Cartlann Nuachta: 8 Eanáir 2020
€5,000 do Phobal Shiomóin na Gaillimhe
Caitlín Ní Chualáin ag bronnadh seic €5,000 ar Sharon Golden ó Phobal Shiomóin na Gaillimhe, an tíocht isteach a bhí ón gceolchoirm ‘Coinneal na Nollag’ a d’eagraigh Caitlín roimh an Nollaig i Séipéal Bhearna.
Rás Spraoi an Spidéil Nollaig 2019
Rás Spraoi an Spidéil Nollaig 2019
Is ócáid bhliantúil gach Nollaig an Rith/Siúl Spraoi 5km, ina nglacann na céadta ó gach aoisghrúpa páirt. Úsáidtear an t-airgead a bhailítear le cothú a dhéanamh ar an 14 difhibrileoirí atá curtha ar fáil ag an eagraíocht ar Bhóthar Chois Fharraige idir na Forbacha agus Ros a’ Mhíl. Cosnaíonn sé thart ar €2,000 go bliantúil na difhibrileoirí a chothú agus dá réir tá tacaíocht an phobail ag teastáil go géar le gur féidir an tseirbhís thábhachtach seo a chur ar fáil don phobal, seirbhís atá in ann beatha duine a shábháil.
Plean Teanga Chois Fharraige
Beidh an chéad chruinniú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga do na comhaltaí ar an 15 Eanáir 2020 san ITT, ar chúl Shéipeál an Chnoic, ag tosú ag 8.00pm. Is do na na heagrais sa bpobail, a bhfuil ballraíocht tógtha acu sa bhFóram, atá an cruinniú ann le go ndéanfar Bord Stiúrtha na heagraíochta a roghnú, do réir mar atá leagtha amach sna rialacha.
Tá an post mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige fógartha agus tá go dtí an Aoine seo do dhaoine cur isteach ar an bpost, tré iarratas maraon le CV a sheoladh ag an seoladh ríomhphoist ptchoisfharraige@nullgmail.com.
Is faoin mBord Stiúrtha, a roghnófar ag an gcruinniú ar an gCéadaoin seo chugainn, a bheas sé Oifigeach Pleanála Teanga a roghnú is a fhostú.
Cluiche Leathcheannais na mBreathnaigh
Foireann iomána sóisear Chumann Micheál Breathnach a d’imir i gCluiche Leath Cheannais Iomána na gClubanna Sóisear in aghaidh Fánaithe an Rúiséalaigh an Domhnach seo caite i gCill Mealóg. Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór ach buaileadh foireann Chois Fharraige san am breise.
Ar chúl ó chlé: Aodán Breathnach, Dinny Ó hÉallaithe, Adrian Ó Tuathail, Ruadhán Ó Béarra, Seán Ó Conghaile, Jeaic Mac Giolla Bhríde, Oisín Ó Direáin, Máirtín Ó Neachtain, Kevin Mhaidhc Ó Conghaile, Cian Mac Giolla Bhríde, Cian Griallais, Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, Marc Ó Duibhir, Domhnall Ó Braonáin, Macdara Ó Béarra agus Éanna Ó Conghaile.
Chun tosaigh ó chlé: Cathal Ó Tuathail, Shaun Ó Donnacha, Seán Denvir, Seán Ó Féinneadha, Rónán Mac Donncha, Liam Mac Donnacha, Maidhc Antaine Ó Conghaile, Rónán Ó Beoláin, Fiach Ó Béarra, agus Ruairí Óg Ó Béarra. In easnamh ón bpictiúr Oisín Ó Ceallaigh, Gearóid Ó Conghaile agus Cian Ó Conghaile.
[pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Ar an Domhnach seo caite i gCill Mocheallóg, Co Luimnigh, bhí Cumann Micheál Breathnach i ngoireacht tríocha soicind le stair a dhéanamh agus iad cúilín amháin chun tosaigh ar Fhánaithe an Rúiséil i gCluiche Leathcheannais na gClubanna Sóisear san iománaíocht, nuair a bronnadh poc saor ar fhoireann Chorcaigh. Ní poc saor éasca a bhí ann: ón taobhlíne le uileann géar agus gaoth láidir ag séideadh. Ach ní mórán poc saor a bhí curtha amú ag foireann Chorcaigh agus le scéal fada a dhéanamh gearr tógadh an poc saor, ardaíodh an brat bán, séideadh an fheadóg le deireadh a chur leis an gcluiche agus an dá fhoireann ar chomhscór.
Ag tús am breise fuair Fánaithe an Rúiséil cúl taobh istigh de nóiméad agus ní raibh tada fágtha sa teainc ag buachaillí Chois Fharraige le tíocht ar ais aríst, mar a rinne siad sa darna leath den seasca nóiméad.
