Cartlann Nuachta: 7 Marta 2018
An Sneachta Mór
Reilig an Spidéil faoi sneachta an tseachtain seo caite.
‘Glór na nÓg’ sa tSeanscoil
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i mbun ceoil sa Taibhdhearc.
Beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag cur ceol ar an stáitse i Seanscoil Sailearna ar an Aoine seo, 9 Márta, ag tosaí ag 7.30pm. Beidh suas le 60 gasúr páirteach san ócáid agus iad faoi stiúir ag na meantóirí a bhíonn ina dteannta chuile dheireadh seachtaine ag na seisiúin cheoil.
Nuair nach raibh siad amuigh ag spraoi sa sneachta, thapaigh gasúir óga Chois Fharraige an deis an cupla lá a bhí saor ón scoil acu a chaitheamh ag cleachtadh agus ag cur barr feabhais ar na poirt atá roghnaithe acu don cheolchoirm mhór a bheidh ar siúl ar an Aoine seo.
Níl aon dearmad déanta ar na hamhráin ná ar an damhsa ach an oiread agus beidh togha na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí óga le feiceáil ar an ardán chomh maith sa tSeanscoil.
Ní bheidh aon táille ag an doras ach beidh raifil ann ar mhaithe leis an gcarthanacht ‘Strange Boat’ a bhunaigh Martina agus Denis Goggin le feasacht an phobail maidir le deonú orgán a mhúscailt .
Tosóidh an cheolchoirm ag 7.30 pm ar an bpointe.
Drámaíocht i gCois Fharraige
An deireadh seachtaine seo caite bhí Seanscoil Sailearna lán go doras trí oíche i ndiaidh a chéile don dráma ‘Cripil Inis Meáin’, curtha ar stáitse ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige. Cuireadh léiriú breise ar bun ar an Luan seo caite in áit an Aoine roimhe sin, de bharr na droch aimsire. Bhí cliar mhór sa dráma agus an aisteoireacht thar barr ar fad. Ardchaighdeán léirithe a bhí ann faoi stiúr Eoghain Uí Riada, chomh maith is a bheifeá ag súil leis ó amharchlann proifisiúnta.
Martin McDonagh, a bhfuil cáil dhomhanda air faoin am seo mar gheall ar an scannán ‘Three Billboards outside Eppinton, Missouri’ a scríobh an dráma i mBéarla, agus Micheál Ó Conghaile a d’aistrigh an dráma go Gaeilge Chonamara. Eoghan Ó Riada a bhí i mbun an léirithe.
Fochoiste Timpeallachta Bunaithe
Gearóid Willy Ó Fátharta
Ag cruinniú an tseachtain seo caite san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT), bunaíodh Fochoiste Timpeallachta de Chumann Forbartha Chois Fharraige le tabhairt faoi fhadhb na dramhaíola sa gceantar. Pléadh go leor moltaí agus tuairimí faoi bhealaí a d’fhéadfaí daoine óga a mhealladh i dtreo na hoibre.
Gearóid Willy Ó Fátharta a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú.
Moladh go mbeadh ionad lárach sa gceantar le go bhféadfaí bruscar cosúil le cannaí péint a bhailiú ag amanna áirithe den bhliain. Chuige sin tá teagmháil le déanamh le Oifigeach Timpeallachta an Chomhairle Chontae.
Socraíodh go mbeadh an ‘Glanadh Suas’ bliantúil an Chumann Forbartha, ar bun i mbliana ar an Satharn, 14 Aibreán.
Éinne eile a mbeadh spéis acu a bheith páirteach sa bhFochoiste Timpeallachta is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Gearóid Willy Ó Fátharta ag an uimhir 087 1234415.
Seisiún na mBan i gCois Fharraige
Beidh Tigh Chualáin ar an gCoill Rua ag cur thar maoil le bancheoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus scéalaithe an Déardaoin seo, 8 Márta, nuair a thiocfas bantracht Chonamara le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Beidh an oíche faoi stiúir ag Neansaí Ní Choisdealbha, eagraí ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is seisiún oscailte a bheidh ann. Tá sé deimhnithe cheana féin ag Aisling agus Luisne Ní Neachtain, Caitlín Ní Chualáin, Sarah Ghriallais, Nóirín Gavin, Julie Devanney, Mairéad Ní Fhlatharta, Bridget Barker, Bríd Treasa Ní Ghaoithín agus go roinnt eile mná go mbeidh siad ann. Is cinnte go ndéanfaidh sí an-oíche! Beidh fáilte roimh chailíní óga idir 8.00 agus 9.00 i.n. Beidh fáilte roimh na fir freisin, má tá sé de mhisneach acu cos a chur thar thairseach an tí, Lá Idirnáisiúnta na mBan!
Féile Scoldrámaíochta Chonnacht
Rang a 4 ó Scoil Sailearna atá ag glacadh páirt an tseachtain seo i bhFéile Scoildhrámaíochta Chonnacht i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. ‘Craoibh an Chondae’ an dráma atá le cur ar stáitse acu.
Ar chúl ó chlé: Caoimhe Ní Chuinn, Ciarán Dwyer, Jessica Ní Chonghaile, Louise Seoighe, Kayla Schmidt, Naoise Ó Máille, Jack Ó Máille, Jeaic Ó Cúláin, Ferdia Ó Braonáin, Caolite Canny.
