Cartlann Nuachta: 8 Márta 2023
Oíche Eolais faoin Dúlra
Seileastram Dearg
Beidh oíche eolais faoin dúlra agus faoin mbithéagsúlacht ar siúl an Déardaoin seo, 9 Márta, 2023, sa bPota Café, ar an Tulach ag tosú ag 7.00pm, eagraithe ag Grúpa Oibre na Coille, fo-choiste de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige.
I measc na gcainteoirí a bheas ann beidh an t-éiceolaí Piaras Ó Giobúin, a thabharfaidh treoracha faoin gcaoi le tabhairt faoi phlean bithéagsúlachta a réiteach. Beidh leabhráin is bileogaí eolais le fáil chomh maith le féiríní beaga.
Fáilte roimh duine ar bith a bhfuil spéis acu sa dúlra a chaomhnú.
Líadan sa Spidéal
An grúpa ceoil LÍADAN a bheas ag casadh ag ceolchoirm ar an Aoine seo, 10 Márta, i Stiúideo Cuan, ar an Spidéal ag tosú ag 8.00pm, mar chuid de Féasta Ceoil an Spidéil.
Ar an Aoine beag seo, 10 Márta, beidh an grúpa ceoil Líadan ag cur ceolchoirm ar an ardán i Stiúideo Cuan, sa Spidéal. Seisear ban atá páirteach i Líadan, ina measc an cláirseoir is an t-amhránaí Síle Denvir, ar as Na hAille, Cois Fharraige í.
Seo é an dara ceolchoirm sa tsraith Féasta Ceoil An Spidéil, séasúr a thosaigh coicís ó shin. Idir seo agus mí Meithimh beidh ceolchoirmeacha den scoth ar bun i Stiúideo Cuan sa Spidéal, ar chúl na Ceardlainne.
Tá an t-ionad álainn athchóirithe seo ag cur baile an Spidéil chun cinn arís mar thobar fíoruisce de scoth an cheoil traidisiúnta.
I measc na gceoltóirí clúiteacha a bheas linn don bhFéasta Ceoil seo, tá:
Aoine 10 Márta: Líadan.
Aoine agus Satharn, 17 agus 18 Márta: Paddy Keenan, Dermot Byrne agus Alan Burke.
Déardaoin, 23 Márta: Slide.
Aoine, 24 Márta: The Bonny Men.
Satharn, 25 Márta: Skipper’s Alley.
Aoine, 31 Márta agus Satharn, 1 Aibreán: Michael McGoldrick, Dezi Donnelly & Ed Boyd.
Déardaoin, 6 Aibreán: Raw Bar Collective.
Aoine, 7 Aibreán: Na Casaidigh.
Déardaoin, 20 Aibreán: Altan.
Aoine, 21 Aibreán: T With The Maggies.
Aoine & Satharn, 28 & 29 Aibreán: Sharon Shannon.
Aoine 19 Bealtaine: Cherish The Ladies.
Aoine & Satharn, 2 & 3 Meith. Edel Fox, Neill Byrne & Macdara Ó Faoláin.
Beidh an Féasta Ceoil seo á thaifead ag Stiúideo Cuan le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Samhradh. De bharr nach bhfuil ach 65 suíochán sa seomra álainn ceoil, moltar ticéid a chur in áirithe go luath!
Ticéid €25/ €22.50 ar fáil ag www.stiuideocuan.ie nó 091 553838.
Aighneas Uisce Bholuisce
Thart ar 50 duine a bhí i láthair ag an gcruinniú poiblí i gColáiste Chonnacht ‘faoi thodhchaí soláthar uisce Chois Fharraige’, a bhí eagraithe ag Coiste Cosanta Soláthraithe Uisce Loch Bhoth Loiscthe. Ag an gcruinniú léiríodh imní faoi na himpleachtaí do úinéirí talún i gceantar Bholuisce, má bhíonn méadú mór ar an éileamh ar uisce a thógáil ón loch, i bhfad níos mó ná mar a bhí i gceist i dtosach.
