Cartlann Nuachta: 6 Feabhra 2020

Olltoghchán: Cruinniú leis na hIarrthóirí

Na hIarrthóirí ag an gCuinniú 2020

Na hiarrthóirí san olltoghchán a bhí i láthair ag an gcruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Máirt seo caite, áit ar fhreagair siad ceisteanna ón bpobal faoi nithe atá ag déanamh imní dóibh.

Ó chlé: Pauline O’ Reilly, An Comhaontas Glas; Mairéad Farrell, Sinn Féin; Maitiú de Hál, ar son Conor Burke, Solidarity; Niall Ó Tuathail, Na Daonlathaigh Shóisialacha; Gormfhlaith Ní Thuairisg (RTÉ Raidió na Gaeltachta) a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú; an tAire Stáit Seán Kyne, Fine Gael; An Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil agus an Teachta neamhspleách Catherine Connolly.

Ar an gCéadaoin seo caite tháinig seisear de na hiarrthóirí atá ag seasamh san Olltoghchán i nGaillimh Thiar i láthair an phobail ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna, áit ar fhreagair siad ceisteanna ón dream a bhí i láthair faoi nithe atá ag déanamh imní don phobal. Is ar chuireadh ó Chumann Forbartha Chois Fharraige a bhíodar ann. Thart ar 40 duine ón bpobal a bhí i láthair.

Thug an Cumann Forbartha cuireadh do gach duine den 15 iarrthóir i nGaillimh Thiar teacht ag an gcruinniú. Chuir beirt in iúl roimhré nach bhféadfaidís a bheith i láthair: an t-iarrthóir neamhspleách Noel Grealish agus Joe Loughnane ó Solidarity/People Before Profit. Bhí seisear de na hiarrthóirí i láthair: Pauline O’Reilly, AnComhaontas Glas; Mairéad Farrell, Sinn Féin; Niall Ó Tuathail, Na Daonlathaigh Shóisialacha; an tAire Stáit Seán Kyne, Fine Gael; An Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil agus an Teachta Catherine Connolly, iarrthóir neamhspleách. Bhí Maitiú de Hál i láthair ar son Conor Burke atá ag seasamh as son Solidarity/People Before Profit.

I measc na nithe a tháinig aníos ag an gcruinniú bhí an córas taistil poiblí agus an gá le scáthláin bus a thógáil ar an R336; cúrsaí pleanála agus chomh deacair is atá sé do dhaoine óga atá ag iarraidh fanacht sa gceantar cead pleanála a fháil; an táille uafásach ard le píopa a leagan síos atá Uisce Éireann ag gearradh ar dhaoine atá ag iarraidh seirbhís uisce i dtithe nua; cúrsaí athrú aeráide; táille páirceála ag an ospidéal; airgeadú Údarás na Gaeltachta agus ceist na dtoghchán le ionadaithe ó phobail na Gaeltachta a chur ar Bhord an Údaráis. Gormfhlaith Ní Thuairisg, ó RnaG, a bhí sa gcathaoir. Cumann Forbartha Chois Fharraige a d’eagraigh an cruinniú.


Tacaíocht ó Mhary Lou faoi Thoghcháin an Údaráis

Tá ríomhphost faighte ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ó cheannaire Shinn Féin, Mary Lou Mc Donald TD, ag cur tacaíocht a páirtí in iúl don fheachtas atá ar bun ag an gCumann Forbartha chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Deirtear sa ríomhphost go bhfuil sé ‘ina thosaíocht ag Sinn Féin toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais’ má bhíonn an páirtí sa gcéad rialtas eile agus go bhfuil an méid sin geallta san fhorógra toghcháin atá eisithe ag Sinn Féin. Deireann an ríomhphost chomh maith go dteastaíonn ó Shinn Féin ‘maoiniú an Údaráis a ardú go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an mbliain 2007 sa chaoi is go mbeidh sé in ann freastal níos cuimsithí a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta’.

Chuir an Cumann Forbartha litir ag ceannairí na bpáirtithe polaitíochta sa Dáil dhá mhí ó shin ag déanamh an cháis ar son toghchán a bheith ann le go mbeadh deis arís ag pobail na Gaeltachta a ionadaithe féin a thoghadh go daonlathach ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Triúr de na ceannairí a d’fhreagair an litir. Dúirt Micheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil sa litir a chuir sé ag an gCumann Forbartha, roinnt seachtainí ó shin, go leanfadh Fianna Fáil ‘ag obair do dúthrachtach chun tacú lenár dteanga dhúchais i gceantair Ghaeltachta agus chun tochchán chuid bord Údaráis na Gaeltachta a athbhunú go hiomlán’. Dúirt Breandan Howlin go mbeadh coiste polasaí an Lucht Oibre ag breathnú ar an gceist.

