Cartlann Nuachta: 6 Feabhra 2019

Duais Eile don Spidéal

Damhsóirí ón Spidéal, Scléip 2019

Ghnóthaigh na rinceoirí, Holly agus Rachel, ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an dara háit sa gComórtas Rince Cruthaitheach Grúpaí (Sóisear) ag craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2019 i mBaile Átha Cliath ar an 30 Eanáir.

Bhronn Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin (ar chlé) agus duine de na moltóirí, Eoin Ó Meachair (ar dheis), an duais orthu.

D’éirigh le Holly Robertson agus Rachel Cox, beirt dhaltaí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an dara áit a fháil sa gComórtas Rince Cruthaitheach Grúpaí (Sóisear) ag Scléip Gael Linn 2019 an tseachtain seo caite, comórtas talainn a reáchtálann Gael Linn.
I measc na nduaiseoirí eile ó Ghaeltacht Chonamara bhí an grúpa Binneas, ó Scoil Chuimsitheach na Ceathrú Rua, a fuair an chéad áit sa gComórtas Slua-amhránaíocht.


Comórtas Scoraíochta Idir Bailte

Damhsóirí - Scoraíocht an Locháin Bhig

Cuid den Spraoi ag an gComórtas Scoraíochta Idir Bailte 2015

Tá spéis léirithe cheana féin ag roinnt bailte sa gComórtas Scoraíochta Idir Bailte, atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. I mbliana tá an comórtas oscailte do bhaile ar bith, nó grúpaí bailte, sa gceantar idir Na Forbacha agus Ros a’ Mhíl.

Tá go dtí an Aoine seo, 8 Feabhra, ag bailte lena chur in iúl an mbeidh siad páirteach sa gcomórtas scoraíochta/seó ardáin. Má bhíonn níos mó ná cúig ghrúpa ag iarraidh a bheith páirteach sa gcomórtas, beidh dhá réamhbhabhta ann, le grúpaí a phiocadh amach le dul san iomaíocht i gCraobhchomórtas ag an deireadh.

Tá sé i gceist an Craobhchomórtas a reáchtáil ar an Satharn, 23 Márta, 2019.

Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ó Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 086 0888 578.


ANIAR

CD ANIAR Futa Fata

Tá leagan nua den leabhar agus dlúthdhiosca ANIAR curtha amach ag an gcomhlacht foilsitheoireachta FUTA FATA, atá lonnaithe ar an Spidéal. Tá fócas breise san eagrán seo ar an dlúthdhiosca agus a bhfuil le fáil ann. Cloistear triúr aisteoirí ó Chois Fharraige ar an dlúthdhiosca: Peadar Ó Treasaigh, Áine Ní Dhroighneáin agus Darach Ó Tuairisg, agus iad á dtionlacan ag an gceol atá cumtha ag John Ryan. Tá a léargas féin ag grianghraif Ceara Conway ar an mbailiúchán seo de sheanfhocail, orthaí agus véarsaí ó thraidisiúin béil na Gaeltachta thiar.

Leabhar dátheangach é seo atá foirfe don té a bhfuil suim aige nó aici i gcultúr traidisiúnta na teanga. Tá sé ar fáil anois i siopaí leabhra nó is féidir é a ordú ar líne ó Futa Fata. €14.95 an praghas atá air.


Postanna i dTearmann Éanna

Tá Tearmann Tearmann Éanna Teo. LogoÉanna CTR., ag lorg cúramóirí baile páirtaimseartha ins an gceantar ó Bhearna go Cárna agus Oileáin Árainn.

Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 i gCúram Baile riachtanach, nó is féidir leis an iarrthóir a bheith ag baint amach na gcáilíochtaí i láthair na huaire.

Tá ceadúnas glan tiomána riachtanach, chomh maith le hardchaighdeán Gaeilge. Tá an fhoirm iarratais don phost ar fáil ar an suíomh idirlín; www.tearmanneanna.ie nó is féidir gach eolas a fháil ach glaoch ar Thearmann Éanna ag 091/5055 nó ríomhphost a chur ag tearmanneanna@nulleircom.net.

Glacfar le iarratais, maraon le CV, go dtí an Aoine, 22 Feabhra, 2019.