Tá imní ar dhaoine i gcomhsanacht na locha go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann don dúlra agus do shábháilteacht daoine dá gcaithfí níos mó uisce a sholáthar ón loch. Thart ar 4 sheachtain iarradh cruinniú le Uisce Éireann le go bhféadfaí eolas a fháil agus ceisteanna a fhreagairt, atá ag déanamh imní do dhaoine, ach níor tháinig aon scéal go fóill ó Uisce Éireann.
Is cosúil faoin bplean atá ag Uisce Éireann, go mbeadh sé i gceist go dtiocfadh méadú mór ar an méad uisce ag teacht ón loch, le soláthar uisce a chur ar fáil don Cheathrú Rua, do Cheantar na nOileán agus do Ros Muc, chomh maith le Cois Fharraige, mar atá beartaithe.
‘Murdar’ ar an Lochán Beag le Plé
‘Murdar’ ar an Lochán Beag – Seoladh an Leabhair le Seosamh Ó Cuaig (ar chlé) agus Peadar Ó Máille (ar dheis).
Tá roinnt imeachtaí le bheith ar bun i gCois Fharraige le linn Seachtain na Gaeilge atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge le urraíocht ó Energia. Ar cheann de na himeachtaí beidh plé ar an leabhar nua a scríobh Peadar Ó Máille dar teideal “‘Murdar’ ar an Lochán Beag”, ina dhéantar cíoradh ar gach ar bhain le eachtra a tharla in aige le Tigh Mholly ar an Lochán Beag, Feabhra na bliana 1919, nuair a ionsaíodh beirt dheartháir ag siúl abhaile ón teach tábhairne. Fuair duine acu, Pádraig Ó Droighneán, bás san ospidéal i nGaillimh tamall gearr i ndiaidh an eachtra. Cuireadh i leith Peadar Ó Máille, athair an údair, gurbh é a scaoil an t-urchar a ba chúis le bás an Droighneánaigh agus chuaigh sé i bhfolach.
Beidh an leabhar á phlé ag seisiún atá eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin seo chugainn, 15 Márta, i dTigh Mholly, ag tosú ag 8.00pm. Beidh údar an leabhair, Peadar Ó Máille, i láthair chomh maith leis an staraí Cormac Ó Comhraí, fear a bhfuil leabhar scríofa aige faoi Chogadh na Saoirse i gConamara, Sa Bhearna Bhaoil (CIC). Tá an leabhar ‘Murdar’ ar an Lochán Beag (CIC) le fáil ó Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
Scannán Gaeilge sa tSeanscoil
Radharc as an scannán faisnéise ‘AISLING TRÍ NÉALLAIBH’ faoin scríbhneoir Doireann Ní Ghríofa, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 9 Márta ag tosú ag 8.15pm, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Is mar chuid de imeachtaí Seachtain na Gaeilge atá an scannán á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna.
Mar chuid de imeachtaí Seachtain na Gaeilge beidh scannan faisnéise faoin bhfile Doireann Ní Ghríofa á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 9 Márta, i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm.
Plé pearsanta atá sa scannán faisnéise AISLING TRÍ NÉALLAIBH ar na cuimhní atá ag Doireann agus an mhistéir a bhaineann leis an gcruthaitheacht. Bhain Doireann cáil amach leis an leabhar A GHOST AT MY THROAT, a tháinig amach le linn Covid.
Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.
Cumann Micheál Breathnach
Is in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha a bheas Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach an Aoine seo, 10 Márta. Beidh dinnéar, beidh bronnadh, beidh ceol, craic agus spraoi ann. Tá na ticéid le ceannach anois ar líne ar €45 an ceann.
Beidh scéal againn an tseachtain seo chugainn faoin na imreoirí ar a bronnadh na gradaim don bhliain 2022.
