Cartlann Nuachta: 8 Lúnasa 2018
Corn an Iarthair Bronnta ar Fhoireann na mBan
Foireann peile na mban ó Chumann Micheál Breathnach, leis an corn a bronnadh orthu mar bhuaiteoirí ar Sraith Sóisear an Iarthair 2018.
Ar chúl, ó chlé: Terence Mac Donnacha, Ciana Ní Churraoin, Zara Olsthoorn, Meadhbh Ní Dhireáin, Aobh Nic Dhubhghaill, Fódhla Ní Bhraonáin, Caitríona Ní Churraoin, Sinéad Ní Mhaoláin (Capt.), Emma Ní Choistealbha, Becky Ní Éallaithe, Eimear Ní Bhiadha, Kevin Mac Donnacha.
Chun tosaigh, ó chlé: Ailbhe Breathnach, Clodagh Ní Dhireáin, Mary Ní Fhéinné, Meala Ní Choistealbha, Majella Nic Dhonnacha, Fíona Nic Dhonnacha, Sadhbh Howlin, Adhna
Nic Dhonnacha, Éabha Nic Dhonnacha, Casey Craughwell. [In easnamh ón bpictiúr: Aifric Ní Ghibne]
Bronnadh Corn Sraith an Iarthair (Sóisear) ar fhoireann peile ó Chumann Micheál Breathnach ar an Luan seo caite, tar éis dóibh cluiche dúshláine a imirt in aghaidh na buaiteoirí sinsir Bearna, ar Pháirc na bhForbacha. Beidh an fhoireann ag imirt sa phríomh roinn sa gcomórtas seo an chéad bhliain eile, in aghaidh fóirne cosúil le Maigh Chuilinn agus Leitir Móir. Tá foireann an-óg ag Na Breathnaigh agus is cinnte go mbeidh siad ag feabhsú sna blianta amach romhainn. Tá buíochas mór ag dul go Kevin Mac Donnacha agus Terence Mac Donnacha, an bheirt is mó a bhíonn á dtraeneáil.
Sé Paul Gannon, Cathaoirleach Bord an Chontae i bPeil na mBan a bhronn an corn ar Shinéad Ní Mhaoláin, Captaen ar fhoireann Micheál Breathnach.
Paul Gannon, Cathaoirleach Bord an Chontae i bPeil na mBan, ag bronnadh corn ar Shinéad Ní Mhaoláin, Captaen ar fhoireann Micheál Breathnach, tar éis do fhoireann Chois Fharraige Sraith an Iarthair a bhuachaint.
Feachtas Síniúcháin le Oifig an Phoist in Indreabhán a Choinneáil
Tá litir curtha ag an gCumann Forbartha chuig An Post, agus chuig an Aire Denis Naughton, chomh maith leis an Aire Stáit, Seán Kyne, ag iarraidh orthu féachaint chuige nach gcuirfear deireadh le seirbhísí poist in Indreabhán.
Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh ar eagraíochtaí eile sa gceantar litir a chur chomh maith ag an bPost, lena thaispeáint go bhfuil tacaíocht ag an éileamh Oifig an Phoist i Siopa an Phobail a choinneáil ar oscailt, ar mhaithe leis an seirbhís a cuirtear ar fáil don phobal agus do lucht gnó sa gceantar.
Deireadh na míosa seo, mí Lúnasa, a fhógrófar liosta na n-oifig poist atá le dúnadh. Tá dóchas ag an gCumann Forbartha nach mbeidh Indreabhán ar an liosta, má chuireann an pobal in iúl, idir seo go ceann coicíse, go dteastaíonn an tseirbhís poist sa gceantar.
Foireann Liathróid Láimhe i gCorn an Domhain
Micheál Ó Foighil ag bronnadh seit geansaithe nua-dheartha ar an seachtair iomaitheoir ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach a bheas ag glacadh páirt i gCorn an Domhain sa liathróid láimhe a bheas ar bun i Minnesota, ag tosú ar an 9ú Lúnasa.
Ó chlé – Feidhlim Ó Diollúin, Eimear Ní Bhiadha, Mike Dillon, Micheál Ó Foighil, Ciana Ní Churraoin, Cian Ó Conghaile, Eimhin Ó Diollúin agus Cliona Ní Chonghaile.
Tá seachtar imreoir as Cois Fharraige imithe go Minnesota an tseachtain seo le páirt a ghlacadh sa gCraobh Domhanda Liathróid Láimhe: Feidhlim agus Eimhin Ó Diollúin chomh maith lena n-athair Mike Dillon ón bPuirín, Eimear Ní Bhiadha ón gCnoc, Ciana Ní Churraoin ón gCoill Rua, Cian Ó Conghaile agus a dheirfiúr Cliona ó Corr na Rón. Imríonn an seachtar acu a gcuid liathróid láimhe le Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach.
Freisin, ag taisteal ón gCumann, beidh Frances Uí Churraoin, máthair Ciana, ina ról mar oifigeach ‘liason’ do ionadaí foireann na hÉireann.
