Cartlann Nuachta: 6 Aibreán 2016

6 Aibreán 2016


Tús Maith ag Cois Fharraige sa gCamógaí

Foireann Camógaí Soisear 2016

Foireann Camógaí Chois Fharraige a bhuail Cill Tormor ar an Domhnach seo caite sa gcéad chluiche de Shraith an Chontae leis an scór 3 – 10 in aghaidh 3 – 4.

Ar chúl ó chlé: Máirín Ní Chonghaile, Niamh Ní Mhaoileoin, Aisling Ní Chonchúir, Sadhbh Ní Cheallaigh, Sorcha Ní Fhrighil, Caitríona Ní Churraoin, Anna Ní Odhráin Ní Mhurchú, Ciana Ní Churraoin, Meala Ní Choistealbha, Laoise Breathnach.

Chun tosaigh ó chlé: Tiffany Ní Choistealbha, Áine Ní Dhubhghaill, Léan Breathnach, Teresa Ní Chadhain, Sorcha Ní Bhraonáin, Becky Ní Éallaithe, Dearbhail Ní Chaoimh, Philomena Ní Fhlatharta, Laura Ní Eimhrín, Fionnuala Gronnell.

Dé Domhnaigh seo caite, sa gcéad bhabhta den tSraith Sóisear A, cuireadh tús maith le feachtas camógaíochta na bliana seo ar Pháirc an Chnoic, nuair a bhuail foireann shóisear Chois Fharraige ceann de na clubanna camógaí is láidre taobh thoir de Ghaillimh, Cill Tormóir. Sé an scór deiridh: 3 – 10 in aghaidh 3 – 4.

Sa gcéad chúig noiméad fuair Cill Tormóir dhá chúl agus an chuma ar an scéal go raibh greadadh uafásach in ndán do chailíní Chois Fharraige. Ach bhíodar foighdeach agus de réir a chéile fuair Cois Fharraige greim ar an gcluiche agus scóráil siad trí chúilín i ndiaidh a chéile. Fuair Sorcha Ní Bhraonáin cúl den scoth roimh dheireadh an chéad leath agus ag leath ama ní raibh Cill Tormóir ach dhá chúilín chun tosaigh.

Sa darna leath bhí cailíní Chois Fharraige thar barr. Rinne an cúl báire, Niamh Ní Mhaoileoin, roinnt sábháiltí iontacha. Bhí Ciana Ní Churraoin agus Tiffany Ni Choistealbha thar barr sa gcosaint agus rinne Sorcha Ní Bhraonáin agus Sorcha Ní Fhrighil a gcuid scóranna a thógáil. Sa deireadh chríochnaigh an cluiche leis an scór Cois Fharraige 3 – 10 in aghaidh 3 – 4 do Chill Tormóir.

Ba í Sorcha Ní Bhraonáin laoch na himeartha. Bhí cruinneas Ciana Ní Churraoin ag tógáil na bpoc saor an-tábhachtach chomh maith do Chois Fharraige; níor chuir sí tada amú.


Fiontraithe Óga

Scoláirí rang idirbhliain Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhuaigh an chéad duais lena dtáirge, "Ar Bhóithrín na Smaointe" sa chomórtas fiontraíochta a d'eagraigh Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán le gairid. Sa phictiúr ag an mbronnadh tá, ó chlé: Seán Ó Drisceoil, Oliver Ó Cuinn, Sarah Ní Ainnín, Gearóíd Ó Conghaile agus Amber Ní Dhuibheannaigh. Pic: Seán Ó Mainnín.

Scoláirí ón rang idirbhliana i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a bhuaigh an chéad duais lena dtáirge, “Ar Bhóithrín na Smaointe” sa gcomórtas fiontraíochta a d’eagraigh Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán, le gairid. Sa bpictiúr, ó chlé: Seán Ó Drisceoil, Oliver Ó Cuinn, Sarah Ní Ainnín, Gearóíd Ó Conghaile agus Amber Ní Dhuibheannaigh. [Pic: Seán Ó Mainnín].


Buachaillí Chois Fharraige Buacach

D’éirigh le buachaillí Chois Fharraige (An Spidéal & Bearna/Na Forbacha) tús maith a chur leis an séasúr nua iománaíochta nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhéal Átha an Ghártha ar thrathnóna fliuch Dé Satharn seo caite sa gcéad bhabhta de Craobh Mionúir B na Gaillimhe.

