Cartlann Nuachta: 7 Eanáir 2015

 

Nuacht 7 Eanáir 2015

 


 

Coláiste Lurgan

Beidh cruinniú tábhachtach ar bun an Aoine seo, 9 Eanáir, féachaint an féidir tíocht ar réiteach i dtaobh an fhoirgnimh ina reachtáltar Coláiste Lurgan. Cumann Forbartha Chois Fharraige atá ag tabhairt an cruinniú le chéile, agus i láthair beidh oifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta, chomh maith le bainisteoir Choláiste Lurgan, Mícheál Ó Foighil agus ionadaí ó na mná tí a choinníonn na scoláirí Gaeilge a dhéanann freastal ar Choláiste Lurgan i gcaitheamh an tsamhraidh.
Is le Údarás na Gaeltachta an foirgneamh ina reachtáltar na cúrsaí Gaeilge, a bhíonn eagraithe ag Coláiste Lurgan gach samhradh le aitheantas ó Roinn na Gaeltachta. Tá go leor ceisteanna ardaithe ag Roinn na Gaeltachta faoin bhfoirgneamh, i dtaobh sábháilteacht go speisialta agus baol ann dá réir do thionscail na gColáistí Gaeilge i gceantar an Chnoic, ar a mbíonn cuid mhaith teaghlaigh ag brath.
Beidh an cruinniú ar an Aoine seo ag iarraidh na páirtithe éagsúla a thabhairt ar chomhtuiscint faoin méid a chaithfí a dhéanamh sa ngearrthéarma le gur feidir na cúrsaí Gaeilge a reachtáil i gColáiste Lurgan an samhradh seo chugainn. Chomh maith leis sin beifear ag iarraidh tíocht ar réiteach fadthéarmach faoin bhfoirgneamh.
Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige a bheas ag déanamh áisitheoireacht ar an gcruinniú.


 

Na Cluichí Pobail le Atheagrú

Tá sé i gceist iarracht a dhéanamh i mbliana coiste nua a chur le chéile le Cluichí Pobail a eagrú i gceantar Chois Fharraige. Le roinnt blianta bhíodh na céadta páistí ó cheantar Chois Fharraige páirteach sna himeachtaí éagsúla a eagraíodh faoi scáth na gCluichí Pobail, idir Iománaíocht, Sacar, Camógaí, Ealaíon, Lámhscríobh chomh maith le Lúthchleasaíocht, Liathróid Láimhe agus Judo. Tháinig neart boinn, idir ór is airgead, go Cois Fharraige ó na Cluichí Náisiúnta.
Anuraidh, nuair a tugadh cruinniú tuismitheoirí le chéile, ní raibh a dhóthain daoine ar fáil le coiste a chur le chéile, agus socraíodh gan ceantar Chois Fharraige a chlárú don bhliain 2014, ach iarracht a dhéanamh aríst i 2015 coiste a chur le chéile.
Ar an Máirt seo chugainn, 13 Eanáir, a bheas an cruinniú ar bun sa gCrann Taca (ITT) ar chúl Séipéal an Chnoic, ag tosaí ag 8.00. Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí, ar spéis leo cúnamh a thabhairt leis na Cluichí Pobail a eagrú sa gceantar, a bheith i láthair ag an gcruinniú.
Má tá ceantar Chois Fharraige le bheith páirteach sna Cluichí Pobail i mbliana caithfear an ceantar a chlárú le Cluichí Pobail na Gaillimhe, faoin Déardaoin, 15 Eanáir.


 

Coláiste Cholmcille Páirteach i gComórtas Eolaí Óg san RDS

Guíonn an colún gach rath ar an triúr ban óg ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh an tseachtain seo i dTaispeántas an Eolaí Óig, san RDS i mBaile Átha Cliath, agus ar an scoláire óg as Inis Meáin a bhfuil tionscnamh aonair aige sa gcomórtas.
Aoife Gibbons ón Spidéal, Caoimhe Ní Choisdealbha ó Bhaile na mBroghach, Indreabhán, agus Aoife Nic Ghiolla Choinnigh ó Ros a’ Mhíl an triúr scoláire a chuir an tionsnamh ‘Má imríonn tú? Íocann tú!’ le chéile faoi stiúradh an mhúinteora eolaíochta, Anna Ní Fhlaithearta.
Déanann an tionscnamh seo scrúdú ar na gortaithe is coitianta a tharlaíonn do na himreoirí i roinnt cineálacha éagsúla spóirt.

Tá tionscnamh sa Taispeántas chomh maith ó Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin. ‘Ceal Breosla, Bealach an Todhchaí’ an tionscnamh atá sa gcomórtas ag Michael Ó Conceanainn. Cormac Ó Cadhain an múinteoir eolaíochta i gColáiste Eoin, ar fo-choláiste é de Choláiste Cholmcille.


