Cartlann Nuachta: 8 Bealtaine 2024
Solas ar Son Páistí na Palaistíne
Cuid den slua breá a bhailigh le chéile ag an bPáirc Spraoi sa Spidéal an tseachtain seo caite, le coinneal a lasadh i gcuimhne ar na mílte páiste atá maraithe i Gaza, mar thoradh ar ionradh an IDF (Arm na hIosraeile) ar a n-áiteacha lonnaíochta.
[Pictiúr: Beirtí Ó hAinmnire]
Tháinig os cionn céad duine as na ceantair timpeall Chois Fharraige le chéile ag an gClós Spraoi, taobh le Coláiste Chonnacht sa Spidéal, ar an 1ú Bealtaine, i gcuimhne ar na gasúir uile atá maraithe ag arm Iosrael i nGaza sa bPalaistín. Dúirt urlabhraí ón eagraíocht Cairdeas Falasteen Chonamara, a d’eagraigh an ócáid, go bhfuil tuairim is 14,000 gasúir maraithe i nGaza ón uair a rinne Iosrael an chéad ionsaí ar an stráice i mí Dheireadh Fómhair 2023.
Bhí an eagraíocht Cairdeas Falasteen Chonamara thar a bheith sásta leis an méid daoine a tháinig amach agus a las choinneal i gciúnas na hoíche. “Bhí sé oiriúnach go raibh an comóradh seo in aice le clós spraoi le haghaidh gasúir, i gcuimhne ar na mílte gasúir álainn soineanta atá sciobtha óna ndaoine muinteartha i nGaza,” a dúirt urlabhraí ón eagraíocht.
‘Darkness into Light’
Is ar an Satharn seo chugainn a bheas an tsiúlóid bhliantúil ‘Darkness into Light‘, ar mhaithe le Pieta House, ar siúl arís ar an gCeathrú Rua i mbliana. Tosóidh an tsiúlóid ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ag 4:15, maidin Shathairn, 11 Bealtaine 2024.
Seo é an phríomhfhoinse airgid atá ag Pieta House, eagraíocht a chuireann tacaíocht saor in aisce ar fáil do dhaoine in ísle brí.
Tá clárú, t-léinte agus tuilleadh eolais ar fáil ach dul ar www.darknessintolight.ie, nó chuig Instagram/Facebook @darknessintolightancheathrurua.
Steve Mhorgan Ó Curraoin RIP
Bhásaigh Stiofán Ó Curraoin, nó Steve Mhorgan mar ab fhearr aithne air, as Doire Locháin Thiar sa Spidéal le gairid.
Fear cairdiúil, croíúil ab ea Steve a raibh aithne mhór air sa gceantar de bharr a ghníomhaí is a bhíodh sé in imeachtaí pobail. Chaith Steve roinnt blianta i Sasana ach ó d’fhill ar Dhoire Locháin.
Ba mhinic é ag cuidiú le daoine agus ag tacú le go leor eagraíochtaí. Bhíodh sé ar an bhfoireann ag Taispeántas Chois Fharraige, spéis mhór aige i gcomórtas na gcapall agus suim ar leith aige i gcúinne na móna i Halla Choláiste Chonnacht.
Thaithin an drámaíocht go mór leis agus ba bhall gníomhach d’Aisteoirí an Spidéil é. Bhí an-áthas ar an gcumann go raibh sé i láthair i Seanscoil Sailearna ag an seó Le Cion ar Joe dhá bhliain ó shin. Bhaineadh sé an-sásamh go deo as Féile na gCurrachaí agus ba mhinic é i gComórtas na bhFlótanna ar fhlót Dhoire Locháin. Bhí an-tóir aige ar amhráin sean-nóis agus ba mhinic é i láthair ag na seisiúin sean-nóis Tigh Phádraicín.
Déanann muid comhbhrón lena dheirfiúracha Mary, Delia, Nóra agus Barbara, lena dheartháireacha Pádraic agus Seán, lena mhuintir agus lena chairde iomadúla atá faoi bhrón.
Suaimhneas síoraí go raibh ag Steve.
Iománaithe Óga Chois Fharraige Abú
Foireann iománaíochta Cumann Micheál Breathnach faoi 15, atá ar bharr an tábla A1 i gcraobhchomórtas na Gaillimhe, tar éis an bua a fháil sa gcéad cheithre chluiche.