Thosaigh an cluiche ar luas lasrach leis an dá fhoireann ag fáil scóranna. Bhí Cois Fharraige chun cinn sa gcéad 15 nóiméad ach le 10 nóiméad fágtha sa gcéad leath fuair Béal Átha an Ghartha cúl agus chuir sé sin iad pointe chun tosaigh ag leath ama.

Ag tús an darna leath thosaigh Cois Fharraige ag fáil an lámh in uachtar ar an gcluiche. Arís, cosúil leis an gcéad leath, fuair Béal Átha an Ghártha cúl ach an t-am seo níor thit cloigne Chois Fharraige agus d’fhan siad chun tosaigh agus ceithre chúilín le spáráil ag an deireadh.

Ba é Donall Ó Cualáin príomhscórálaí Chois Fharraige. Fuair sé 1-12 as 1-17.  An scór ag an deireadh: Cois Fharraige 1-17, Béal Átha An Ghártha 2-10.

Torthaí Eile Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Iomáint faoi 16: Cois Fharraige 3 – 06, Mullagh/Cill Tormoir 6 – 12.

Iomáint Mionúr: Micheál Breathnach 1 – 06, Béal Átha an tSlua 4 – 14.

Peil Mionúir: Micheál Breathnach 3 – 13, An Cheathrú Rua 3 – 15.

Foireann Mionúr Iomána MB

Foireann Mionúr Iomána Chumann Micheál Breathnach, a d’imir in aghaidh Bhéal Átha an tSlua. Foireann óg atá iontu agus beidh an chuid is mó acu faoin aois mionúir an chéad bhliain eile.

Chun tosaigh ó chlé: Domhnall Ó Braonáin, Conor Loftus, Liam Mac Donnacha, Con Ó Gibne, Iarla Ó Feinneadha, Cathal Ó Tuathail, Sean Ó Conghaile
Taobh thiar ar chlé: Ciarán Loftus, Mícheál Ó Longáin, Joe Ó Conghaile, Mícheál De Búrca, Cathal Ó Coisdealbha, Eimhin Ó Diollúin, Diarmuid Ó Dúgáin, Oisín Ó Direáin, John Ó Biadha, Macdara Ó Béarra (bainisteoir). Níl an captaen Cian Ó Conghaile sa bpictiúr.


Lá Spóirt na gCluichí Pobail

Baile an Doirín 2012

Iomaitheoirí ó Chois Fharraige a bhí páirteach i gCluichí Pobail an Chontae 2012. Tar éis briseadh dhá bhliain beidh Lá Spóirt aríst ann i mbliana, ar an 24 Aibreán sa Spidéal, le ionadaithe ó Chois Fharraige a roghnú le bheith páirteach i gCluichí Pobail an Chontae aríst i mbliana.

Tá sé socraithe Lá Spóirt na gCluichí Pobail a eagrú ar an Domhnach, 24 Aibreán, ar pháirc Choláiste Chonnacht. Ní raibh an Lá Spóirt ann ó 2013, mar nach bhféadfaí coiste a chur le chéile le Cluichí Pobail a eagrú i gCois Fharraige. Dá bharr sin ceileadh deiseanna ar dhaoine óga i gceantar Chois Fharraige páirt a thógáil in imeachtaí Cluichí Pobail, ag leibhéal an chontae agus ag an leibhéal náisiúnta chomh maith.

Tá coiste nua tagaithe le chéile faoi chathaoirleacht Mhike Scanlon agus tá Cois Fharraige cláraithe le Cluichí Pobail na Gaillimhe don bhliain 2016.

Eagraítear an Lá Spóirt le daoine a roghnú le dul ar aghaidh go Cluichí Pobail an Chontae a bhíonns ar bun tús mhí an Mheithimh i mBaile an Doirín. Ach bíonn neart rásaí spraoi ann chomh maith ar an lá. An tseachtain seo dáileadh na foirmeacha iontrála don Lá Spóirt ar na bunscoileanna.


Comórtas Dearadh Póstaeir

cropped-sarscoil_header1Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ fógraithe ag an gcompántas drámaíochta Fíbín, atá lonnaithe i gCois Fharraige. Téann Fíbín ar camchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis ‘An Triail’. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh gréasáin Fíbín agus sna meáin shóisialta!

Tá duaiseanna de luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android, póstaer sínithe le fráma don scoil, chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’.