Cumann Mícheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachTá ballraíocht sa gCumann ar oscailt anois. Is ar líne a bheas an clárú ag tarlú i mbliana. Seo a leanas na táillí ballraíochta a bheas i bhfeidhm: €120 do imreoir fásta (18+); €80 do mhic léinn lánaimseartha; €100 do ghasúr amháin agus tuismitheoir/caomhnóir; €130 do bhallraíocht clainne nach imreoirí iad na tuismitheoirí agus €160 do bhallraíocht clainne más imreoir duine de na tuismitheoirí.

I mbliana, de bharr rialacha cosaint leanaí, ní féidir gasúr a chlárú gan ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir amháin a bheith cláraithe chomh maith.


Dáil Éireann 1919

Daltaí Col Cholmcille

Cúigear daltaí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, a ghlac páirt sa gcomóradh ar an gCéad Dáil sa Taibhdhearc le gairid.

Ó chlé: Síofra Ní Scanláin, Doireann Ní Fhoighil, Fiach Ó Coistealbha, Clíodhna Ní Chonghaile agus Teresa Clifford.

Ghlac cúigear scoláire ó Choláiste Cholmcille páirt sa gcomóradh céad bliain ar an gCéad Dáil a bhí ar siúl sa Taibhdhearc i nGaillimh le gairid. Tá suim mhór ag an gcúigear sa drámaíocht agus tá cuid acu ag fáil réidh don Fhéile Drámaíochta a bheidh ar siúl i nDroichead an Chlairín ag deireadh na míosa. Tá buíochas ag dul do Bheartla Ó Flatharta agus Muintearas a thug an deis dóibh a bheith páirteach san ócáid stairiúil.


Scannán na Seachtaine Seo

Club Scannán - Polina

Radharc ón scannán POLINA a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, an Déardaoin seo, 7 Feabhra, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 7 Feabhra, taispeánfar an scannán POLINA, scannán ón bhFrainc, ag tosú ag 8.15pm.

Is faoi dhamhsóir óg an scannán, cailín ón aicme oibre a nglactar léi sa Bolshoi Ballet. Titeann sí i ngrá, ach sé an damhsa a paisean.

An tseachtain seo chugainn, 14 Feabhra, sé an scannán COLD WAR a bheas á thaispeáint. Mar d’fheilfeadh ar Lá Vailintín is scéal grá ann, suite sa bPolainn le linn na 1950aí agus an tír faoi cheannas cumannach.

Tá eolas faoin scannán chomh maith le blaiseadh dhó le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.


Leabhar Nua Joe Steve le Plé

Joe Steve Ó Neachtain

Joe Steve Ó Neachtain

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn, 13 Feabhra, ag a 9.00pm i dTigh Mholly, leis an leabhar “Mar a bhí ar dtús: Cuimhní Seanghasúir” le Joe Steve Ó Neachtain a phlé. Beidh an t-údar, Joe Steve Ó Neachtain ann ar an oíche. Chomh maith leis sin, beidh Club Leabhar Eachtraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach ag tíocht ar cuairt ar an oíche. Tá an leabhar ar fáil go háitiúil ó shiopa Chló-Iar Chonnacht sa Spidéal.


Geansaithe Nua do Ros a’ Mhíl

Páistí Ros a Mhíl le geansaithe nua 2019

Daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl leis na geansaithe spóirt a bhronn Jimí agus Stephen Ó Lorcáin ó Connemara Granite orthu an tseachtain seo caite. Connemara Granite a rinne urraíocht ar na geansaithe spóirt.

An tseachtain seo caite bhronn Jimí agus Stephen Ó Lorcáin, ó Connemara Granite, éadach spóirt nua ar Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl. Ba mhaith le pobal na scoile buíochas a ghabháil le Connemara Granite. As seo amach beidh daltaí na scoile ag caitheamh glas agus bán Ros a’ Mhíl le bród agus iad chomh feistithe amach le scoil ar bith eile sa tír.


Torthaí Spóirt

Sacar (Corn Fahy): Cois Fharraige 3, Dynamo Blues 4.


6 Feabhra 2019