Cartlann Nuachta: 7 Samhain 2018
Cois Fharraige ag Oireachtas na Samhna
Ádhna Ní Bhraonáin, Teach Mór, Indreabhán, ar éirigh léi an corn a thabhairt léi i gComórtas Amhránaíocht na mBan ag Oireachtas na Samhna, an deireadh seachtaine seo caite i gCill Áirne.
Arís i mbliana d’éirigh thar barr le iomaitheoirí ó Chois Fharraige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne an tseachtain seo caite. Ar an Teach Mór bhí tine lasta le fáilte abhaile a chur roimh Ádhna Ní Bhraonáin, ar éirigh leí an chéad áit a bhuachaint i gComórtas na mBan ar an Aoine. D’éirigh lena huncail, Micheál Mháirtín Phatch Ó Cualáin, an dara áit a thabhairt leis i gComórtas na bhFear ar an Déardaoin. Agus anuas ar sin bhí an darna áit ag bean eile ón Teach Mór, Bríd Uí Fhátharta, nó Bríd Mhichael Mháire a’ Ghabha, i gComórtas na mBan. Beidh Ádhna, Micheál agus Bríd i dteideal dul san iomaíocht an chéad bhliain eile sa bpríomhchomórtas ar an sean-nós, Corn Uí Riada. Ar ndóigh, bhuaigh Caitlín Ní Chualáin, máthair Ádhna agus deirfiúr le Micheál, príomhdhuais amhránaíochta an tsean-nós, dhá bhliain ó shin.
Mar is gnáth rinne daltaí ó Scoil Sailearna thar barr sna comórtais do dhaoine óga.
Daltaí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ar éirigh leo duaiseanna a bhuachaint ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, an deireadh seachtaine seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Neasa Nic Dhonncha, Éabha Ní Chonghaile, Sadbh Ní Ghibne, Conor Ó Culáin, Fionnán Ó Coisdealbha, Róisín Ní Raifeartaigh.
Chun tosaigh, ó chlé: Caitríona Ni Raifeartaigh, Niamh de Bhailís, Dearbhail NicDhonncha, Mar Ní Néill, Déithín Ní Fhátharta, Caoilte Canny, Fé Ní Chionnaigh.
Seo leanas na duaiseanna a tháinig go iomaitheoirí ó Chois Fharraige:
Amhránaíocht Sean-Nós na mBan:
1ú Áit: Adhna Ní Bhraonáin, An Teach Mór, Indreabhán.
2ú Áit: Bríd Uí Fhátharta, An Teach Mór, Indreabhán.
Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Corn Uí Riada):
2ú Áit: Colm Jimmy Ó Curraoin, Na Mine.
Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Mná faoi 35):
1ú Áit: Caroline Ní Chonaire, Indreabhán.
Scéalaíocht (Daoine Fásta):
2ú Áit (Roinnte): Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach.
Agallamh Beirte (Daoine Fásta):
1ú Áit: Caitlín Ní Chualáin agus Mícheál Ó Cualáin, An Teach Mór.
2ú Áit: Seán Ó Gráinne, Na Forbacha, & Traolach Ó Conghaile, An Spidéal.
Lúibíní (Daoine Fásta):
2ú Áit: Seán Ó Gráinne, Na Forbacha, & Traolach Ó Conghaile, An Spidéal.
Sceitse (Daoine Fásta):
1ú Áit: Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal.
2ú Áit: Pádraig a’ Táiliúra Ó Conghaile & Cairde, Ros an Mhíl.
Amhránaíocht Nuachumtha:
1ú Áit: Seán Ó Gráinne, Cnocán an Bhodaigh, Na Forbacha.
Amhránaíocht Saothair:
1ú Áit: Fearghas Mac Lochlainn & Éamon Ó Donnchadha, An Spidéal.
Lúibíní (15-18):
1ú Áit: Liadan Canny, Na hAille, Indreabhán, & Bróna Ní Cheallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal.
2ú Áit: Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl & Cainear Nic Réamoinn, Na hAille, Indreabhán.
Lúibíní (faoi 12):
1ú Áit: Dearbhail Nic Dhonncha agus Mar Ní Néill, Ros an Mhíl.
2ú Áit: Déithín Ní Fhátharta agus Fé Ní Chionnaigh, Scoil Sailearna.
Agallamh Beirte (15-18):
1ú Áit: Fódhla Ní Bhraonáin agus Cainnear Nic Réamoinn, Indreabhán.
Agallamh Beirte (12-15):
1ú Áit: Éabha Ní Chonghaile agus Neasa Nic Dhonncha, Scoil Sailearna.
