Cartlann Nuachta: 7 Deireadh Fómhair 2020

BISEACH 2020 ar an mBealach

Biseach

Tá an iris BISEACH 2020 curtha chuig na clódóirí, CL Print i gCasla, agus ba cheart go mbeadh an iris sna siopaí faoi dheireadh na míosa seo, mar a bhíonn go hiondúil.

Is féidir le daoine a bheith ag súil le neart ábhar léitheoireachta arís i mbliana agus go leor pictiúir, idir seanphictiúir agus pictiúir de foirne agus lucht fágáil scoile, sna scoileanna náisiúnta agus sa dá scoil iarbhunoideachais.

Tá roinnt alt san iris a bhaineann le eachtraí éagsúla a tharla i gceantar Chois Fharraige le linn Cogadh na Saoirse, céad bliain ó shin. Tá alt ann faoi Shaor-Raidió Chonamara, a chuir Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, leathchéad bliain ó shin.

Tá alt faoin gComhairleoir Tomás Ó Curraoin, bunaithe ar agallamh a cuireadh air don iris, agus tá an darna chuid d’alt atá scríofa ag Maidhc P. Ó Conaola faoi na gaibhne agus na ceártaí a bhíodh i gCois Fharraige.

Bíonn an-tóir ar BISEACH i gcónaí, ní nach ionadh. Díoladh amach eagrán na bliana seo caite. Go hiondúil ceannaítear roinnt acu le cur thar lear do dhaoine atá ar imirce.

I gcaitheamh na seachtaine fuair an Cumann Forbartha scéal go mbeadh deontas €3,000 ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le iris d’ardchaighdeán a chur ar fáil.

Beidh BISEACH 2020 á sheoladh ar an gclár Iris Aniar (RnaG) ar an Déardaoin 22 Deireadh Fómhair agus ar fáil sna siopaí an lá ina dhiaidh sin.


Cambus Medical agus Cumann Micheál Breathnach

Barry Comerford ó Cambus Medical ag bronnadh seit geansaithe le gairid ar Chumann Micheál Breathnach, le haghaidh an fhoireann iománaíochta faoi 12.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]


Oifig Nua ag Comhlacht Forbartha An Spidéil

Faoi dheireadh thiar tá seilbh faighte ag Comhlacht Forbartha An Spidéil ar an oifig nua atá tógtha ag Údarás na Gaeltachta don eagraíocht phobail, a chuireann seirbhísí ar fáil sa Spidéal don phobal agus do chuairteoirí. Tá an oifig nua lonnaithe sa bhfoirgneamh a thóg Údarás na Gaeltachta taobh thoir ó thuaidh den áit ina bhfuil Cló Iar-Chonnacht.

Tá coiste an Chomhlacht Forbartha an-sásta leis an áit nua. Tá seomra deas sa bhfoirgneamh a bheas ar fáil le haghaidh cruinnithe nó le haghaidh ranganna, ach dul i dteagbháil le Aodhán Mac Donncha, Bainisteoir an Chomhlacht Forbartha, ar an uimhir 087 7508107.


Comórtas Grianghrafadóireachta

feilire an chomhar creidmheasa

Féilire an Chomhar Creidmheasa 2018

Bíonn comórtas grianghrafadóireachta á reáchtáil go bliantúil ag Comhar Creidmheasa Cholmcille chun 12 grianghraif a fháil le cur i bhFéilíre 2021 an Chomhar Creidmheasa. Is é téama an chomórtais i mbliana ná ‘Do Cheantar’.

Le cur isteach ar an gcomórtas ní gá ach grianghraf a chur ag an seoladh ríomhphoist feilireccccteo@nullgmail.com faoin Aoine an 23ú Deireadh Fómhair.

Roghnófar 12 grianghraf le cur sa bhféilire as na hiontrálaithe a seolfar isteach.

Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ar leathanach Facebook an Chomhar Creidmheasa.


Na Scannáin sa tSeanscoil ar Athló

An Déardaoin seo, 8 Deireadh Fómhair, bhí tús le cur leis an séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, ach mar gheall ar na srianta nua atá tagtha i bhfeidhm le déileáil le leathnú Covid-19 i measc an phobail, tá tús an tséasúir curtha ar athló ag Club Scannán Sailearna.

Is ar líne amháin atá ballraíocht ar fáil sa gClub Scannán tríd an suíomh Ticket Tailor. Mar go bhfuil tús an tséasúir curtha ar athló, beifear ag tabhairt rogha do na daoine a bhfuil ballraíocht íoctha acu, aisíoc a fháil nó an bhallraíocht a choinneáil go dtí go mbeidh na scannáin á dtaispeáint, nuair a ardófar na srianta.


