Cartlann Nuachta: 6 Samhain 2019
Cois Fharraige ag Oireachtas na Gaeilge
Daltaí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, a ghnóthaigh duaiseanna ag Oireachtas na Gaeilge i mBleá Cliath, an deireadh seachtaine seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Caoilte Canny (dara áit, Agallamh Beirte faoi 14), Ferdia Ó Braonáin (dara áit, Agallamh Beirte faoi 14), Fé Ní Chionnaigh (dara áit, Lúibíní faoi 13), Déithín Ní Fhátharta (dara áit, Agallamh Beirte f14 & dara áit, Lúibíní faoi 13) agus Lorcán Ó Curraoin (céad áit, Aithriseoireacht faoi 11).
Chun tosaigh, ó chlé: Pádraig Ó Coisdealbha (céad áit, Amhránaíocht faoi 8), Saoirse Nic an Iomaire (dara áit, Amhránaíocht faoi 8) agus Laoise Ní Neachtain (Aithriseoireacht faoi 7).
D’éirigh thar barr le iomaitheoirí ó Chois Fharraige ag Oireachtas na Gaeilge, i mBleá Cliath an deireadh seachtaine seo caite. Tháinig ocht bonn ar fad go Scoil Sailearna, Indreabhán.
Sna comórtais do dhaoine fásta d’éirigh le triúr an chéad duais a bhuachan: Róisín Elsafty, Cor na Rón, Indreabhán, an chéad áit i gComórtas na mBan san Amhránaíochta ar an Sean-Nós agus tháinig sí sa dara háit i gComórtas Amhránaíochta Chorn Uí Riada; Domhnall Ó Braonáin ón Teach Mór sa gcéad áit i gComórtas Amhránaíochta na bhFear faoi bhun 35 bhliain d’aois agus Seán Ó Gráinne, Cnocán an Bhodaigh, Na Forbacha, an chéad áit sa gComórtas d’Amhráin Nua-chumtha.
Bronnadh an dara duais ar roinnt daoine as Cois Fharraige chomh maith:
- Gráinne Ní Fhátharta, Baile na hAbhann, in Amhránaíocht na mBan.
- Becky Ní Éallaithe, Na hAille, sa gComórtas Damhsa ar an Sean-Nós.
- Fearghas Mac Lochlainn, An Spidéal, sa gComórtas Lúibíní.
- Máirín Mhic Lochlainn, sa bPríomhchomórtas Scéalaíochta.
Fearghas Mac Lochlainn agus a iníon Anna, ag glacadh páirt sa gcomórtas Amhrán Saothair ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBleá Cliath ag an deireadh seachtaine.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Seo liosta iomlán na nduaiseoirí ó Chois Fharraige ag Oireachtas na Gaeilge 2019.
Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Corn Uí Riada)
An Dara Duais: Róisín Elsafty, Cor na Rón, Indreabhán.Damhsa ar an Sean-Nós (Corn TG4)
An Dara Duais: Becky Ní Éallaithe, Na hAille, Indreabhán.
Na buaiteoirí sa gcomórtas Steip ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBleá Cliath ag an deireadh seachtaine.
Ar chlé leis an gcorn, Ruadhán Ó Flatharta, An Trá Bhán a bhí sa gcéad áit agus taobh leis Becky Ní Éallaithe, Na hAille, a bhí sa dara áit.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Amhrán Nuachumtha
An Chéad Duais: Seán Ó Gráinne, Cnocán an Bhodaigh, Na Forbacha.Lúibíní (daoine fásta)
An Dara Duais: Fearghas Mac Lochlainn, An Spidéal & Éamonn Ó Donnchadha, Laimbé, Co na Mí.Príomhchomórtas Scéalaíochta (daoine fásta)
An Dara Duais: Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBrabhach, Indreabhán.Amhránaíochta Cáilithe do Fhir (faoi 35 bl.)
An Chéad Duais: Domhnall Ó Braonáin, Teach Mór, Indreabhán.
An corn á bhronnadh ar Dhomhnall Ó Braonáin, An Teach Mór, buaiteoir an comórtas amhránaíochta ar an sean nós do amhránaithe faoi bhun 35 bliain d’aois ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBleá Cliath ag an deireadh seachtaine.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Amhránaíocht Sean-Nós na mBan
An Chéad Duais: Róisín Elsafty, Cor na Rón, Indreabhán
An Dara Duais: Gráinne Ní Fhátharta, Baile na hAbhann.Lúibíní (13-16 bl.)
An Chéad Duais: Neasa Nic Dhonncha & Éabha Ní Chonghaile, Scoil Sailearna, Indreabhán.Lúibíní (11-12 bl.)
An Chéad Duais: Tomás & Stiofán Ó Neachtain, Baile na hAbhann.
