Cartlann Nuachta: 8 Samhain 2017

Cois Fharraige ag Oireachtas na Samhna

Emma Ní Churraoin, ó Na Mine, leis an gcorn a bronnadh uirthi ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, an deireadh seachtaine seo caite, de bharr an chéad áit a bhaint amach sa gcomótas Amhránaíocht ar an Sean-Nós (faoi 9).

D’éirigh go han-mhaith le iomaitheoirí ó Chois Fharraige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne an tseachtain seo caite. Arís i mbliana bhí go leor scoláirí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, páirteach sna comórtais do dhaoine óga agus d’éirigh le roinnt mhaith acu duaiseanna a bhuachaint. San amhránaíocht ar an sean-nós d’éirigh le Róisín Elsafty, a bhfuil cónaí uirthi i gCor na Rón, an dara áit a thabhairt leí i gComórtas na mBan ar an Aoine agus beidh sí i dteideal dul san iomaíocht an chéad bhliain eile sa bpríomhchomórtas ar an sean-nós, Corn Uí Riada. Tháinig Orla Ní Fhinneadha, ón gCloch Mhór, sa tríú áit i mbliana i gCorn Uí Riada.

Seo leanas na duaiseanna a tháinig go iomaitheoirí ó Chois Fharraige:

 

Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Corn Uí Riada)

3ú Áit: Orla Ní Fhinneadha, An Chloch Mhór, Baile na hAbhann.

 

Lúibíní (daoine fásta)

1ú Áit: Seán Ó Gráinne, Na Forbacha, & Traolach Ó Conghaile, An Spidéal.

 

Sceitse (daoine fásta)

2ú Áit: Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal.

 

Amhránaíocht Sean-Nós na mBan

2ú Áit: Róisín Elsafty, Corn a Rón, Indreabhán.

 

Amhránaíocht Nuachumtha 1ú Áit: Fearghas Mac Lochlainn, An Spidéal.

 

Lúibíní (15-18)

1ú Áit: Liadan Canny, Na hAille, Indreabhán, & Bróna Ní Cheallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal.

 

Lúibíní (12-15) 1ú Áit: Damhnait Ní Fhátharta & Laobhaise Ní Bhéarra, Scoil Sailearna, Indreabhán.

2ú Áit: Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl & Cainear Nic Réamoinn, Na hAille, Indreabhán.

 

Lúibíní (faoi 12)

1ú Áit: Sadhbh Laila Rigott & Róisín Ní Raifeartaigh, Scoil Sailearna, Indreabhán.

2ú Áit: Neasa Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl, & Éabha Ní Chonghaile, Scoil Sailearna, Indreabhán.

 

Agallamh Beirte (15-18)

1ú Áit: Aifric Ní Ghibne, Teach Mór, & Liadan Canny, Na hAille.

 

Agallamh Beirte (faoi 12)

Duais Speisialta: Niamh Ní Cheallaigh & Éabha Ní Fhátharta, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach.

 

Amhránaíocht ar an Sean Nós ( 12 – 15)

1ú Áit: Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán.

 

Amhránaíocht ar an Sean Nós ( 9 – 12)

2ú Áit: Neasa Nic Dhonnacha, Ros a’ Mhíl.

 

Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 9 )

1ú Áit: Emma Ní Churraoin, Na Mine, Indreabhán.

 

Aithriseoireacht (faoi 9)

2ú Áit: Lorcán Ó Curraoin, Boluisce, An Spidéal.

 

Aithriseoireacht (9 – 12)

1ú Áit: Fionnán Ó Coistealbha, Baile na mBroghach.

Daltaí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ar éirigh leo duaiseanna a bhuachaint ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, an deireadh seachtaine seo caite:

Ar chúl ó chlé: Róisín Ní Raifeartaigh, Kayla Schmidt, Caoimhe Ní Chuinn, Neasa Nic Dhonncha, Éabha Ní Chongaile.

Chun tosaigh ó chlé: Lorcán Ó Curraoin, Emma Ní Churraoin, Damhnait Ní Fhátharta, Labhaoise Ní Bhéarra agus Fionnán Ó Coistealbha.

D’éirigh le Sadhbh Laila Riggott an comórtas Lúibíní faoi 12 a bhuachaint ach níl sí sa bpictiúr.

Brona Ní Cheallacháin (ar chlé) ón gCré Dhubh, An Spidéal, agus Liadan Canny (ar dheis) ó Na hAille, Indreabhán, leis an gcorn a bronnadh orthu ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, an deireadh seachtaine seo caite, de bharr an chéad áit a bhaint amach sa gcomótas Lúibíní (15 – 18 bliain).


Gradam Mór do Leabhar Breac

CONAIRE MÓR, SEACHT nDORAS NA CINNIÚNA, an leabhar ar a bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne an tseachtain seo caite. Tá an leabhar a scríobh Diarmuid Johnson foilsithe ag Leabhar Breac, an teach foilsitheoireachta atá ag Darach Ó Scolaí ar an Teach Mór, Indreabhán. Athchóiriú ar sheanscéal atá ann.

Is fiú €3,000 an gradam don fhoilsitheoir agus €2,000 do údar an leabhair.

