Cartlann Nuachta: 7 Lúnasa 2019
Oifigí Nua Fíbín ar Tí Oscailt
Tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín chun mórléiriú lasmuigh ina spás nua buan ar an Tualch a stáitsiú ar an gCéadaoin 21 Lúnasa le linn ócáid cheiliúrtha oscailt oifigiúil na n-oifigí nua ar an Tulach. Seo seó scríofa agus stiúrtha ag stiúrthóir ealaíne nua Fíbín, Philip Doherty faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’. Seó atá bunaithe ar fhíorscéal a thit amach sa mbliain 1880, uair ar chuir tionóntaí Éireannacha stop le díshealbhú den chéad uair riamh i stair na tíre.
Tá muintir Chaitlín, páirt an amhránaí agus an cheoltóra Róisín Seoighe ar tí bás a fháil leis an ocras. Trí voodoo na drámaíochta, aiséireoidh a sinsir ó na mairbh, iad siúd a cailleadh sa nGorta Mór, agus spreagfaidh siad Caitlín leis an bpobal a tharraingt le chéile agus an fód a sheasamh i gcoinne na dtiarnaí talún. Tiocfaidh na daoine le chéile, le pící, le sluaiste agus le fóid mhóna ar lasadh acu agus cuirfidh siad stop le díshealbhú i gcoinne na bPeelers a bhfuil gunnaí ina seilbh acu. Ba é seo an gníomh a chuir splanc faoin tine le Saoirse a bhaint amach d’Éireann…agus a spreag na glúnta ar fud an domhain ina dhiaidh sin le muinín a chuir i nglór na hagóide agus i gcumhacht na ndaoine.
Cuirfear an domhan áiféiseach seo i láthair go físiúil agus go drámatúil, blaosc atá chomh mór le teach is ea an reilig, pubal mór sorcais is ea cathair Londain agus taibhse Michael Davitt ina scéalaí, i nglór an aisteora Eoghan O’Riada. Beidh foireann aisteoirí ghairmiúil, lena n-áiritear Eoin Geoghegan agus Micheál Ó Dubhghaill páirteach sa seó i dteannta aisteoirí pobail fuinniúla amaitéaracha. Déanfaidh an mór-dhán ceoldrámaíochta seo ceiliúradh ar ár dteanga, ar ár stair agus ar ár misneach. Agus ionspioráid á tógáil ó fhórsaí ársa na trodaíochta, déanfaidh an léiriú seo teanga, gníomh agus ceol a mheascadh ar son na scéalaíochta. Tá an ceol don léiriú seo cumtha ag Alain Halimi.
Cuirfidh Fíbín tús leis an seó pobail saor in aisce seo ar an gCéadaoin 21 Lúnasa agus beidh deis ag an bpobal an seó a fheiceáil an oíche dár gcionn agus arís an oíche Aoine 23ú ag 9 san oíche. Tá na léirithe uile saor in aisce ach ní mór ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite roimh ré. Bhí Fíbín ag ceiliúradh cúig bliana déag ar an bhfód anuraith agus dár le Stiúrthóir Bainistíochta Fíbín, Darach Ó Tuairisg is tús le ré nua do Fíbín agus do dhrámaíocht na Gaeilge atá san athlonnú chuig an spás buan seo i gcroílár Ghaeltacht Chonamara agus tá Fíbín an-bhuíoch don Chomhairle Ealaíon agus d’Ealaín na Gaeltachta as ucht tacú leis an léiriú nua seo.
Cé atá Curtha i nDumhach na Leanbh?
Breandan ag Breathnú ar Chros – Dumhach na Leanbh 2018
Tá Coiste Athchóirithe Dumhach na Leanbh ag iarraidh eolas a bhailiú faoi na daoine a cuireadh sa reilig cois chladaigh ar an Teach Mór, Indreabhán. Má tá eolas agat faoi dhaoine muinteartha leat a cuireadh i nDumhach na Leanbh ba mhaith le Coiste Áthchóirithe Dumhach na Leanbh cloisteál uait.
Tá sé i gceist, le cead a mhuinteartha, liosta a dhéanamh amach agus é a fhoilsiú i mBISEACH 2019. An t-eolas a theastaíonn ná ainm áitiúil, sloinne, baile fearann agus aois. Is féidir eolas a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com.
