Cartlann Nuachta: 7 Aibreán 2021

Meaig Churraidhín 100 Bliain d’Aois

Meaig Churraidhín 100 bl d'aois.

Mairéad Bean Uí Fhinneadha ag ceiliúradh a lá breithe speisialta ar an Luan seo caite. Rugadh Meaig sna hAille, ar an 5 Aibreán, 100 bliain ó shin.

Dé Luain seo caite bhí ceiliúradh speisialta ar an bPáirc ag Mairéad Bean Uí Fhinneadha, Meaig Churraidhín, a rugadh sna hAille 100 bliain ó shin ar an 5 Aibreán, 1921, duine d’ochtar clainne a bhí ag Pádraic Mháirtín Sheáin Mhurchadha agus Nóra Aindí Ní Choistealbha as an gCaorán.

Bhí capall is carr ag a hathair Pádraic agus currach i bpáirt lena chomharsa, Coilimín Pháidín Nóra.

Bliain chorrach go maith i stair na tíre a bhí in 1921agus is cuimhin le Meaig an seanchas cois teallaigh oícheanta áirneáin agus í ina gasúr faoin uair a bhain na Black and Tans an capall is an carr dá hathair Pádraic, i sráidbhaile An Spidéil, agus é ar a bhealach go Gaillimh le breacadh an lae le lucht móna le díol.  Agus an scéal faoin mbealach ar thug a máthair aghaidh ar an Spidéal leis an gcapall agus carr a fháil ar ais ó na Tans.

D’fhreastail Meaig ar Scoil Sailearna – Miss Swords agus Mrs O Déa na múinteoirí a bhí aici.  Bhí sí sna hard-ranganna nuair a buaileadh tinn í le Póilió.  As sin go ceann trí bliana, bhí sí isteach is amach san ospidéal agus í ar mhaidí croise.  Nuair a tháinig biseach uirthi bhí sí róshean don scoil agus nuair nach raibh aon saothrú le fáil sa gceantar, thug sí a haghaidh ar Shasana, áit a raibh neart oibre le fáil de bhrí go raibh formhór na bhfear imithe sa gcogadh.

I monarcha déanta scriúnna a thosaigh sí ag obair ar dtús, obair leadránach a chuir as dá sláinte.  Ar ordú dochtúra d’éirigh sí as agus chaith sí seal ag obair le Great Western Railways ag tiomáint vaigíní lastais.  Ina dhiaidh sin rinne sí cúrsa oíche agus thraenáil sí mar stiúrthóir bus is tram.

D’fhill sí ar na hAille i 1953 le cúnamh a thabhairt dá deartháir Meáirt an tEarrach a chur.  Agus í sa mbaile bhris a máthair a lámh agus bhí cúnamh ag teastáil sa mbaile.

Casadh Steve Mhaidhc Ned Ó Finneadha uirthi ón bPáirc agus phósadar.  Tá sí ina  cónaí sa bPáirc ó shin.


Gradam Joe Steve

Eoin O Dubhghaill

Eoin Ó Dubhghaill

Sé Eoin Ó Dubhghaill, ó Choill Rua, Cois Fharraige, a chroch leis Gradam Joe Steve don dráma raidió Rún, a léiríodh don chéad uair ar Iris Aniar (RnaG) ar an Luan seo caite.

Tá Eoin ag aisteoireacht le fada agus tá drámaí scríofa agus léirithe aige le Fíbín agus leis an Taibhdhearc, chomh maith le High Rock Productions.

Tá an dráma Rún bunaithe ar an gcaidreamh idir athair agus mac agus tagairtí déanta ann don chaidreamh atá ceaptha a bheith idir rónta agus Muintir Uí Chonghaile, do réir an bhéaloideasa.

Bronnadh duais €500 ar Eoin as an gradam a bhuachan.  Craoladh an dráma ar Iris Aniar (RnaG) chomh maith leis an dá dhráma eile a roghnaíodh ar an ngearrliosta, Dé Luain seo caite.  Seo a leanas na haisteoirí a bhí sna príomhpháirteanna i ndráma Eoin: Eoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach.


