Cartlann Nuachta: 5 Nollaig 2018
Scléip
‘Beoga’ ó Choláiste Cholmcille, Indreabhrán, a ghlac páirt sa gcomórtas do ghrúpaí amhránaíochta ag Scléip le gairid – ó chlé: Aoife Ní Choisdealbha, Ruby Ní Chuinn, Neasa Ní Chonghaile, Clodagh McCoy.
Turas Chonamara
Ríonach Ní Néill
Tá léarscáil nua á chur le chéile do Chonamara ar a mbeidh eolas faoi chultúr agus oidhreacht an cheantair. Is tionscnamh atá á eagrú le tacaíocht ón eagraíocht Gaillimh 2020 ag an ealaíontóir Ríonach Ní Néill, a bhfuil cónaí uirthi i gCois Fharraige leis na blianta.
Deireann sí maidir leis an léarscáil nua cultúir seo go bhfuil sé i gceist na nithe is mó a bhfuil luach orthu sa gceantar a thabhairt chun solais agus a roinnt le cuairteoirí. “Tabharfaidh sé deis do chuairteoirí an Ghaeltacht a fheiceáil trí shúile an phobail.”
Tá sé i gceist fuaimrianta, ceol agus íomhánna a cheangal leis an léarscáil, a bheidh ar fáil go digiteach ar shuíomh idirlín agus mar aip fóin chomh maith.
Tá sraith cruinnithe eagraithe ag Ríonach le deis a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh sa tionscnamh. Cheana féin bhí cruinnithe i Leitir Mealláin, i gCarna, sa gCeathrú Rua agus i Ros Muc. Dé Luain seo chugainn, 10 Nollaig, beidh an cruinniú deiridh den tsraith cruinnithe ar bun sa gCrann Taca (an ITT) ar chúl Shéipéal an Chnoic, ag tosaí ag 7.30pm. Má tá scéalta a bhaineann le ceantar Chois Fharraige nó má tá pictiúir agus eolas faoi shuíomhanna áirithe, beidh míle fáilte romhat iad sin a roinnt leis an bpobal tríd an tionscnamh TURAS CHONAMARA.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin tionscnamh ó Ríonach Ní Néill ag an uimhir 087 4121775 nó trí ríomhphost a sheoladh ag rionach@nullhopeitrains.ie.
Galf Chois Fharraige
Is i mBaile Conaola a bhí Club Galf Chois Fharraige ar chuairt an Satharn seo caite. Seo a leanas na torthaí a bhí ar an lá:
1ú áit: Malacaí Mac Gloinn 40 pt c9;
2ú áit: Aló Ó Conghaile 40pt.
RA -1ú áit: Michael T Ó Conghaile 37pt; 2ú áit: Stiofán Mac Donncha 35pt.
RB -1ú áit: Séamus Ó Máirtín 38pt; 2ú áit: Pádraic Ó Cadhain 32pt.
Cuairteoir: Luke O Connor 32pt.
Buille is faide: Séamus Ó Máirtín.
Albam Nua le Johnny Óg
Ar Satharn seo, 8 Nollaig, beidh ócáid faoi leith ar bun i dTigh Chualáin, An Choill Rua, nuair a sheolfar dlúthdhiosca nua leis an mboscadóir ó Chor na Rón, Johnny Óg Connolly. Aithnítear Johnny Óg ar cheann de na boscadóirí is fearr sa tír agus is cumadóir den scoth é chomh maith.
Tá an dlúthdhiosca nua, Fear Inis Bearachain, curtha i dtoll a chéile ag Johnny Óg Connolly in ómós dá athair, an boscadóir aitheanta Johnny Connolly. Tá an t-albam eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht agus tugann sé aitheantas cuí d’oidhreacht ceoil Johnny Connolly agus is ceiliúradh atá ann ar an uirlis a raibh sé ina shármháistir uirthi.
Ag scríobh dó sa leabhrán atá san áireamh leis an albam, deir Johnny Óg, “Bhí sé i gcónaí i m’aigne agam díriú ar an mileoidean am éigin amach anseo, ach de bharr thinneas m’athar, tháinig an t-am sin níos túisce ná mar a bhí súil agam leis.”
Cló Iar-Chonnachta atá ag eisiúnt an albaim agus beidh fáilte is fiche ag an ócáid seolta roimh an bpobal. Tosóidh an ócáid ag 8.00pm ar an Satharn seo, 8 Nollaig, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, teach inar chas Johnny Phádraig Pheter go minic.
Johnny Óg Connolly agus a athair Johnny Phádraig Pheter ag casadh le chéile ag ceolchoirm in Óstán na Páirce. Beidh dlúthdhiosca nua le Johnny Óg, Fear Inis Bearachain, á sheoladh tráthnóna Dé Satharn i dTigh Chualáin, An Choill Rua ag 8.00pm.
Is in ómós dá athair a chuir Johnny Óg an albam nua seo le chéile.
Scannán ón bPailistín sa tSeanscoil
Radharc as an scannán Pailistíneach, Wajib, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Déardaoin seo, 6 Nollaig, ag tosú ag 8.15pm.
Ar an Déardaoin seo, 6 Nollaig, taispeánfar WAJIB, scannán ón bPailistín, ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm. Seo é an scannán deiridh den séasúr agus, mar is nós leis an gClub Scannán, beidh gach ball den Chlub Scannán in ann cara a thabhairt leo ag an scannán seo, saor in aisce.
Cé gur scannán é atá suite i Nazareth sa bPailistín, ní bhaineann scéal an scannáin leis an gcogadh idir na Pailistínigh agus Iosrael. Baineann scéal an scannáin leis an teannas idir athair agus a mhac, ar ailtire sa Róimh é, a fhilleann ar a bhaile dúchais le haghaidh bainis a dheirféara.
