Cartlann Nuachta: 8 Iúil 2015

8 Iúil 2015


Traidphicnic den Scoth sa Spidéal

Colm Gannon ag Traidphicnic    Jesse Smith ag Traidphicnic

Colm Gannon, ar chlé, agus ar dheis Jesse Smith ag casadh ceoil ag Traidphicnic 2015, a bhí ar bun sa Spidéal an deireadh seachtaine seo caite, agus bhí sé ar an gceann is fearr fós. Thosaigh an fhéile ar an Aoine, 3 Iúil, le ceoltóirí óga ó cheantar Chois Fharraige ar an ardán ag casadh leis an máistir fidléir, Charlie Lennon. Bhí togha na ngrúpaí ceoil ar an ardán i gcaitheamh an deireadh seachtaine, ina measc Clann Uí Iarnáin ó Chárna, Fís ó Ghaoth Dobhair agus Ré, grúpa nua atá curtha le chéile ag Liam Ó Maonlaí ó na Hothouse Flowers.

Lucht Éisteachta ag Traidphicnic

Cuid den slua ag éisteacht leis an gceol faoin ngrian.  Cé go raibh faisnéis na haimsire go dona agus neart múrtha báistí geallta, d’fhan sé tirim don Traidphicnic agus bhain an slua breá a bhí bailithe gach lá sa gCeardlann an-sásamh as an gceol.

Grúpa de Cheathrar ag Traidphicnic

Eagraíodh ceardlanna ceoil ar an Satharn agus ar an Domhnach cuireadh críoch croíúil leis an bhFéile leis an ngrúpa Tap Room.

Ba é seo an ceathrú Traidphicnic agus má thosaigh sé beag is féile mhór anois é, a mheallann togha na gceoltóirí traidisiúnta go Cois Fharraige. Coiste beag deonach a eagraíonn Traidphicnic: Bridget Barker, Sara Howlin, Steve Sweeney agus Liam Collins.

Traidphicnic - Sara agus Bridget

Beirt den choiste a d’eagraigh Traidphicnic sa Spidéal an deireadh seachtaine seo caite, ag glacadh sos ar an Domhnach le linn na féile. Ar chlé, Sara Howlin agus Bridget Barker ar dheis.


Triúr ó Chois Fharraige ar an bhFoireann Mhionúir

Triúr ó Chois Fharraige a bhí ar fhoireann mhionúir peile na Gaillimhe a bhuail Maigh Eo go héasca ar an Satharn seo caite. Bhí Rónán Ó Beoláin ó Chumann Mícheál Breathnach cumasach mar is ghnáth idir na cuaillí. Ón Spidéal bhí beirt ag imirt: Finian Ó Laoi sna leath-thosaithe agus Liam Ó Ceallaigh sna leathchúlaithe. Fuair Finian Ó Laoi cúl iontach sa dara leath agus bhí an Ceallach rí-thábhachtach i mbun cosainte i gcaitheamh an chluiche.

Nuair a séideadh an fheadóg ag deireadh an seasca noiméad, bhí buachaillí na Gaillimhe chun cinn le 3 -14 in aghaidh 1 – 3 ag Maigh Eo. Beidh siad ag imirt in aghaidh Shligeach i gCluiche Cheannais Chonnacht, seachtain ón Domhnach seo chugainn, 19 Iúil, i bPáirc de hÍde, Ros Comáin.


Féile na nÓg

féile na nóg2015

Domhnall O Braonáin a bhuaigh Corn Joe Éinniú agus Caroline Ní Chonaire a bhuaigh Corn Shiobháin Uí Neachtain ag Féile na nÓg i gCarna, Dé Satharn 4 Iúil, in éineacht lena múinteoir Máire Phetair.


