Cartlann Nuachta: 8 Feabhra 2017

Coláiste Chroí Mhuire

GrádA,Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal

‘Grád A’ ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a thainig sa dara háit ag Scléip an tseachtain seo caite sa gcomórtas don ‘Ghrúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan (Sóisear)’, a bhí á reachtáil ag Gael Linn.

Ó chlé: Méabh Ní Thuathalán, Nós; Áine Ní Laoi, An Spidéal; Aoibhín Ní Dhomhnaill, Na Forbacha; Aoife Nic Dhonnacha, Indreabhán; Aislinn Cox, Indreabhán agus Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn.

Ag craobhchomórtas SCLÉIP an tseachtain seo caite, a eagraíodh i mBaile Átha Cliath, tháinig grúpa ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, sa dara háit sa gcomórtas ‘Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan’ (Sóisear). Comórtas talainne í SCLÉIP, ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha, agus atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, sa nGaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Chruinnigh na céadta scoláirí ó Dhún na nGall chomh fada le Daingean Uí Chúis, mar aon lena gcuid múinteoirí agus a gcuid tuismitheoirí, in amharclann CLASACH, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, do bhuaicphointe seo an chomórtais. Bhí na hiomaitheoirí uilig – suas le 300 acu – tar éis cáiliú roimhré trí réamhbhabhtaí réigiúnacha, ag a bhfuaireadar comhairle ó mholtóirí aitheanta sna réimsí éagsúla.

D’éirigh le Sonny Ní Chathasaigh ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, an chéad áit a fháil san Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sinsear) agus bronnadh GRADAM CHEOIL NÓS 2017 uirthi.

SonnyNíChathasaigharstáitse

Sonny Ní Chathasaigh ón gCeathrú Rua a chroch leí an phríomhdhuais sa gcomórtas don ‘Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan (Sinsear)’, ag Scléip an tseachtain seo caite, comórtas náisiúnta talainn a reachtálann Gael Linn.


Leabhar Filíochta Mháire Uí Eidhin

Máire Uí Eidhin ag síniú leabhar

Máire hOibicín Uí Eidhin ag síniú cóip dá leabhar filíochta, Taoscadh an Tobair, sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal oíche Dé Sathairn.

Chruinnigh slua ollmhór isteach sa gCruiscín Lán sa Spidéal oíche Dé Sathairn le tréaslú le Máire hOibicín Uí Eidhin as ‘Taoscadh an Tobair’, a céad chnuasach filíochta, a chur i láthair an phobail. I Leitir Mucú a rugadh agus a tógadh Máire, ach tá cónaí uirthi féin agus ar a clann ar an mBaile Ard sa Spidéal le fada an lá. Os cionn trí scór dán atá sa díolaim seo, dánta a thugann léargas ar fhile a thug léi gaois, fealsúnacht agus friotal na seanmhuintire, ach í féin lonnaithe go socair, compordach i saol comhaimseartha na hÉireann.

“Tá géarchúis, cineáltas, séimhe, dáimh, greann, comhbhá, urraim, dúchas, oidhreacht, traidisiún, creideamh agus saibhreas á léiriú dúinn sna dánta seo,” a dúírt Máire Ní Neachtain agus í ag seoladh an leabhair.

“Seo í an bhean Ghaeltachta ar thug dúchas a muintire oirnéis di le breathnú go grinn ar an saol agus cur síos gonta, liriciúil a dhéanamh air. Seo í an bhean chéile agus an mháthair ghrámhar ar breá léi an taisteal agus atá sona, sásta sa mbaile freisin”, a dúirt sí.

Ní taobh leis an bhfilíocht amháin atá cruthaíocht Mháire Uí Eidhin, is í a rinne clúdach an leabhair, pictiúr álainn dá fód dúchais i Leitir Mucú agus tá grianghrafanna breátha sa leabhar freisin a chuireann go mór le hábhar na ndánta.

Casadh ceol, dúradh amhráin, déanadh céipear damhsa, aithrisíodh dánta, agus baineadh an-sásamh as oíche bhreá comhluadair le tacú le Máire a saothar a sheoladh.


Togra Ealaíne sna Forbacha

ScoilnabhForbachaTá sé fógraithe go bhfuil iarratais á lorg ó ealaíontóirí a mbeadh spéis acu píosa ealaíne a dhearadh is a dhéanamh don scoil nua, atá á tógáil sna Forbacha. Beidh an togra ealaíne a roghnófar á airgeadú ag scéim ar a thugtar ‘Céatadán don Ealaín’, sé sin go mbíonn ar gach foirgneamh poiblí a dhéantar, 1% den chostas tógála a chaitheamh ar phíosa ealaíne. Tá buiséad de €25,000 ar fáil le caitheamh ag Scoil na bhForbacha faoin scéim. Tá sé ráite ar shuíomh idirlíon na scoile go mba mhaith leis an scoil go mbeadh na páistí páirteach sa togra ealaíne.

Tá gach eolas ar fáil ó www.scoilnabhforbacha.ie. Sé an spriocdáta le iarratas a dhéanamh faoin scéim ná seachtain ón Máirt seo chugainn, 21 Feabhra.


Cúrsa Ríomhaireachta do Thosaitheoirí

julianne-ni-chonchobhairIs ar an Máirt, 21 Feabhra, a chuirfear tús le cúrsa nua ríomhaireachta do thosaitheoirí sa seomra ríomhaireachta i Seanscoil Sailearna. Idir seo agus an Cháisc beidh an cúrsa ag bun gach Máirt ón 7.00 go 9.30pm ar feadh ocht seachtaine, ag críochnú 12 Aibreán. Níl ach 12 áit ar an gcúrsa. Is trí mheán na Gaeilge a bheas an cúrsa á theagasc.

