Cartlann Nuachta: 6 Eanair 2021

Coláiste Lurgan: an Scéal is Deireanaí

Coláiste Lurgan 2021

Coláiste Lurgan. Tá sé curtha in iúl ag Micheál Ó Foighil nach mbeidh an foirgneamh, ar le Údarás na Gaeltachta é, in úsáid an samhradh seo chugainn leis na cúrsaí Gaeilge a reáchtáil sa gceantar.

Ní mó ná sásta atá Micheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan, leis an dréacht den chomhaontú idir Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Lurgan, a seoladh chuig aturnae an choláiste, Seán Ó Cearbhaill, díreach roimh an Nollaig. Is cosúil gur i mBéarla amháin a bhí an dréacht ar a tugadh “Agreemment For The Development Of an Education and Youth Centre at Indreabhán, County Galway”.

Tá Micheál Ó Foighil tar éis a chur in iúl do na mná tí nach féidir le Coláiste Lurgan glacadh leis an gcomhaontú. Is beag dul chun cinn atá déanta maidir le tíocht ar réiteach faoi athfhorbairt a dhéanamh ar Choláiste Lurgan. Tá sé curtha in iúl do na mná tí an tseachtain seo nach mbeidh foirgneamh Choláiste Lurgan á usáid an chéad bhliain eile agus go bhfuil bainistíocht an Choláiste Ghaeilge ag lorg ionad eile. Dúradh sa teachtaireacht nach mbeidh an coláiste ag glacadh ach le ‘40% den líon scoláirí’ a bhíonn i gColáiste Lurgan de ghnáth.

Tá géarchéim Choláiste Lurgan le plé ag cruinniú a bheas ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo chugainn.


Cois Fharraige agus Plean Nua an Chontae

Cuireadh tús an tseachtain seo le plé faoin Plean Forbartha nua atá le réiteach do Chontae na Gaillimhe, nuair a tugadh deis do na comhairleoirí a dtuairimí a léiriú faoin dréachtphlean a bheas le réiteach. Tháínig roinnt ceisteanna aníos a bhain go sonrach le Cois Fharraige.

Daithí Ó ChualáinDúirt an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (ar chlé) gur cúis imní é nach bhfuil an Chomhairle Contae sásta na hionaid coiriú séarachais, atá ag Údarás na Gaeltachta in aice le eastáit tionsclaíochta, a úsáid le córais séarachais a chur ar fáil do thithíocht i gceantar Gaeltachta, mar a rinne Comhairle Chontae Dhún na nGall inGaoth Dobhair. Tá sé anois ag iarraidh freagra ó na feidhmeannaigh cén fáth nach bhfuil siad sásta breathnú ar leas a bhaint as ionaid séarachais an Údaráis, rud a éascódh ceisteanna pleanála i roinnt ceantair Ghaeltachta?

Dúirt an Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire ag an gcruinniú muna dtugtar cead pleanála do dhaoine le fanacht i gConamara nach mairfidh an teanga. Dúirt sé go bhfuil titim ag teacht ar an daonra i gConamara agus ar an líon daoine atá ag labhairt Gaeilge sa gceantar agus go gcreideann sé go bhfuil baint mhór ag cúrsaí pleanála leis sin.

Mar chuid den Phlean Forbartha nua tá an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin ag iarraidh go ndéanfaí ceantar príomhúil straitéiseach do Cheantar Chois Fharraige ó thaobh cúrsaí forbartha. Dúirt sé go bhfuil ceantar Chois Fharraige ar an sráidbhaile is faide sa tír agus go gcaithfí é sin a aithint.

An chéad chéim eile ná an dréachtphlean a ullmhú, plean a bheas le foilsiú ag an Oifig Pleanála faoi cheann 10 seachtain eile. Tabharfar trí mhí ansin don phobal agus do eagraíochtaí aighneachtaí a chur isteach faoin dréachtphlean agus leasaithe a mholadh. Tá tábhacht faoi leith ag baint le Plean Forbartha an Chontae mar is é an Bíobla a bheas á úsáid le cead pleanála a thabhairt nó a dhiúltú ar feadh sé bliana ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.


Stáisiún Nua Gardaí sa Spidéal

Stáisiún na nGardaí, An Spidéal

Stáisiún na nGardaí sa Spidéal.