Na Muilte Gaoithe

Tuirbíní Gaoithe - An Cnoc

Na Tuirbíní Gaoithe – An Cnoc

Tá sé fógraithe ag Bord Stiúrtha Chomharchumann Sailearna go bhfuil siad ag tarraingt siar tacaíocht an chomharchumainn don tionscnamh a bhí á bhrú chun cinn ag Natural Forces Renewables le muileann gaoithe 125m ar airde a thógáil ar an mBóthar Buí.

Tarraingíodh siar iarratas pleanála a bhí déanta ag Natural Forces Renewables, go gairid tar éis cruinniú poiblí a reáchtáil Cumann Forbartha Chois Fharraige tús mí Feabhra, ag ar léiríodh imní faoin mbealach a d’fhéadfadh an muileann gaoithe cur isteach ar dhaoine ina gcónaí gar don láthair, go speisialta i Leithrinn, Baile na mBroghach agus Seana Draighin.

Níl sé soiléir ag an bpointe seo an mbeidh Natural Forces Renewables ag iarraidh brú ar aghaidh agus an t-iarratas pleanála a dhéanamh arís ar an gComhairle Chontae, beag beann ar Chomharchumann Sailearna.

I ráiteas a d’eisigh an Grúpa Pobail in aghaidh Tuirbín Ghaoithe ar an mBóthar Buí, fáiltíodh roimh cinneadh Bhord Stiúrtha Chomharchumann Sailearna tarraingt amach as an tionscadail. Dúirt an ráiteas go raibh sé i gceist ag an ngrúpa leanacht orthu ag cur in aghaidh an mhuileann gaoithe atá i gceist ag Natural Forces Renewables a thógáil ar an mBóthar Buí.


Cumann Micheál Breathnach

Lotto MB 2021

Tá súil ag Cumann Micheál Breathnach go mbeifear in ann tús a chur le traenáil d’imreoirí faoi aois sa bpeil agus san iománaíocht.  Ar ndóigh, le dul ag traenáil ní mhór a bheith cláraithe roimh ré.  Tá an clárú don bhliain 2021 oscailte faoi láthair ar líne ag an suíomh https://member.clubforce.

Meabhraítear do thuismitheoirí go bhfuil sé tábhachtach ainmneacha, dátaí breithe agus uimhreacha gutháin díreach ceart a sholáthar.

Tá míle fáilte roimh ghasúir a rugadh i 2015 (sé bliana d’aois i mbliana) agus roimhe sin, ach ní mhór tuismitheoir amháin ar a laghad a bheith cláraithe mar bhall den chumann, le gasúr a chlárú sa gclub.

Na laethanta seo tá os cionn €11,000 sa bpota óir ag Lotó Chumann Micheál Breathnach.


Cúirt Filíochta

‘Marbhghin 1943’, dán le Derry O’Sullivan a bheas á phlé ar an Domhnach seo chugainn, 11 Aibreán, ag 7.30pm, sa gCúirt Filíochta a eagraíonn Oifig Pleanála Teanga Chois Fharraige, gach ré Domhnaigh.  Sí Máirín Nic Eoin a bheas ag treorú an phlé ar an dán.

Tá an-fháilte roimh rannpháirtithe nua.  Chun páirt a ghlacadh ann níl le déanamh ach clárú le optchoisfharraige@nullgmail.com agus seolfar téacs den dán agus nasc Zúm chugat roimh ré.


Comórtas Reatha na Gaeltachta 2021

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís, le greim a fháil ar na bróga reatha agus bóthar a bhualadh, ag rith nó ag siúl, i gComórtas Reatha na Gaeltachta 2021.

Le páirt a ghlacadh ní mhór a bheith sásta dul amach ag rith nó ag siúl faoi dhó sa tseachtain, agus ar a laghad 10km a dhéanamh san iomlán.  Ní mhór a bheith os cionn 18 bliain d’aois le páirt a ghlacadh sa gcomórtas seo.  Le clárú níl le déanamh ach an fhoirm chláraithe a líonadh ag https://forms.gle/


Dul Chun Cinn le Coláiste Lurgan

Coláiste Lurgan 2021

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil bogadh faoi dheireadh san aighneas idir bainistíocht Choláiste Lurgan ar thaobh amháin agus Údarás is Roinn na Gaeltachta ar an taobh eile, maidir leis an fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar “Ionad Oideachais agus Óige Chois Fharraige” ar an suíomh ar a seasann Coláiste Lurgan.