Fáiltíonn an Cumann Forbartha roimh na geallúintí atá tugtha ag Ceannaire Fhianna Fáil agus anois ag Ceannaire Shinn Féin go dtabharfar ar ais na toghcháin le ionadaithe na Gaeltachta a roghnú le suí ar bhord an Údaráis. Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige leanacht leis an stocaireacht ar na páirtithe polaitíochta a bheas ag iarraidh rialtas a chur le chéile, len a chinntiú go mbeidh leasú Acht na Gaeltachta 2012 sa chlár rialtais, ionas go mbeidh an deis arís ag pobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta.


Láthair Seandálaíochta sa Spidéal

Bhí sé le tuairisciú ar Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh na seachtaine go bhfuil láthair eile seandálaíochta aimsithe ar an gcladach i gCois Fharraige, i Lipe, thart ar 2km soir ón Spidéal. Jimmy Ó Céidigh ón bPáirc a d’aimsigh an láthair a bhí folaithe go dtí gur cartaíodh an cladach le linn Stoirm Brendan.

Tá an láthair scrúdaithe ag an seandálaí ó Chonamara, Michael Gibbons, a thug le fios go bhfuil tábhacht ag baint leis an láthair agus gur fianaise atá ann go raibh cónaí sa gceantar 7,000 bliain roimh am Chríost.

Seo an dara suíomh atá aimsithe cois cladaigh i Lipe.


Tús Spleodrach le Gaillimh 2020

Cuireadh dlús le Gaillimh 2020 nuair a reachtáladh an Searmanas Lasta Tine sa Spidéal thíos ag an tSeanchéibh, tráthóna Luain seo caite. Bhailigh os cionn 1,000 duine thíos ag an tSeanchéibh, áit a raibh stáitse curtha in airde go speisialta agus Driseog, grúpa áitiúil, ag casadh ceoil don lucht mór féachana ina seasamh sa mbáisteach ag fanacht ar Pharáid na nDrumadóirí. Bhí an oiread daoine bailithe ar an láthair go raibh ar an lucht slándála stop a chur le níos mó daoine ag dul síos ann.

Bhí an ócáid eagraithe go maith, le neart tinte ar an láthair le cur leis an atmaisféir speisialta. Beidh an Searmanas Mór Oscailte ar bun ar an Satharn seo chugainn, 8 Feabhra, ag 6.00pm ar an bPáirc Theas, An Cladach, agus is ócáid an-speisialta a bheas ann.


Plean Teanga Chois Fharraige

plean teanga cf 2016

Ag an gcruinniú a bhí ag an bhFóram Pleanáil Teanga do cheantar Chois Fharraige ar an Déardaoin seo caite do na heagrais sa bpobal, a bhfuil ballraíocht tógtha acu sa bhFóram, socraíodh go mbeadh na daoine seo a leanas mar stiúrthóirí ar bhord an Fhóraim, atá cláraithe anois mar chomhlacht leis an CRO: Máire Ní Neachtain, Aodán Mac Donncha, Caitríona Ní Fhiannachta, Tomás Ó Neachtain agus Seán Breathnach. Beidh stiúrthóirí eile á gcomhthoghadh amach anseo le go mbeadh ionadaíocht ar an mbord ó gach ceantar bunscoile, idir Na Forbacha agus Ros a’ Mhíl.

Is faoin mBord Stiúrtha nua a bheas sé na socraithe a dhéanamh le Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm. Beidh Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige le fostú agus oifig le réiteach amach. Do réir an chonradh atá socraithe le Údarás na Gaeltachta cuirfear €150,000 ar fáil in aghaidh na bliana don Fhóram Pleanáil Teanga leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm i gceantar Chois Fharraige.


Printíseachtaí

udaras-logoTá scoláireachtaí á dtairiscint arís i mbliana ag an Údarás do chainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht, do dhaoine óga a mbeadh fonn orthu traeneáil a fháil mar cheardaí agus cailíocht a bhaint amach. Tá réimse leathan ceirdeanna anois ann inar féidir le daoine óga ón nGaeltacht printíseachtaí a fháil iontu.

Is fiú €2,000 na scoláireachtaí seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar 091 503121 nó dul go suíomh idirlín an Údaráis. Tá go dtí an Aoine, 21 Feabhra, leis na foirmeacha a líonadh is a sheoladh ar ais.

Tá Scéim na bPrintíseachtaí ar cheann de na scéimeanna is fearr a reáchtálann Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le óige na Gaeltachta agus is iomaí duine a bhfuil post maith acu a bhuíochas don scéim iontach seo.


Amchlár an 424

Tá amchlár an bus a fhreastalaíonn ar Chois Fharraige mícheart i gcónaí ar shuíomh idirlín Bus Éireann. Tugann an t-amchlár le fios go bhfágann an bus deireannach an stáisiún i nGaillimh ag 11.00pm nuair is ag 11.15pm a fhágann sé. Dhá mhí ó shin tháinig an t-amchlár nua i bhfeidhm, rud a chuir feabhas an-mhór ar an tseirbhís bus i gConamara Theas.

