Cartlann Nuachta: 6 Deireadh Fómhair 2021
Aoife ag Damhsa os comhair Teach Laighin
Aoife Ní Chonghaile ó Leitir Mealláin, ag damhsa os comhair Teach Laighin, le linn an agóid a bhí eagraithe ag Breandán Ó Beaglaoich agus Todhchaí na Tuaithe an tseachtain seo caite, maidir leis an mbealach a chaitear sa gcóras pleanála le pobail na nGaeltachtaí, agus daoine ón áit ag iarraidh cead pleanála le teach a thógáil ina gceantair dúchais féin.
Tá Aoife fostaithe mar Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
Féile Chois Fharraige
Radharc as an scannán ARRACHT a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna le linn Féile Chois Fharraige, ar an 18 Samhain.
Idir 17 agus 21 Samhain a bheas Féile Chois Fharraige ar bun. Féile nua ealaíona Gaeltachta atá ann le béim ar pháirtíocht an phobail sna himeachtaí.
Seo a leanas cuid de na príomh-imeachtaí atá beartaithe don chlár ilghnéitheach atá curtha le chéile ag an meitheal eagraithe:
- An Cosán Draíochta: Ceol nua-chumtha de chuid Johnny Óg Connolly i gcuimhne ar a athair, an boscadóir Johnny Phádraic Pheter Ó Conghaile, á chur i láthair i Stiúideo Cuan sa Spidéal.
- Ómós do Joe: Seó de chuid Aisteoirí an Spidéil faoi stiúir Mhike P Ó Conaola i gcuimhne ar Joe Steve Ó Neachtain, a bheas á chur i láthair i Seanscoil Sailearna.
Taispeántas Ealaíne: Deis d’ealaíontóirí an cheantair a gcuid saothar a chur ar taispeáint go poiblí.
- Fís agus Fuinneamh: Ceardlann faoi thábhacht na n-ealaíon sa bPleanáil Teanga sna Gaeltachtaí i Stiúideo Cuan sa Spidéal.
- Ceolchoirm Cholmcille: Comóradh ceolmhar ar Cholmcille le ceoltóirí ar an ardán ó Dhún na nGall, Albain, Doire Cholmcille chomh maith le Conamara.
- Arracht: Taispeántas ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna den sár-scannán a rinneadh faoin nGorta Mór i gConamara i gcomhar le Club Scannán Sailearna.
- Ócáid Liteartha: Ceiliúradh ar litríocht Ghaeilge do dhaoine fásta i gcomhar le BARZAZ, le béim ar an dá leabhar úrnua MADAME LAZARE agus KHALIL.
Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar leis an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige atá ag eagrú na Féile le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Ní fada go bhfoilseofar clár iomlán na Féile. Roinnigí súil ar an suíomh seo agus ar an leathanach Facebook atá ag Féile Chois Fharraige.
Breis eolais ón ríomhphost feilechoisfharraige21@nullgmail.com nó tré glaoch/téacs a sheoladh chuig 083 0106294.
An ceoltóir Johnny Phádraig Pheter Ó Conghaile, a fuair bás deireadh na bliana 2019. Beidh ‘An Cosán Draíochta’, píosa nua ceol atá cumtha ag Johnny Óg in ómós dá athair, á chur ar stáitse ag Stiúideo Cuan sa Spidéal, le linn Féile Chois Fharraige, an chéad mhí eile.
Flóra Chois Fharraige
Seileastram Dearg
Tá suíomh idirlín spéisiúil curtha le chéile ag Seathrún Ó Tuairisg ó Na hAille. Tugann an suíomh léargas ar phlandaí coitianta agus neamhchoitianta atá le feiceáil i gceantar Chois Fharraige. WWW.FLORACHOISFHARRAIGE.IE is ainm don suíomh.
Peil na bhFear i gCois Fharraige
Dé Domhnaigh seo caite bhí an mí-ádh ar fhoireann peile Chumann Micheál Breathnach nuair a chaill siad cluiche ceannais Bhord an Iarthair ag an ngrád Sóisear A, le cúilín amháin. Bhí na Breathnaigh chun tosaigh le cúilín amháin tar éis 60 nóiméad ach in am cúitimh d’éirigh le fir Chill Ainnín dhá chúilín a aimsiú leis an Corn a bhuachaint.