Ainmniúchán do Dhónall Ó Héalaí

Radharc as an scannán ARRACHT, leis an aisteoir Dónall Ó Héalaí as na hAille, Indreabhán, ar chlé. Tá Dónall ainmnithe ar liosta ‘Stars of Tomorrow’ san iris Screen International, de bharr a pháirt sa scannán ARRACHT, a taifeadadh i Leitir Mealláin.

Tá Dónall Ó Héalaí ainmnithe ar an liosta ‘Stars of Tomorrow’ san iris ‘Screen International,’ mar gheall ar a pháirt sa scannán ARRACHT, a rinneadh i Leitir Mealláin. Is as Na hAille do Dhónall agus le deich mbliain anuas tá sé ag aisteoireacht i Meiriceá agus in Éirinn. Tá ainmniúchán IFTA faighte aige chomh maith as a pháirt in ARRACHT.

Tá scannán eile déanta le Dónall mar phríomhaisteoir, a bheas le feiceáil an chéad bhliain eile. FOSCADH an teideal atá air agus rinneadh é i gceantar Dúiche Sheoighe.


An Spidéal Slán sna Sinsir

Géarchoimhlint ar imeall na cearnóige nuair a chas An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach le chéile i gcluiche a imríodh 2018 i Maigh Chuileann agus an dá fhoireann sa nGrád Idirmheánach.

Ar an Satharn seo caite chas An Spidéal agus Monivea/Abbey ar a chéile sa gcluiche leathcheannais dícháilithe i Staid an Phiarsaigh agus d’éirigh leis An Spidéal na cosa a thabhairt leo agus a chéile comhraic a bhualadh i gcluiche a bhí sách drámatúil.

Thosaigh An Spidéal go maith agus bhí cúl agus cúilín ar an gclár acu sular éirigh le Monivea/Abbey scór a fháil. Ag leath ama bhí An Spidéal ceithre chúilín chun cinn. Ach tháinig Monivea/Abbey ar ais agus bhí an bhearna laghdaithe go cúilín amháin gar do dheireadh an 60 nóiméad nuair a shábháil an cúl báire, Manus Breathnach, cic a raibh cuma chúil air.

Chríochnaigh an cluiche le Spidéal cúilín amháin chun tosaigh. Tá An Spidéal slán go ceann bliana eile i nGrád na Sinsear. Beidh ar Monivea/Abbey casadh le Cumann Micheál Breathnach, féachaint cé acu a bheas dícháilithe agus ag filleadh ar an ngrád idirmheánach don bhliain 2021. Mar a sheasann rudaí le Covid, níl a fhios cén uair a imreofar an cluiche sin, mar tá cinneadh tógtha ag an CLG nach mbeidh aon chluiche idir club á imirt go bhfógraítear a mhalairt.


Feachtas faoin bhFón Póca

Ta sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige gearán a chur ag na comhlachtaí fón póca faoin drochchomhartha atá ar fáil i gceantar an Chnoic le fada. An tseachtain seo bhí an Cumann Forbartha i dteagmháil le COMREG, an eagraíocht stáit atá ag rialú earnáil na cumarsáide. An chomhairle a chuir COMREG ná gearán a dhéanamh i dtosach leis na comhlachtaí a chuireann an tseirbhís ar fáil agus, mura bhfuil sásamh le fáil, gur féidir le COMREG dul ag plé leo faoin gcás.

Tá an comhartha fón póca go dona le fada i gceantar an Chnoic agus ag dul in olcas. Cuireann sé sláinte agus sábháilteacht daoine i mbaol agus ní chabhraíonn sé ach an oiread le daoine atá ag iarraidh gnó a reáchtáil sa gceantar. Beidh an Cumann Forbartha i dteagmháil le eagraíochtaí eile sa gceantar le tacaíocht a fháil, más gá feachtas a reáchtáil leis an seirbhís fón póca sa gceantar a fheabhsú.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Iomáint (faoi 13B): Cois Fharraige 3 05, Ballindereen 0 01.

Iomáint (faoi 13B1): Ml. Breathnach 0 03, Abbeyknockmoy 2 05.

Peil na gCailíní (Roinn III f 16): Ml. Breathnach 1 06, St. Gabriels 4 09.

Peil na gCailíní (Roinn IV f 16): An Spidéal 6 03, St Michaels 7 07.

Peil (Sinsear): An Spidéal 1 10, Monivea/Abbey 0 12.

Peil (Sóisear B): An Spidéal 1 16, Killanin 1 05.

Peil (faoi 15): Ml. Breathnach 4 11, An Spidéal 2 02.

Sacar (Sóisear, Roinn I): Cois Fharraige 1, Colemanstown Utd. 5.

Sacar (Sóisear, Roinn I): Mac Dara 2, Tuam Celtic 2.

Sacar (faoi 15): Mac Dara 1, Ramblers 1.

Sacar (faoi 13): Mac Dara 3, Athenry B 7.


7 Deireadh Fómhair 2020