 

Cumann Micheál Breathnach

Is gearr anois go mbeidh Cumann Mícheál Breathnach ag cur tús le bliain eile peile agus iománaíochta. Ach mar sin fhéin ní hé sin le rá go raibh baill an Chumainn díomhaoin le linn fhéile mhór na Nollag. Ní raibh an turcaí róstaithe fós Lá Nollag, nuair a bhailigh os cionn trí scór duine, idir óg agus aosta, le chéile ar Thrá an tSáilín sa bPúirín, in Indreabhán, le páirt a ghlacadh sa snámh urraithe a eagraíonn an cumann chuile bhliain ar mhaithe le carthanacht. I mbliana bailíodh €1,076 do Pieta House, carthanacht a thugann cúnamh dóibh siúd a bhíonn in ísle brí. Bhí an-chraic go deo ag an dream a raibh sé de mhisneach acu iad fhéin a thumadh san uisce, agus freisin acu siúd a tháinig le tacaíocht a thabhairt. Bhí sé ina scéal mór ar na meáin Ghaeilge, idir raidió agus teilifís, agus go deimhin fhéin bhí siad le feiceáil freisin ar an 9 O’ Clock News ar RTÉ 1. Go mba fada buan iad agus go gcúití Dia a bhflaithiúlacht le chuile dhuine a thug airgead don chás.
Cuireadh clabhsúr deas leis an mbliain cúpla lá ina dhiaidh sin, nuair  a heagraíodh dinnéar bliantúil an Chumainn idir dhá Nollaig. Bhí slua breá bailithe le chéile don ócáid sa bPoitín Stil, ar an 28 Nollaig. Nuair a bhí an phutóg sásta ag chuile dhuine, bronnadh duaiseanna go leor, ar fhoirne na mban agus na bhfear a raibh éacht déanta acu i rith na bliana, chomh maith le gradaim do imreoirí na bliana. Bhí damhsa agus ceol ann go raibh sé ina mhaidin.

Peil Mionúir – Caoimhín Ó Maoileoin
Peil Faoi 21 – Criostóir Ó Biadha
Peil Sinsear – Gearóid Ó Fatharta
Peil Sóisear B – Rónán Mac Donnacha
Peil Sóisear C – Máirtín Ó Ceallaigh
Iomáint Sóisear A – Mac Dara Ó Bearra
Iomáint Sóisear C – Gearóid Ó Conghaile

Peil na mBan Mionúir – Ciana Ní Churraoin
Peil na mBan Sóisear – Catríona Ní Churraoin
Pearsa na Bliana – Kevin Mac Donncha

Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghabháil le chuile dhuine a thug cúnamh dóibh i gcaitheamh na bliana agus sonas agus séan a ghuí oraibh don bhliain atá romhainn.


 

Aisteoirí an Spidéil sa Taibhdhearc

Léireoidh Aisteoirí an Spidéil, Boicíní Bhóthar Kilburn sa Taibhdhearc ar an Satharn seo, 10 Eanáir.
Is leagan Gaeilge a rinne Mícheál Ó Conghaile de The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy an dráma seo a bhfuil an imirce agus torthaí na himirce mar chroíthéamaí ann. Seo scéal faoi chúigear as Conamara a d’imigh go Sasana cheal oibre sna hochtóidí, rún acu ar fad filleadh ar an bhfód dúchais, ach de bharr cúinsí éagsúla níor tharla sin. Faigheann an séú fear a bhí sa mbuíon bás agus tá an dráma suite i gcúlseomra theach ósta, áit ar chruinnigh an cúigear ag sochraid a gcaraid. Nochtar fírinne agus fíricí le linn an tráthnóna tré chomhráití a bhíonn crua, míthrócaireach agus garbh scaití, agus scaití eile barrúil, séimh agus tuisceannach.
Dúirt an léirmheastóir Máire Ní Fheinneadha: “Beidh tú maraithe ag gáirí, más gáire dóite féin é; caochfar le gráiscínteacht agus eascaine thú, beidh deora leat ag truamhéile a saoil; beidh mórtas ort faoin éacht atá déanta ag criú an Spidéil agus ag an aistritheoir cead a gcuid cainte féin a thabhairt don chuid bheag seo den Diaspora nach slánódh coinneal i bhfuinneog Áras an Uachtaráin iad. Is iad ár muintir féin atá ar an ardán; aithneoidh tú iad agus beidh tuiscint níos fearr agat orthu ag deireadh na hoíche agus ní beag sin ag aon dráma. Is fiú duit a ghabháil ann!”
Is iad Seán Ó Coistealbha, Seán Ó Neachtain, Peadar Ó Treasaigh, Séamus Ó Scanláin agus Mike P. Ó Conaola an cliar, aisteoirí a bhfuil seanaithne orthu sa Spidéal agus níos faide i gcéin agus neart bainte amach acu go dtí seo, ach seans gurb é seo an deis ensemble is breátha dá bhfuair siad fós. Is é Peadar Ó Treasaigh a léirigh an dráma agus thug Pauline Nic Con Aonaigh an-tacaíocht dó.
Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar an Taibhdhearc: 091 563 600