Sa lár ó chlé: Riley Wagstaff. Lúghán Simmonds, Sarah Ní Choincheanainn, Síofra Brady, Déithín Ní Fhátharta, Sienna Ní Shúilleabháin, Katie Ní Phiotáin, Muiréad Ní Fhátharta, Fé Nic Dhonncha, Eileanoir Nic Cormaic.
Chun tosaigh ó chlé: Macdara Ó Grádaigh, Sadbh Ní Ghibne, Saise Ní Chuinn, Chloe Davy Ní Choisdealbha, Chloe Ní Chúaláin, Lorcán Ó Maoilearca, Pádraig Nesbitt, Iarla Ó Brádaigh, Conor Ó Cúláin.
Páirteach sa dráma ach as láthair ón bpictiúr: Laoise de Búrca, Isabella Ní Choisdealbha, Máirtín Óg Ó Fátharta.
An tseachtain seo tá Féile Scoldrámaíochta Chúige Connacht ar bun i Seanscoil Sailearna. Beidh trí dhráma á chur ar stáitse ag Colaiste Cholmcille, Indreabhán; dhá dhráma ag Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal; dhá dhráma ag Scoil Sailearna ar an gCnoc; dráma amháin ag Scoil na Tulaí agus dráma amháin ag Scoil Ros a’ Mhíl.
Fógrófar na torthaí ar Raidió na Gaeltachta ar an Aoine seo ar Nuacht a 6.00 agus beidh na buaiteoirí ag dul ar aghaidh le páirt a thógáil sa bhFéile Náisiúnta ag deireadh na míosa.
Rocky Ros Muc
Ar an Déardaoin seo chugainn, 15 Márta, taispeánfar an scannán ROCKY ROS MUC ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm. Scannán faisnéise faoin dornálaí Seán Ó Mainnín, atá ann.
Bhain Seán cáil amach, dó féin agus do Ros Muc, nuair a throid sé Mike McCallum i gcraobh comórtas meán-mheáchain an domhain i Madison Square Garden sa mbliain 1984.
Tá an scannán faisnéise bunaithe ar an leabhar a scríobh Rónán Mac an Iomaire. Tá cur síos sa scannán ar an tógáil a fuair Seán Ó Mainnín i Ros Muc, mar a thosaigh sé ag plé leis an dornálaíocht ina bhuachaill óg agus mar a d’fhorbair sé mar dhornálaí proifisiúnta i mBostún, sa gcaoi is go raibh sé réidh le tabhairt faoi Chraobh an Domhain i 1984.
Cé gur taispeánadh ROCKY ROS MUC ar TG4 le linn na Nollag, is cinnte go mbeidh éileamh mór ar shuíocháin leis an scannán a fheiceáil ar an scáileán mór sa tSeanscoil. Is féidir suíochán a chur in áirithe ach glaoch nó téacs a chur ar an uimhir (086)4048881, é sin nó ríomhphost a sheoladh ag clubscannan@nullgmail.com.
Oíche Eolais an Údaráis
Beidh ócáid don phobal á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i Seanscoil Sailearna ar an Luan seo chugainn, 12 Márta, idir 4.00 agus 8.00pm, chun eolas a scaipeadh faoi na scéimeanna agus faoi na tacaíochtaí atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta i gceantar Chonamara: Tacaíochtaí do Ghnó, Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta, Pleanáil Teanga, Tacaíochtaí Pobail, Printíseachtaí srl.
Chomh maith leis sin, beidh eagraíochtaí eile atá ag soláthar seirbhísí sa nGaeltacht i láthair, ina measc Fóram Chonamara (Leader), Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Muintearas, Gréasán na Meán, Galway Rural Development, VTOS, FLAGS, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Comharchumainn Áitiúla, Eolas do Shaoránaigh.
Seans iontach é seo le eolas a fháil ar aon láthair amháin ó eagraíochtaí éagsúla, a chuireann seirbhísí is deontais ar fáil.
Pleanáil sa nGaeltacht
Ag cruinniú a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar an Luan 26 Feabhra, glacadh le leasú ar Phlean an Chontae atá le tíocht i gcomharbacht ar Phlean Aitiúil na Gaeltachta. Ní mó ná sásta a bhí eagraíochtaí pobail leis an dréacht a bhí ullmhaithe ag an oifig pleanála, mar go gciallódh sé lagú ar an gcosaint don Ghaeilge i gCois Fharraige.
Glacadh leis nach bhféadfaí an chosaint ar an nGaeilge a lagú agus socraíodh go mba cheart go mbeadh 80% de na haonaid tithíochta in aon fhorbairt le dhá theach nó níos mó i gCois Fharraige (Na Forbacha go Ros a’ Mhíl) faoi choinníoll teanga ar feadh 15 bliain.
Glacadh le roinnt moltaí faoi réimsí talún sa Spidéal a chriosú do thithíocht. Taobh istigh de sheachtain nó dhó foilseofar an leasú iomlán leis na hathraithe atá déanta ag na comhairleoirí agus beidh deis eile ag an bpobal aighneachtaí a dhéanamh.
7 Marta 2018