Cartlann Nuachta: 6 Meán Fómhair 2017
Club Leabhar Ar Ais
Tá Club Leabhar Chois Fharraige ar ais tar éis briseadh don samhradh ar an gCéadaoin, 13 Meán Fómhair, ag 9.00 i.n. i dTigh Mholly.
Beidh an leabhar “Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige” á phlé againn agus tá sé ar fáil ó shiopa Chló Iar-Chonnachta, www.litriocht.com agus ó leabharlann an Spidéil.
Rugadh an scéalaí Séamus (Jimmí) Cearra i gClochar na Locha atá os cionn an Lochán Bhig i 1927. Tá dhá chuid sa leabhar seo. Sa chéad chuid tá scéalta is seanchas mar a scríobh sé é agus sa dara chuid tá rogha as tráchtas MA a scríobh an t-eagarthóir faoi stiúir Bhreandán Uí Chonaire i gColáiste Phádraig, Drom Chonrach.
Siulóid Chultúrtha
Beidh Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ag tabhairt cuairte ar shuímh cháiliúla An Locháin Bhig Dé Sathairn seo chugainn, an 9ú lá den mhí.
Beidh muid ag teacht le chéile ag an bPoitín Stil ag 2.30 i.n., ag siúl siar an bóthar agus ag dul síos Bóithrín na Seáin go dtí suíomh an Mhine, as sin súilfidh muid soir agus suas bóithrín an Locháin Bhig, agus tabharfaidh muid cuairt ar an áit ina rugadh Mícheál Breathnach ar an mbealach.
Ansin, rachaidh muid isteach sa bPoitin i gcóir cupán tae, agus píosai cainte agus comhrá faoin dá shuíomh. Beidh daoine ag léamh giotaí as na saothair Seilg Imeasc na nAlp agus leabhar an Mhine.
Tá míle fáilte roimh chuile dhuine a theacht chuig an ócáid.
Fóram Gnímh sa tSeanscoil
Meabhrúchán eile faoin bhfóram gnímh atá a eagrú an tseachtain seo chugainn i gcomhar le Comhchoiste na gComharchumann Gaeltachta chun feachtas a eagrú dírithe ar bhuiséad na bliana seo chugainn agus iarracht a dhéanamh cur leis an maoiniú a bheidh ar fáil sa bhliain 2018.
Nóta ó Thuismitheoirí na Gaeltachta
Tá muid ag obair ar chlár ama na ranganna drámaíochta, damhsa, damhsa ar an sean nós agus amhránaíocht ar an sean nós faoi láthair.
Tá súil againn an clár ama iomlán bheith réitithe an tseachtain seo chugainn agus scaipfear oraibh an uair sin é. Ár leithscéal faoin mhoill.
Beidh na ranganna uilig a bhí ar bun anuraidh, ar bun arís i mbliana agus tá muid ag glacadh le hainmneacha faoi láthair. Beidh tús á chur leis na ranganna uilig an tseachtain dár thús 18 Meán Fómhair.
Má theastaíonn uaibh clárú do rang ar bith, déan teagmháil leis an oifig ag 091 869571 nó seol teachtaireacht chugainn ag an seoladh seo: <tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com>
Oíche Cultúir sa tSeanscoil
Ar an Aoine, 22 Meán Fómhair, beidh dhá ócáid saor in aisce ar bun in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna). Ag 6.00pm beidh Fíbín ag léiriú An Triail, an dráma cáiliúil le Mairéad Ní Ghráda.
Tá an leagan seo den dráma bunaithe i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha, ag baint úsáid as puipéid, mascanna, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana a mhealladh. Tá an dráma feiliúnach do pháistí atá 12+ bliain d’aois. Níos mó eolais ón suíomh www.fibin.com
Guth na nÓg
Mar chuid den Oíche Cultúir sa tSeanscoil ar an Aoine, 22 Meán Fómhaí ag 7.30pm. Beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige páirteach ann, chomh maith le páistí bunscoile agus iarbhunscoile. Beidh meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa agus drámaíocht ann, le béim ar ghuth óg an cheantair.