Agallamh Beirte (faoi 12):
1ú Áit: Neans Nic Dhonncha, An Cheathrú Rua, & Déithín Ní Fhátharta, Na hAille.
2ú Áit: Conor Ó Cúláin agus Sadhbh Ní Ghibne, Scoil Sailearna.
Amhránaíocht ar an Sean Nós (9 – 12):
1ú Áit: Caoilte Canny, Na hAille, Indreabhán.
Amhránaíocht ar an Sean Nós (12 – 15):
1ú Áit: Róísín Ní Raifeartaigh, Indreabhán.
Amhránaíocht ar an Sean Nós (15 – 18):
2ú Áit: Domhnall Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán.
Aithriseoireacht (12 – 15):
1ú Áit: Fionnán Ó Coistealbha, Baile na mBroghach.
Aifric Ní Scolaí (lár báire) ón Teach Mór, Indreabhán, ar a bronnadh an dara duais (€100) sa gComórtas Iriseoireachta faoi 21, ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, an deireadh seachtaine seo caite.
Ar chlé tá Máirín de Brún ó Choiste an Oireachtais agus ar dheis tá Máire Mhéimí Uí Chonghaile, Uachtarán an Oireachtais 2018. Tá Aifric ag freastal ar Coláiste Cholmcille, Indreabhán, ag tabhairt faoin Ardteist i mbliana. [Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
Seán Ó Gráinne a fuair an 1ú Áit san Amhránaíocht Nuachumtha.
Caoimhe Ní Chonghaile ón Spidéal, ar dheis, leis an mbonn cré-umha a bronnadh uirthi ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Bhí Caoimhe ar fhoireann díospóireachta DCU a tháinig sa dara áit sa gComórtas Díospóireachta idir Coláistí Tríú Leibhéal, a bhí eagraithe ag Gael Linn. A páirtí ar an bhfoireann díospóireachta, Catherine Ní Cheallaigh ó Dhoire atá ar chlé.
Gradam Mór do Futa Fata
Is é BLIAIN NA nAMHRÁN an leabhar ar a bronnadh Gradam Réics Carló ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne an tseachtain seo caite. Tá an leabhar, a scríobh Tadhg Mag Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata, an teach foilsitheoireachta atá ag Tadhg ar an Spidéal.
Is fiú €3,000 an gradam don fhoilsitheoir agus €1,250 do údar an leabhair.
I measc na scríbhneoirí eile a bhuaigh duaiseanna liteartha ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana bhí Fil Uí Dhubhghaill, An Choill Rua; Brian Ó Baoill, An Teach Mór; Bróna Ní Uallacháin, An Chré Dhubh; Máire Ní Fhrighil, Na Forbacha; Katie Ní Ghallachobhair, An Spidéal agus Aifric Ní Scolaí, An Teach Mór.
Tráth na gCeist
Tá CLG An Spidéal ag reáchtáil Tráth na gCeist ar an Aoine beag seo, 9 Samhain, chun tacú le foireann peile an chumainn a bhuaigh Craobh Idirmheánach na Gaillimhe le gairid agus atá anois ag tabhairt aghaidh ar Bhéal an Mhuirthead i gCraobh Chonnacht ar an Satharn, 10 Samhain.
Is sa gCrúiscín Lán ag 8.30pm a bheidh an ócáid ag tosú. Beidh €40 ar bhord le ceathrar ag gach bord. Beidh duaiseanna le buachan ar an oíche agus is cinnte go mbeidh an neart craic agus spraoi ann!
Cúrsa Nua i gCruinneas Gaeilge
Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige cúrsa gearr a eagrú do dhaoine le Gaeilge mhaith cheana, ach ar mhaith leo eolas níos fearr a chur ar ghramadach is litriú na Gaeilge, le feabhas a chur ar a gcuid cruinneas scríofa. Mar cuid den chúrsa beidh traeneáil á tabhairt in úsáid áiseanna éagsúla ríomhaireachta atá ar fáil ón idirlíon, mar shampla an foclóir agus bogearraí le litriú agus gramadach a cheartú.
Beidh an cúrsa á theagasc sa seomra ríomhaireachta ar chúl Seanscoil Sailearna. Beidh an cúrsa ar bun ceithre Luan i ndiaidh a chéile, ón 7.30pm go 9.30pm, ag tosaí seachtain ón Luan seo, 12 Samhain.
Le go mbeidh úsáid ríomhaire ar fáil do gach duine, ní ghlacfar ach le deicniúr ar an gcúrsa a chosnóidh €20 ina iomlán.
Is féidir áit a chur in áirithe ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com.
Tá an cúrsa á mhaoiniú ag Bord Oideachais is Oiliúna do Ghaillimh is Ros Comáin, an GRETB.