Ar chúl, ó chlé: Jamie Ó Diollúin, Oisín Ó Neachtain, Cormac Ó Braonáin, Cian de Búrca, Rónán Ó Neachtain, Eric Norman, Eoin Ó Gionnáin, Mártan Ó Cualáin, Conor Ó Tuathail, Fionnán Ó Neachtain, Oisín Mahon, Ruán Ó Néill, Aaron Ó Donnchadha.
Chun tosaigh, ó chlé: Cuán Canny, Dara Ó Frighil, Stiofán Ó Neachtain, Cian Ó Maoileoin, Oscar Ó Tuairisg, Cillian Ó Ceallaigh, Peadar Óg Ó Conghaile, Aaron Norman, Aonghus Ó Direáin, Tadhg Ó Neachtain agus Diarmaid Mac Réamoinn.
[Pictiúr: Áine Uí Neachtain]
Tá an-tús go deo curtha ag foireann iománaíochta faoi 15 Mícheál Breathnach lena gcoimhlint sa gcraobh agus tá siad ar cheann an ghrúpa A1 faoi láthair agus ceithre bhua acu as a chéile, éacht ann fhéin. Tá foirne buailte acu ó chlubanna a bhfuil cáil na hiománaíochta orthu le fada an lá: An Caisleán Gearr; Cumann Mhíchíl Uí Chíosóig; Gort Inse Guaire agus Port Omna. Tá neart le n-imirt fós ach tá tús spleodrach curtha acu lena séasúr iománaíochta. Bhí chuile chluiche beo crua agus iomaíoch go dtí seo ach léirigh siad sár-scileanna, croí, comhoibriú, ceannasaíocht agus obair foirne den scoth sna cluichí éagsúla.
Tá ocht bpointe ag báireoirí óga na mBreathnaigh agus sna sála orthu tá An Carn Mór le seacht bpointe. Sa gcomórtas casfaidh an dá fhoireann ar bharr an tábla ar a chéile ar Pháirc an Chnoic ar an Déardaoin, 23 Bealtaine.
Idir an dá linn beidh na báireoirí óga ó Chumann Micheál Breathnach ag imirt a chéad chluiche eile, as baile, in aghaidh Chill Chon Iarainn ar an Déardaoin seo chugainn, 16 Bealtaine.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh ceann de chlasaicí móra na litríochta Gaeilge á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige Tigh Mholly ar an 15 Bealtaine ag 9.00 i.n.
Tá leagan nua cóirithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde den chnuasach cáiliúil gearrscéalta An Grá agus an Ghruaim, le Seosamh Mac Grianna.
Ceann de na príomhathruithe a rinneadh ar an mbunleagan in imeacht na mblianta ná gur baineadh amach an scéal ‘An Bhean Lán de Stuaim’, ar fhaitíos nach raibh sé “feiliúnach” do scoláirí óga. Tá an scéal sin, agus an scéal ‘Bíonn Súil le Muir ach Ní Bhíonn Súil le hUaigh’, sin an ceann a cuireadh isteach ina áit, sa leagan nua.
Tuilleadh eolais faoin leabhar: An Grá agus an Ghruaim, le Seosamh Mac Grianna.
Rang Gaeilge ar An Spidéal
Cuireadh tús le gearrchúrsa Gaeilge eile in oifigí an Fhóraim in Inis Fáil i sráidbhaile an Spidéil an tseachtain seo. Leanfaidh an cúrsa chuile Mháirt ón 7.00 i.n – 8.30 i.n go dtí 4 Meitheamh. Tá roinnt spásanna fós ar fáil. Seol nóta chuig optchoisfharraige@nullgmail.com más mian leat a freastal ar an gcúrsa.
Ainm.ie: Joe Steve agus Pádraig Ó hAoláin
Cuirtear cuntas ar shaol agus ar shaothar cúigear nua leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéise Gaeilge chuile bhliain. Foilsíodh ábhar faoi Joe Steve Ó Neachtain (ar chlé) agus faoi Phádraig Ó hAoláin an babhta seo.
Sé an t-údar agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, Mícheál Ó Conghaile, a scríobh an t-ábhar faoin mbeirt fhathach seo a d’fhág a lorg go láidir, dearfach ar cheantar Chois Fharraige, ar shaol na Gaeltachta agus ar shaol na hÉireann dá réir.
