Cartlann Nuachta: 6 Márta 2019
Dráma sa Spidéal
Radharc as an dráma Lá Fhéile Mhicil le Eoghan Ó Tuairisc, a bheas á chur ar stáitse i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, ar an Aoine, Satharn agus Domhnach seo chugainn.
Ar chlé tá Cormac Ó Comhraí agus ar dheis Séamas Ó Scanláin, léiritheoir an dráma.
Léireoidh Aisteoirí an Spidéil an dráma Lá Fhéile Mhichíl le hEoghan Ó Tuairisc i gColáiste Chonnacht an deireadh seachtaine seo. Beidh an dráma ar an stáitse trí oíche i ndiaidh a chéile, ar an Aoine, Satharn agus Domhnach 8, 9 agus 10 Márta.
An Scoilt agus Cogadh na gCarad atá mar théama ag an dráma cumhachtach seo, an choimhlint fhuilteach idir aisling na Poblachta agus réaltacht an tSaorstáit, rud a d’fhág a rian ar Éirinn agus ar aigne na hÉireann ó shin i leith.
Séamus Ó Scanláin atá i mbun an léirithe agus i measc na n-aisteoirí tá Seán Ó Gráinne, Traolach Ó Conghaile, Breandán Ó Conláin, Bairbre Ní Churraoin, John Keane, Máirín Nic Con Iomaire, Cormac Ó Comhraí agus beirt bhan óga as an Spidéal, Caitríona Ní Dhomhnaill as an bPáirc agus Máire Ní Neachtain as an gCoilleach.
Duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge é Eoghan Ó Tuairisc, fear a rugadh céad bliain ó shin i mbliana i mBéal Átha na Sluaigh ar an 4 Aibreán 1919. Chaitheadh sé tréimhsí sa Spidéal agus é ag cur faoi le muintir Stiofáin Sheáin Liam Uí Dhomhnail ar an gCoilleach.
Éigse an Spidéil
Aisling Ní Neachtain, An Chré Dhubh, leis an ngradam Laoch an Traidisiúin a bronnadh uirthi ag Éigse an Spidéil ar an Domhnach seo caite sa Droighneán Donn. Taobh léi, ar chlé, tá a hathair Joe Steve Ó Neachtain agus, ar dheis, an cumadóir is an boscadóir Johnny Óg Connolly.
D’éirigh thar cionn le Éigse an Spidéil ag an deireadh seachtaine. Gan dabht ba é Ceolchoirm Mhór na hÉigse ar an Satharn buaicphointe an deireadh seachtaine, nuair a bhí Seanscoil Sailearna lán go doras.
Ar an Domhnach, ag Clabhsúr na hÉigse sa Droighneán Donn, bronnadh Laoch an Traidisiúin ar Aisling Ní Neachtain ón gCré Dhubh, bean a bhfuil a cion féin déanta aici go deonach ar son an phobail, agus ar son an chultúir ina ceantar dúchais. Sí Aisling a dhéanann Cór Chois Fharraige a stiúradh, cór a chuireann go mór le saol an phobail.
Seo a leanas na buaiteoirí sa gComórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós do dhaoine óga:
8 Bliain d’Aois & Faoi:
1. Clíodhna Ní Neachtain, An Chré Dhubh, An Spidéal.
2. Pádraig Ó Coisdealbha, Baile na mBroghach, Indreabhán.
3. Tadhg Ó Neachtain, Baile na hAbhann.
12 Bliain & Faoi:
1. Caoilte Canny, Na hAille, Indreabhán.
2. Cormac Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán.
3. Éabha Ní Neachtain, Cor na Rón, Indreabhán.
16 Bliain & Faoi:
1. Bróna Ní Cheallacháin, An Chré Dhubh, An Spidéal
Ní raibh aon iomaitheoirí san aoisghrúpa 18 bliain & faoi.
Bronnadh Corn Pheatsaí Uí Cheannabháin 2019 ar Chaoilte Canny, Na hAille, Indreabhán.
Caoilte Canny, Na hAille le Corn Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin 2019, a bronnadh air ag Éigse An Spidéil.
Sa bpictiúr, ó chlé: Éilís Uí Cheannabháin (bean chéile Pheatsaí), Nan Tom Taimín (moltóir), Caoilte Canny (buaiteoir) & Elisa Ní Cheannabháin (iníon Phatsaí).
