Cartlann Nuachta: 7 Deireadh Fómhair 2015
7 Deireadh Fomhair 2015
Biseach
Ar an Aoine seo chugainn, 9 Deireadh Fómhair, beidh eagrán na bliana seo den iris BISEACH á sheoladh beo ar an gclár Iris Aniar (RnaG) ag Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta i dTigh Chualáin.
Bhíodh Cumann Forbartha Chois Fharraige ag foilsiú BISEACH go bliantúil, ach, ar chúis amháin nó ar chúis eile, níor foilsíodh é ón mbliain 2012 i leith. Mar is gnáth, tá neart pictiúr in eagrán na bliana seo, idir sean agus nua, ach chomh maith leis sin tá ábhar maith léitheoireachta, le altanna ó Sheosamh Ó Cuaig, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Gearóid Denvir, Peadar Mac an Iomaire, Cóil Learaí Ó Finneadha, an Dr. Eoghainín Ó hAinmhire, Mártan Ó Ciardha, Ruaidhrí Ó Tuairisg, Pádraig Ó hÉalaí, Joe Steve Ó Neachtain, Gearóid Ó Fátharta, Máire Ní Neachtain, chomh maith le alt cuimsitheach staire faoi na Coimínigh, na tiarnaí talún sa 19ú hAois i nDúiche Shailearna, scríofa ag Lochlainn Ó Tuairisg.
Beidh an iris ar fáil an deireadh seachtaine seo sna siopaí áitiúla i gCois Fharraige agus is maith an luach airgid é ar €5.
Fuair an Cumann Forbartha tacaíocht airgid ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an iris a fhoilsiú. Seosamh Ó Braonáin a bhí ina eagarthóir.
Club Scannán – I mBéal na Stoirme
Scannán ó Éirinn a bheas á thaispeáint anocht (Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair) i Seanscoil Sailearna.
Scéal pearsanta an iascaire bradán, John O’ Brien (sa bpictiúr thuas), a insítear sa scannán I mBÉAL NA STOIRME agus é cur in aghaidh na n-údarás san Eoraip chun a chearta iascaireachta seanbhunaithe a chosaint. Léiriú atá sa scannán seo ar na dúshláin mhóra a bhíonn le sárú ag iascairí beaga agus ag na pobail ina maireann siad. I measc na ndaoine atá páirteach sa scannán faisnéise seo tá Brian Curran, a bhíonn ag plé le caomhnú na mbradán sna haibhneacha i gceantar Chonamara. Beidh an léiritheoir, Loïc Jourdain, i láthair ag an scannán, a thosóidh ag 8.15 i.n. Tá breis eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh beag dhó, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Mí-Ádh ar Bhuachaillí an Spidéil
Bhí mí-ádh ar fhoireann an Spidéil i gCreachmhaoil Dé Sathairn seo caite, i gCraobh an Chontae faoi 12 in aghaidh Bóthair na Trá/Cnoc na Cathrach. Bhí drochthús ag foireann an iarthair. Ní bhfuair an Spidéal aon scór go dtí leathbhealach tríd an gcéad leath, nuair scóráil imreoir lár páirce, Liam Ó Conghaile. An scór ag leath ama: Bóthar Na Trá 1-4; An Spidéal 0 – 1.
Scéal difiriúl a bhí ann sa dara leath. Bhí an ghaoth leo agus thosaigh buachaillí an Spidéil ag imirt i bhfad níos fearr. Fuair Pádraic Ó Conghaile pointe ó phoc saor, ansin fuair sé cúl den scoth: tháinig liathróid ard isteach sa gcearnóg, chuir Pádraic a chrúb suas, rug sé ar an liathróid agus bháigh sé san eangach í. Díreach ina dhiaidh sin fuair Bóthar Na Trá iad féin cúl. Cúig nóimead ina dhiaidh sin fuair an Spidéal cúl eile ó phoc saor, ach ní mba leor é agus ag an deireadh bhí an bua ag Bóthár Na Trá leis an scór: Bóthar Na Trá 2-4; An Spidéal 2-2.
Bhí imireoiri maithe ag an Spidéal ar an lá: Pádraic Ó Conghaile a chríochnaigh le 2-1; Mac Ó Briain sa gcúl; Joe Ó Muirí; na deartháireacha Pierse agus Oisín Morris; chomh maith le Diarmad Ó Duinn sna cúlaithe. I lár na páirce thug Andrew Mac Aogáin an-chabhair do Liam Ó Conghaile, a bhí thar barr sa gcluiche ar fad.
Foireann Iomána An Spidéil faoi 12, a buaileadh le dhá phointe sa gcluiche ceannais i gCraobh an Chontae, an Satharn seo caite.