Tá eolas faoin scannán, chomh maith le blaiseadh beag dhó, le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Litir chuig Santaí
Níl sé ró-dheireanach litir a chur ag Santaí. Má chuirtear an litir sa bpost ag Santaí, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, déanfar cinnte dhó go bhfaighfear an litir sa Mol Thuaidh in am don Nollaig. Ach caithfidh na litreacha a bheith curtha sa bpost faoin Luan seo chugainn, 10 Nollaig, le go mbeifear in ann iad a bhailiú le chéile sa gCeathrú Rua agus iad a chur ar aghaidh ag Santaí.
Cumann Micheál Breathnach
Ar an Domhnach seo chugainn, 9 Nollaig, a bheas an Cruinniú Cinn Bhliana ar bun ag Cumann Micheál Breathnach, sa seomra ar chúl Sheipéal an Chnoic, ag tosú ag 6.00pm.
Cuirfear tuairisc ar obair na bliana os comhair an chruinniú, chomh maith le tuairisc airgeadais ón gcisteoir agus toghfar coiste don bhliain atá le tíocht.
Teorannacha Luais ar an R336
Tá glactha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an gcuid is mó de na moltaí a rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige faoi na teorannacha luais ar Bhóthair Chois Fharraige, an R336. Seo a leanas na hathraithe is mó atá déanta:
Idir Bearna agus An Spidéal: 50km/u sna sráidbhailte, Bearna, Na Forbacha agus An Spidéal; 60km/u idir Coláiste Chonnacht agus An Spidéal agus 80km/u ar an gcuid eile den bhóthar.
Idir An Spidéal agus Siopa an Phobail: 80km/u in áit 60km/u atá ar chuid mhaith dhó faoi láthair.
Idir Siopa an Phobail go Coláiste Cholmcille: 50km/u le linn tréimhsí scoile ag Scoil Sailearna agus Coláiste Cholmcille agus 80km/u an cuid eile den am.
I gceantar na Tulaí: 60km/u ag an gcasadh ar an R336 ag crosbhóthar na Tulaí agus 50km/u idir TG4 agus an Séipéal, an Scoil san áireamh.
Cuirfidh na hathraithe deireadh leis an meascán mearaí de theorannacha thart ar an gCnoc agus sé 80km/u an teora luais a bheas á usáid ar an gcuid is mó de Bhóthar Chois Fharraige, seachas na háiteanna atá luaite thuas.
Ceaptar go mbeidh sé amach san earrach sula mbeidh na teoranna nua luais i bhfeidhm.
Torthaí Lotó Chumann Micheál Breathnach
Ní raibh aon bhuaiteoir ar an bpota óir. Tarraingíodh na hainmneacha seo a leanas as an hata agus tá €50 an duine ag dul dóibh:
Mary Coyne, An Bóthar Buí.
Emma Costello, Baile na mBroghach.
Duais an Díoltóra: Barraú Hantray, Ros a’ Mhíl.
Dearbhán Tigh Durkin: Edel de Paor, Ros a’ Mhíl.
Tá €7,400 sa bpota óir don chéad tarraingt eile.
Club Leabhar Chois Fharraige
Sé an t-údar Pádraic Breathnach, arbh as Maigh Cuilinn ó dhúchas dó, a bheas mar aoi speisialta ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin seo chugainn, 12 Nollaig, i dTigh Mholly, Indreabhán. Beidh sé ag léamh sleachta as a leabhar nua, ‘Dialann mo Mháthar’, agus déanfar an leabhar a phlé. I mbliana fuair ‘Dialann mo Mháthar’ ainmniúchán don ghradam Leabhar na Bliana ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne.
Tá fáilte roimh chách ar an oíche. Tá tacaíocht curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge don ócáid, an tíocht le chéile deireadh don bhliain 2018.
Leabhar Nua le Joe Steve
Tá leabhar nua le Joe Steve Ó Neachtain le seoladh ar an Domhnach seo chugainn, 9 Nollaig 2018, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, Indreabhán.
‘Mar a bhí ar dTús: Cuimhní Seanghasúir’ is teideal don leabhar, atá á fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht.
Tosóidh an ócáid ag 4.00pm agus beidh fáilte is fiche roimh an pobal ann.
Scátáil trí Ghaeilge
Má tá spéis ag daoine dul ag scátáil trí Ghaeilge i nGaillimh, tá ócáid speisialta eagraithe ag Glór na nGael, seachtain ón Domhnach seo chugainn i Leisureland. Is gá áit a chur in áirithe roimh ré trí glaoch ar 083 4497443, nó ríomhphost a chur ag sinead@nullglornangael.ie.
Post le Líonadh ag Tearmann Éanna
Tá post páirtaimseartha mar oibrí ginearálta agus cúraim in Ionad lae Thearmann Éanna le líonadh. Bheadh cáilíochtaí FETAC leibhéal 5 mar bhuntáiste agus tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost.
Tá gach eolas le fáil ach glaoch ar 091/505540, nó ríomhphost a chur ag tearmanneanna@nulleircom.net. An Chéadaoin seo chugainn, 12ú Nollaig 2018, an lá deiridh le iarratais a dhéanamh.
Torthaí Spóirt
Peil (Roinn 2): Ml. Breathnach 1 – 10, Claregalway 3 – 11.
Sacar (Roinn II): Cois Fharraige 7, Galway Bohs 1.
Sacar (faoi 14, Roinn I): Cois Fharraige 2, Knocknacarra 2.
5 Nollaig 2018