Cárthach Breathnach, bainisteoir fhoireann iománaíochta Chumann Micheál Breathnach, ar éirigh leo dul chomh fada le Cluiche Leathcheannais na gClubanna Sóiséar.
Dá mbeadh an fheadóg séidte tríocha soicind níos túisce ag an réiteoir, bheadh Cumann Micheál Breathnach sa gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Thaisteal bus lán agus go leor carrannaí de lucht tacaíochta go Cill Meallóg le tacaíocht a thabhairt do laochra Chois Fharraige, ar éirigh leo an Cumann Micheál Breathnach a thabhairt chomh fada le Cluiche Leathcheannais na hÉireann don chéad uair riamh.
Seo a leanas an fhoireann ó Chumann Micheál Breathnach a chuaigh chun páirce: Kevin Mhaidhc Ó Conghaile, Macdara Ó Béarra, Jeaic Mac Giolla Bhríde, Fiach Ó Béarra, Ruadhán Ó Béarra, Maidhc Antaine Ó Conghaile (0 – 7, saorphoc 0 – 6), Seán Ó Féinneadha, Rónán Mac Donnacha (0 – 1), Cian Mac Giolla Bhríde, Dinny Ó hÉallaithe, Oisín Ó Ceallaigh, Seán Denvir, Éinna Ó Conghaile (0 – 1), Rónán Ó Beoláin (1 – 2) agus Breandán Mhaidhc Ó Conghaile (0 – 4). Fir Ionaid: Adrian Ó Tuathail, Liam Mac Donnacha agus Ruaidhrí Óg Ó Béarra.
Cuid den lucht tacaíochta a bhí ag foireann iomána Chumann Micheál Breathnach ag Cluiche Leathcheannais na gClubanna Sóisear, a imríodh an Domhnach seo caite i gCill Meallóg, Co Luimnigh.
Cé gur cothrom a chríochnaigh an dá fhoireann ag deireadh an seasca nóiméad, imríodh am breise agus is ag Fánaithe an Rúiséil a bhí an bua sa deireadh.
Ó chlé: Aisling Ní Neachtain, Seán Bán Breathnach, Ciana Ní Churraoin, Frances Ní Churrain agus Edel Ní Churraoin.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Séasúr Nua Scannán
Coicís ón Déardaoin seo, 23 Eanáir, cuirfear tús le séasúr nua de scoth na scannán ó thíortha éagsúla ar fud an domhain, i Seanscoil Sailearna, nuair a thaispeánfar ‘A Faithful Man’, scannán ón bhFrainc, ag tosú ag 8.15pm.
Is féidir ballraíocht a fháil don séasúr ar €35 do dhuine aonair, nó €60 do bheirt, as a mbíonn cead isteach ag na scannáin go léir gan aon cheo eile a íoc. Bíonn €8 le íoc ar scannán amháin ag daoine gan bhallraíocht.
Tá liosta iomlán na scannán le fáil anois ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE, mar aon le eolas fúthu.
Sacar Chois Fharraige
Ní ró-mhaith a thosaigh an bhliain nua do Chumann Sacair Chois Fharraige. Cé gur chríochnaigh siad an bhliain 2019 sa darna áit leis na pointí céanna le Tuam Celtic, atá ar bharr an tábla, chlis orthu ar an Satharn seo caite sa gCeathrú Rua nuair a buaileadh iad 4 – 1 ag imirt in aghaidh Merlin Woods FC/Medtronic, an fhoireann a bhí ar bhun an tábla. Tá Cois Fharraige anois sa tríú áit, trí phointe ar chúl ó Tuam Celtic agus Renmore.
Tacaíocht ó Cheannaire Fhianna Fáil
Tá litir tagtha ó cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin TD, ag cur a thacaíocht in iúl don fheachtas atá ar bun ag Cumann Forbartha Chois Fharraige chun toghchán Údaráis na Gaeltachta a thabhairt ar ais. Deirtear sa litir go bhfuil Fianna Fáil agus Micheál Martin ‘lántiomanta do bhord tofa ar Údarás na Gaeltachta’.
Cúig seachtain ó shin chuir an Cumann Forbartha litir ag ceannairí na bpáirtithe polaitíochta sa Dáil ag cur an cháis ar son toghchán a bheith ann le go mbeadh deis arís ag pobail na Gaeltachta a ionadaithe féin a thoghadh go daonlathach ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
Cuireadh deireadh leis na toghcháin in 2012 de bharr an géarchéim eacnamaíochta, nó b’shin a dúradh ag an am. Creideann Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil bearna chumarsáide oscailte sa gcaidreamh idir Údarás na Gaeltachta agus na pobail sa nGaeltacht, nuair nach bhfuil aon bhall tofa ar bhord na heagraíochta a thuilleadh.
