Cartlann Nuachta: 6 Márta 2024

Cairde na Palaistíne

Grúpa a bhí i láthair ag cruinniú a thug Cairde Chonamara na Palaistíne le chéile sa bPota Café ar an Tulach ar an Luan seo caite, chun Limistéar Saor ó Chinedheighilt a bhunú  i gConamara agus chun an feachtas BDS ar son na Pailistíne -‘Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí’ – a mhíniú.

Ó chlé: Risteád Ó hAodha, Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Aindriú de Buitléir (Cathaoirleach ar an gcruinniú), Ríonach Ní Néill agus Peadar Tom Mercier.

[Pic: Simon Boyle]


Post mar Oifigeach Pleanála Teanga le Líonadh i gCois Fharraige

Katie Ní Loingsigh

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige fógraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Katie Ní Loingsigh, a bhí sa bpost le ceithre bliana anuas, atá ag fágáil a cuid cúraimí mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCois Fharraige le dul i mbun oibre i bpost nua. Sí Katie an chéad duine a d’fhostaigh an chuideachta nua-bhunaithe Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, ceithre bliana ó shin díreach.

Ní raibh Katie ach cúpla lá ina post nuair a fógraíodh an dian-ghlasáil a spreag an phaindéim, ach in ainneoin na ndúshlán mhóra sin d’éirigh le Katie tús láidir a chur le hobair an Fhóraim, spriocanna an Phlean Teanga a chur i láthair an phobail, eagrais a chur ar an eolas faoi thacaíochtaí an Fhóraim, córais oibre a leagan síos agus le tacaíocht ó Aoife Ní Chonghaile, an tOifigeach Cúnta a ceapadh i samhradh 2020, tá feidhmiú Phlean Teanga Chois Fharraige ag dul chun cinn go feiceálach.

Tá an Fóram i mbun earcaíochta do Oifigeach Pleanála Teanga eile anois le bróga Katie a líonadh.


An Dráma ‘An Solas Dearg’ sa tSeanscoil

Tá Aisteoirí an Spidéil chun an dráma An Solas Dearg, leis an drámadóir Antoine Ó Flatharta as Leitir Mealláin, a léiriú i Seanscoil Sailearna ar an tseachtain seo chugainn, ar an Aoine, Satharn agus Domhnach, 15, 16 agus 17 Márta.

Cé gur scríobhadh an dráma seo thart ar scór go leith bliain ó shin, tá a bhfuil á phlé ann tráthúil i gcás shaol an lae inniu, mar go bhfuil an Ghaeltacht, roghanna agus mianta na hóige agus tionscal na meán á gcíoradh ann.

Mike Ó Conaola atá i mbun stiúrtha ar an seisear aisteoir atá sa dráma, cuid acu a bhfuil aithne mhór orthu cheana de bharr léirithe eile de chuid na nAisteoirí.

Cormac Ó Comhraí atá sa bpríomhpháirt agus tá tacaíocht láidir aige ó Threasa Bhreathnach, Séamas Ó Scanláin, Seán Ó Gráinne, Bairbre de Barra agus Caitríona Ní Dhomhnaill.

Beidh ticéid le fáil ar an doras nó is féidir iad a chur in áirithe ag https://buytickets.at/ansolasdearg/1175085.

Cuid den chliar sa dráma An Solus Dearg le Antoine Ó Flatharta, a bheas á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéal an tseachtain seo chugainn ón Aoine go Domhnach, i Seanscoil Sailearna.

Ó chlé: Caitríona Ní Dhomhnaill, Treasa Bhreathnach, Cormac Ó Comhraí agus Séamas Ó Scanláin.


Oíche Áirneáin na Féile Pádraig

Tigh Chualáin, An Choill Rua

Beidh Oíche Áirneáin ar bun ar an Aoine seo chugainn, 15 Márta, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Beidh idir ceol, damhsa, amhránaíocht, scéalta, agallaimh beirte agus lúibíní ann, le ceiliúradh a dhéanamh ar deireadh seachtaine na féile Pádraig. Tá urraíocht don ócáid faighte ag an gCumann Forbartha ó Chiste Seachtain na Gaeilge agus ón gCiste Bláthú de chuid Glór na nGael.

Ní bheidh aon chead isteach ar an doras agus cuirfear sólaistí ar fáil. Tosóidh an oíche ag 8.30pm.


Oíche Áirneáin ag an gClub Leabhar, Tigh Mholly

Déanfar ceiliúradh ar an leabhar Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige (Coiscéim: 2010), ar an gCéadaoin seo chugainn, 13 Márta, i dTigh Mholly, An Lochán Beag.

Tabharfaidh Pádraic Ó Cearra, mac le Jimmí, píosa cainte. Sé Pádraig a rinne eagarthóireacht ar an leabhar Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige.

Beidh Mícheál Darby Ó Fátharta agus a chairde ag cur ceoil ar fáil. Chomh maith le sin beidh Colm Jimmí Ó Curraoin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2023, ann le cúpla stéibh a rá.


An Comharchumann ag Earcú

Comharchumann ShailearnaTá roinnt post fógraithe ag Comharchumann Sailearna.

Tá Bainisteoir Tograí lán-aimseartha á lorg chomh maith le Riarthóir Oifige páirt-aimseartha.

Tá Feighlí Ionaid lán-aimseartha á lorg chomh maith le Oibrí Cistine.

Tá líofacht Ghaeilge riachtanach do na poist.

Tá sonraí iomlán faoi na poist seo le fáil ach glaoch ar 091 399199, nó ríomhphost a chur chuig SAILEARNA@nullGMAIL.COM. Tá go dtí an Aoine, 29 Márta, le litir iarratais maraon le CV a sheoladh isteach.