An Dara Duais: Déithín Ní Fhátharta & Fé Ní Chionnaigh, Scoil Sailearna, Indreabhán.
Traolach Ó Conghaile ón Spidéal agus a Seán Ó Gráinne ón a Forbacha, ag glacadh páirt sa gcomórtas Agallamh Beirte ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBleá Cliath ag an deireadh seachtaine.
Tháinig Seán sa gcéad áit sa gcomórtas do Amhrán Nuachumtha.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Agallamh Beirte (14-16 bl.)
An Dara Duais: Fódhla Ní Bhraonáin, Teach Mór & Cainnear Nic Réamoinn, Na hAille.Agallamh Beirte (12-13 bl.)
An Chéad Duais: Neans Nic Dhonncha & Deithín Ní Fhátharta, An Cheathrú Rua agus Na hAille.
An Dara Duais: Caoilte Canny, Na hAille, Indreabhán & Ferdia Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán.
Máirín Mhic Lochlainn ó Bhaile na mBrabhach agus Bríd Uí Choistealbha ó Indreabhán, ag glacadh páirt sa gcomórtas Agallamh Beirte ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBleá Cliath ag an deireadh seachtaine.
Tháinig Máirín sa dara áit sa bPríomhchomórtas Scéalaíochta.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Scéalaíocht (7 – 9 bl.)
An Chéad Duais: Tadhg Ó Neachtain, Baile na hAbhann.Aithriseoireacht (9 – 10 bl.)
An Chéad Duais: Lorcán Ó Curraoin, An Spidéal.Aithriseoireacht (4 – 6 bl.)
An Chéad Duais: Laoise Ní Neachtain, An Chré Dhubh, An Spidéal.Amhránaíocht ar an Sean-Nós (faoi 16 bl.)
An Dara Duais: Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.Amhránaíocht ar an Sean-Nós (13-14 bl.)
An Chéad Duais: Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán.
An Dara Duais: Roisín Ní Raifeartaigh, An Teach Mór, Indreabhán.Amhránaíocht ar an Sean Nós (11 – 12 bl.)
An Chéad Duais: Tomás Ó Neachtain, Baile na hAbhann.Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 5 – 7 bl.)
An Chéad Duais: Pádraig Ó Coisdealbha, Baile na mBrabhach, Indreabhán.
An Dara Duais: Saoirse Nic Con Iomaire, Ros a’ Mhíl.
Club Leabhar
Éamonn Ó Cíosáin, ag ócáid seolta an leabhar gearrscéalta An Bhraclainn Mhór le Tomás Ó Flaithearta, ag Féile Leabhar Chois Fharraige, an mhí seo caite.
Beidh an leabhar á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin seo chugainn, 13 Samhain, i dTigh Mholly, Indreabhán ag 9.00pm.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn, 13 Samhain, ag 9.00pm i dTigh Mholly, leis an leabhar gearrscéalta ‘An Bhraclainn Mhór’ le Tomás Ó Flaithearta a phlé. Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar síos go báúil ar chruatan a phobail dhúchais agus ní sheachnaíonn sé cruacheisteanna. Bhí dearcadh cineálta, tuisceanach ag an bhFlaitheartach ar ainmhithe agus ar éanlaith freisin.
Scríbhneoir paiteanta Gaeilge agus Béarla ab ea Tomás Ó Flaithearta (1890-1936) as Inis Mór, ar nós a dheartháir Liam, an scríbhneoir mór le rá.
Tá an t-eagrán seo in eagar ag Éamon Ó Ciosáin, údar “An t-Éireannach 1934-37: Páipéar Sóisialach Gaeltachta” (1993), stair an pháipéir nuachta Gaeilge a raibh Tomás Ó Flaithearta páirteach ina bhunú.
Tá an leabhar le fáil ón bhfoilsitheoir Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
Ba mhian le Club Leabhar Chois Fharraige buíochas ó chroí a ghabháil le chuile dhuine a ghlac páirt agus a d’fhreastal ar imeachtaí Féile Leabhar Chois Fharraige 2019 i mbliana.
An file Biddy Jenkinson ag aithris filíochta ag Feile Chlub Leabhar Chois Fharraige 2019 le gairid.
Pauline Nic Conaonaigh ag Féile Chlub Leabhar Chois Fharraige 2019
Féile Chlub Leabhar Chois Fharraige 2019 – Lucht Éisteachta
Príomhoide Nua i Scoil Sailearna
Mar a tuairiscíodh cheana, tá Fearghas Mac Lochlainn éirithe as a chuid cúraimí mar phríomhoide ar Scoil Sailearna, Indreabhán, ón tseachtain seo tar éis dhó ocht mbliana déag a chaitheamh sa bpost. Ceaptha in áit tá Caitríona Ní Fhionnachta, a bhí ina leasphríomhoide sa scoil le roinnt blianta anuas. Tá aithne mhór ar Chaitríona i measc na dtuismitheoirí mar ba í a bhí ag tógáil rang na naíonán beaga le roinnt blianta anuas. Is as Uachtar Ard do Chaitríona ó thús agus cónaí uirthi i mBothúna.