Sacar Chois Fharraige
Micky Conroy ó Chorr na Rón, sár imreoir le Cois Fharraige. Má bhuaileann Cois Fharraige West United ar an Domhnach seo chugainn, 12 Marta, beidh foireann na Gaeltachta tríd go dtí babhtaí ceathrú cheannais i gCorn Chonnacht.
Imreofar an cluiche ag 2.00pm ar South Park, i nGaillimh.
Is in aghaidh foireann ó Phríomhsraith na Gaillimhe, West United, a bheas Cois Fharraige ag imirt ar an Domhnach seo chugainn, 12 Márta, le áit a fháil sna cluichí ceathrúcheannais den chomórtas sacair, Corn Chonnacht. Tá West Utd. faoi láthair sa dara áit ón mbun sa Sraithroinn is airde i nGaillimh agus tá Cois Fharraige sa tríú áit ón mbarr i Roinn I, an tríú roinn is airde.
Rinne foireann Chois Fharraige éacht dul chomh fada seo, ach leis an mbealach a bhfuil buachaillí na Gaeltachta ag imirt ón Nollaig, níl cúis ar bith nach dtiocfaidís isteach sna cluichí ceathrúcheannais.
Ba mhór an spreagadh dóibh dá mbeadh slua maith ó Chois Fharraige ag tacú leo ar an Domhnach ar an South Park i nGaillimh. Tosaíonn an cluiche ag 2.00pm.
Lá ‘le Pádraig ar an Spidéal
Steve Sweeney ar cheann de na flótanna a bhí páirteach i bParáid Lá ‘le Pádraig sa Spidéal cúpla bliain ó shin.
Beidh paráid sa Spidéal arís i mbliana ag tosú ag 12 meán lae.
Tá an paráid ar ais sa Spidéal Lá ‘le Pádraig. Cuirfear tús leis an bparáid ag meánlae ar an Aoine, 1ú Márta. Is é an Coiste Turasóireachta, atá ag feidhmiú faoi choimirce Chomhlacht Forbartha an Spidéil, atá i mbun an eagrúcháin. Tá an coiste ag súil go mór le rannpháirtíocht an phobail i mbliana agus go réiteoidh daoine agus grúpaí áitiúla ‘flóta’ don pharáid.
Beidh duaiseanna le fáil ar an lá, chomh maith le neart ceoil, craic agus cuideachtas! Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 087 2252505 nó 091553004.
Ciana Ní Churraoin, Seaimpín na hÉireann
Ciana Ní Churraoin – Seaimpín an Domhain 2018
Ag an deireadh seachtaine d’éirigh le Ciana Ní Churraoin, as an gCoill Rua, Cois Fharraige, an bua a fháil i gCraobh na hÉireann i gComórtas Liathróid Lámha na mBan Sinsir. Bhí sí ag imirt in aghaidh Caitríona Casey ó Chorcaigh.
Bhí an bua ag Ciana sa gcéad chluiche 21 – 12, ach d’éirigh le bean Chorcaigh an dara chluiche a bhuachan 21 – 18. Ach is Ciana a thug léi an craobh nuair a d’éirigh léi an bua a fháil leis an scór 11 – 3.
Is iomaí comórtas liathróid lámha atá buaite ag Ciana i gcaitheamh na mbliana, faoi aois, mar imreoir sóisear, mar imreoir i Meiriceá, chomh maith le Éire, ach is ceann speisialta é seo: Craobh Sinsear na hÉireann sa gcomórtas singil 4 bhalla sa liathróid lámha.
Is le Cumann Liathróid Lámha Micheál Breathnach ar an gCnoc, a tháing Ciana chun cinn mar sárimreoir liathróid lámha. Imríonn sí peil chomh maith le Cumann Micheál Breathnach ar fhoireann a ghlan na boird anuraidh i nGaillimh, ag buachaint gach comórtas ina raibh siad páirteach.