Ar cúl (ó chlé): Lorcán Ó Curraoin, Liam Ó Flatharta, Dillain Ó Direáin, Andrew Mac Aogáin, Eoin Ó Flatharta, Pádraic Ó Conghaile, Joe Ó Muirí, Josh Ó Droighneán, Pádraic Ó Droighneán.
Chun tosaigh (ó chlé): Dara Ó Laoire, Cathal Ó Laoire, Cillian Ó Laoi, Oisín Morris, Mac Ó Brian, Diarmaid Ó Duinn, Pierce Morris, Ruán Ó hIarnáin, Liam Ó Conghaile.
Torthaí Eile Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Camógaí (Mionúir): Cois Fharraige 4-05, Cill Íomair 1-04
- Iománaíocht (Sóisear 1): Mícheál Breathnach 3 – 15, Baile Átha an Ghártha 2 – 8.
- Peil Sóisear A (Sraith): Mícheál Breathnach 1 – 7, An Fháirche 1 – 6.
- Peil f15 (Roinn 2B): Mícheál Breathnach 1 – 07, An Clochán 2 – 13.
- Iománaíocht Sóisear C: An Spidéal 4 – 13, Carn Mór 4 – 9.
- Iománaíocht (Mionúir B): Cois Fharraige 1 – 17, Maigh Chuilinn 1 – 21.
- Iománaíocht faoi 12: An Spidéal 2 – 02, Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach 2 – 04.
- Iománaíocht faoi 15C: Bearna/Na Forbacha 6 – 19, Baile an Doirín 4 – 12.
Foireann camógaí mionúir Chois Fharraige a bhuail Cill Íomair an Domhnach seo caite thíos ann.
Ar chúl (ó chlé): Becky Ní Éallaithe, Aoife Nic Chormaic, Laoise Breathnach, Tiffany Ní Choisdealbha, Sorcha Ní Fhrighil, Anna Ní Odhráin/Ní Mhurchú, Mairéad Ní Chonghaile, Dearbhail Ní Chaoimh, Laura Ní Ifearneáin.
Chun tosaigh (ó chlé): Sorcha Ní Bhraonáin, Sinéad Ní Chonchubhair, Éabha Ní Chonláin, Mary Ní Fhéinne, Máire Ní Fhrighil, Blanca Ní Dhonnabháin, Maela Ní Choisdealbha, Fionnuala Groonell.
[Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]
Mícheál Breathnach sa gCluiche Ceannais
Tá foireann iománaithe Mícheál Breathnach tríd go Cluiche Ceannais na Gaillimhe sa ngrád Sóisear 1. An Satharn seo caite bhí bua cuimsitheach ag báireoirí Mícheál Breathnach ar Bhéal Átha an Ghártha (Ballygar) sa gcluiche leathcheannais leis an scór 3 – 15 in aghaidh 2 – 8. Ní raibh ach cúilín amháin idir na fóirne ag leath ama, ach, de réir mar a bhí an darna leath ag dul ar aghaidh, bhí buachaillí Chois Fharraige ag fáil an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic.
Sa gcluiche ceannais casfaidh Mícheál Breathnach ar Shaighleán.
An Phleanáil Teanga
Bhí cruinniú ag Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga an tseachtain seo caite agus bhí triúr is fiche ag an gcruinniú. Tugadh tuairisc don chruinniú ar an taighde a rinne Seirbhísí Pleanála Teanga le linn an tsamhraidh ar na campaí samhraidh a bhí á reáchtáil i gCois Fharraige, agus ar thionchar na gColáistí Gaeilge ar iompar teanga sa gceantar. Fuair Fóram Chois Fharraige €50,000 leis an bplean a chur le chéile agus tá Seirbhísí Pleanála Teanga (SPT) fostaithe le comhordú a dhéanamh ar an bplean.
Ag an gcruinniú socraíodh ceistneoir a scaipeadh ar theaghlaigh le gasúir bhunscoile agus réamhscoile sa gceantar le eolas a fháil faoi chleachtas teanga sna teaghlaigh agus faoi dhearcadh daoine ina leith. Beidh an ceistneoir á scaipeadh ar theaghlaigh tríd na scoileanna náisiúnta agus tríd na naíonra sa gceantar idir seo go ceann coicíse. Beidh an t-eolas a bhaileofar ar gach ceistneoir rúnda. Úsáidfear torthaí an suirbhé le spriocanna a shocrú sa phlean teanga atá le ullmhú. Ceaptar go mbeidh an Plean Teanga réidh le cur faoi bhráid an phobail an t-am seo an chéad bhliain eile.