Gliginí
Bíonn grúpa spraoi do thuismitheoirí agus do leanaí óga ar bun gach Déardaoin sa gCeathrú Rua, eagraithe i SPLANC, ar cúl na leabharlainne, ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Míle fáilte roimh theaghlaigh nua i gcónaí. Eolas: 091 869571 nó eolas@nulltuismitheoiri.ie.
Na Breathnaigh i gCluiche Ceannais Chonnacht
Éinne Ó Conghaile, Cor na Rón, a bheas ag imirt le foireann sóisear Chumann Micheál Breathnach i gcluiche ceannais Chonnacht in aghaidh Naomh Eoin (Sligeach), ar an Domhnach seo chugainn, 10 Samhain, i mBéal Átha Shamhnais ag 2.00pm.
Is ar an Domhnach seo chugainn a bheas foireann iomána ó Chumann Micheál Breathnach ag imirt i gCluiche Ceannais Chonnacht in aghaidh Naomh Eoin, Sligeach, i gcomórtas na gclubanna iomána sóisear. Taobh amuigh de Bhéal Átha Shamhnais, san ionad atá ag CLG Chonnacht, a bheas an cluiche ag bun ag tosú ag 2.00pm. Má éiríonn le foireann iomána na mBreathnaigh ar an Domhnach beidh siad ag dul ar aghaidh go cluiche leathcheannais na hÉireann.
Club Scannán Sailearna
An Déardaoin seo, 7 Samhain, beidh an scannán BALLOON á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, mar cheiliúradh ar thitim Balla Berlin an tseachtain seo, 30 bliain ó shin. Baineann scéal an scannáin le iarracht a rinne beirt fhear ó Oirthir na Gearmáine, éalú i mbalún líonta le aer te go saol níos fearr san Iarthar. Tá an scannán bunaithe ar eachtra éalaithe a tharla sa mbliain 1979, deich mbliain sula a thit an córas cumannachais as a chéile in Oirthear na hEorpa.
Beidh an scannán á chur i láthair ag bean óg ó Oirthear na Gearmáine atá i gCois Fharraige faoi láthair le feabhas a chur ar a cuid Ghaeilge.
Tá níos mó eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh dhó, le fáil ar an suíomh idirlín www.clubscannan.ie.
Oíche ag na Rásaí sa Spidéal
Beidh oíche mhór rásaí ar súil sa gCruiscín Lán ar an Spidéal, an Sathairn beag seo (9 Samhain) ag tósú ag a 8.00 tráthnóna. Tá an oíche rásaí á reachtáil ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Pháirc nua Spraoi an Spidéil.
Tá blianta fada caite ag Coiste Forbartha an Spidéil sa tóir ar shuíomh a bheadh feiliúnach le haghaidh Páirc Spraoi a thógáil. Faoi dheireadh tháinig ceann aníos, taobh leis na páirceanna imeartha ag Coláiste Chonnacht, le cead ó CLG An Spidéil. Tá an cead pleanála faighte agus coiste bunaithe ag bailiú airgid. Ceaptar go mbeidhj €25,000 le bailiú go háitiúil agus níl in Oíche na Rásaí ach an tús. Cuirfear an t-airgead sin le maoiniú atá ceadaithe ag an gclár Leader. “Bheadh muid dóchasach má oibríonn gach rud amach go mbeidh tús á chur leis an obair thógála in Earrach na bliana seo chugainn agus go n-osclófar Páirc Spraoi an Spidéil am éigin sa Samhraidh 2020,” a dúirt Aodán Mac Donnacha ó Choiste Forbartha An Spidéil.
Postanna i dTearmann Éanna
Tá Tearmann Éanna faoi láthair ag iarraidh daoine a fhostú mar Chúramóirí Baile páirtaimseartha agus tá go dtí an Aoine, 22 Samhain, le cur isteach ar na postanna.
Tá gach eolas le fáil ó 091505540 nó ptearmanneanna@nullgmail.com.
Cártaí agus Biongó
Tá na cártaí tosaithe ar ais an tseachtain seo i Scoil na Minna gach Céadaoin ag 8.00pm.
Bíonn Bingo ar bun gach Luan i Seanscoil Sailearna, ar mhaithe le Tearmann Éanna, ag 8.00pm.
Torthaí Spóirt
Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Renmore 0.
Sacar (Roinn III): Bearna/Na Forbacha 2, Corrib Rangers B 5.
Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 1, Mervue Utd. 2.
Sacar (faoi 12: Bearna/Na Forbacha 1, Mac Dara 1.
Sacar na gCailíní (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 3, Kinvara Utd. 0.