Cartlann Nuachta: 7 Meán Fómhair 2016

7 Meán Fómhair 2016


Taispeántas Chois Fharraige

Seán Tommaí Ó Cualáin - Seó an Spidéil2016

Seán Tommaí Ó Cualáin, Salathúna, lena ghariníon Ciara, ag Taispeántas Chois Fharraige, sa Spidéal ar an Domhnach seo caite.

Séamas Keady - Seó an Spidéil2016

Séamas Keady, Seanaghurrán, lena mhadra, ag Taispeántas Chois Fharraige, sa Spidéal ar an Domhnach seo caite.


Oireachtas Chois Fharraige

Oir2016An deireadh seachtaine seo chugainn a bheas an fhéile chultúrtha, Oireachtas Chois Fharraige 2016, ar siúl agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach, 25 Meán Fómhair. Thart ar Indreabhán agus An Spidéal a bheas formhór na n-imeachtaí ar bun. Ar an gclár tá meascán de Cheol, Amhránaíocht, Damhsa ar an Sean-Nós, Drámaíocht agus Amhránaíocht.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17/18 Meán Fómhair, léireofar in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) don chéad uair ‘Éirí Amach Chois Fharraige’, seó ilmheánach atá scríofa go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain le comóradh a dhéanamh ar Chois Fharraige agus 1916, agus chomh maith leis sin, le ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin i 1966 agus ar an méid a baineadh amach ó shin.

Tuilleadh Eolais agus an Clár Iomlán Anseo.

Tá bileogaí leis an gclár iomlán ar fáil anois le piocadh suas i siopaí agus áiteanna poiblí i nGaeltacht Chonamara nó tré scéal a chur ag comoradh40@nullgmail.com, nó téacs ag 083 8649519. Agus is féidir an clár iomlán a íoslódail mar PDF Anseo.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé thart ar €25,000 é a chur ar bun. Tá urraíocht flaithiúil fáighte ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille aríst i mbliana, chomh maith le roinnt ó Údarás na Gaeltachta, ó TG4, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá beagán le tíocht ó Ealaín na Gaeltachta. Aisteach go leor, dhiúltaigh Oireachtas na Gaeilge aon urraíocht a chur ar fáil i mbliana, cé go bhfuil sé mar chúram ar an eagraíocht (faoin leagan amach nua ar na heagraíochtaí Gaeilge) a bheith ag tacú le féilte cultúrtha den chineál seo. Is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine atá an coiste. Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid don deireadh seachtaine a cheannacht roimhré, ar an bpraghas €25. Tá na ticéid ar fáil ó oifigí an Chomhar Creidmheasa ar an gCnoc agus ar an gCeathrú Rua, ó oifig Chomharchumann Sailearna sa tSeanscoil agus ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil. Is maith an luach airgid na ticéid chéanna mar go dtabharfaidh sé cead isteach saor in aisce do na himeachtaí uilig ar an gclár.


Éacht Déanta ag Iománaithe Faoi 13

foireann faoi 13

Fuair an fhoireann faoi 13 tríd chuig an gCraobh don tSraith C1 don Chondae san iomanaíocht le gairid ach, faraor, chaill siad in aghaidh an Turlach Mór sa gcraobh sin. Ba éacht mhór é seo do na himreoirí ógá agus tá aitheantas ag dul dóibh mar gur throid siad go cróga go dtí an nóiméad deirneanach.  Bhí an cluiche ar siúl i bPairc Uí Chionnaith, 29 Lúnasa.


Cogaslann Bhreathnach agus Cumann Micheál Breathnach

Cogaslann BhreathnachCLG MB

Le gairid, bhronn Cogaslann Bhreathnach, An Spidéal, boscaí céad cabhair ar Chumann Micheál Breathnach. Is mór an cabhair an urraíocht seo ó Denis.

Sa bpictiúr, ó chlé: Fiona Ní Fhlatharta, Frances Uí Churraoin (Rúnaí Chumann Micheál Breathnach), Denis Walsh (Úinéar Cogaslann Bhreathnach, An Spidéal), Caroline Uí Neachtain agus Catherine Uí Scanláin, ionadaí óige Chumann Micheál Breathnach.


Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Faoi 8

Camógaí faoi 9_2016

Foireann faoi 8 ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige a ghlac páirt i mBlitz ar an Turlach Mór ar an Satharn seo caite.

Ar chúl, ó chlé: Dearbhail Nic Dhonnacha, Caitríona Ní Raifeartaigh, Eabha Ní Neachtain, Sadhbh Ní Shlattara, Mar Ní Néill, Caoimhe Ní Ghloinn.

Chun tosaigh, ó chlé: Laoise Ní Bhrádaigh, Amy Cannon Doran, Niamh Ní Ghionnáin, Saoirse Ní Chualáin.


Geansaithe Nua Bronnta ag Supermacs

Foireann peile f15 lena ngeansaithe nua bronnta ag Supermacs An Spidéal2016

Foireann Peile f15 lena nGeansaithe Nua a Bhronn Supermacs, An-Spidéal, orthu.


Seisiún na nDéagóirí Ar Ais!

Beidh Seisiún na nDéagóirí ar ais arís i mbun ceoil trathnóna Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair, sa Droighneán Donn sa Spidéal ón 7-8 trathnóna.

Tá an seisiún faoi stiúr an cheoltóra cumasach, Toner Quinn, agus tá míle fáilte roimh cheoltóirí óga atá ag freastal ar an dara leibhéal teacht le cúpla port a chasadh i dteannta a chéile. Bíonn soláistí ar fáil agus bíonn tuismitheoirí i bhfeighil na ndaoine óga le linn an tseisiúin i gcónaí.

Tabharfar eolas chomh maith ag seisiún an tSathairn seo faoin bplean atá ann don Oíche Chultúir, ar an Aoine, 16 Meán Fómhair.

Tuilleadh eolais: 087-2669731.


Taispeántas Grianghraf ar an gCeathrú Rua

Layout 1

Tráthnóna inniu, Déardaoin, 8 Meán Fómhair, ag 7.00pm, osclófar taispeántas spéisiúil grianghrafanna ar an gCeathrú Rua. ‘An Cheathrú Rua trí shúile an Ghaeilgeora’ is teideal don taispeántas, atá á eagrú ag Oireachtas na Gaeilge i gcomhar le Comharchumann Mhic Dara. Fear darb ainm Tom Gallagher a thóg na pictiúir sa gceantar sa mbliain1938.


Oireachtas na Gaeilge – Na Comórtais Ardáin

OireachtaslogoNíl ach seachtain fágtha anois le cur isteach ar na comórtais ardáin de chuid Oireachtas na Gaeilge. Go hiondúil glacann riar mhaith iontrálaithe ó Chois Fharraige páirt sna comórtais ag an Oireachtas, atá ag filleadh ar Cill Áirne i mbliana, théis a bheith i City West, Baile Átha Cliath anuraidh.

Beidh na comórtais ardáin ar bun ón Déardaoin, 3 Samhain, agus ag críochnú le Corn Uí Riada ar an Satharn, 5 Samhain. Glacfar le foirmeacha iontrála suas go dtí an 15 Meán Fómhair 2016.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin bhféile ach dul ag an suíomh www.antoireachtas.ie agus an clár iomlán a fheiceáil ann.


Tuismitheoirí na Gaeltachta

TuismitheoirínaGTá scéim á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltacht arís i mbliana le deis a thabhairt do ghasúir in aois bunscoile páirt a ghlacadh i gcomórtais de chuid an Oireachtais. Ag díriú ar na comórtais seo a leanas a bheas an scéim: Scéalaíocht, Aithriseoireacht, Agallamh Beirte agus Lúibíní.

Caithfear gasúir a chlárú do na comórtais ag oíche eolais, a bheas ar bun Dé Sathairn, 17 Meán Fómhair (díreach roimh an gcéad cheardlann) nó trí teagmháil a dhéanamh roimhe sin tré ríomhphost a chur ag tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com nó glaoch ar an uimhir 091 869571. Beidh na ranganna féin ar bun uair sa tseachtain ón 3 Deireadh Fómhair ar aghaidh, san ionad atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhfoirgneamh ar chúl na leabharlainne ar an gCeathrú Rua.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist dhá cheardlann cumadóireachta a chur ar bun ina dtabharfar cúnamh agus ugach do dhaoine fásta agallaimh agus lúibíní a chumadh do na gasúir. Is ar an Satharn, 17 Meán Fómhair, agus an Satharn, 1 Deireadh Fómhair, a bheas na ceardlanna cumadóireachta ar bun.