Níl le déanamh ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh ar ríomhphost ag margaiochtfibin@nullgmail.com.

20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus féach treoirlínte an chomórtais thíos.


Ranganna ‘Sonas’ Tosaithe ar Ais

TuismitheoirínaGTá na ranganna sa Stiúideo Sonas ar an gCeathrú Rua tosaithe ar ais ón Luan seo caite.

Tá dhá rang nua ar fáil an téarma seo – Amhránaíocht ar an Sean Nós le Eibhlín Sonaí Choilm Learaí Ní Chonghaile (i gcomhar leis an nGaelacadamh) agus An Club Damhsa (Hip Hop, Jiveáil, Válsáil agus go leor eile) le Sorcha Ní Chéide.

Tá liosta iomlán na ranganna/amannta/táillí le fáil anseo nó teagmháil a dhéanamh le Tuismitheoirí na Gaeltachta ag 087 4364618 nó tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com.


Féile Béal sa gCeathrú Rua

San oíche amárach (Aoine, 8 Aibreán) beidh Féile Béal ar bun sa gCistin, An Ceathrú Rua, ag tosaí ag 8.00, ar mhaithe le Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Ruaidh. Beidh agallaimh beirte, lúibíní, scéalaíocht agus ceol den scoth le cloisteál.


‘Graveyard Clay’ le Seoladh

GraveyardClayTá an darna aistriúchán go Béarla de ‘Cré na Cille’, an leabhar cáiliúil a scríobh Máirtín Ó Cadhain, le seoladh ag Bob Quinn san oíche amárach (Aoine, 8 Aibreán) i dTigh Giblin, An Spidéal, baile dúchais an údair. ‘Graveyard Clay’ atá ar an leagan nua, atá aistrithe ag Liam Mac an Iomaire agus Tim Robinson, agus atá foilsithe ag Yale University Press i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht.

Níos túisce sa lá beidh léacht spéisiúil á tabhairt ag Joe Steve Ó Neachtain ar ‘Tionchar Cré na Cille ar an bPobal Áitiúil’, in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag tosaí ag 2.30 i.n.


Cruinniú Cinn Bhliana an Chumann Forbartha

Bhí sé socraithe i dtosach ag coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige an cruinniú cinn bhliana den Chumann a thionól ar an Luan, 11 Aibreán, sa gCrann Taca, in Indreabhán. Ach de bharr an oiread rudaí eile ar bun thart ar an deireadh seachtaine céanna, tá an cruinniú curtha siar coicís agus beidh sé ar bun anois ar an Luan, 25 Aibreán.

I mbliana tá an Cumann Forbartha leathchéad bliain ann agus ag freastal ar pharóiste an Chnoic go príomha. I measc na n-ábhar a bheas á bplé ag an gcruinniú cinn bhliana beidh moltaí faoin mbealach is fearr le bunú an Chumann Forbartha i 1966 a chomóradh.

Beidh deis ag baill nua clárú leis an gCumann Forbartha as seo go ceann coicíse. Beidh foirmeacha ar fáil ó Oifig an Chomharchumann nó ón Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ón Máirt seo chugainn ar aghaidh. Níl aon táille ar bhallraíocht sa gCumann Forbartha ach ní mhór foirm ballraíochta a bheith líonta roimhré ag duine ar bith atá ag iarraidh páirt a thógáil sa gcruinniú chinn bhliana. Daoine a bhfuil ballraíocht acu cheana leis an gCumann Forbartha ní gá dóibh clárú aríst.

Tá níos mó eolais faoin gCumann Forbartha le fáil ar an suíomh seo.


‘Sa Bearna Bhaoil’ le Seoladh i nGaillimh

SaBhearnaBhaoil_300_453_c1Ag 6.30 i.n. tráthnóna inniu, an Déardaoin, 7 Aibreán, déanfar an leabhar nua le Cormac Ó Comhraí, ‘Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923’ sheoladh i Siopa Leabhar Charlie Byrne’s, An tSráid Láir, Gaillimh. Beidh fáilte roimh chách chuig na hócáide. Is as Na Forbacha é Cormac, atá ag teagasc na staire i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Tá taighde éachtach déanta ag Cormac leis an leabhar a chur le chéile, leabhar a bheas mar fhoinse ar feadh i bhfad ar Chogadh an Saoirse i gContae na Gaillimhe.