Taispeántas Chois Fharraige 2019
Seó an Spidéil 2018 – Capall Sinsir
Tá an clár le haghaidh Taispeántas Chois Fharraige ar fáil anois. Beidh an Taispeántas nó Seó an Spidéil mar a thugtar air chomh maith, ar bun ar an Domhnach, 1 Meán Fómhair i gColáiste Chonnacht, ar an Spidéal.
Bíonn go leor comórtas ann idir chapaillíní agus caoirigh, glasraí agus torthaí, bláthanna agus ceardaíocht, cácaí agus milseogaí, ealaíon agus grianghrafadóireacht. Bíonn neart comórtais do ghasúir agus do na déagóirí ann chomh maith.
An Chéadaoin, 26 Lúnasa, an dáta deiridh le haghaidh iontrála. Is féidir breis eolais agus foirmeacha iarratais a fháil ach glaoch a chur ar Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ag an uimhir 091 553666.
Is féidir an clár a íoslódáil ón nasc seo: Taispeántas Chois Fharraige 2019.
Post Bainistíochta
Tá an Crann Taca (an ITT) ar an gCnoc ag lorg bainisteoir, a bheadh ag obair faoi stiúir an bhoird ag cur i bhfeidhm clár oibre ha heagraíochta.
Ní mhór d’iarrthóirí “sárscileanna bainistíochta, cumarsáide agus cúram leanaí a bheith acu, chomh maith le togha na Gaeilge labhartha agus scríofa” do réir an fhógra a bhí i nuachtlitir an tséipéil.
Is féidir litir iarratais agus CV a chur ag Cathaoirleach an ITT , An Cnoc, Indreabhán, nó ríomhphost a chur ag ittt@nulleircom.net.
Biseach 2019
Tá ábhar á chuartú ón bpobal i gCois Fharraige don iris BISEACH 2019, an iris a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige go bliantúil.
Chomh maith le altanna faoi stair áitiúil agus imeachtaí reatha i gceantar Chois Fharraige, go hiondúil bíonn neart grianghrafanna san iris idir grianghrafanna nua agus grianghrafanna a tógadh na blianta ó shin.
Fáilteoidh coiste eagarthóireachta na hirise roimh ábhar spéisiúl ar bith, idir seanchas, stair áitiúil, grianghrafanna, eolas faoi eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gceantar chomh maith le tuairimíocht. Bíonn spéis faoi leith i seanphictiúirí ón gceantar agus bíonn neart acu sin ann chuile bhliain. Nuair a chuirtear ar fáil na seanphictiúirí déantar iad a scanáil go cóip digiteach agus iad a thabhairt ar ais arís slán sábháilte.
Is féidir dul i dteagbháil leis an gcoiste eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 0864048881.
Tá súil ag an gcoiste eagarthóireachta BISEACH na bliana seo a fhoilsiú lár mí Dheireadh Fómhair. Anuraidh díoladh amach na cóipeanna ar fad den iris a priontáladh.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlín www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil go rialta.
Cluichí Peile ag an Deireadh Seachtaine
Tá dhá cluiche peile le imirt an deireadh seachtaine seo, sna craobhcomórtais sinsir agus idirmheánach.
Ar an Domhnach seo chugainn imreoidh Micheál Breathnach in aghaidh Uachtar Ard ag 1.00pm sa gcraobh idirmheánach peile. Seo é an darna cluiche do Na Breathnaigh sa ngrúpa. Bhuail siad Kilkerrin-Clonberne níos túisce sa samhradh.
Ar an Aoine seo, 9 Lúnasa, beidh foireann sinsir peile An Spidéil ag imirt Killererin i Staid an Phiarsaigh, Bóthair na Trá, ag tosú ag 7.45pm
Torthaí Spóirt
- Iomáint (faoi 13): Ml. Breathnach 4– 07, Meelick-Eyrecourt 3 – 03.
- Iomáint (faoi 13): Ml. Breathnach 6– 07, Sylane 1 – 03.
- Peil (faoi 15): An Spidéal 2– 02, Salthill-Knocknacarra 3 – 18.