Cartlann Nuachta: 7 Feabhra 2024
BÁNÚ sa bPoitín
An grúpa Ceann Gólaim, a bheas ag cur tús leis an nGig ar son BÁNÚ sa bPoitín Stil, Indreabhán, ar an Aoine seo, 9 Feabhra ag 8.30pm.
Beidh Oíche Mhór Ceoil, Spraoi agus Damhsa ar bun seachtain ón Aoine seo, 9 Feabhra, sa bPoitín Stil, eagraithe ag BÁNÚ, ar mhaithe le airgead a bhailiú don fheachtas atá ar bun ag an eagraíocht nua-bhunaithe, maidir le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.
I measc na ngrúpaí is na gceoltóirí a bheas ag casadh, beidh Ceann Gólaim nó Clann Sonny, mar a thugtar orthu go minic; Colm Seoighe is na hEasógaí; Ruaidhrí Mac an Iomaire agus na Rógairí; Johnny Óg Connolly agus a chairde; Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Micheál Darby Ó Fátharta.
Níl ach €10 ar na ticéid a bheas le ceannach ar an doras, nó ó Ticket Tailor. Is féidir ticéid a cheannach nó síntiús a thabhairt ach an nasc seo a leanas a úsáid: https://buytickets.at/bn/1117857.
Lorcán Ó Curraoin Tríd go Craobh Snúcair na hEorpa
Ar chlé: Lorcán Ó Curraoin ó Bhoth Loiscthe, An Spidéal.
Ar dheis: Max Kennedy ó Bhaile Átha an Rí.
I lár: Conor Doyle, stiúrthóir an chomórtais SBI Stars of the Future Event.
Sa gcluiche ceannais den chómortas, a imríodh le gairid, bhí an bua ag Lorcán ar Max.
Tá áit bainte amach ag Lorcán agus ag Max i gCraobh Snúcair na hEorpa faoi 16 agus faoi 18, comórtas a imreofar i Sarajevo an chéad mhí eile.
Beidh Lorcán Ó Curraoin, ó Bhoth Loiscthe, An Spidéal, ag triall ar Sarajevo, príomhchathair Bosnia & Herzegovina, an chéad mhí eile le páirt a thógáil i gcraobhchomórtas snúcair na hEorpa faoi 16 agus faoi 18.
Le gairid bhí bua ag Lorcán sa gcomórtas SBI Stars of the Future, lena áit a chinntiú i gcraobhchomórtas na hEorpa.
Insealbhú an Athair Daniel
An tAth Daniel Ó Gallagher, ar dheis, leis an Easpag Michael Duignan, Easpag na Gaillimhe, tar éis don Easpag Michael an tAthair Daniel a inshealbhú mar Shagart Paróiste an Spidéil, ag ócáid i gCill Éinde ar an Domhnach seo caite, 3 Feabhra.
Bhí slua an-mhór i láthair nuair a insealbhaíodh an tAthair Daniel Gallagher mar shagart paróiste ar an Spidéal ag searmanas ar leith i gCill Éinde sa Spidéal ar an Domhnach 4 Feabhra.
Tá an tAthair Daniel ag feidhmiú sa bparóiste ó dheireadh mhí na Samhna 2021, ach cheap an tEaspag Michael Duignan go foirmeálta é ag aifreann an Domhnaigh seo caite.
Trí shéipéal atá faoina chúram, Cill Treasa i Ros an Mhíl, Cill Mhuire sna Mine agus Cill Éinde sa Spidéal agus ghlac ionadaithe as chuile cheantar acu páirt sa searmanas.
Gasúir as an bparóiste a léigh guí an phobail agus Cór an Chroí Ró-Naofa as Cill Éinde a bhí i mbun an cheoil. Ghuigh an tEaspag chuile rath ar an Athair Daniel agus dúirt go raibh súil aige go mbeidh blianta fada roimhe féin agus muintir an pharóiste ag obair agus ag tacú lena chéile.
Lean an ceiliúradh ar aghaidh i Halla Scoil Éinne, áit ar tháinig slua breá le chéile le casadh leis an Easpag Michael agus le tréaslú leis an Athair Daniel.
Is as an mBóthar Mór i gCathair na Gaillimhe don Athair Daniel agus chaith sé tréimhse mar shagart cúnta i Meáraí/Órán Mór sular ceapadh sa Spidéal é nuair a hainmníodh an tAthair Seán Mac Aoidh mar shéiplíneach in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
Grúpa de Cheoltóirí Óga Chois Fharraige a chas in Ionad Siopadóireachta an Fhaiche Mhóir, ar an Satharn seo caite, mar chuid den fhéile nua TONNTA, a bhí eagraithe ag Gaillimh le Gaillimh.