An tseachtain seo caite d’eisigh Roinn na Gaeltachta litir, a cuireadh ag Teachtaí Dála agus ag Seanadóirí áitiúla, ag cur in iúl go raibh sé i gceist go mbeadh “áis nua-aimseartha, ilfheidhmeach” a thógáil agus go mbeadh an foirgneamh nua ar fáil don choláiste samhraidh agus ar fáil chomh maith an naoi mí eile den bhliain mar “áis oideachais, óige agus pobail.”

Le gur féidir brú ar aghaidh leis an bhforbairt deireann an ráiteas “go mba ghá don Údarás seilbh a ghlacadh ar thalamh atá ar an dá thaobh den fhoirgneamh, atá in úinéireacht Choláiste Lurgan Teo. faoi láthair”.

Dearbhaíonn an ráiteas nach féidir dul ar aghaidh le iarratas pleanála go mbeidh Comhaontú “sínithe ag gach páirtí lena mbaineann sular féidir aon iarratas ar chead pleanála a dhéanamh”.

Bhí sé beartaithe ag Coláiste Lurgan Teo. iasacht mhór a fháil ón mbanc le treallamh fuaime agus soilsithe a fheistiú, ar chostas €1.5 milliún, sa bhfoirgneamh nua, ach ní gá sin a thuilleadh mar tá sé ráite sa litir thuasluaite ón Roinn, atá feicthe ag Nótaí Chois Fharraige, go mbeidh an Stát sásta costas an treallaimh a sheasamh ach “na ceadaithe cuí a bheith iarrta agus faighte”.

Deireann an ráiteas go bhfuil sé mar “sprioc comónta” go mbeadh cead pleanála faighte roimh faoi dheireadh Mheán Fómhair agus go mbeadh tús curtha leis an tógáil ag tús 2022 agus go mbeadh an t-ionad nua “críochnaithe in am do shamhradh 2023”.

I ráiteas a d’eisigh stiúrthóirí Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil agus Seán Ó Grálaigh, dúradh go bhfuil siad “ar fáil agus ag iarraidh dul i mbun dianchainteanna práinneacha” agus go dteastódh, dar leo, “eadránaí” le áisitheoireacht a dhéanamh.


Suíomh Nua ag an gComhar Creidmheasa

Comhar Creidmheasa Cholm Cille 2020

Tá suíomh nua idirlín ag Comhar Creidmheasa Cholmcille: www.cccholmcille.ie.

Is féidir leis na baill baincéireacht ar líne a dhéanamh anois, airgead a aistriú go leictreonach, billí a íoc agus an méid i do chuntas a sheiceáil.


Darkness Into Light, An Cheathrú Rua

Darkness Into Light

Chuile bhliain, tús mí Bhealtaine, eagraítear tíocht le chéile ar fud na tíre ar a dtugtar “Darkness Into Light”, le airgead a bhailiú don tseirbhís meabharshláinte Pieta House.  Cé nach féidir daoine a thabhairt le chéile i mbliana de bharr Covid, beidh “Darkness Into Light” á eagrú sa gCeathrú Rua ar an 8 Bealtaine, ag an gcoiste áitiúil.

De bharr Covid is géire ná riamh a theastaíonn airgid ó Pieta House le seirbhís a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil brú orthu de bharr na dianghlasála agus a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte dá bharr.

Le tacaíocht a thabhairt don charthanacht Pieta House, iarrann Coiste Na Ceathrú Rua ar dhaoine éirí le breacadh an lae ar 8 Bealtaine 2021 agus píosa siúil, rith nó snámha a dhéanamh ar son “Darkness Into Light”, ag cloí ar ndóigh le na treoirlínte sláinte poiblí maidir leis an gCoróinvíreas.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi chlárú agus t-léintí etc ach dul chuig an nasc www.darknessinlight.ie.

Tá breis seirbhísí ar líne curtha ar fáil ag Pieta House mar gheall ar Covid.  Tá cabhair le fáil ó Pieta House i gcás éigeandála ach glaoch a chur ar an uimhir 1800 247247.


7 Aibreán 2021