Tá an leabhar foilsithe ag Clo Iar-Chonnacht. Tá fáil air ón Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil agus i mórán gach siopa i gCois Fharraige ar phraghas €20.


Féile Scannán na Réabhlóide

ClubScannan-ComharthaiTaobhAmuigh-Feile2016-DRAFT1Tá an clár don deireadh seachtaine scannán, Féile Scannán na Réabhloide, foilsithe ag Club Scannán Sailearna. Reáchtálfar an fhéile scannán i gCois Fharraige ag deireadh na míosa seo chugainn, ón 27 go dtí an 29 Bealtaine. Is mar chuid den chomóradh atá á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca atá an fhéile á heagrú. Taispeánfar 18 de scannáin i gcaitheamh an deireadh seachtaine, idir an amharclann i Seanscoil Sailearna, an Cinemobile atá curtha in áirithe don ocáid agus an seomra ar chúl sa bPoitín Stil, a bheas feistithe amach mar phictiúrlann bheag don deireadh seachtaine.

Tá níos mó eolais faoi na scannáin a bheas ar bun le linn na féile le fáil ar an suíomh idirlíon WWW.CLUBSCANNAN.IE. Is féidir ticéid a cheannacht ar an suíomh chomh maith, le bheth cinnte de do shuíochán.


Glantachán i gCois Fharraige

Málaí Brúscair (Teach Mór)

Málaí brúscair a bailíodh an Satharn seo caite  sa Teach Mór, Indreabhán. Leanfar leis an ‘Glanadh Suas’ i bparóiste an Chnoic, maidin Shathairn (9 Aibreán), ag tíocht le chéile ag Seanscoil Sailearna.

GlanadhSuas1Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige glantachán pobail a eagrú i bParóiste an Chnoic, ar an Satharn seo chugainn, 9 Aibreán, ag tosaí ag 10.30 ar maidin agus ag leanacht ar aghaidh go meán lae. Anuraidh bhí os cionn 30 duine páirteach sa maidin glantacháin i bParóiste an Chnoic, a d’eagraigh an Cumann Forbartha agus bailíodh beagnach ceithre scór mála brúscair ó na bóithríní agus ón gcladach.

Tá an glantachán á eagrú ag an gCumann Forbartha, i gcomhar leis An Taisce, mar chuid den fheachtas náisiúnta atá ar bun faoi láthair le pobail áitiúla a ghríosadh le brúscar a bhailiú ina gcomharsanacht féin.

Tá glanadh déanta i gcuid den cheantar cheana. Ar an Satharn seo caite bhí thart ar 30 duine ag glanadh na mbóithríní ar an Teach Mór. Ar an Satharn seo chugainn beidh na glantóirí ag obair i gCor na Rón agus sna bailte anoir ón Teach Mór.


Deontas Ceadaithe do Oireachtas Chois Fharraige

Tá scéal faighte ag Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil deontas €900 ceadaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, faoi Scéim Tacaíocht Pobail, le Oireachtas Chois Fharraige a reáchtáil sa bhFómhair.

D’éirigh thar cionn le Oireachtas Chois Fharraige 2014, a eagraíodh mar chomóradh ar Oireachtas na Gaeilge a eagraíodh i gCois Fharraige dhá scór bhliain roimhe sin sa mbliain 1974, an chéad uair do Oireachtas na Gaeilge a bheith ar bun i gceantar Gaeltachta. Reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge i gCois Fharraige aríst sa bhliain 1976 chomh maith agus is ag an Oireachtas sin, mar chuid den chlár, a eagraíodh an chéad taispeántas poiblí den Damhsa ar an Sean Nós.

Tá sé beartaithe ag an gCumann Forbartha cruinniú a eagrú go gairid le Grúpa Oibre a chur le chéile, chun tabhairt faoi Oireachtas Chois Fharraige 2016 a eagrú mar chomóradh ar Oireachtas 1976 agus mar chomóradh chomh maith ar bhunú an Chumann Forbartha 50 bliain ó shin.

Peadar O Riada & Máirín Uí Chéide

Peadar Ó Riada, Cúil Aodha agus Máirín Uí Chéide, Boston, beirt a ghlac páirt sa gceolchoirm mhór, ag a raibh an tUachtarán Micheal D. Ó hUigínn i láthair, a reáchtáladh mar chuid de Oireachtas Chois Fharraige 2014. Beidh Oireachtas Chois Fharraige ar bun aríst i mbliana, amach sa bhFómhair.