Mí ghnóthach atá ag Ceoltóirí Chois Fharraige an mhí seo. Bhí grúpa mór acu ag casadh i nGaillimh ar an Satharn seo caite mar chuid den fhéile TONNTA.
Beidh na ceoltóirí sa ngrúpa sóisir ag casadh ag gig ar son BÁNÚ ar Aoine seo, 9 Feabhra, sa bPoitín Stil. Lár mí Feabhra beidh thart ar dheichniúr acu ag triall ar Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne.
Beidh an grúpa is sine ag casadh ag ‘Oíche Cheoil do Vince’, i dTigh Chualáin ar an Aoine, 16 Feabhra.
Is í príomhaidhm Cheoltóirí Óga Chois Fharraige spás sóisialaithe a sholáthar do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu agus iad sásta í a labhairt. Ar ndóigh, ní fhéadfaí aon chuid den obair thábhachtach pobail seo a dhéanamh gan na meantóirí a bhíonn ag obair go deonach leis na ceoltóirí óga.
Tráth na gCeist do Scoil Sailearna
Colm Óg, Tigh Chualáin
Tá Tráth na gCeist á reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí ag Scoil Sailearna i dTigh Chualáin, ar an Aoine 9 Feabhra. Cuirfear tús le cúrsaí ag 8.00i.n. Beidh crannchur agus neart duaiseanna le buachan ar an oíche.
Táille de €40 atá ar bhord de cheathrar, nó €10 an duine aonair.
Fáilte roimh chách!
Folúntais san ITT
An ITT in Indreabhán
Tá dhá phost bainistíochta le líonadh ag an ITT in Indreabhán agus iarratais á lorg ó dhaoine leis na cáilíochtaí riachtanacha. Do phost an Bhainisteora ní gá go mbeadh cáilíochtaí cúram leanaí ag an té a cheapfaí. Taithí bainistíochta a theastaíonn. Beidh pá idir €39,000 agus €42,000 á thairiscint don té a cheapfar.
Tá post mar Leas-Bhainisteoir fógraithe chomh maith ag an ITT. Beidh cáilíochtaí cúram leanaí ag teastáil don phost sin agus tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach. Pá idir €16.50 agus €18 an uair a’ chloig atá á thairiscint do phost an Leas-Bhainisteora. Tá go dtí 5.00pm ar an Luan seo chugainn, 12 Feabhra, le iarratais agus CV a sheoladh chuig ittancranntaca@nullgmail.com.
Tá folúntais d’oibrithe luathbhlianta ag an ITT i láthair na huaire chomh maith. Cuireann an ITT seirbhís an-tábhachtach ar fáil do thuismitheoirí i gceantar Chois Fharraige, le naíolann agus naíonra do pháistí réamhscoile, chomh maith le club bricfeasta agus seirbhís iarscoile. Breis is 120 páiste a bhíonn ag freastal ar an ITT, ach tá brú an ionad le tamall anuas mar gheall ar ghanntanas foirne agus an baol ann go ndúnfar na doirse ag deireadh na míosa mura mbeidh réiteach faighte ar an gcruachás.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an chéad ócáid eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 14 Feabhra, Lá Vailintín, nuair a sheolfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg úrscéal nua le Jackie Mac Donncha ó Chill Chiaráin.
‘Oiread na Fríde’ is teideal don úrscéal, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
Tosóidh an ócáid ag 8.00pm.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,500 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 1, 4, 7, 32.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Martha Quinn, An Bóthar Buí;
- Peigí Griffin, Baile na hAbhann;
- Pádraig Darby, Na hAille;
- Pádraig Folan, Na hAille.
Eoin Mac Diarmada, An Lochán Beag, a fuair duais an díoltóra.
€5,600 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
- Iomáint (Scoileanna): Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal 3 – 08, Coláiste Éinde 0 – 08.
- Sacar (faoi 16 I): MacDara 2, Kiltullagh 5.
- Sacar (faoi 14, RI): MacDara 1, Cregmore/Claregalway B 2.
- Sacar (faoi 13, RII): MacDara 6, Tuam Celtic B 1.
- Sacar (faoi 12, RII): MacDara 2, Mervue Utd. B 0.