imithe. Tá an Chincís tagtha agus imithe. Níl na treoirlínte foilsithe fós.” Dúirt sé go raibh BÁNÚ ag iarraidh ar an Aire Tithíochta agus ar Aire Sóisearach na Gaeltachta na treoirlínte a fhoilsiú, le gur féidir tús a chur leis an tréimhse comhairliúcháin.


Sprioc €100k Sroiste ag Scoil Ros a’ Mhíl

Tá éacht déanta ag tuismitheoirí agus pobal Ros a’ Mhíl agus €100,000 bailithe acu ar mhaithe le Naíonra a fhorbairt ag Scoil Cholmcille i Ros a’ Mhíl.

I mí Iúil 2021 cheadaigh Roinn na Gaeltachta deontas suas le €58,245 faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga don scoil chun cuidiú leo táillí i leith seirbhísí gairmiúla don fhorbairt a íoc. Tar éis Cead Pleanála a fháil i Meitheamh 2023 thug tuismitheoirí na scoile faoi fheachtas chun €100,000 a bhailiú mar sciar áitiúil.

Fógraíodh i gcaitheamh na seachtaine go bhfuil an sprioc sin bainte amach anois.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €7,200 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 8, 10, 21.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

Pádraig Feeney, Saile Thúna, An Spidéal;

Nicky Curran, An Chré Dhubh, An Spidéal;

Séan Mc Donagh, Bun an Charnáin;

Caoimhe Ní Dhiolúin, Cloch Mór, Baile na hAbhann.

 

Gearóid Ó Feinneadha, An Lochán Beag, a fuair duais an díoltóra.

 

7,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Sacar (Cluiche Ceannais, Corn faoi 16 RI/II): Mac Dara 2, Kiltullagh 0.

Iomáint (faoi 15 A1): Micheál Breathnach 5 – 21, Loughrea 2 – 14.

Iománaíocht (faoi 13 C): Ml Breathnach 5 – 09, Liam Mellows 3 – 03.

Iománaíocht (faoi 13 C): Cois Fharraige 3 – 02, Athascragh/Fohenagh 4 – 07.

Peil na mBan (fSóisear): Ml Breathnach 3 – 04, Clann na nGael (An Mhí) 3 – 10.

Peil (faoi 15): Micheál Breathnach 3 – 15, Corofin 2 – 09.

Peil (faoi 15, RIII): An Spidéal 1 – 08, Clifden 8 – 18.

Peil (faoi 13, RII): An Spidéal 0 – 08, An Cheathrú Rua 3 – 06.

Peil (faoi 13, RII): An Spidéal 3 – 11, Barna GAA 4 – 03.

Peil (faoi 13, RIV): An Spidéal 3 – 04, Killanin 7 – 09.


5 Meitheamh 2024