É ráite ag go mbeidh stáisiún nua réamhdhéanta á chur ar fáil an bhliain seo, in áit an ceann seo atá ann le 37 bliain anois.

Fógraíodh ag cruinniú a bhí ag Comhchoiste Póilíneachta na Gaillimhe roimh an Nollaig go mbeidh stáisiún nua réamhdhéanta á chur ar fáil do na Gardaí in áit an cheann atá ann cheana ar an mBóthar Ard. D’fháiltigh Aodán Mac Donnacha, bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil, roimh an scéal.

Le 37 bliain tá Stáisiún na nGardaí ar An Spidéal lonnaithe i bhfoirgneamh réamhdhéanta, ó dúnadh an stáisiún a bhí sa sráidbhaile. Dúirt an Ceannfort, Tom Curley, go raibh seirbhís mhaith tugtha ag an bhfoirgneamh réamhdhéanta atá in úsáid faoi láthair.


Gearrscéalta Uí Chadhain

Seachtain ón Domhnach seo, 17 Eanáir, leanfar ar aghaidh leis na séisiúin plé ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain, atá eagraithe ag an bhFórm Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige.

‘Tnuthán an Dúchais’ an gearrscéal a bheas á phlé faoi stiúr Mike P. Ó Conaola.

Tá an scéal le fáil sa leabhar ‘An Braon Broghach,’ a foilsíodh don chéad uair sa mbliain 1948.

Chun páirt a ghlacadh sa bplé ar ‘Tnuthán an Dúchais’ níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com le d’ainm a chlárú agus cuirfear chugat an nasc le fáil isteach ar an seisiún a bheas ar líne ag tosú ag 7.30pm seachtain ón Domhnach seo.


Ceist an Bhrúscair

Glanadh Suas - Brúscar Cladaigh

I ráiteas atá eisithe ag Kevin O’Hara, urlabhraí Shinn Féin i gConamara, dúirt sé go gcaithfear dul i ngleic leis an dumpáil atá ag tarlú ar na bóithre portaigh ar fud Chonamara.

Is fadhb leanúnach í an dumpáil mhídhleathach,” a dúirt sé, “agus tá sean-tochtanna agus earraí leictreonacha mar aon le gnáthbhrúscar le feiceáil go
rialta i bportaigh Chois Fharraige. Cruthaíonn sé seo fadhb timpeallachta agus cuireann sé costas ar an gComhairle an láthair a ghlanadh.”

Faoi láthair caithfidh muintir Chonamara turas fadálach a dhéanamh siar chuig an ionad sa gClochán nó soir go Tuaim nó Béal Átha na Sluaighe chun fáil réidh le péint mar is ceart,” a dúirt O Hara, “rud nach bhfuil réalaíoch ná réasúnach beag ná mór.”

Tá sé ag moladh go ndéanfadh an Chomhairle Chontae seirbhís bhailiúcháin bruscair a chur ar fáil i gConamara don ábhar seo ar fad, uair amháin sa mhí, ó shuíomh lárnach ar nós Páirc Ghnó Chasla nó a leithéid.

Tá an cheist seo ardaithe ag an gComhairleoir Daithí Ó Cualáin le feidhmeannaigh an Chomhairle Chontae, ach ní bhfuair sé mórán sásaimh. Ba chuma ach tá suíomh ar fáil ó Údarás na Gaeltachta i gCasla, le seirbhís den chineál atá i gceist a chur ar fáil i gConamara Theas.


Siúlóid Chlochar na gCon

Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige bileog eolais nua a fhoilsiú faoi shiúlóid chiorclach thart ar Chlochar na gCon agus síos le cladach.

Thart ar tríocha bliain ó shin rinne eagraíocht turasóireachta bileogaí a fhoilsiú faoi sheacht gcinn de shiúlóidí i gceantar Chois Fharraige, siúlóid Chlochar na gCon san áireamh. Tá an Cumann Forbartha tar éis iarraidh ar Amanda Reid leagan amach nua a dhéanamh ar an tsiúlóid agus eolas a bhailiú ó dhaoine áitiúla le gur féidir bileog suas chun dáta a fhoilsiú amach anseo.

Tá eolas faoi na siúlóidí a cuireadh le chéile tríocha bliain ó shin le fáil ar anseo: Siúlóid Chois Fharraige.


6 Eanáir 2021