In Ollscoil Minnesota a imreofar formhór na gcluichí ón 9ú – 19 Lúnasa. Dhá chód liathróid láimhe a imrítear sa Chraobh Domhanda – tosaíonn an comórtas le hAon Bhalla singil & dúbailte agus ansin bíonn an comórtas 4 bhalla 40 x 20 singil agus dúbailte.
Ag ócáid a bhí sa piniúr liathróid láimhe ar an gCnoc, sular bhuail siad bóthair, bhronn Micheál Ó Foighil, ó Choláiste Lurgan, príomh-urraitheoir an Chumainn, seit geansaithe nua-dheartha ar an seachtar iomaitheoir ó CLL Micheál Breathnach agus ghuigh sé gach rath orthu.
Cór ó Albain sa tSeanscoil ar an Satharn Seo Chugainn
Cór Chois Fharraige agus iad ag casadh i Obán na hAlban dhá bhliain ó shin.
Beidh siad ag casadh ag ceolchoirm speisialta i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Satharn seo chugainn, 11 Lúnasa, nuair a bheas Cór Gaidhlige ón Óbán ag casadh chomh maith agus iad ar chuairt ar Chois Fharraige.
Beidh ócáid fíor-speisialta i Seanscoil Shailearna in Indreabhán ar an Satharn seo chugainn, 11 Lúnasa, nuair a bheidh dhá chór, Cór Chois Fharraige as Conamara agus Cór Gaidhilge as Oban in Albain, ag teacht le chéile le rogha breá amhrán a chasadh i nGaeilge agus i nGaidhlig na hAlban.
Dhá bhliain ó shin a thug Cór Chois Fharraige cuairt ar Oban in Albain – anois atá muintir Alban ag teacht anonn agus is cinnte go mbeidh oíche bhreá amhránaíochta sa tSeanscoil agus an dá dhream i dteannta a chéile, agus idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin nuachumtha á gcasadh acu.
Beidh ceoltóirí den scoth leis an dá chór chomh maith, agus beidh deis freisin cuide de amhránaithe óga an cheantair a chloisteáil.
Beidh tús á chur leis an gceolchoirm ag a 8.00pm. Beidh na ticéid le fáil ag an doras ar chostas €5.
Bonn Uile Éireann
Fóghla Ní Bhraonáin, An Teach Mór, Indreabhán, a bhí ar fhoireann na Gaillimhe faoi 16, ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar chailíní Ciarraí i gCraobh na hÉireann i bPeil na mBan faoi 16 le gairid.
D’éirigh le foireann cailíní na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i gcluiche ceannais peile faoi 16, a imríodh an tseachtain seo caite i dTuaim Uí Mhéara.
Chríochnaigh an dá fhoireann ar chomhscór agus is san am breise a chuaigh cailíní na Gaillimhe chun tosaigh agus chríochnaigh an cluiche leis an scór Gaillimh 3 – 16, Ciarraí 3 – 12.
Ar fhoireann na Gaillimhe bhí Fódhla Ní Bhraonáin ón Teach Mór, Indreabhán. Imríonn Fóghla a cuid peile le Cumann Micheál Breathnach agus camógaí le Cumann Camógaíochta Chois Fharraige. Imríonn sí rugair chomh maith.
Tá Fóghla ag freastal ar Choláiste Cholmcille, Indreabhán.
Biseach 2018
Tá ábhar á chuartú don iris BISEACH 2018, an iris a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige go bliantúil. Bíonn an-rachairt ar an iris gach bliain nuair a thagann sé amach mí Dheireadh Fómhair. Anuraidh díoladh os cionn 500 cóip den iris i siopaí an cheanair.
Chomh maith le altanna faoi stair áitiúil agus imeachtaí reatha i gceantar Chois Fharraige, is iondúil go mbíonn neart grianghrafanna san iris, idir grianghrafanna nua agus grianghrafanna a tógadh na blianta ó shin.
Fáilteoidh coiste eagarthóireachta na hirise roimh ábhar spéisiúil ar bith, idir seanchas, stair áitiúil, grianghrafanna, eolas faoi eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gceantar chomh maith le tuairimíocht. Bheadh spéis faoi leith i seanphictiúirí. Má chuirtear ar fáil iad déanfar iad a scanáil go cóip digiteach agus a thabhairt ar ais arís slán sábháilte.
Is féidir dul i dteagbháil leis an gcoiste eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 0864048881.
Sé deireadh Lúnasa an spriocdáta atá ann le ábhar a chur ar fáil.
Torthaí Spóirt
Sraith Iománaíochta Idirmheánach: An Spidéal 1-19, Kiltormer 1-12.
Sraith Iománaíochta Idirmheánach: An Spidéal 0-11, Kilbeacanty 1-14.
Sraith Peile Roinn 2: CLG Bhearna 2-21, Claregalway 0-9.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.
8 Lúnasa 2018