Sa litir a chuir an Cumann Forbartha ag ceannairí na bpáirtithe, tús mí na Nollag, fiafraíodh díobh an mbeidís sásta geallúint a thabhairt go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a leasú le go mbeidh deis aríst ag pobail na Gaeltachta ionadaithe a thoghadh ar Bhord an Údaráis. Micheál Martin TD, ceannaire Fhianna Fáil, an chéad cheannaire a chuir freagra ar ais. Dúirt sé sa litir go leanfadh Fianna Fáil ‘ag obair do dúthrachtach chun tacú lenár dteanga dhúchais i gceantair Ghaeltachta agus chun tochchán chuid bord Údaráis na Gaeltachta a athbhunú go hiomlán’.
Agus an colún seo á scríobh níl aon fhreagra tagtha ó cheannairí na bpáirtithe eile faoin gceist.
Club Leabhar
Joe Steve Ó Neachtain ag Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn, 15 Eanáir, ag 8.00pm i dTigh Mholly, Indreabhán, chun an leabhar ‘Gráinne Gaiscíoch Gael’ le Siobhán Parkinson a phlé. Úrscéal stairiúil atá sa leabhar, bunaithe ar scéal Ghráinne Mhaol Ní Mháille, an bantaoiseach agus foghlaí mara as Maigh Eo. Tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua ag an gClub Leabhar, a thagann le chéile ar an dara Céadaoin gach mí.
Cóisir na gCeoltóirí Óga
Chuir óige an cheantair tús ceolmhar leis an mbliain nua an Déardaoin seo caite nuair a tháinig siad féin agus a muintir le chéile do chóisir bhliantúil na gCeoltóirí Óga. Bhí an-bhliain ag na gasúir anuraidh: bhí ceolchoirm mhór acu sa Taibhdhearc, chas siad ag oíche mhór Lóchrann Chonamara, d’oscail siad agus dhún siad Féile Traidphicnic, d’éirigh thar cionn leo ag an bhFleadh Cheoil, rinne siad turas go Doire agus go Dún na nGall agus is iomaí seisiún agus taispeántas a chuir siad os comhair phobal an cheantair i gcaitheamh na bliana. Bhí sé de phribhléid acu ceol a chasadh do Johnny Connolly agus don chomhluadar in Áras Chois Fharraige faoi Nollaig agus bhí an t-ádh leo go bhfuair siad an deis a bheith i gcomhluadar Johnny sular imigh sé uainn, beannacht Dé lena anam.
Dar ndóigh, ní bheadh ann do na hócáidí seo gan tacaíocht na gceoltóirí áitiúla a bhíonn á stiúradh ar bhonn deonach: Luisne agus Aisling Ní Neachtain, Nóirín Ní Ghrádaigh, Éilís Lennon, Seán Lennon, Toner Quinn, Ruairí Mac Con Iomaire, Mícheál Darby, Traolach Ó Conghaile, Brian Terry agus tuilleadh nach iad.
Bhailigh slua deas le chéile i dTigh Chualáin chun éachtaí na bliana a cheiliúradh i dteannta a meantóirí ceoil agus na n-aíonna speisialta, Ríona Ní Fhlatharta agus Edel Ní Churraoin. Bhí roinnt cuairteoirí eile thart freisin agus chuir siad go mór leis an seisiún. Baineadh an-chraic as Tráth na gCeist agus bhí an lá faoi dheireadh ag rogha na coitiantachta, Frankie Mac Aodha agus a mháthair, Niamh Nic Cárthaigh. Tá Ceoltóirí Óga Chois Fharraige an-bhuíoch den tacaíocht leanúnach a fhaigheann siad ó Chumann Forbartha Chois Fharraige agus ba mhór acu an síntiús a fuair siad uathu le costais na cóisire a chlúdach.
Beidh Seisiún na nDéagóirí ar ais arís ar an 11 Eanáir sa gCrúiscín Lán agus beidh an dream bunscoile ag teacht le chéile san ITT ar an 12 Eanáir. Beidh fáilte Uí Cheallaigh roimh bhaill nua.
Cártaí agus Biongó
Tá na cártaí i Scoil na Minna tosaithe ar ais an tseachtain seo agus beidh siad ar bun gach Céadaoin ag 8.00pm.
Tá bingo ag tosú ar ais, tar éis sos na Nollag, ar an Luan seo chugainn, 13 Eanáir, ag 8.00pm, i Seanscoil Sailearna, ar mhaithe leis an Seirbhís Béile ar Rothaí a de chuid Tearmann Éanna.
Torthaí Spóirt
Iománaíocht (Sóisear): Micheál Breathnach 1 – 15, Russell Rovers 1 – 26.
Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Merlin Woods/Medtronic 4.
Sacar (Byrne Cup): Mac Dara 5, Dynamo Blues 4.
Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 4, Galway Hibs 2.
Sacar (faoi 16): Mac Dara 5, Kinvara Utd 4.
Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 3, Salthill Devon 1.
Sacar (faoi 14): Mac Dara 2, Maree/Oranmore 2.
Sacar (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 2, Loughrea 3.