Cartlann Nuachta: 8 Bealtaine 2019

AGM an Chumann Forbartha

Dumhach na Leanbh Athchóirithe 2019

Dumhach na Leanbh athchóirithe, obair a chuir fochoiste an Chumann Forbartha i gcrích.

Seisear déag a bhí i láthair ag an gCruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, a tionóladh sa gCrann Taca (ITT), Indreabhán, an tseachtain seo caite. Thug an Cathaoirleach, Gearóid Willie Ó Fátharta, tuairisc chuimsitheach ar obair an Chumann Forbartha i gcaitheamh na bliana.

Seo a leanas na tionscadail is mó a bhí ar bun ag an gCumann Forbartha i gcaitheamh na bliana:

  • Comharthaí na mBóithríní Bailte a chur in airde, ach roinnt bóithríní eile le déanamh idir seo agus deireadh an tsamhraidh.
  • Dumhach na Leanbh a athchóiriú, obair a chuir fochoiste an Chumann Forbartha i gcrích.
  • Bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a chomóradh.
  • Lá Glantacháin a eagrú sa gceantar.
  • BISEACH 2018 a fhoilsiú.

Léirigh an tuairisc airgid ón gcisteoir, Mamie Ní Chualáin, go raibh caiteachas de thart ar €16,500 ag an gCumann Forbartha ar thionscadail éagsúla agus gur tháinig ioncam de thart ar €15,200 ó fhoinsí eagsúla, rud a d’fhág ganntanas de €1,300 don bhliain.

Ní fhaigheann Cumann Forbartha Chois Fharraige aon deontas reáchtála ó Údarás na Gaeltachta, mar a fhaigheann na comharchumainn, agus níl aon duine fostaithe ag an gCumann Forbartha. Is de bharr obair dheonach an Choiste Stiúrtha agus na bhfochoistí éagsúla a éiríonn leis an gcumann an oiread a bhaint amach ar mhaithe leis an bpobal.

Ag an gcruinniú ardaíodh ceisteanna faoi chomh riachtanach is a bhí sé talamh feiliúnach a aimsiú le reilig nua a réiteach sa gceantar, mar go bhfuil Reilig an Chnoic lán. Chomh maith leis sin, pléadh an gá a bhí le áiseanna sa bpobal a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, ar nós máithreacha le gasúir óga, agus socraíodh an cheist a ardú le Comharchumann Sailearna ag cruinniú atá le bheith ann go gairid. Dúradh chomh maith gur caitheadh go héagórach leis an gceantar nuair a dúnadh Oifig an Phoist anuraidh, in ainneoin os cionn 1,000 síniúchán a bhailigh an Cumann Forbartha.

Toghadh an triúr seo a leanas do na folúntais ar an gcoiste. Atoghadh Pádraig Mac Diarmada agus Mamie Ní Chualáin agus toghadh chomh maith duine nua ar an gcoiste, Pádraig Willie Ó Fátharta.

Seo a leanas na hoifigigh a toghadh don chéad bhliain eile:

Cathaoirleach: Gearóid Willie Ó Fátharta, Cor na Rón.

Rúnaí: Mamie Ní Chualáin, An Teach Mór.

Cisteoir: Máire Áine Mhic Dhonnacha, An Teach Mór.

Oifigeach na Meán Sóisialta: Kate Fennell, Cor na Rón.

Ar an gcoiste chomh maith tá Pádraig Mac Diarmada, Na hAille; Seán Ó Tuairisg, Na hAille; Donncha Ó hÉallaithe, Na hAille; Pádraig Willie Ó Fátharta, Na hAille; Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach.


Comórtas Idirnáisiúnta Pancheilteach

Dairíona le beirt cheoltóir

Dairíona Nic Dhonnacha ón Teach Mór, Indreabhán, a chan ‘Ní Thuigim’, an t-amhrán ag a raibh an bua ag an gComórtas Idirnáisiúnta Pancheilteach i Leitir Ceanainn an Déardaoin seo caite. In éindí léi tá Ollie Hennessy ar chlé agus Ciarán Tourish ar dheis, an bheirt a thug tionlacan di sa gcomórtas. Áine Ní Dhurcáin ó Anach Mheáin ó thús, ach a bhfuil cónaí uirthi i nDún na nGall le fada, a chum an t-amhrán.


