Cartlann Nuachta: 7 Iúil 2021

Cruinniú faoin bPlean Forbartha Nua

Logo Cumann Forbartha ildaiteTá cruinniú ar líne á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, seachtain ón Luan seo chugainn, 19 Iúil, le plé a dhéanamh faoin na leasaithe atá á mholadh ag an gCumann Forbartha le cur ar Phlean Forbartha an Chontae. Tá cuireadh tugtha ag an gCumann Forbartha don chúigear comhairleoir, a toghadh i gConamara Theas, a bheith i láthair ag an gcruinniú a bheas ar an gcóras zúm.

Tá leasaithe réitithe ag an gCumann Forbartha maidir le soláthar tithíochta, caomhnú teanga an phobail, deisiú bóithre, cúrsaí séarachais agus muilte gaoithe.

Le páirt a ghlacadh sa gcruinniú ní mhór ríomhphost a chur chuig cumannforbartha@nullgmail.com agus ar lá an chruinniú seolfar ar ais cóip de na leasaithe chomh maith leis an nasc le fáil isteach sa gcruinniú.


Traidphicnic 2021

Ceoltóirí Óga ag Traidphicnic 2021

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag casadh sa Spidéal, le linn Traidphicnic an deireadh seachtaine seo caite.

Ó chlé: Damhnait Ní Fhátharta, Labhaoise Ní Bhéarra, Éabha Ní Chonghaile, Caitríona Ní Mhathúna, Sadhbh Laila Riggott, Neasa Nic Dhonncha, Fionnán Ó Coisdealbha, Lughán Mac Con Iomaire agus Dylan Ó Murchú.

In ainneoin na drochaimsire d’éirigh thar barr leis an bhféile ceoil Traidphicnic sa Spidéal an deireadh seachtaine seo caite, cé gur ar líne is mó a bhí na himeachtaí le feiceáil de bharr srianta sláinte.

Thosaigh na seisiúin ar an Aoine, nuair a chas Aisling agus Luisne Ní Neachtain in éindí le Brian Terry Mac Donnacha taobh amuigh den Oifig an Phosta sa Spidéal. Idir sin agus an Domhnach bhí clár fada ceoil agus amhránaíochta á shruthú beo ar leathanach Facebook Traidphicnic. Bhí scoth na gceoltóirí traidisiúnta tagtha ag an Spidéal don fhéile, ach chomh maith leis sin, bhí áit ar an gclár ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.

Is ó Tigh Hughes sa Spidéal is mó a bhí na seisiúin á shruthú, agus fáil orthu ar líne. Ach bhí seisiúin amuigh faoin aer chomh maith ag an gCéibh Nua, ag an tSean-Chéibh agus ag an gCeardlann agus srianta Covid á chur i bhfeidhm go cúramach.

Tá súil ag lucht eagraithe na féile go mbeifear in ann féile ar an ngnáthbhealach a eagrú an chéad bhliain eile agus go mbeidh seisiúin beo ar fáil sna tithe tábhairne áitiúla, mar a bhíonn go hiondúil.


An tAthair Pádraic Steve

Oirniú-an-tAthair-Pádraic-Steve

An tAthair Pádraic Ó Neachtain ag ceiliúradh a chéad Aifrinn tar éis a oirnithe i Séipéal an Chnoic, leathchéad bliain ó shin. Taobh leis tá Ardeaspag Thuama, an tOirmhinneach Seosamh Ó Cuinneáin.

Seachtain ón Domhnach seo caite, i gCape Town na hAfraice Theas, bhí ceiliúradh speisialta ag an Athair Pádraic Ó Neachtain, a oirníodh ina shagart ar an lá sin, 27 Meitheamh 1971. Déanadh ceiliúradh ar Iubhaile Órga Phádraic freisin ag an Aifreann i gCill Éinde sa Spidéal an mhaidin sin, áit a raibh gaolta agus comharsana i láthair.

Rugadh Pádraic ar an gCré Dhubh i 1940, mac le Nóra Pheaits Nella agus le Steve Mhaidhc Mhaitiú. Tar éis na bunscoile chuaigh sé go Baile na Cille i gCo Laoise, áit ar fhreastail sé ar mheánscoil de chuid an Ord Sailéiseach, ord misinéireachta. Thug Pádraic aghaidh ar Cape Town na hAfraice Theas don chéad uair sa mbliain 1959, turas sé seachtainí ar bord loinge. Is ann a chaith sé formhór a shaoil ó shin, seachas roinnt blianta a chaith sé sa nGearmáin ag staidéar na diagachta sul má hoirníodh é.