Tá an cúrsa ríomhaireachta á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le tacaíocht ó scéim atá ag an GRETB. Tá an cúrsa seo dírithe ar thosaitheoirí nó daoine nach bhfuil i bhfad ag úsáid ríomhairí. Clúdófar na scileanna praicticiúla ar úsáid ríomhairí a theastódh ón ngnáthdhuine sa lá atá inniu ann, ar nós úsáid a bhaint as an idirlíon, cuntas r-phost a chruthú agus a úsáid, doiciméidí a scríobh ar an ríomhaire, Skype a úsáid chomh maith le áiseanna eile atá ar fáil ar an idirlíon.

Sí Julianne Ní Chonchubhair (ar dheis) a bheas ag teagasc ar an gcúrsa. Seo é an tríú chúrsa ar ríomhaireacht atá eagraithe ag an gCumann Forbartha i Seanscoil Sailearna.


Fíbín agus Clann Lir

Clann-Lir-íomhá-poib-med-res-logosTá Fíbín faoi láthair ag obair ar chomhléiriú le Áras Inis Gluaire i mBéal a’ Mhuirthid ar CLANN LIR, seó a thugann ealaín, damhsa, scéalaíocht agus ceol le chéile.

Beidh CLANN LIR á léiriú i Maigh Eo, i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara, mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2017. Beidh an seó á chur ar stáitse i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an 13, 14 agus 15 Márta.

Beidh íomhánna corraitheacha an ealaíontóra ó Chois Fharraige, Dara McGee, le feiceáil sa scéal draíochtúil seo as miotaseolaíocht na hÉireann faoi Fionnuala agus a triúr deartháireacha a díbríodh chun 900 bliain a chaitheamh mar ealaí i mbun ceoil i trí cheantar iargúlta in Éirinn.

Más damhsóir tú ba bhreá le Fíbín agus Áras Inis Gluaire cloisteáil uait. Is féidir glaoch ar Ruth Gordon, Léiritheoir, Fíbín Teo: 091 505855 nó seol ríomhphost chuig fibinteo@nullgmail.com


Cruinniú Chinn Bhliana an Chumann Camógaíochta

Ar an Domhnach seo chugainn tionólfar cruinniú cinn bhliana Chumann Camógaíochta Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 7.00pm.

Bunaíodh Cumann Camógaíochta Chois Fharraige sa mbliain 1981. Tá éacht déanta ag an gCumann ag forbairt na camógaíochta i measc cailíní i gceantar Chois Fharraige. Is iomaí corn agus sciath atá tugtha anoir thar an gCoirib ó shin.


Bus Eolais faoi Alzeimers

Cumann Alzheimer na hÉireannAr an Máirt, 14 Feabhra, Lá ‘le Vailentín, beidh Bus Eolais Chumann Alzheimer na hÉireann sna hionaid seo a leanas, chun eolas agus comhairle a chur ar fáil don phobal maidir leis na seirbhísí agus cúram atá ar fáil ón gCumann i gCo. na Gaillimhe.

Cógaslann Agatha, Cárna: 10.00 r.n. – 11.00 r.n.

T. O’Malley Teo., Rosmuc: 12:00 – 1:00 i.n.

Tearmann Éanna, Baile na hAbhann: 2:15 i.n. – 3:15 i.n.

Ollmhargadh na Seoighe, Indreabhán: 3:30 i.n. – 5:00 i.n.

Tá fáilte roimh chách bualadh isteach ag aon cheann de na hionaid chun ceisteanna a chur agus eolas a fháil.


Gig sa Spidéal

Croílíne Chois FharraigeBeidh ceolchoirm ar son Chroílíne Chois Fharraige ar bun an Satharn beag seo, 11 Feabhra, sa Droighneán Donn, An Spidéal, ag tosaí ag 9.30pm. Ceoltóirí ó Alternative Sessions, An Spidéil a bheas ag cur an cheoil ar fáil.

Buaileann an ghrúpa seo le chéile ar an gcéad Chéadaoin de gach mhí agus meascán de rock, pop & folk á seinm acu.

Níl aon chostas ar an gig, ach glacfar le síntiús don charthannacht Croílíne Chois Fharraige. Beidh raifil ar bun chomh maith ar an oíche.


Scannán sa tSeanscoil – THE BLACK HEN

The Black Hen 1

Radharc as an scannán, THE BLACK HEN, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 9 Feabhra, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag tosaí ag 8.15pm.

THE BLACK HEN, is teideal don scannán, a beidh á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán anocht ag 8.15pm. Suite sa Nepal sa mbliain 2001 atá sé, am a raibh deireadh ag tíocht le cogadh idir reibiliúnaithe den eite chlé agus arm na tíre. Baineann scéal an scannáin le beirt bhuachaillí ó aicmí éagsúla a bhfuil dlúthchairdeas eatarthu agus atá ag cuartú circe a chuaigh ar iarraidh. Sa gcúlra tá macalla an chogaidh idir na reibiliúnaithe agus saighdiúirí an rialtais.

Bhuaigh an scannán seo gradam anuraidh don scannán is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán i Veinéis na hIodáile.


8 Feabhra 2017