Cartlann Nuachta: 8 Márta 2017

8 Márta 2017


An Rithim Réidh le Seoladh

AnRithimReidh2017Tá dlúthdhiosca Mhíchíl Darby, An Rithim Réidh, le cloisteáil go rialta ar RTÉ RnaG ó eisíodh é cúpla seachtain ó shin. Is i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua a bheidh an gabhar á róstadh an Satharn seo chugainn (11 Márta) ag 8 pm, mar is ann a sheolfaidh Róisín Nic Dhonncha (Róisín Johnny Sheáin Jeaic) an cnuasach ceoil seo. Is iad ceoltóirí óga Chois Fharraige, faoi stiúir Ruairí Mhic Con Iomaire, a chuirfidh tús leis an oíche. Ina dhiaidh sin beidh deis ag daoine éisteacht le cúpla port ón albam agus beidh Páraic Ó Dubhghaill agus Róisín í féin ag casadh in éineacht le Mícheál. Beidh Mary Shannon agus Mary Staunton ag casadh i ndiaidh an tseolta ag 9.30 pm leis na ceoltóirí agus amhránaithe eile a bheidh i láthair.

Maidir leis an dlúthdhiosca féin, is bailiúchán blasta dhá rian déag atá ann a léiríonn stíl shainiúil an Fháthartaigh, stíl atá séimh, binn agus nádúrtha agus a thugann tús áite do cheol an mhileoidin féin. Tá clúdach álainn, a tharraingíonn ar dhúchas Chonamara, ar an dlúthdhiosca agus is é an t-ealaíontóir Dara McGee a rinne an obair ealaíne go speisialta do Mhícheál. Is é Aengus Ó Fátharta, fear muinteartha le Mícheál, a rinne an obair dheartha agus is thíos ar an gcladach sna hAille a thóg Seán Ó Mainnín an pictiúr.

Beidh fíorchaoin fáilte roimh chách i dTigh Chualáin an Satharn seo chugainn chun a shaothar a cheiliúradh le Mícheál agus leis an meitheal a bhí ag obair leis. Tá ‘An Rithim Réidh’ ar díol sna siopaí áitiúla agus sna siopaí ceirníní i nGaillimh ar phraghas €15. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Mícheál ag 087-9024131 nó ag boscabideach@nullgmail.com.

Micheál Deairbe ag casadh

Mícheál Darby Ó Fátharta, Na hAille, Indreabhán, a mbeidh an CD nua leis, An Rithim Réidh, á sheoladh i dTigh Chualáin, An Choill Rua, ar an Satharn seo chugainn, 11 Márta, ag 8.00pm. Beidh oíche mhór ceoil ann ina dhiaidh.


Éigse an Spidéil 2017

Liam Ó Maonlaí -Éigse an Spidéil 2017D’éirigh thar cionn le Éigse an Spidéil ag an deireadh seachtaine. Ba é Ceolchoirm Mhór na hÉigse in Óstán Chósta Chonamara buaicphointe an deireadh seachtaine, go speisialta ‘An tEarrach Thiar’ le Liam Ó Maonlaí (ar dheis) agus Johnny Óg Connolly á chur i láthair den chéad uair, bunaithe ar cheol a bhí cumtha ag Johnny Óg Connolly, curtha le dánta le Máirtín Ó Direáin, a bhí á gcanadh ag Liam Ó Maonlaí. Bhí gach duine san halla faoi dhraíocht ag an gceol is na dánta.

Beidh ‘An tEarrach Thiar’ á chur ar stáitse aríst ag deireadh na míosa i Seanscoil Sailearna ar an Aoine, 24 Márta.

Ar an Domhnach ag Clabhsúr na hÉigse sa Droighneán Donn bronnadh Laoch an Traidisiúin ar Mháire Ní Dhuibhir, an bhean a bhí bainteach le bunú an Ghaelacadaimh dhá scór bliain ó shin.

Máire Ní Dhuibhir, Deidre Nic Chonaonaigh agus an Gradam

Laoch an Traidisiúin á Bhronnadh ar Mháire Ní Dhuibhir ag Deirdre Nic Con Aonaigh

Seo a leanas na buaiteoirí sa gComórtas Amhránaíochta ar an Sean Nós do Dhaoine Óga:

8 Bliain D’aois & Faoi:

1. Dearbhaill Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.

2. Aoibhe Ní Chualáin, Cor na Rón Thiar.

3. Lorcán Ó Curraoin, Boluisce, An Spidéal.

12 Bliain & Faoi:

1. Róisín Ní Raifeartaigh, An Teach Mór.

2. Síofra Ní Scanláin, Púirín, Indreabhán.

3. Neasa Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.

16 Bliain & Faoi:

1. Domhnall Ó Braonáin, An Teach Mór.

2. Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.

3. Fódhla Ní Bhraonáin, An Teach Mór.

Ní raibh aon iomaitheoirí san aoisghrúpa 18 bliain & faoi.

Bronnadh Corn Pheatsaí Uí Cheannabháin 2017 ar Dhomhnall Ó Braonáin, An Teach Mór.


Paráid na Féile Pádraig sa Spidéal

Trump II

Paráid Mhór na Féile Pádraig sa Spidéal anuraidh

Beidh Paráid Mhór na Féile Pádraig ar siúl sa Spidéal ar an Aoine seo chugainn, 17 Márta, théis Aifrinn 11.00. Beidh an pharáid ag tosaí ag 11.45am, ach ní mhór do gach flóta a bheith ar Thrá na mBan, (ar an bprom), ag 11.15am nó roimh ré an mhaidin sin. Cuirfear fáilte roimh dhuine, baile nó gnó ar bith i gCois Fharraige, ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceiliúradh pobail tré flóta a chur sa bparáid.