Leathchéad bliain ó shin ba ócáid mhór a bhí san oirniú do Chois Fharraige agus go speisialta dá bhaile féin, An Chré Dhubh. Ceaptar gurb é an chéad oirniú as Gaeilge in Éirinn é. Bhí tinte cnámh lasta sa bparóiste agus siar fad a bhealaigh chomh fada leis an gCeathrú Rua, áit a raibh an ceiliúradh ar siúl i ndiaidh an oirnithe.


Báireoirí na mBreathnaigh sa gCluiche Cheannais

Éinne Bouli Ó Conghaile ag smachtú an sliotair le linn an chluiche in aghaidh Bearna/Na Forbacha sa gComórtas Sóisear 1, a imríodh ar am Domhnach seo caite. Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór agus de bharr scóranna níos mó ag Na Breathnaigh sa gcomórtas, d’éirigh leo fáil tríd go dtí an chluiche ceannais in aghaidh Bhóthar na Trá.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]

Imríodh cluiche iománaíochta idir dhá fhoireann ó Chois Fharraige ar an Domhnach seo caite sna Forbacha, lena shocrú cé acu – Cumann Micheál Breathnach nó Cumann Iománaíochta Bhearna/Na Forbacha a bheadh ag cáiliú le haghaidh cluiche ceannais an chontae sa gcomórtas Sóisear 1.

Cé gur chríochnaigh an cluiche ar chomhscór, siad Na Breathnaigh a bheas ag dul tríd ag an gcluiche ceannais in aghaidh Bóthar na Trá, mar go raibh farasbarr scóir níos fearr acu sa gcomórtas.


Aighneacht in aghaidh Tuirbín Gaoithe ar an mBóthar Buí

Tuirbíní Gaoithe - An Cnoc

Tuirbíní Gaoithe, An Cnoc

Tá aighneacht seolta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an iarratas pleanála atá déanta ag Natural Forces Renewables le tuirbín gaoithe a thógáil ar an mBóthar Buí. San aighneacht iarrann an Cumann Forbartha ar an Rannóg Pleanála breis eolais a iarraidh maidir leis an ngné pobail den tionscadal.

Deir an aighneacht go mba cheart a thabhairt san áireamh go bhféadfadh an tuirbín gaoithe atá beartaithe cur isteach ar thithe atá gar don suíomh, le flicker ó sholas na gréine tráthnóna samhraidh.


Páirc Spraoi an Chnoic

Páirc Spraoi an Chnoic

Páirc Spraoi an Chnoic

Tá achainí, atá sínithe ag os cionn 200 duine, seolta ag tuismitheoirí ó cheantar Chois Fharraige chuig Comharchumann Sailearna maidir leis an droch-staid ina bhfuil Páirc Spraoi an Chnoic.

Impítear san achainí ar an gComharchumann “tabhairt faoi obair dheisiúcháin agus chothabhála ar an bpáirc láithreach ionas gur féidir linn sult a bhaint as i rith an tsamhraidh agus amach sa todhchaí. Ba bhreá linn freisin dá mbeadh fáil ar bhoird le go mbeadh muid in ann picnic a bheith againn ann.”


Cluiche Dícháilithe ar an Domhnach

Cumann Mícheál BreathnachIs ar an Domhnach seo chugainn, 11 Iúil, ag 2.30pm i Staid an Phiarsaigh, a imreoidh Cumann Micheál Breathnach an cluiche dícháilithe peile in aghaidh Mainistir-Muine Mheá, le fáil amach cé acu a bheas ag fanacht i nGrád na Sinsir i mbliana.

Baineann an cluiche seo le comórtas na bliana seo caite, nár imríodh ag an am.

Cluiche cinniúnach é seo, mar le áit a choinneáil i nGrád na Sinsir beidh ar Chumann Micheál Breathnach an cluiche dícháilithe a bhuachan ar an Domhnach.


Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais arís tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlín www.coisfharraige.ie, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil go rialta.


7 Iúil 2021