Tá botún eile ar an amchlár atá ar shuíomh Bus Éireann: níl an bus a fhágann An Cheathrú Rua ar an Domhnach liostáilte ar an amchlár go fóill.

Idir an dá linn tá diúltaithe ag an NTA do iarratas ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív go ndéanfaí an tseirbhís bus a bhíodh ag freastal ar an GMIT gach maidin a thabhairt ar ais. Dhiúltaigh siad chomh maith don iarratas go mbeadh níos mó de na busanna a thagann isteach ó Chois Fharraige agus Conamara Theas ag freastal ar NUIG agus ar an Ospidéal, an UHG.


Scannán ón gCoiré Theas sa tSeanscoil

Radhac ar an scannán BURNING, an scannán a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an Déardaoin seo ag tosú ag 8.15pm.

An Déardaoin seo, 6 Feabhra, beidh scannán nua, atá suite sa gCoiré Theas sa lá atá inniu ann, á theaspáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth.

Baineann téama an scannáin leis an mbealach a bhfuil an t-airgead ina dhia ag na boicíní móra agus mar a dhéanann lucht na gcártaí creidmheasa géarleanúint ar dhaoine óga. Beidh fotheidil i mBéarla leis an scannán.

Tá eolas faoin scannán le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.


An Scoil Chuimsitheach ag ‘Scléip’

‘Beogacht’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, a bhuaigh Gradam Nós don amhrán nua-chumtha a scríobh siad dar teideal ‘Dóchas’.

Sa bpictiúr tá Áine Ní Lochlainn, Ailbhe Ní Mhurchú agus Eoin Mac Donnchadha ón ngrúpa ceoil ag glacadh lena nGradam ó Mhaitiú Ó Coimín, Príomheagarthóir NÓS.

D’éirigh go maith le daltaí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag Scléip, an comórtas tallainn a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le haghaidh coláistí dara leibhéal sa nGaeltacht agus coláistí a bhíonn ag teagasc tré Ghaeilge ar fud na tíre.

Seo a leanas na duaiseanna a thug Scoil na Ceathrú Rua abhaile ón gcomórtas:

  • Amhánaíocht Aonair sa stíl Pop/Raic le féintionlacan(sóisear), an chéad duais: Ailbhe Seoighe.
  • Slua-Amhránaíocht, an dara duais: Binneas, An Scoil Chuimsitheach.
  • Gradam ‘Nós’: ‘Beogacht’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Club Iománaíochta Bearna/Forbacha

  • Ba mhaith le Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha comhbhrón a chur in iúl do chlann Beartla (Barney) Ó Conchubhair, a cailleadh le gairid. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
  • Bíonn na cártaí, cluiche 25, ar bun gach Céadaoin i Scoil na bhForbacha, eagraithe ag Cumann Iománaíochta Bearna/Na Forbacha. Fáilte roimh chách agus bíonn cupán tae ar fáil ag deireadh na hoíche.

‘Sa Teach Seo Anocht’

Sa Teach Seo Anocht le Micheal Ó Conghaile

Is ar an gCéadaoin seo chugainn, 12 Feabhra, a bheas an chéad tíocht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige, i dTigh Mholly, Indreabhán, ag tosú ag 8.00pm.

‘Sa Teach Seo Anocht’, úrscéal le Mícheál Ó Conghaile, an leabhar a bheas á phlé. Bíonn fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí ag an gClub Leabhar.


Seisiúin na gCeoltóirí Óga

Brian Ó Baoill - Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag ceiliúradh le Brian Ó Baoill le gairid

Bíonn Seisiún na nDéagóirí ar bun gach Satharn sa gCrúiscín Lán ón 6.00 go 7.00pm agus bíonn Seisiún na gCeoltóirí Níos Óige san ITT ar an Domhnach ag 12.00. Bíonn fáilte roimh bhaill nua i gcónaí.


Torthaí Spóirt

  • Sacar (Corn Byrne ): Mac Dara 3, Merlin Woods/Medtronic 2.
  • Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 5, Colga 3.
  • Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 2, Moyne Villa 2.
  • Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 0, Maree/Oranmore 1.
  • Sacar (Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha 4, Colga 0.
  • Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha 0, Colemanstown Utd. 1.
  • Sacar (faoi 12): Mac Dara 0, Colga 4.
  • Sacar (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 1, Mervue Utd. 3.

Nótaí Chois Fharraige

Cumann Forbartha Chois Fharraige a cuireann Nótaí Chois Fharraige le chéile chuile sheachtain don Churadh Chonnachta, a thagann amach gach Déardaoin. Fáilteofar roimh mhíreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, le foilsiú sa gcolún ach iad a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com ar an Luan roimhré faoi 2.30pm. Is féidir an colún a léamh chomh maith ar an suíomh seo le ábhar breise.


6 Feabhra 2020