Bain Triail as na Píobaí
Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe ag tairiscint réamhsheisiúin píb uilleann saor in aisce do cheoltóirí óga, san aoisghrúpa 10-18 bliain, a bhfuil spéis acu a bheith rannpháirteach i gclár nua teagaisc píb uilleann. Beidh na himeachtaí tosaigh seo ag tarlú ar an Satharn seo chugainn, 10 Samhain 2018, ar an gCeathrú Rua. Cuirfear píobaí uilleann ar fáil ar an lá.
Foghlaimeoidh an lucht freastail faoi na píobaí uilleann agus beidh deis acu iad a sheinm, chomh maith le bualadh le píobairí áitiúla. Is cuma más tosaitheoir amach is amach thú ar na píobaí uilleann, nó má tá taithí agat cheana ag seinm na huirlise, beidh fáilte romhat chuig na seisiúin.
Féadfaidh an lucht freastail a bhaineann taitneamh as an gceardlann tosaigh seo clárú do chlár teagaisc píobaí uilleann Music Generation Chontae na Gaillimhe, a bheas ag tosú i mí Eanáir 2019.
Beidh na himeachtaí tosaigh seo ar siúl ar an Satharn, 10 Samhain 2018, ó 3.00pm-6.00pm in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua. Is féidir spéis a chlárú trí theagmháil a dhéanamh le Music Generation Chontae na Gaillimhe ag musicgenerationgalway@nullgretb.ie nó fón 091 874557.
BISEACH 2018
Is beag nach bhfuil BISEACH 2018 díolta amach. Tá sé coicís ó scaipeadh an iris ar na siopaí go léir i gCois Fharraige, ó Tigh Clarke go Tigh Ghearóid Mháirtín Bán i gCasla, agus is beag ceann atá fanta ar na seilfeanna. Chomh maith leis na siopaí i gCois Fharraige tá BISEACH 2018 le fáil ó na siopaí seo a leanas: Tigh Nioclás Ó Conchubhair, Casla; Siopa Mhicí Mhéimí, An Cheathrú Rua; Tigh Mhic Dhonnacha, Béal a’ Daingin; Tigh Ruaidhrí Ó Conchubhair, Leitir Móir; Tigh Uí Mháille, Ros Muc.
I nGaillimh is féidir BISEACH 2018 a cheannach i Siopa na hOllscoile in NUIG agus i Siopa Leabhar Charlie Byrnes, ar an tSráid Lár.
Tá 80 leathanach ar fad in eagrán na bliana seo den iris, le neart grianghrafanna idir sean agus nua. Tá spéis faoi leith á cur i mbliana san alt staire ag Lochlainn Ó Tuairisg faoin nGorta i gCois Fharraige agus i gCeantar na nOileán, agus san alt faoi Mhicheál Ó Droighneán, ón Spidéal, ceannasaí an IRA le linn Cogadh na Saoirse in Oirthear Chonamara.
Is féidir cóip a fháil tríd an bpost, go seoladh ar bith in Éirinn, ach seic nó ordú poist luach €7.50 a chur ag CUMANN FORBARTHA CHOIS FHARRAIGE, Na hAille, Indreabhán, Co na Gaillimhe.
Aisteoirí Chois Fharraige ag Dul go Boston
Cumann Drámaíochta Chois Fharraige in Inis Meáin
An chéad mhí eile beidh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag dul go Meiriceá leis an dráma le Martin McDonagh, ‘Cripil Inis Meáin’, aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile.
Beidh an dráma á chur ar stáitse i Halla St. Gregory’s Church, Dorchester, ar an Aoine agus ar an Satharn, 23/24 Samhain.
Tá urraíocht curtha ar fáil ag Cumann Forbartha Chois Fharraige d’Aisteoirí Chois Fharraige le cuidiú leo an turas a dhéanamh, turas a bhfuil costas mór ag baint leis.
Scannán ón Iodáil sa tSeanscoil
Ar an Déardaoin seo, 8 Samhain, beidh scannán ón bhFrainc, A CIAMBRA, á thaispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm.
Tá scéal an scannáin suite i nDeisceart na hIodáile, i measc pobal Romani. Pio an príomhcharactair. Níl sé ach 14 bliain d’aois nuair a théann a dheartháir ar iarraidh agus glacann Pio ar féin cúramaí an teaghlaigh, rud a chuireann ar bhóthar a aimhleasa agus i mbaol é.