Campaí Samhraidh do Pháistí Óga

Ar an Luan seo chugainn, 13 Iúil, beidh Campa Samhraidh do pháistí óga ag tosaí sa gCrann Taca, Indreabhán. Beidh an campa dírithe ar dhá aoisghrúpa: 3 – 5 bliana d’aois agus 6 – 10 mbliana d’aois agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh coicíse. Beidh meascán mór imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar bun do na gasúir óga idir bácáil, drumadóireacht, siúlóidí, ealaín agus ceardaíocht, tóraíocht taisce, damhsa, drámaíocht agus turas chuig Feirm Leamhchoille nó Gáirdín Bhríde.

Beidh an campa seo ar bun ar feadh coicíse, ag tosaí gach lá ag 9.30 ar maidin agus ag críochnú ag 2.30 i.n. €85 an táille don choicís. Is féidir breis eolais a fháil ach glaoch ar an uimhir (091) 593132.


Na Breathnaigh sa gCluiche Ceannais

Cumann Mícheál BreathnachTá áit bainte amach ag foireann shinsir peile ó Chumann Mícheál Breathnach sa gcluiche ceannais i gComórtas Chorn John Dunne. I Staid an Phiarsaigh ar an Satharn seo caite bhuail peileadóirí Chois Fharraige foireann Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, gan ach cúilín le spáráil ag na Breathnaigh ag deireadh an chluiche. Sa gcomórtas seo tá trí fhoireann buailte ag peileadóirí Chumann Mícheál Breathnach, gan ach cúilín le sparáil i ngach aon cheann de na cluichí.

Beidh Mícheál Breathnach ag casadh ar bhuaiteoirí an chluiche idir Baile an Mhuilinn agus Réalta Thuama sa gcluiche ceannais.


Rang a 6, Scoil Éinne, An Spidéal

Rang 6, An Spidéal 2015Rang a 6, Scoil Éinne, An Spidéal, a chríochnaigh a gcuid bunscolaíochta ag deireadh na míosa seo caite.

Líne cúl (ó chlé): Múinteoir Caitríona Uí Laoi, Ben Ó Curraoin, Emma Ní Churraoin, Sorcha Crumlish, Kate Hume, Christian Kelleher, Diarmaid De Brún, Liam Ó Domhnaill, Aoife Nic Eoin, Sarah Nic Eoin, Seán Ó Gallchobhair agus Príomhoide Pádraigín Ní Lionnáin.

Líne tosaigh (ó chlé): Nicky Pfeiffer, Cathal Ó Diorráin, Tomás Byrne, Éilís Ní Shé, Éabha Ristori, Róisín Ní Chaoimh, Emma Ní Chonghaile, Clíodhna Leainde, Frankie Mac Aodha, Caomhán Ó Féinneadha agus Ruairí Ó Curraoin.


Campa Peile Chumann Mícheál Breathnach

Campa Peile Mícheál Breathnach 2015Cuid de na gasúir a ghlac páirt an tseachtain seo caite sa gcampa peile a d’eagraigh Cumann Mícheál Breathnach, ar Pháirc an Chnoic.


Triúr cailíní ó Ghaeltacht Chonamara

Emma, Michaela agus Becky (Peil f16)Triúr cailíní ó Ghaeltacht Chonamara a bhí ar an bhfoireann peile faoi 16 a bhuail Maigh Eo i gCluiche Cheannais Chonnacht le gairid: Emma Ní Dhomhnaill (Naomh Anna, Leitir Móir), Becky Ní Éallaithe (Cumann Mícheál Breathnach), Michela Ní Chearnaigh (An Fháirche).


Fadhb le Seirbhís Bus Scoile ó Indreabhán

De réir scéala a bhí ar Nuacht an Iarthair (RnaG) is cosúil go bhfuil an baol ann nach mbeidh seirbhís bus scoile ar fáil do ghasúir ó cheantar Indreabháin an chéad scoilbhliain eile, le freastal ar mheánscoil an Spidéil, ceal éileamh ar an seirbhís. Teastaíonn ar a laghad deichniúr ó cheantar atá sásta úsáid a bhaint as an tseirbhís, sula mbíonn Bus Éireann sásta seirbhís a cur ar fáil agus níl faoi láthair ach ocht n-iarratas ó Indreabhán ag an bpointe seo.