Cartlann Nuachta: 6 Nollaig 2017
Comharthaí na mBóithríní Bailte
Breandán Ó Tuairisg (ar chlé) agus Pádraig Willy Ó Fátharta (ar dheis) ag socrú an comhartha le ainm an bhóithrín ag Bóithrín na mBallaí, Cor na Rón.
Tá roinnt eile comharthaí ag ceann na mbóithríní bailte curtha suas le seachtain anuas ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le cúnamh ón Scéim Fostaíochta Pobail atá á reáchtál ag Comharchumann Sailearna. Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha leanacht ar aghaidh leis an dtionscadail seo, go mbeidh gan bóithrín baile déanta idir Abhann Cruimlinne agus Abhann an Chnoic.
Shocraigh an Cumann Forbartha an tionscadail seo a eagrú, le sean ainmneacha na mbóithríní a chaomhnú agus le go mbeadh sé níos éasca treoracha a thabhairt.
Siopa Nua Leabhar ar an Spidéal
An siopa nua leabhar de chuid Cló Iar-Chonnacht á oscailt ag Joe Steve Ó Neachtain ar an Aoine seo caite sa Spidéal
Bhí lá mór ceiliúrtha ag Cló Iar-Chonnacht ar an Aoine seo caite nuair a d’oscail Joe Steve Ó Neachtain an siopa nua leabhar atá ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal. Ar chúl na Ceardlainne atá an siopa nua agus rogha breá leabhar is ceoil le ceannacht ann. Craoladh an ócáid oscailte ar an gclár Iris Aniar, Raidió na Gaeltachta.
Ar an Aoine chomh maith seoladh dhá leabhar nua, leabhar filíochta, Mise Áine: An Bhean Istigh, le Áine Durkin ó Anach Mheáin, a bhfuil cónaí uirthi anois i mBun Cranncha, Dún na nGall agus Mac Dé Cé hÉ?, úrscéal nua ón sagart Pádraig Standún.
Foireann Cló Iar-Chonnacht taobh amuigh dá n-oifigí agus siopa nua ar an Spidéal a osclaíodh ar an Aoine seo caite.
Ó chlé: Micheál Ó Conghaile, Bridget Bhreathnach, Lisa McDonagh, Julianne Ní Chonchobhair, Lochlainn Ó Tuairisg agus Deirdre Ní Thuathail. [Pic: Seán Ó Mainnín]
An Canónach Tomás Ó Cadhain
Is le brón ina gcroíthe a chuala daoine sa Spidéal an scéal gur bhásaigh an Canónach Tomás Ó Cadhain ar an Déardaoin seo caite. B’as Áth Chinn dó agus bheadh 90 bliain slánaithe aige dá mairfeadh sé mí amháin eile, mar gur rugadh é Lá Coille, 1928.
Tháinig sé ag an Spidéal mar shagart paróiste sa mbliain 1976 agus d’fhan sé ann ag freastal ar an bparóiste go raibh sé 75. Ina dhiaidh sin bhí sé mar shagart cúnta sna Forbacha. Dhá bhliain ó shin d’éirigh sé as an ministreacht ghníomhach.
Beidh cuimhne go deo ar an Athair Tom Kyne mar shagart cineálta, a rinne freastal cothrom ar gach duine a bhí faoina chúram, íseal agus uasal, beag beann ar cé as iad nó cérbh díobh iad. Suaimhneas síoraí lena anam uasal. Cuireadh é i gCill Éinde ar an Luan seo caite.
BISEACH 2017
Is beag cóip den iris BISEACH 2017 atá fágtha faoi am seo. Tá an iris díolta amach i roinnt de na siopaí i gCois Fharraige agus níl aon cheann fágtha eile ag an gCumann Forbartha le cur sna siopaí ag an bpointe seo.
Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH go bliantúil, le cúnamh deontais ón Roinn Oidhreacht, Cultúir agus Gaeltachta.
Eagrán speisialta atá ann i mbliana mar go bhfuil sé 50 bliain ó foilsíodh an chéad eagrán den iris i 1967.
In eagrán na bliana seo tá meascán breá ábhar ann agus neart grianghrafanna, idir sean agus nua. Tá stair na háite ann, idir alt ar Mhuirísigh an Spidéil, scríofa ag Seán Ó Neachtain, agus alt ó Lochlainn Ó Tuairisg faoi mhuintir Mhic Ghiolla Phádraig, dream mór le rá tráth a thug an t-ainm don baile fearann An Teach Mór.
Tá alt san iris chomh maith, bunaithe ar agallamh a cuireadh ar Phríomhfheidhmeannach nua-cheapaithe ar Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, arb as Boston, Cárna agus An Lochán Beag é.