An lá roimhe, i Ros Muc, chlis Na Breathnaigh sa gcluiche idirmheánach in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir. Theastaigh ó Leitir Móir an cluiche a bhuachaint le 7 cúilín ar a laghad le fanacht sa rása ach bhí 13 cúilín le spáráil acu. Bhí an chuma ar an scéal go raibh a rása rite ag peileadóirí na mBreathnaigh sa gCraobhchomórtas Idirmheánach go dtí gur tháinig an scéal anoir gur éirigh le St Gabriels cúilín a fháil leis an gcluiche le Áth Cinn a chothromú, díreach sular shéid an réiteoir an fheadóg tar éis 11 nóiméad d’am cúitimh a imirt. Má cheap peileadóirí na mBreathnaigh go raibh an séasúr peile críochnaithe i mbliana, chuir cúilín cinniúnach St Gabriels ar ais sa gcomórtas iad.
Ach tá an chuma air go bhfuil a rás rite ag foireann peile An Spidéal sa gCraobhchomórtas sinsir. Bhuail Mountbellew/Moylough buachaillí Chois Fharraige i Staid an Phiarsaigh ar an Domhnach agus ocht gcúilín le spáráil. Len a áit a choinneáil i measc na Sinsear beidh ar an An Spidéal dul isteach sna babhtaí dícháilithe in aghaidh St. Michael’s, foireann na cathrach.
Peil na mBan
Bhí bua drámatúil ag Na Breathnaigh in aghaidh Uachtar Ard, i gcomórtas Peil na mBan (Sóisear B) ar an Satharn, leis an scór 2 – 10 in aghaidh 2 – 08. Ag leath ama bhí Uachtar Ard dhá chúilín chun tosaigh. Tar éis an bhriseadh fuair Uachtar Ard cúl, scór a chuir iad cúig phointe chun tosaigh, ach ghríosaigh sé sin mná Chois Fharraige agus fuair siad féin cúl. Bhí an dá fhoireann ag trádáil scóranna idir sin agus deireadh an chluiche, ach Uachtar Ard chun tosaigh i gcónaí le cúilín amháin nuair a scóráil Éabha Nic Dhonnacha cúl, scór a d’fhág foireann Chois Fharraige dhá chúilín chun tosaigh ag deireadh an chluiche.
Scéim Ceoil i Scoil Sailearna
Scoláirí ó Scoil Sailearna leis na huirlísí ceoil atá fáighte ag an scoil le tabhairt amach ar iasacht faoin scéim Rising Tide.
Ar chúl, ó chlé: Ruadhán Ó Flatharta, Donnacha Ó Flatharta, Seán Mac Donnacha, Róisín Ní Fhlatharta, Cian Ó Flatharta, Michael Lewis, agus Cathal Ó Neachtain.
Chun tosaigh, ó chlé: Lúcás Ó Curraoin, Seán Óg Mac Tabhais, Aoibh Ní Mháille, Méimí Ní Thuathail, Aonghus Ó Curraoin.
Tá roinnt uirlisí ceoil faighte ag Scoil Sailearna le dáileadh ar ghasúir na scoile gur suim leo tabhairt faoi uirlis ceoil a sheinnt. I measc na n-uirlisí ceoil atá tugtha ar iasacht tá an bosca ceoil, an consairtín, an fhidil agus an fheadóg mhór.
Tabharfar na huirlisí ceoil ar iasacht ar feadh bliana ar a laghad do na gasúir. Tháinig an t-airgead leis na huirlisí a cheannach ón togra Rising Tide, de bharr moladh ón gClár LEADER atá á reáchtáil ag Fóram Chonamara. Tá cáil an cheoil cheana i gCois Fharraige ach anois go bhfuil an scéim iasachta ag an scoil beidh níos mó deis ag na daoine óga triall a bhaint as uirlís, gan dul i gcostas lena cheannacht, go bhfeiceann siad go dtaithníonn sé leo.