Fear na Cathrach le Pádraig Tom Bán
Tá an leabhar nua, atá curtha le chéile ag Pádraig Tom Bán ón gCathair, le fáil sna siopaí áitiúla. Ní iontas ar bith go bhfuil díol maith air. Is seod de leabhar atá ann le meascán den seanchas, den stair, de scéalta a chuala Pádraig ag fás aníos dhó sa gCathair, chomh maith le scéalta faoi eachtraí a tharla dhó sa mbaile agus nuair a bhí sé ag obair i Sasana. Is iontach an luach airgid é ar €10.
BISEACH 2017 á Réiteach
Tá Coiste Eagarthóireachta na hirise ag bailiú ábhar faoi láthair d’eagrán na bliana seo don iris BISEACH, a fhoilsítear go bliantúil faoi scath Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seosamh Ó Braonáin atá fostaithe mar eagarthóir arís i mbliana, agus is cinnte go gcuirfidh sé iris shlachtmhar le chéile, in éindí leis an gCoiste Eagarthóireachta.
Tá roinnt ábhair tagaithe isteach cheana ach fáilteoidh roimh ábhar spéisiúil ar bith a bhaineann le ceantar Chois Fharraige, go speisialta seanghrianghrafanna. Is féidir dul i dteagbháil leis an gCoiste Eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 086 4048881.
Bonn Uile Éireann Camógaí ag Aoife Nic Dhonnacha
Ar an Domhnach seo caite bhí Aoife Nic Dhonnacha (ar chlé), ó Na Minna, ag imirt mar lántosaí i gCluiche Ceannais Camógaí na hÉireann faoi 16 in aghaidh Loch Garman. Bhí bua éasca ag cailíní na Gaillimhe: Gaillimh 2 – 16, Loch Garman 2 – 5. Tá bonn Uile Éireann sa gCamógaí buaite ag Aoife.
Bíonn Aoife ag imirt a cuid camógaíochta le Cumann Camógaí Chois Fharraige agus beidh sí ag dul chun na páirce aríst ar an gCéadaoin seo chugainn, sa gcéad chluiche sa gcomórtas mionúir in aghaidh Shamrocks, a bheas á imirt ar Pháirc an Bhreathnaigh.
Na Peileadóirí Cloíte
Tá foireann sinsir Chumann Micheál Breathnach amuigh as Comórtas Sinsear an Chontae, théis dóibh cailliúnt in aghaidh St James, foireann na cathrach, ar an Domhnach seo caite i Staid an Phiarsaigh, Bóthair na Trá.
Le fanacht sna sinsear an chéad bhliain eile beidh ar Chumann Micheál Breathnach dul san iomaíocht le fóirne eile atá i mbaol ísliú céime.
Sciath an Chontae ag Báireoirí Óga Chois Fharraige
Ar an Máirt seo caite i gCreachmhaoil, fuair foireann iomána faoi 13 de chuid Cumann Micheál Breathnach an ceann is fearr ar bhuachaillí Bhaile Locha Riach sa gcluiche ceannais do Sciath an Chontae faoi 13 C, leis an scór Micheál Breathnach 3 – 5 in aghaidh cúl amháin do Bhaile Locha Riach.
Torthaí Spóirt
Peil (Sinsear): Ml. Breathnach 0– 12, St James 2 – 09.
Peil (Idirmheánach): An Spidéal 2 – 13, Uachtar Ard 0 – 14.
Peil (faoi 15): Ml. Breathnach 6– 19, Uachtar Ard 3 – 15.
Iomáint (faoi 13): Micheál Breathnach 3 – 05, Baile Locha Riach 1 – 00.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige sa gConnnacht
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst ar an Déardaoin, 14 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a mbheidh míreanna nua á uaslódáil gach seachtain.
6 Meán Fómhair 2017