Coláiste Chroí Mhuire ar RnaG
Daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal – beidh an clár raidió a rinne siad, Spleodar Ceoil, ag dul amach ar RnaG ar an Máirt seo chugainn, 12 Márta, ag 4.30pm.
Ó chlé: Seán Ó Gallchobhair, Ciara Taaffe, Aoife Ní Neachtain agus Mike Mac Dubhghaill.
Beidh an clár Spleodar Ceolmhar, a scríobh agus a chuir daltaí ó Idirbhliain Choláiste Chroí Mhuire i láthair, á chraoladh ar RnaG ar an Máirt seo chugainn, 12 Márta, ag 4.30pm. Ar an gclár cloisfear Aoife Ní Neachtain, Seán Ó Gallchobhair, Ciara Taaffe agus Mike Mac Dubhghaill agus na bannaí ceoil Grád A agus Dris-Óg faoi agallamh acu, chomh maith leis an gceoltóir Róisín Seoighe, maidir le ceol comhaimseartha na Gaeilge.
Blitz Liathróid Láimhe
Daltaí sna hardranganna ó Scoil Náisiúnta Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt i mBlitz Liathróid Láimhe an tseachtain seo caite i gCill Chiaráin, agus iad ag caitheamh feisteas nua, urraithe ag Connemara Granite. Bhuaigh na cailíní comórtas na gcailíní.
Ó chlé: Eoin Ó Coistealbha, Seán Ó Nia, Róise Ní Mhurchú, Kate Nic Dhonnacha, Síofra Nic Dhonnacha, Elisha Herbert, Éabhadh Nic Dhonnacha, Caoimhe Ní Chualáin, Sheona Nic Dhonnchadha, Paul Bheilbigh, Ciarán Ó Fátharta, Diarmad Ó Fátharta, Keelan Mac Donnacha agus Cian Breathnach.
Méadú in Airgead na gComharchumann
An tseachtain seo caite d’fhógair Údarás na Gaeltachta ardú sa deontas reachtála a thugtar do na Comharchumainn Ghaeltachta. Deontas Reachtála na nEagras Pobail a thugtar ar an tacaíocht airgid a íoctar i gCois Fharraige le Comharchumann Sailearna agus le Comhlacht Forbartha an Spidéil. Le roinnt blianta anuas tá na comharchumainn is na heagrais phobal bunaithe sa nGaeltacht ag éileamh ardú sa deontas a fhaigheann siad go bliantúil ón Údarás.
Seo thíos an deontas atá le fáil i mbliana ag an dá eagras pobail i gceantar Chois Fharraige.
Comhlacht Forbartha an Spidéil: ardaithe ó €38,000 go €45,000.
Comharchumann Sailearna Teo: ardaithe ó €62,000 go €71,000.
Club Leabhar Chois Fharraige – Makaronik
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 13 Márta, ag 9.00pm i dTigh Mholly leis an leabhar Makoronik le Dave Duggan a phlé. Tá an leabhar ar fáil go háitiúil ó shiopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
Seo an cur síos a dhéantar ar an leabhar ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht:
Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal “rogha” san Empirish, teanga na hImpireachta. Tagann Diarmuid and Gráinne, oifigigh mheánchéime de chuid na hImpireachta, leis an fho-ionad a dhruidim agus an t-oifigeach bunchéime, Makaronik, a thabhairt ar ais go dtí an Lár leo. Sin an dualgas s’acu. Níl aon rogha acu. Ach diúltaíonn Makaronik dul leo. An bhfuil an rogha aici?
Na Rógairí ar an Tulach
Radharc ón dráma An Mhéar Fhada le Johnny Chóil Mhaidhc
Bhí Halla na nImirceach, Cárna, lán go doras an deireadh seachtaine seo caite nuair a léiríodh An Mhéar Fhada, dráma le Johnny Chóil Mhaidhc, curtha ar stáitse ag Na Rógairí.