Comórtas Grianghrafadóireachta
Luí na Gréine – Colm Welby
Tá comórtas grianghrafadóireachta á reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholmcille, atá sa tóir ar ghrianghraif a tógadh sa gceantar le linn na bliana le cur sa bhféilire do 2022. Bíonn an-éileamh chuile bhliain ar an bhféilire a chuireann Comharchreidmheas Cholmcille le chéile agus scaiptear é ar fud an domhain.
Tá go dtí an Aoine seo chugainn, 15 Deireadh Fómhair, le grianghraf a chur isteach ar an gcomórtas. Níl le déanamh ach an grianghraf a sheoladh chuig an ríomhphost comortas@nullcccholmcille.ie in éindí le teidil. Caithfidh an pictiúr a bheith i bhfoirm tírdhreach (landscape).
Urraíocht don Chumann Sacair
Tá crannchur á reáchtáil ag Cumann Sacair Chois Fharraige faoi láthair agus an duais atá le buachaint ná a bheith luaite ar fheisteas imeartha an chumainn mar urraithe. Is féidir le eagraíocht nó comhlacht ticéad a cheannach ar €100 an ceann le bheith san áireamh sa gcrannchur. Tá go dtí an Déardaoin, 21 Deireadh Fómhair, le bheith san iomaíocht.
Ceiliúradh na nÓg
Tá Ceiliúradh na nÓg á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta arís i mbliana, mar nach mbeidh Oireachtas na Gaeilge ar bun i gCill Áirne, de bharr cúinsí sláinte.
Séard atá i gceist ná ceiliúradh a dhéanamh ar an amhránaíocht, ar an aithriseoireacht agus ar an scéalaíocht. Le páirt a ghlacadh ní mhór do na daoine dul i mbun cleachtadh ar feadh ceithre seachtain le teagascóirí áitiúla.
Tar éis an chleachtadh beidh deis ag na daoine óga páirt a ghlacadh i gclár beo ar líne, le linn aimsir an Oireachtais ag deireadh na míosa seo.
Le páirt a ghlacadh ní mhór teagmháil a dhéanamh le Tuismitheoirí na Gaeltachta: eolas@nulltuismitheoiri.ie.
Gradam Áras Chois Fharraige
Tá Áras Chois Fharraige ag glacadh le iarratais anois do Ghradam Chois Fharraige. Tá an scéim seo á reáchtáil ag an Áras i gcomhar leis an bhFóram Pleanála Teanga i gCois Fharraige. Beidh duais airgid le fáil ag an mbuaiteoir chomh maith le tréimhse oibre páirt-aimseartha.
Tá an comórtas oscailte do scoláire ar chúrsa altranais agus a chuir tús lena staidéar Meán Fómhair 2021.
Le cur isteach ar an gcomórtas ní mhór aiste 500 focal a scríobh ar an téama seo a leanas: Na buntáistí a bhaineann le timpeallacht Ghaeilge labhartha d’aosaigh atá ina gcónaí i dteach altranais.
Tá go dtí an Aoine, 22 Deireadh Fómhair, le iarratas a sheoladh chuig Áras Chois Fharraige, Páirc, An Spidéal. Tá tuilleadh eolais le fáil ach dul i dteagbháil le Katie Uí Chuláin ag an uimhir 091 553194.
Comórtas na nAmhrán Nua
Tá an-spéis á chur sa gComórtas Amhrán Nua atá á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge. Tá go dtí an Aoine seo chugainn, 15 Deireadh Fómhair, le cur isteach ar an gcomórtas. Reáchtálfar an craobhchomórtas ag deireadh na míosa seo, 29 Deireadh Fómhair, i mBaile Átha Cliath. Tá dhá dhuais sa gcomórtas: amhránaí aonair le duais de €1,000 agus duais eile de €1,500 do amhrán nua á chanadh ag grúpa ceoil.
Tá breis eolais ar fáil ó oifig Oireachtas na Gaeilge i gCasla nó Bleá Cliath.