Peil na mBan

Foireann Sóisear na mBan CMB (2019)

Foireann sóisear Chois Fharraige a bhuail Cárna/Caiseal le gairid i Sraith an Iarthar de Pheil na mBan, cluiche a imríodh i Ros a’ Mhíl.

Ar chúl ó chlé: Terence Mac Donnacha, Kevin Mac Donnacha, Éabha Nic Dhonncha, Zara Ní Choistealbha, Maela Ní Choistealbha, Aobh Nic Dhubhghaill, Clíodhna Ní Mhárta, Dearbhla Ní Mhárta, Afric Ní Ghibne, Maebh Ní Dhireáin, Rosie Nic Dhubhghaill, Síofra Ní Mhárta, Deborah Uí Ghibne, Iseult Ní Ghibne.

Chun tosaigh ó chlé: Majella Nic Dhonnacha, Ailbhe Breathnach, Emma Ní Chonghaile, Becky Ní Éallaithe, Casey Craughwell, Sadhbh Howlin, Ádhna Nic Dhonncha, Aoife Nic Donnacha.


Maidin Caifé agus Cácaí Mrs Doyle

Caife agus Cácaí Mrs Doyle

An Aoine seo, 10 Bealtaine, beidh fáilte roimh dhaoine bualadh isteach go Coláiste Cholmcille, Indreabhán, áit a mbeidh maidin caifé agus cácaí ar bun ó 10.00 go dtí 12.00, eagraithe ag an idirbhliain. Is ar mhaithe le airgead a bhailiú do scoil i Malawi san Aifric atá an ócáid á eagrú ag idirbhliain na scoile.


Oíche Eolais, Scoil Sailearna

Ar an Déardaoin seo, 9 Bealtaine, beidh Oíche Eolais ar bun ag Scoil Sailearna ag 8.00pm do thuismitheoirí na naíonán beaga nua a bheas ag tosaí i mbliana. Beidh deis ag tuismitheoirí casadh le múinteoir na naíonán beaga, chomh maith leis an bpríomhoide agus fáil amach faoin scoil.

An lá ina dhiaidh, Dé hAoine, 10 Bealtaine, beidh deis ag na naíonáin bheaga nua castáil lena chéile sa scoil, aithne a chur ar an múinteoir, agus deis spraoi agus foghlama a bheith acu sa scoil.


Plotanna Móna an Chomharchumainn

Comharchumann ShailearnaAn Aoine seo, 10 Bealtaine, a dhéanfar an tarraingt sa gcrannchur leis na plotanna móna ar phortach an chomharchumainn a dháileadh ar dhaoine a bhfuil plotanna íoctha acu. I Seanscoil Sailearna a bheas an tarraingt ar bun ag meánlae.


Toghchán an Chomhairle Chontae

Tá dháréag iarrthóir ag seasamh sna toghcháin áitiúla don cúig shuíochán atá le líonadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ón toghcheantar nua CONAMARA THEAS. Tá cónaí ar leath acu i gCois Fharraige. Seo a leanas na iarrthóirí ó Chois Fharraige atá san iomaíocht:

Daithí Ó Chualáin (Fianna Fáil) ó Chor na Rón, Indreabhán.

Macdara Hosty (Fianna Fáil), ó Bhearna.

Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael), ó Na Doireadha.

Seán F. Ó Drisceoil (Neamhspléach), ó Na Forbacha.

Kevin O’Hara (Sinn Féin), ón Spidéal ach cónaí air i gCor na Rón.

Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach), ó Bhearna.

San iomaíocht chomh maith i gConamara Theas tá: Alastair Mc Kinsty (Na Glasaigh) agus Noel Thomas (Fianna Fáil) ó Mhaigh Chuilinn; Máirtín Lee (Fianna Fáil) agus Anna Flaherty (Fine Gael) ó Cheantar na nOileán; agus beirt iarrthóir neamhspleách Criostóir Breathnach ó Ros Muc agus Patrick Feeney ó Ghaillimh.

Tá cuireadh tugtha ag Cumann Forbartha Chois Fharraige don 12 iarrthóir teacht os comhair an phobail i Seanscoil Sailearna, ar an Déardaoin seo chugainn, 16 Bealtaine, lena gcuid polasaithe a mhíniú agus le ceisteanna ón bpobal a fhreagairt.