Seachtain an Chairdis i Ros a’ Mhíl
D’éirigh thar cionn le Seachtain an Chairdis a bhí ag Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, an tseachtain seo caite. Eagraíodh imeachtaí éagsúla chun cairdeas a spreagadh: ‘Buddy System’ idir bunranganna agus ardranganna; ‘Oddsocks Tuesday’ agus ar an gCéadaoin bhí Lá Cairdeas le Scoil Bhriocáin, Ros Muc; Déardaoin bhí na gasúir móra ag léamh scéalta le gasúir bheaga; ar an Aoine thug na ‘buddies’ cártaí dhá chéile agus bhí seacláid te acu mar ‘treat’.
Chomh maith le cluichí agus imeachtaí difriúla eile, eagraíodh cúrsa ar bhulaíocht ar-líne do na hardranganna. Seachtain fíorspeisialta a bhí ann agus d’fhoghlaim na gasúir ar fad go leor faoi thábhacht an chairdis.
Eagraíodh ceardlann faoi ‘cyberbullying’ do thuismiteoirí freisin.
Litir Chuig Santaí
Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh a thabhairt arís i mbliana do Daidí na Nollag agus litreacha ó ghasúir Chonamara a chruinniú le chéile le cur chuige in am, le go mbeidh sé in ann iad a fhreagairt.
Níl le déanamh ach an litir a chur sa bpost agus é a sheoladh ag ‘Litir chuig Santaí’, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.
Is breá le Santaí litreacha i nGaeilge a fháil ó ghasúir na Gaeltachta. Iarrtar ar thuismitheoirí a chinntiú go mbíonn stampa ar an litir agus ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir chomh maith, sa gcaoi is nach mbeidh mearbhall ar Dhaidí na Nollag.
BIONGÓ Mór na Nollag
Beidh Biongó mór na Nollag ar bun seachtain ón Aoine, 8 Nollaig, i Scoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag a 8.00 i.n. Tá an oíche biongó seo eagraithe ag Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach ar mhaithe le himreoirí an chumainn atá ag dul go dtí an Comórtas Domhanda i Minnesota an Lúnasa seo chugainn. €500 atá sa bpota óir, chomh maith le neart duaiseanna don raifil ar an oíche.
Club na bhFoghlaimeoirí
An grúpa ó Chlub Foghlaimeoirí Ghaeilge Chois Fharraige agus cúntóirí a léirigh an dráma Uaigneas na Nollag, scríofa ag Máirín Mhic Lochlainn, i dTigh Giblin ar an Satharn seo caite, 2 Nollaig.
Ó chlé: Máirín Mhic Lochlainn (údar an dráma), Elisabetta Castro, Lucy Ní Mhuineog, Marian Smith, Ann Burnell, Meaití Jó Shéamais Ó Fátharta, Nóra Ní Oireachtaigh, Maria O’ Hare, Máire Ní Chonaire, Sheila Mac Crann, Ciarán Ó Cuinneagáin.
Bhí Ceolchoirm Bhliantúil na Nollag ar bun ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar an Satharn seo caite, 2 Nollaig, i dTigh Giblin ar an Spidéal. Bhí an áit lán go doras.
Thosaigh an oíche le dráma gearr, Uaigneas na Nollag, a scríobh Máirtín Mhic Lochlainn go speisialta do Chlub na bhFoghlaimeoirí.
Ina dhiaidh sin, bhí seisiún breá ceoil is amhránaíochta ó Ghrúpa na bhFoghlaimeoirí Ceoil agus a gcuid aíonna: Máire Nic Fhinn, Des Geraghty, Caoimhín Ó Sé, Enda McCabe, Gearóid Ó Murchú, Treasa Ní Cheannabháin agus an boscadóir Steve Sweeney.
Tá Club na bhFoghlaimeoirí ag dul ó neart go neart agus ag tabhairt deis do dhaoine nua isteach sa gceantar a gcuid Gaeilge a chleachtadh is a fheabhsú.
Scannán ón mBeilg sa tSeanscoil

Radharc as SCRIBE, sárscannán ón mBeilg a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 30 Samhain, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm.
Ar an Déardaoin seo chugainn, 7 Nollaig, beidh an scannán SCRIBE á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm.
Scéal atá ann faoi fhear a bhfuil post faighte aige comhrá príobháideach i measc lucht polaitíochta a trascríobh ó taifid cúléisteachta, le linn feachtas toghcháin.
Scannán i bhFraincis atá ann déanta ag stiúrthóir ón mBeilg. Seo é an scannán deireannach don tséasúr.