Club Leabhar sa gCrúiscín
Tar éis bliain go leith ar zúm beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 20 Deireadh Fómhair, ag a 8.00pm sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal le plé a dhéanamh ar an úrscéal MADAME LAZARE, le Tadhg Mac Dhonnagáin ó Bhaile an Domhnalláin, An Spidéal. Tá duais Oireachtais buaite ag an saothar seo agus léirmheasanna moltacha go leor faighte aige.
Tá an leabhar le fáil ó na foilsitheoirí FUTA FATA, ón Spailpín Fánach agus ó Shiopa Leabhar Charlie Byrnes i nGaillimh.
Beidh spéis faoi leith ag léitheoirí san úrscéal seo do dhaoine fásta. Seo mar a chuir moltóirí Chomórtas Liteartha an Oireachtais síos air: “Úrscéal cumasach, soléite uaillmhianach a choinnigh mé ag iompú na leathanach ó thús deireadh. Soléite, snoite, lán de bheocht agus de shamhlaíocht – sárleabhar é seo gan aon agó.”
Is féidir é a fháil ar an nasc seo thíos chomh maith.
https://www.barzaz.ie/Tadhg-Mac-Dhonnagain-Madame-Lazare-daoine-fasta-ursceal
Galf Chois Fharraige
Satharn na seachtaine seo chugainn, 16 Deireadh Fómhair, beidh Cumann Gailf Chois Fharraige ag cur tús le séasúr nua gailf ar chúrsa Bhaile an Róba.
Beidh naoi n-imeacht ar fad ar bun ag Cumann Gailf Chois Fharraige idir seo agus mí Iúil 2022, ar chúrsaí éagsúla.
Bunaíodh Cumann Gailf Chois Fharraige breis is tríocha bliain ó shin.
Tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua agus tógtar baill ó Chonamara uilig.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagbháil le Pádraig ag an uimhir 087 2525465.
Cuarbhóthar na Gaillimhe
Bóthar Chois Fharraige R336
Is fada daoine i gCois Fharraige ag fanacht ar scéal ón mBord Pleanála faoi Chuarbhóthar na Gaillimhe. Bhí an cinneadh le fógairt an tseachtain seo caite ach tá sé curtha siar aríst go dtí 19 Samhain.
I ráiteas a d’eisigh Kevin O’Hara, urlabhraí Shinn Féin i gConamara, dúirt sé go bhfuil sé in am “cinneadh críochnúil” a dhéanamh faoin gCuarbhóthar. Dúirt sé nach féidir glacadh leis an moill fhada seo.
“Le fada, agus muintir Chonamara ag tabhairt aghaidh ar an gcathair nó ar aon áit soir uaidh, bíonn siad sáinnithe sa trácht agus trácht na Gallimhe.” Dúirt sé chomh maith sa ráiteas go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag baint úsáid as an moill atá ar an gcinneadh ón mBord Pleanála le diúltú brú ar aghaidh le “roghanna eile a mheas le bealach an R336 a fheabhsú is a fhorbairt”.
“Mar chuid den obair thart ar an gcuarbhóthar ba cheart athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcóras iompar poiblí atá ag feidhmiú sa gcathair agus i gConamara ar mhaithe le seirbhís ceart, trasna na cathrach, a chur ar bun le freastal ar phobal Chonamara agus na Gaillimhe” a dúirt sé sa ráiteas uaidh.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Peil (Sinsear): An Spidéal 1 – 08, Mountbellew/Moylough 1 – 16.
- Peil (Idirmheánach): Micheál Breathnach 0 – 11, Naomh Anna, Leitir Móir 3 – 14.
- Peil (Sóisear A): Micheál Breathnach 0 – 08, Killannin 0 – 09.
- Peil na mBan (Sóisear B): Micheál Breathnach 2 – 10, Uachtar Ard 2 – 08.
- Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Knocknacarra 1.
- Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 6, Salthill Devon 0.
- Sacar (Cailíní faoi 17): Bearna/Na Forbacha 5, Corrib Celtic 4.
- Sacar (faoi 15): Macdara 2, Corofin Utd. 2.
- Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 5, Athenry 2.