Is altanna téagartha, lán-eolais, spéisiúla an dá cheann acu agus is cinnte gur méir eolais iad don phobal agus don lucht léinn agus taighde.
Siad Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú a chuir tús leis an mbunachar beathaisnéisí ríthábhachtach seo nuair a d’fhoilsigh siad an tsraith Beathaisnéisí. Tá an bunachar faoi chúram Fhiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus Chló Iar-Chonnacht anois agus ar fáil ar líne ag www.ainm.ie.
Podchraoladh
Ó am go chéile bíonn Oifigigh Pleanála Teanga ó cheann ceann na tíre i bpáirt i dtionscadail éagsúla. Craic Pod, a seoladh ar Lá Bealtaine, an ceann is deireanaí dá gcuid. Sraith podchraoltaí le réalta móra na hÉireann, idir réalta móra i saol an spóirt, saol an cheoil, saol na scríbhneoireachta, saol an damhsa, saol na filíochta srl a bheas i mbun cainte.
Tá podchraoltaí Gaeilge ag teacht chun cinn go mór le scaitheamh anuas, leithéidí ‘Beo ar Éigean‘, ‘Na Seansálaithe‘ agus ‘Seal le Seán‘.
I measc na réalta móra a bheas faoi agallamh tá an ceoltóir ildánach as Iorras Aithneach, Séamus Ó Flatharta. “An príomhrud atá mé ag iarraidh amach anseo ná go mbeidh an Ghaeilge agus an sean-nós agus an ceol traidisiúnta mar chuid lárnach do mo shaol,” a dúirt Séamus.
Siúlóid Sciatháin Leathair
Beidh ócáid an-spéisiúil ar bun sa Spidéal ar an Déardaoin, 23 Bealtaine, mar chuid de Sheachtain na Bithéagsúlachta 2024. Tá Coiste Bhaile Slachtmhar an Spidéil ag eagrú Siúlóid Sciatháin Leathair faoi stiúir Chaitríona Carlin i gcomhar le Grúpa Sciatháin Leathair na Gaillimhe.
Ag an tSeanchéibh a thiocfaidh daoine le chéile agus cuirfear ar an eolas thú faoin gcineál sciatháin leathair atá i gceantar an Spidéil, beidh deis agat éisteacht lena gcuid glaochanna le cabhair bhrathadóirí ar leith agus seans go bhfaighidh tú radharc ar na créatúir seo agus iad i mbun eitilte.
Bíodh éadaí teo, bróga feiliúnacha agus seaicéad Hi-Viz ort agus tabhair lóchrann nó tóirse leat.
Tá fáilte roimh ghasúir ach caithfidh duine fásta a bheith ina dteannta. Ócáid saor in aisce atá ann. Cuir an 23 Bealtaine @ 9.30 ag an tSeanchéibh sa dialann anois.
Lotó na mBreathnaigh
Bhí moill ar tarraingt an Lotó an tseachtain seo agus níl na torthaí againn agus an colún á chur le chéile.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
Iomáint (faoi 15 A1): Ml Breathnach 3 – 17, Port Omna 1 – 12.
Peil (Comórtas Peile na Gaeltachta, Sinsear): Ml Breathnach 0 – 16, Naomh Anna, Leitir Móir 4 – 17.
Peil (faoi 17B): Ml Breathnach 2 – 07, St. Michael’s 3 – 17.
Peil na mBan (Comórtas Peile na Gaeltachta, Sóisear): Ml Breathnach 3 – 10, Carna-Caiseal 3 – 07.
Peil na mBan (faoi 16): Ml Breathnach 4 – 11, Maigh Cuilinn 2 – 05.
Peil (faoi 15 RI): Ml Breathnach 4 – 14, Muine Mheá 1 – 05.
Peil (faoi 13 RIV): An Spidéal 2 – 06, Renvyle 2 – 08.
Peil (faoi 15 RIII): An Spidéal 7 – 11, Oranmore/Maree 0 – 05.
Sacar (Men’s Reserves): Cois Fharraige 0, Renmore 3.
Sacar (faoi 15, Corn RIII/IV): Mac Dara B 5, Cregmore/Claregalway C 6.
Sacar (faoi 14, Corn RII/III): Mac Dara 4, Moyne Villa B 3.