Scoil Sailearna san RDS
Daltaí ó Rang 6, Scoil Sailearna, a ghlac páirt sa togra ‘Bleaist Eolaíochta’ san RDS i mBaile Átha Cliath, an tseachtain seo caite le taispeántas faoin trácht ar Bhóthar Chois Fharraige, an R336.
Ghlac gasúir Rang 6 ó Scoil Sailearna páirt sa togra Bleaist Eolaíochta a bhí ar siúl san RDS Déardaoin na seachtaine seo caite, 2 Márta. Bhí taighde déanta ag na daltaí faoin dtrácht ar Bhóthar Chois Fharraige, an R336.
Bhí taispéantas ar ard chaighdeán crochta acu san RDS ag léiriú toradh a gcuid fiosrúchán agus an cheist á chíoradh acu ‘Cén tionchar atá ag trácht an R336 ar shaol an phobail seo?’
Tugadh deis dóibh ar an lá taispeántais ó scoileanna eile a fheiceáil agus is cinnte gur spreag an lá iad chun tuilleadh spéise a chur i gcúrsaí eolaíochta.
Corn Chiaráin
Is ar an Satharn seo chugainn, 11 Márta a bheas an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal, in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Reáchtáltar an comórtas go bliantúil i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Ceanainn, sár amhránaí ó Chois Fharraige, a bhásaigh sa bhliain 2009, in aois seacht mbliain is fiche. Ba é Ciarán an té ba óige riamh a ghnóthaigh Corn Uí Riada.
Tosóidh an comórtas ag 2.00pm ar an Satharn.
Ní bheidh aon táille ar an doras ach más mian le daoine síntiús a thabhairt is féidir sin a dhéanamh agus cuirfear na síntiúis i dtreo Chiste Tacaíochta Rónáin Mhic Aodha Bhuí.
Bainisteoir á Lorg
Tá go dtí an Déardaoin seo chugainn, 16 Márta, ag daoine cur isteach ar an bpost buan mar bhainisteoir ginearálta atá á thairiscint ag Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comhlacht Forbartha an Spidéil agus freagrach as an gclár oibre a fheidhmiú.
Duine cumasach a bhfuil taithí oibre agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre maidir le forbairt pobail nó in ábhar gaolmhar atá á lorg. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí ar bhainistiú airgeadais agus go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, ag iarrthóirí chomh maith le taithí i mbainistiú agus neartú foirne.
Le cur isteach ar an bpost, is féidir litir iarratais, mar aon le CV, a chur chuig: Earcú CFS TEO, Comhlacht Forbartha an Spidéil, An Spidéal, Co na Gaillimhe, H91 CHO1; nó ríomhphost a sheoladh le Earcú CFS TEO sa líne ábhar a sheoladh chuig; anspideal2022@nullgmail.com.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €4,700 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 4,24,27,30.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Sally Lally, Máimín, Leitir Móir;
- Elidh Ní Chonghaile, Coill Rua;
- Máirín Coyle, Na hAille, Indreabhán;
- Bríd Bean Uí Dhonnchadha.
Gearóid Mhaidhc Ó Conghaile a fuair duais an díoltóra.
€4,800 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil (Coláistí): Scoil Chuimsitheach Chiaráin 2 – 09, Coláiste Iognáid 2 – 10.
• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 1, Kiltullagh 1.
• Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 1, Corrib Celtic 2.
• Sacar (faoi 18): Cois Fharraige 0, Athenry 2.
• Sacar (Cailíní f16): Bearna/Na Forbacha 4, Moyne Villa 3.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 4, Athenry 0.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha B 3, Galway Bohs 0.
• Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 0, Strand Celtic 3.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 0, Oughterard 2.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha B 1, Ballinasloe B 3.
• Sacar (faoi 14): Macdara 6, Colemanstown Utd. 2.
• Sacar (faoi 14): Macdara B 3, Corrib Celtic B 0.
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 5, Conn Rangers 0.
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha B 2, Colga C 1.