Bailte Slachtmhara – An Spidéal sa Darna Áit
I gComórtas na mBailte Slachtmhara bhí an Spidéal sa darna áit i mbliana i gContae na Gaillimhe ina rannóg féin. Droichead an Chláirín a bhí sa gcéad áit. Fuair an Spidéal 288 as 450 marc, 4 mharc níos airde ná anuraidh.
Sa tuairisc, atá ar fáil mar pdf anseo, tugadh moladh do na gnónna sa Sráidbhaile faoi chomh néata is a bhí siad. Moladh na fógraí atá ag an Údarás agus ag Ros na Rún a ghlanadh.
An áit is mó a chlis an Spidéal sa gcomórtas ná déileál le bainistiú dramhaíola. Níor tugadh ach 9 marc as 50, cé gur moladh an áis dramhaíola ag an tSeanchéibh. Sa tuairisc, a cuireadh ar fáil i nGaeilge, moladh go mba cheart usáid páipéir i bpacáistí a laghdú agus múiríní a chur ag obair sa gceantar.
An Toghchán ag Tíocht
Agus caint ar olltoghchán roimh an Nollaig ní iontas ar bith é go bhfuil na páirtithe polaitíochta sa taobh seo tíre ag réiteach chuige. Ar an Aoine seo caite sa Teach Dóite seoladh feachtas Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, áit a raibh an Corcaíoch, Billy Kelleher (ar dheis), Urlabhraí Sláinte do Fhianna Fáil, mar aoichainteoir ag gríosadh na dtrúpaí. Triúr iarrthóirí atá ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar: an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, an Comhairleoir John Connolly ón gcathair agus an Comhairleoir Mary Hoade ó Áth Chinn.
Tá Sinn Féin iad féin i mbun oibre agus sraith imeachtaí eagraithe acu i gConamara Theas idir seo agus an Nollaig.
Ar an Domhnach seo chugainn, 11 Deireadh Fómhair, beidh Rás Coisithe/Siúlóid ar bun sa gCeathrú Rua ag tosaí ag Halla Éinne ag meánlae: an clárú ar siúl ón 11.00 ar aghaidh, le táille €5 an duine, nó €10 ar chlann.
Chomh maith leis sin beidh Díolachán Earraí ar siúl sa halla. €15 an costas ar sheastán sa halla, nó is féidir, ar an gcostas céanna,s a bheith ag díol as cúl an chairr – nó Car Boot Sale. Tá breis eolais le fáil ó Mháirín 086 0888578, nó ó Gerry 087 1234415.
Ar ndóigh, sé an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (ar chlé), a bhfuil cónaí air sa gCeathrú Rua, atá ainmnithe ag Sinn Féin mar iarrthóir sa toghchán, rud a d’fhéadfadh a bheith ann an chéad mhí eile, más fíor do na meáin.
Lorg Phléaráca
Cé go bhfuil Pléaráca Teo scortha ceal cinnteacht sa maoiniú, beidh lorg den scéim ealaín pobail a cuireadh ar bun i 1993 le feiceáil in aice na céibhe i Ros a’ Mhíl. Tá cuid de na pictiúirí a thóg Bob Quinn le socrú go buan ar bhallaí an mhonarchan éisc, Iasc Mara, ar an mbóthar síos ag an gcéibh. Tá cáil ar Bob Quinn mar fhear scannán, ach is grianghrafadóir é chomh maith. Le blianta tá na céadta pictiúirí tógtha aige ag imeachtaí a bhí ar bun ag Pléaráca agus ag dreamanna eile i gConamara Theas. Léiríonn an taispeántas an nasc a chruthaigh Pléaráca idir an ealaín agus cultúr an phobail.
Seachtain ó amárach (Aoine, 16 Meán Fómhair) ag 6 i.n., osclóidh Seosamh Ó Cuaig, iar-chomhghleacaí le Bob i Cinegael, an taispeántas buan faoin aer ar a dtugtar Lorg Phléaráca. Seo é an togra deireadh ó Phléaráca.
Bailiúchán Oispís na Gaillimhe
Ba mhaith le Coiste Bailiúchán Oispís na Gaillimhe, búiochas ó chroí a ghlacadh le chuile dhuine a thug tacaíocht agus cabhair do na hócáidí éagsúla a bhí acu i rith na bliana. Bhí ócáid bronnadh sa bPoitín Stil le gairid, agus tugadh seic €11,655 do bhaill an Oispís. Ba mhaith leis an gcoiste a mheabhrú go bhfuil €172,234 bailithe go háitúil idir súilóid, maidin caifé, raifil agus seirbhisí níochán carr, chomh maith le ócaidí eile a bhí eagraithe ag an gCoiste ó thosaigh siad amach blianta o shoin.