I gceann coicíse beidh an dráma á léiriú i Halla na Tulaí, ar an Déardaoin, 21 Márta ag 8.00pm i mbaile dúchais an údair, Johnny Chóil Mhaidhc. Tá scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma: Pádraicín a’ Táilliúra Ó Conghaile, Danny Wallace, Máirín Mhic Lochlainn, Pádraig Ó Súilleabhán agus baintreach Johnny Chóil Mhaidhc, Bríd Uí Choisdealbha.
Camógaí Chois Fharraige
Tá ballraíocht i gCumann Camógaíochta Chois Fharraige ar oscailt anois. Is ar líne a bheas an clárú ag tarlú i mbliana do chailíní 6+ bliain. Níl le déanamh ach dul go dtí www.clubforce.com, Cumann Camógaíochta Chois Fharraige a chuardach agus na treoracha a leanacht.
Tá eolas eile ar fáil ó Mháirtín ag an uimhir 086 4084033.
Scannán na Seachtaine Seo – THE GUARDIANS
Club Scannán – The Guardians
Ar an Déardaoin seo, 7 Feabhra, taispeánfar THE GUARDIANS, scannán ón bhFrainc/Eilbhéis i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. Tá scéal an scannáin lonnaithe ar fheilm in Iarthar na Fraince le linn an Chogaidh Mhóir, nuair a rinne na mná obair na bhfear, an fhad is a bhí na fir ag troid sna trínsí.
An tseachtain seo chugainn, 14 Feabhra, beidh dhá scannán á thaispeáint, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge: BLACK 47, an scannán faoi shaighdiúir de chuid na Connacht Ranger ag filleadh ar Chonamara le linn an Ghorta Mhóir agus roimhe taispeánfar an gearrscannán atá déanta ag Seán Ó Ciardha faoin gcuairt a thug criú ón mBBC ar Thigh Mhichilín Mháirtín Eoghain, Bhaile Uí Dhomhnalláin, An Spidéal, sa mbliain 1961.
Tá eolas agus blaiseadh de na scannáin a thaispeántar i Seanscoil Sailearna le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Biongó ar an Luan Seanscoil Sailearna
Seanscoil Sailearna, áit a bhfuil Biongó ar siúl gach Luan ag 8.00pm
Tá an Biongó i Seanscoil Sailearna ag leanacht ar aghaidh gach Luan ag 8.00pm. Is ar mhaithe leis na seirbhísí Béile ar Rothaí, a chuireann Tearmann Éanna ar fáil sa gceantar, atá an Biongó á reáchtáil.
Imirt Cártaí sna Minna
Bíonn imirt cártaí ar bun gach Céadaoin i Seanscoil na Minna ag tosú ag 8.00pm. Fáilte roimh cách.
Postanna mar Chúramóirí Baile
Tá postanna páirt aimseartha le líonadh ag Tearmann Éanna mar churamóirí baile sa gceantar ó Bhearna go Cárna agus Oileáin Árann. Tá cáilíocht FETAC ag leibhéal 5 riachtanach, é sin nó an cháilíocht á bhaint amach faoi láthair. Tá ceadúnas glan tiomána riachtanach chomh maith ardchaighdeán sa Ghaeilge. Tá go dtí an Aoine, 15 Márta, le cur isteach ar na postanna.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar an suíomh idirlín www.tearmanneanna.ie nó is féidir gach eolas a fháil trí glaoch ar Thearmann Éanna ag 091/505540 nó ríomhphost a chur ag tearmanneanna@nulleircom.net.
Comórtas Scoraíochta Idir Bailte
Ní bheidh an Comórtas Scoraíochta Idir Bailte, a bhí á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, ag dul ar aghaidh anois. Cé gur thaispeán 5 bhaile spéis ann i dtosach, ní raibh le bheith ann sa deireadh ach baile amháin, An Teach Mór. Bhí an comórtas ceapaithe a bheith ar bun ar an Satharn, 23 Márta i Seanscoil Sailearna.
Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha an scéal a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Stiúrtha.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Peil (Roinn I): An Spidéal 0 – 06, Kilannin 0 – 12.
- Peil (Roinn III): Ml. Breathnach 0 – 06, Menlough 0 – 06.
- Sacar (Roinn III): Bearna/Na Forbacha 1, Loughrea B 2.
- Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 3, Mac Dara 0.
Sacar (Cailíní f14): Bearna/Na Forbacha 0, Colga 6.