Beidh an Club Scannán ag tógáil briseadh agus ag tosú ar ais aríst deireadh mí Eanáir le séasúr eile. Beidh dhá scannán le baint acu le Conamara á thaispeáint an chéad shéasúr eile – Rocky Ros Muc agus Murdar ag Mám Trasna.
Na Breathnaigh Dícháilithe
Bhí mí-adh ceart an Satharn seo caite ar fhoireann sinsir peile Chumann Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh Kilconly. In am gortaithe d’éirigh le Ruán Ó Curraidhín foireann Chois Fharraige a chur chun cinn in am gortaithe. Ach go gairid ina dhiaidh fuair Kilconly cúl le críóchnú dhá chuilín chun tosaigh ar na Chumann Micheál Breathnach.
Bhí tráchtaireacht den scoth ar Raidió na Gaeltachta ó Phaddy Ó Gríofa ar an gcluiche drámatúil. Na Breathnaigh a fuair an chéad scór le saor cic ó Phetie Ó Cionna ach is gearr ach tar éis 15 noiméad imeartha bhí Kilconly cúig chúilín chun tosaigh nuair a fuair Gearóid Willy Ó Fátharta cúl den scoth a buachaillí na Gaeltachta sa gcluiche. Ag leath am ní raibh Kilconly ach cúilín amháin chun tosaigh.
Sa dara leath bhí an dá fhoireann ag coinneál ach nuair a fuair Kilconly cúl, bhí an 6 chúilín idir na fóirne ach níor ghéill na Breathnaigh agus d’éirigh le D Ó Maoileoin cúl a aimsiú a thug dóchas dá lucht leanúna. Gan ach trí chúilín idir na fóirne cothromaíodh an cluiche nuair a fuair an fear ionaid, Dara Mac Gearailt cúl den scoth th’éis pas gleoite a fháil ó Phetie Ó Cionna. Bhí an t-am caite faoin am a d’éirigh le Ruán Ó Curraidhín a fhoireann a chur chun cinn le cúilín gleoite.
Níl ghéill Kinconly agus thapaigh siad an deis nuair a rinne cúlaithe na mBreathnaigh botún agus chuir siad an liathróid san eangach le críochnú dhá chúilín chun tosaigh.
Beidh Cumann Micheál Breathnach ag imirt sa ngrád Idirmheánach an chéad bhliain eile tar éis a bheith i ngrád na sinsear le 14 bhliain anuas gan briseadh.
Cois Fharraige Abú
Bhí bua íontach eile ag Cois Fharraige in aghaidh Baile an Chláir sa gcomórtas ar a thugtar Corn Brennan, ar an Satharn seo caite, sa tarna babhta den chomórtas a imríodh ar an gCeathrú Rua, leis an scór 4 – 0.
Tá Cois Fharraige ag déanamh an-mhaith sa tsraith chomh maith agus iad ar bharr an tábla.
Fuair Chris Ó Biadha ón mBóthair Buí trí chinn de na cúil agus scóráil Mikey Ó Conaire ó Chor na Rón an ceathrú chúl.
Sa bpictiúr ar chlé tá Chris Ó Biadha ón Bóthair Buí, a scóráil hat trick sa gcluiche sacair in aghaidh Baile an Chláir, ar an Satharn seo caite sa gCeathrú Rua
Liathróid Láimhe – Craobh Náisiúta 40×20
Cian Ó Conghaile a bhain Craobh Náisiúta 40×20 faoi 23, i gCarnacon, Co. Mhuigh Eo, Dé Domhnaigh, 26 Samhain. Bhuail sé Patrick Murphy leis an scór 15-11 in aghaidh 15-10.
Torthaí Spóirt
Sacar (Sóisear): Cois Fharraige 4, Baile an Chláir 0.
Peil (Sinsir): Ml Breathnach 3 – 08, Baile an Chláir 2 – 13.
Peil (Roinn 3): An Spidéal 3 – 09, Oileáin Árann 2 – 08.
Iomáint (Coláistí): Coláistí Chois Fharraige 3 – 10, Col. na Coiribe 0 – 7.
Nótaí Chois Fharraige
Cumann Forbartha Chois Fharraige a cuireann Nótaí Chois Fharraige le chéile chuile sheachtain don Churadh Chonnachta, a thagann amach gach Déardaoin. Fáilteofar roimh mhíreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, le foilsiú sa gcolún ach iad a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com ar an Luan roimhré faoi 2.30pm. Is féidir an colún a léamh chomh maith ar an suíomh seo le ábhar breise.
6 Nollaig 2017