Pádraig Joe Joe is a chlann

Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael), ó Na Doireadha


Athimirt sa Sacar

Cumann Sacair Chois Fharraige

Is ar an Satharn seo chugainn, ar Pháirc Eamonn Deacy i dTír Oileáin na Gaillimhe, a imreofar an athimirt sa gcluiche sacair idir Cois Fharraige agus Knocknacarra a shocróidh cén fhoireann a chríochnóidh ar bharr an tábla i Roinn II de Shraithchomórtas Sacair na Gaillimhe.

Chríochnaigh an cluiche idir an dá fhoireann ar chomhscór ar an Satharn seo caite. Ós rud é go bhfuil an dá fhoireann ar chomhphointí ar bharr na sraithe, caithfidh siad casadh le chéile arís leis an scéal a réiteach.

Sa gcluiche ar an Satharn seo caite bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Cois Fharraige. Seán Comerford a chuir foireann na Gaeltachta chun cinn tar éis 30 nóiméad, le cic gleoite ó thart ar 20 slat a bhí tomhaiste aige le dul thar cloigeann an chúl báire agus isteach san eangach. Ag tíocht ag deireadh an chéad leath chuaigh dhá iarracht ó Rónán Mac Donnacha os cionn an trasnáin.

Sa dara leath baineadh amach Tommy Ó Conghaile agus Chris Ó Biadha agus chaill Cois Fharraige smacht ar an gcluiche. Gan ach 15 nóiméad le dul fuair Knocknacarra an cúl a chothromaigh an cluiche. Ina dhiaidh sin Knocknacarra a bhí in uachtar agus is beag nár scóráil siad cúl eile gan ach 5 nóiméad le dul.

Casfaidh an dá fhoireann ar a chéile arís ar an Satharn seo chugainn i dTír Oileáin, áit a socrófar cén fhoireann, Cois Fharraige nó Knocknacarra, a thiocfaidh amach chun cinn ar bharr an tábla i Roinn II de Shraith na Gaillimhe. Cuma céard a tharlaíonn ar an Satharn, beidh an dá fhoireann ag imirt an chéad bhliain eile i Roinn I.

Sean Comerford (Sacar) 040519

Seán Comerford (Uimhir 7), a scóráil an cúl do fhoireann Chois Fharraige sa gcluiche le Knocknacarra i Ros a’ Mhíl, an Satharn seo caite. Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór, rud a d’fhág an dá fhoireann ar chomhphointí ag barr an tábla i Sraith Sacair na Gaillimhe (Roinn II). Casfaidh an dá fhoireann ar a chéile san athimirt i bPáirc Éamonn Deacy, Tír Oileáin, ag 2.00pm ar an Satharn seo chugainn.


Darkness into Light

Darkness Into LightBeidh an tsiúlóid Darkness into Light, a eagraíonn Pieta House ag ionaid éagsúla gach bliain, ar siúl arís i mbliana ar an gCeathrú Rua maidin Shathairn, 11 Bealtaine, ag tosú ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag 4.15 am.

Cuireann Pieta House seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine atá i mbaol ón Féin Marú nó Féin Gortú.

Más mian leat páirt a ghlacadh san ócáid shiombalach seo, is féidir clárú ar líne ach dul ag www.darknessintolight.ie. Is ar líne amháin ar féidir clárú.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtain

Iomáint (Sóisear A): Micheál Breathnach 0 18, St Thomas 0 20.

Iomáint (Sóisear A): Bearna/Na Forbacha 0 10, Sarsfields 0 18.

Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 1 11, Castlegar 3 08.

Iomáint (faoi 14): Cois Fharraige 1 08, Kilconieron 2 09.

Iomáint (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 3 05, Ballindereen 3 01.

Sacar (Roinn II): Cois Fharraige 1, Knocknacarra 1.

Sacar (f14, Roinn I ): Cois Fharraige 1, Salthill Devon 3.

Comórtas Peile na Gaeltachta (f16): An Spidéal 3 – 11, Cárna/Caiseal/Na Piarsaigh 3 – 12.

Comórtas Peile na Gaeltachta (Sinsir): Micheál Breathnach 0 – 12, An Cheathrú Rua 1 – 13.


8 Bealtaine 2019