Oíche Oscair An Spidéil
Ar an Satharn seo chugainn, 10 Samhain, beidh Oíche na nOscars ar bun in Óstán na Páirce, ar mhaithe le Páistí Chernobyl, daoine atá ag fulaingt mar thoradh ar an timpist sa staisiún núicléach sa mbliain 1986. Beidh Oscar le fáil ar an oíche ag an té is fearr gléasta, ag an feasteas is fearr agus go leor eile. Is féidir gléasadh go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, nó i gculaith bhréige. Tá €30 ar na ticéid, ar a mbeidh fáiltiú le fíon agus cáis, suipéar agus damhsa go maidin ansin. Tá na ticéid ar fáil i gcónaí ó Tigh Mháirtín O’ Donnell (Texaco) agus ó Tigh Mhic Phroinnsias (Spar). Tosóidh an oíche spraoi ag 7.30pm.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ar an mbóthar go Baile Locha Riach an Déardaoin seo, 8 Samhain, do sheoladh agus léamh drámata ar ‘Mac na Mná Déirce’ le Séamus Ó Ceallaigh. Is i bpáirt le Club Leabhar Eachraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach atá an oíche á eagrú. ‘Sí an réalt teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh atá leis an leabhar a sheoladh.
Scéimeanna an Fhorais
Tá sé fógraithe ag Foras na Gaeilge go mbeidh seisiún eolais faoi na scéimeanna maoinithe éagsúla atá ar fáil don bhliain 2019 leis an nGaeilge a chur chun cinn. Is seachtain ón Aoine seo chugainn, 16 Samhain, a bheas an seisiún ar bun ag 4.30pm in Óstán Clayton. Roinnfidh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe do 2019 agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt agus ceisteanna a chur.
Tá cuid mhaith scéimeanna maoinithe ag Foras na Gaeilge, ach go minic bíonn drogall ar eagraíochtaí deonacha iarratas a dhéanamh mar go mbreathnaíonn an próiséas níos casta ná mar atá, de bharr chomh fada is atá na foirmeacha a bhíonn le líonadh.
Sacar Chois Fharraige
D’fhéadfadh go mbeadh Cois Fharraige ar bharr an tábla i Roinn II, tar éis an chluiche atá le imirt acu in aghaidh St Patricks maidin Sathairn seo chugainn ag 11.00 ar an gCanal i Ros a’ Mhíl. Tháinig Cois Fharraige aníos anuraidh ó Roinn III go Roinn II, agus tá siad sa dara áit i Roinn II, dhá phointe taobh thiar de Claregalway, ach cluiche breise le imirt ag buachaillí na Gaeltachta. Imreofar an cluiche sin ar an Satharn agus má bhíonn an bua ag Cois Fharraige cuirfidh sé chun cinn iad ar Claregalway le pointe amháin le spáráil.
Beidh tuairisc ar an gcluiche an tseachtain seo chugainn sa gcolún seo.
BEALACH ag Lorg Moltaí
Tá BEALACH na Gaillimhe (Comhlacht Iompar Tuaithe) ag ullmhú plean 5 bhliana le freastal ar riachtanais taisteal tuaithe i gCo. na Gaillimhe. Mar chuid den phróiseas tá BEALACH ag lorg tuairimí agus ionchur ón bpobal maidir le riachtanais taisteal I gceantar Chonamara. Iarrtar ar dhaoine aonarach agus coistí áitiúla teacht i láthair ag cruinniú poiblí i Halla Chill Chiaráin ar an Máirt seo chugainn 13 Samhain, 2018 ag 7.30i.n. Is féidir moltaí a chur ar aghaidh ag BEALACH trí ríomhphost ag admin@nullbealach.ie suas go dtí 5.00i.n. Dé Céadaoin 21 Samhain, 2018.
Breis eolais le fáil ó oifig BEALACH ag 095 32802.
Dráma sa tSeanscoil
Beidh an dráma grinn ‘Cara sa Chúirt’ á chur ar stáitse ag an compántas Mumbro Top i Seanscoil Sailearna ar an Satharn, 17 Samhain ag tosú ag 8pm.
Seo scéal faoi mhadra na n-ocht gcos. Deirtear gur fearr cara sa chúirt ná punt sa spáran ach nuair atá an punt as úsáid agus na cairde uilig cam, cad is féidir le duine a dhéanamh? Tá na freagraí ar fáil san aistear aisteach stairiúl seo ina bhfuil meascáin den ghreann agus d’aoir ghéar ar oidhreacht an choilíneachais.
Torthaí Spóirt
Peil (Roinn II): Spidéal 1 – 09, Claregalway 0 – 15.
Iomáint (Sóisear 1): Ml. Breathnach 0 – 11, Béal Átha an tSlua 2 – 07.
7 Samhain 2018