Beidh duais don flóta is fearr, don flóta is greannmhaire, an flóta a dhéanann an iarracht is fearr, agus don flóta leis an maisiúcháin gnó is fearr.

Le tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le imeachtaianspideil@nullgmail.com


Léacht ar Logainmneacha sa Spidéal

Anocht (Déardaoin, 9 Márta) i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, tabharfaidh Dr. Liam Ó hAisibéil léacht ar Logainmneacha Chonamara. Tosóidh an léacht, atá eagraithe ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige, ag 8.00 i.n. Seo an léacht a bhí le bheith ann mí Eanáir seo caite, ach a cuireadh ar athló ag an am.


Bóthar na Céibhe, An Spidéal

Céibh an Spidéil_1

Tá fáilte mhór curtha ag Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo roimh an obair atá déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an mbóthar ó chrosbhóthar Bhothchúna síos ag an gChéibh Nua. Is fada an t-achar a bhí an Comhlacht Forbartha ag cur brú ar an gComhairle Chontae faoi dhromchla an bhóthair seo agus ag impí go ndéanfaí caoi a chur air ar mhaithe le úinéirí talún, chomh maith le cuairteoirí agus gnáthphobail an cheantair a úsáideann an bóthar le dul síos ag an trá agus ag an gcéibh nua.


Seachtain na Gaeilge i gCois Fharraige

Clann Lir Íomhá

Fíbín ag cur leagan nua de scéal Chlann Lir ar an stáitse

Seo cuid de na himeachtaí a bheas ar bun le linn Seachtain na Gaeilge i gCois Fharraige:

Céadaoin, 15 Márta ag 8.00pm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán: Fíbín ag cur leagan nua de scéal Chlann Lir ar an stáitse. Seo é an scéal draíochtúil faoi cheathrar clainne a athraíodh ina n-ealaí nuair a cuireadh faoi ortha draíochta iad. Cruthóidh an t-ealaíontóir Dara McGee sraith íomhánna corraitheacha beo ar stáitse le linn do Mhéabh Ní Chualáin an scéalaíocht bheo a aithris agus í i mbun damhsa chomh maith. Beidh Tura Artura as an tSiombáib i mbun damhsa agus ceoil le linn an seó. Tá an seó feiliúnach do gach aoisghrúpa. Tuilleadh eolais faoi thicéid ar www.fibin.com nó trí ghlaoch ar Fíbín ar 091-505855.

Déardaoin, 16 Márta ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán: Cré na Cille, an scannán bunaithe ar an úrscéal cáiliúil ó pheann Mháirtín Uí Chadhain, á thaispeáint ar an scáileán mór agus roimhe taispeánfar Oídhche Sheanchais (1934), an chéad scannán a rinneadh riamh i nGaeilge, leis an scéalaí Tomás Ó Dioráin ó Inis Mór ag inseacht scéalta faoin bhfarraige cois tine. Tá oíche na scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna. Tuilleadh eolais: www.clubscannan.ie.

Aoine, 17 Márta ag 11.45am i Sráidbhaile an Spidéil: Paráid na Féile Pádraig théis Aifrinn 11.00. Le tuilleadh eolais a fháil cuir teachtaireacht ag imeachtaianspideil@nullgmail.com


Cúrsa i bhFiontraíocht Gnó

CursaFiontraiochtGno


Club na bhFoghlaimeoirí

ClubFoghlaimeoiríAn tseachtain seo tá Club na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar an Spidéal ag ceiliúradh a chéad lá breithe. Seo cuid de na himeachtaí a bheas ar bun acu le linn na seachtaine:

Déardaoin, 9 Márta, 9.30pm sa Droighneán Donn, An Spidéal: Seisiún ceoil le Meaití Jó Shéamuis, Caoimhín Ó Sé, Nóra Gearaghty agus Johnny Connolly. Beidh roinnt poirt chomh maith ó sheisiún na bhfoghlaimeoirí.

Satharn, 11 Márta, 9.30pm sa gCrúiscín Lán: Taispeántas ceoil agus amhránaíochta ó Enda Mc Cabe, Seosamh Ó Flaithearta, Dave Curtis, Meaití Jó Shéamuis agus Nóra Gearaghty.

Domhnach, 12 Márta, sa gCrúiscín Lán: Guairdeal iarnóin ar shuíomhanna stairiúla spéisiúla léirithe tré sheanchas is fhilíocht ag Máirín Mhic Lochlainn.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoin gClub agus na himeachtaí uile ar an suíomh idirlín www.gaeilge.club agus ar an leathnach Facebook chomh maith.


Scannán ó Chúba sa tSeanscoil Déardaoin

Viva II

Radharc as an scannán VIVA, suite i Havana, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 9 Márta, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm.

Scannán ó Chúba, déanta ag Éireannach, atá le taispeáint i Seanscoil Sailearna anocht, Déardaoin, 9 Marta, ag tosúaíag 8.15pm. VIVA is teideal don scannán, a rinne Paddy Breathnach agus é suite i Havana. Baineann an scannán leis na deacrachtaí atá ag fear óg aerach len a athair, nuair a fhaigheann an t-athair amach go bhfuil sé ag obair mar ‘drag artist’.


Cleas Act na Tulaí

Scoil na Tulaigh in RTÉ2017

Daltaí ó Scoil na Tulaí a thug cuairt ar stiúidio RTÉ an tseachtain seo caite le páirt a ghlacadh sa gclár ‘Cleas Act’, a bhí á thaifeadadh ag an am.

Ar an tolg ó chlé: Síofra Ní Scanláin, Róise Ní Scanláin, Stephanie Nic Thábhais, Evan Mac an Choiligh, Tadhg Ó Neachtain, Eoin Ó Neachtain, Cian Ó Maoileoin, Éabha Ní Fhríghíl.