Nuair a bheidh an t-agallamh/lúibín cumtha, cuirfear ranganna ar fáil do na gasúir le scoth na dteagascóirí. Ansin glacfaidh na hiomaitheoirí uilig páirt in oíche áirneáin speisialta a bheas ar bun ar an gCeathrú Rua sula dtugann muid aghaidh ar an Oireachtas!

I gCill Áirne a bheas an tOireachtas ar bun i mbliana, ar an 3,4 & 5 Samhain.


Ranganna an Ghaelacadamh Ar Ais

Tá an Gaelacadamh, a chuireann ranganna Ceoil Traidisiúnta, Damhsa agus Amhránaíochta ar an Sean-Nós ar fáil, ag clárú ainmneacha do na ranganna don téarma seo romhainn. Tá réimse leathan ranganna uirlise, idir Veidhlín, Consairtín, Bosca Ceoil agus Feadóg á dtairiscint, ón Spidéal siar go Cill Chiaráin. Beidh ranganna Amhránaíochta ar an Sean-Nós agus Damhsa ar an Sean-Nós á gcur ar fáil freisin.

Is de bharr na hoibre atá déanta ag an nGaelacadamh le blianta anuas, go bhfuil an oiread sin ceoltóirí is amhránaithe óga tagaithe chun cinn i nGaeltacht Chonamara. Tá an t-ádh ar an gceantar to bhfuil cuid de na teagascóirí ceoil traidisiúnta is fearr sa tír ar fáil don Ghaelacadamh leis an ceol is an amhránaíocht a thabhairt ar aghaidh ag an gcéad ghlún eile.

Beidh na ranganna uilig ag tosú an tseachtain seo chugainn, ón Luan ar aghaidh. Is féidir gach eolas a fháil ach glaoch ar Deirdre ag an uimhir 091-553124.


Deireadh Seachtaine Mór ag Fóirne Chois Fharraige

Cumann Mícheál BreathnachTá dhá chluiche mhór le imirt ag Cumann Micheál Breathnach an deireadh seachtaine seo. Ar an Satharn seo, ag 4.00pm i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, beidh peileadóirí na mBreathnaigh ag casadh le Cortoon Shamrocks i gCluiche Ceathrúcheannais an Chontae sa ngrád sinsir.

Ar an Domhnach ag meánlae beidh iománaithe Micheál Breathnach ag casadh le Meelick-Eyrecourt i mBleá ‘n Rí. Cluiche é seo a cuireadh siar seachtaine de bharr bás máthair duine d’fhoireann Micheál Breathnach. Le fanacht san iomaíocht sa gcomórtas beidh ar bhuachaillí Cois Fharraige an cluiche a bhuachaint, chun an ceathrú áit a dhaingniú sa ngrúpa agus cáiliú do na babhtaí ceathrúcheannais.

Bhí foireann camógaí Chois Fharraige san iomaíocht ag an deireadh seachtaine i gCluiche Leathcheannais an Chontae, in aghaidh Cill Tormóir ar an Satharn seo caite, ach buaileadh iad le naoi gcúilín.

I bpeil na mban an tseachtain seo caite bhuail foireann Anach Chuain cailíní Chois Fharraige sa gcluiche leathcheannais mionúir. Bhí foireann Anach Cuain i Roinn A anuraidh ach ar chúis nach dtuigtear bhíodar i Roinn C i mbliana, an roinn chéanna le cailíní Chois Fharraige.


Torthaí Spóirt na Seachtaine Seo

  • Peil (Roinn 6): An Spidéal 1 – 14, Bearna 1 – 13.

  • Peil (Idirmheánach): An Spidéal 0 – 11, Bleá ‘n Rí 2 – 09.

  • Peil (Mionúr B): Ml. Breathnach 3 – 17, Cill Ainnín 6 – 10.

  • Camógaí (Sóisir): Cois Fharraige 0 – 05, Cill Tormóir 1 – 11.

  • Camógaí f 9: Cois Fharraige 4 – 02, Carn Mhór 0 – 00.

  • Iomáint f12: Ml. Breathnach 1 – 02, Sceachánach 0 – 05.