Club Scannán Sailearna ar ais

Radharc as an scannán ón bhFrainc, ANATOMY OF A FALL, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 7 Márta, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, chun tús a chur le séasúr nua scannán, eagraithe ag Club Scannán Sailearna.

Beidh gearr-shéasúr scannán i Seanscoil Sailearna ag tosú ar an Déardaoin seo, 7 Márta, i Seanscoil Sailearna, le ANATOMY OF A FALL, scannán ón bhFrainc a bhfuil iliomad gradam pioctha suas aige cheana agus ainmnithe le haghaidh Oscar chomh maith.

Mar go raibh athchóiriú á dhéanamh ar an amharclann i Seanscoil Sailearna, ní fhéadfaí tús a chur leis an séasúr scannán go dtí anois. Ach tá an t-athchóiriú déanta anois, córas fuaime nua den scoth curtha isteach chomh maith le cathaoireacha nua compordacha.

Seo a leanas an ceithre scannán a bheas á dtaispeáint:

  • 7 Márta – Anatomy of a Fall (An Fhrainc);
  • 21 Márta – Our River, Our Sky (An Iaráic);
  • 28 Márta – Past Lives (Stáit Aontaithe);
  • 4 Aibreán – Fallen Leaves (An Fhionlainn).

Tá breis eolais ar fáil ón suíomh CLUBSCANNÁN.IE. €15 an táille ballraíochta do dhuine aonair nó €25 do chúpla, a thugann cead isteach don cheithre scannán.

Is féidir íoc ar an doras chomh maith. €8 a bhíonn ar scannán amháin.


Cumann Micheál Breathnach i mbun Canal Ros a’ Mhíl

Cumann Mícheál BreathnachFógraíodh le linn na seachtaine seo caite go bhfuil Cumann Micheál Breathnach leis an bpáirc imeartha i Ros a’ Mhíl a thógáil ar láimhe don bhliain. An Canal a thugtar ar an bpáirc go háitiúil agus bhí sé faoi bhainistíocht leis na blianta ag Coiste Páirce Ros a’ Mhíl. Ach anois beidh Cumann Micheál Breathnach freagrach as an bpáirc. I litir a cuireadh ar leathanach Facebook an chumainn, deimhníodh nach mbeadh “aon athrú ag teacht ar úinéireacht An Canal,” agus deimhníodh chomh maith nach mbeadh CLG Micheál Breathnach “ag stopadh aon scoil, foireann, cumann nó aon duine eile atá ag iarraidh úsáid a bhaint as an bpáirc í a úsáid.” Deirtear sa litir go bhfuil infheistíocht ag teastáil ón bpáirc “chun An Canal a choinneáil ar oscailt” agus go bhfuil Cumann Micheál Breathnach sásta an infheistíocht sin a dhéanamh.

Le roinnt blianta anuais bhíodh an pháirc i Ros a’ Mhíl á úsáid go rialta ag Cumann Camógaíochta Chois Fharraige agus ag Cumann Sacair Chois Fharraige le haghaidh cluichí, chomh maith le Cumann Micheál Breathnach.


Derby Sacair ar an gCeathrú Rua Dé Domhnaigh

Beidh dhá fhoireann Ghaeltachta in aghaidh a chéile ar an Domhnach seo chugainn, 10 Márta, nuair a chasfaidh MacDara agus Cois Fharraige le chéile i Roinn I de shraithchomórtas na Gaillimhe ag 11.00am ar Pháirc Astro na Ceathrú Rua.

Tá MacDara sa dara áit sa tsraith ar 31 pointe gan ach cluiche amháin le imirt, an ceann ar an Domhnach. Sna sála orthu don dara áit ar 27 pointe tá Salthill Devon B, agus ceithre chluiche fágtha le imirt acu.

Má éiríonn le MacDara an bua a fháil in aghaidh Chois Fharraige ar an Domhnach beidh sé níos deacra ar Salthill Devon breith suas orthu. Ní féidir Cois Fharraige a chur as an áireamh don dara áit mar tá 6 cluiche fós le imirt acu agus iad ar 20 pointe.

Craughwell United atá ar bharr an tábla ar 33 pointe le 4 chluiche fós le imirt.


Corn Chiaráin

Ar an Satharn seo chugainn, 9 Márta, a reáchtálfar an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn, an t-amhránaí ó Shaile Chuanna i gCois Fharraige, a bhásaigh mí Feabhra 2009, tar éis dó Corn Uí Riada a bhuachan ag Oireachtas na Gaeilge 2008 i gCorcaigh. Bá é an duine ba óige a chroch leis Corn Uí Riada agus bhí sé ag gabháil do PhD nuair a sciob an bás é.

Aríst i mbliana beidh an comórtas á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe ar an Satharn seo chugainn ag 1.00pm agus déanfar beo-shruthú ar an gcomórtas ar an leathanach facebook Corn Uí Chon Cheanainn/Facebook.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,900 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 2,03, 13, 30.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

  • Diarmaid Lally, An Spidéal;
  • Máirtín Tom Caoin, Leitir Mór;
  • Dara Mac Dubhghaill, An Caisleán, An Tulach;
  • ire Ní Mholly, Tigh Mholly, An Lochán Beag.

Frances Curran, An Choill Rua, a fuair duais an díoltóra.

6,000 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Sacar (Roinn I): MacDara 1, Oughterard 1.

Sacar (faoi 18, RI): MacDara 3, Kiltullagh 0.

Sacar (faoi 12, RIII): MacDara 3, Maree/Oranmore 1.


6 Márta 2024