Sé leabhar a bhí ar an ngearrliosta, ina measc an leabhar ‘Éagóir’ faoin dúnmharú a tharla i Mám Treasa sa mbliain 1882, atá scríofa ag Seán Ó Cuirreáin ón gCoill Rua, agus leagan nua de ‘Cré na Cille’, an leabhar cáiliúil a scríobh Máirtín Ó Cadhain, ón gCnocán Glas, An Spidéal, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Bhí leabhar eile ón teach foilsitheoireachta Leabhar Breac ar an ngearrliosta chomh maith, an leabhar ‘Corp an Duine Uasail’ le Pénélope Bagieu, aistrithe ag Darach Ó Scolaí.


Cluiche Cinniúnach Peile

Cumann Mícheál BreathnachAr an Satharn seo chugainn beidh cluiche cinniúnach á imirt i Staid an Phiarsaigh ag foireann sinsir peile Chumann Micheál Breathnach in aghaidh Kilconly. Seo é an cluiche a shocróidh cén fhoireann sinsir peile atá le dícháiliú agus a bheas ag imirt sa nGrád Idirmheánach an chéad bhliain eile.

Bhí sé de mhí-ádh ar Chumann Micheál Breathnach gur gortaíodh an t-imreoir chontae, Fiontán Ó Curraoin, le linn an chluiche leathcheannais dícháilithe in aghaidh na Ceathrú Rua ar an Satharn, 28 Deireadh Fómhair. Tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh Fiontán ag imirt go ceann píosa.

Imreofar an cluiche dícháilithe ar an Satharn seo chugainn ag 2.00pm i Staid an Phiarsaigh, Bóthair na Trá.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh an chéad tíocht le chéile eile ag an gClub Leabhar ar an gCéadaoin, 15 Samhain, leis an leabhar ROGHA SCÉALTA le Pádraic Ó Conaire a phlé. Tá an leabhar ar fáil ó Chló Iar-Chonnachta sa Spidéal.

Mar go bhfuil leabharlanna na Gaillimhe ag déanamh comóradh ar Phádraic Ó Conaire, is i Leabharlann an Spidéil a bheas an tíocht le chéile ar an 15 Samhain ag 7.00pm agus ní ag 9.00pm mar a bhíonn go hiondúil.

Beidh an t-aisteoir, Diarmaid de Faoite, mar aoi speisialta ar an oíche. Tá seó aonair faoi shaol SheanPhádraic déanta ag Diarmaid agus an-eolas aige ar a shaothar.


To Children with Love

D’éirigh thar barr leis an Maidin Caifé a bhí ar bun ar an Luan, 30 Deireadh Fómhair, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, ar mhaithe leis an gcarthannacht ‘To Children with Love’. Bhí an mhaidin ann idir ceol, cácaí is caifé, is bailíodh €1,770 ar fad don charthannacht.


Scéim Fostaíocht Pobal Chois Fharraige

Tá folúntaisí le líonadh anois ar Scéim Fostaíocht Pobal Chois Fharraige. Tá obair ar an bpáirc i gceist sa scéim seo, chomh maith le obair le Tearmann Éanna agus leis an gCrann Taca.

Má tá suim agat ann déan teagmháil le Tadhg Tim ag an uimhir 087 259 25 60.


BISEACH 2017 ag Teacht

Biseach

Tá an iris bhliantúil BISEACH, a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige, ag na clódóirí faoi láthair agus beidh sé ar fáil sna siopaí ón Déardaoin seo chugainn ar aghaidh. Iris théagartha go maith atá ann, arís i mbliana, le 72 leathanach: meascán den stair áitiúil, tuairiscí faoi eagraíochtaí éagsúla i gCois Fharraige, agallamh le Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, chomh maith le neart pictiúirí idir sean agus nua. Is iontach an luach airgid é BISEACH 2017 ar €5.


Imeachtaí

IT’S ONLY THE END OF THE WORLD – Scannán na seachtaine seo.

IT’S ONLY THE END OF THE WORLD, an Déardaoin seo, 9 Samhain, i Seanscoil Sailearna ag an gClub Scannán ag tos ag 8.30pm.

 

File an tSiáin Rua’ leabhar filíochta le Beartla Sheáin Ó Cualáin, ón Sídheán, á sheoladh i gColáiste Chonnacht ar an Aoine seo, 10 Samhain, ag 8.00pm.

 

Rás/Siúlóid 5k. ar an Domhnach, 12 Samhain, ag tosaí ag Áras Pobail Chois Cuain ag 12.00 meánlae, ar mhaithe le athchóiriú Shéipéal Ros a’ Mhíl. €10 daoine fásta, €5 gasúir agus €20 ar chlann.

 

Oíche in omós d’fhoireann mionúir Chumann Micheál Breathnach 1976/77 agus foireann sóisir 1978, sa bPoitín Stil, Aoine, 17 Samhain. Ticéid ar fáil Tigh Dhurcáin agus sa bPoitín Stil ar €10. Ceol le Cillín.


Óstán Nua don Spidéal

An bhfuil ré nua in ndán don Spidéal mar ionad turasóireachta? Bhí fógra sa gCuradh Connachta an tseachtain seo caite ón gcomhlacht Baile Éamonn Teo., go bhfuil iarratas le déanamh ag iarraidh cead pleanála ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le óstán nua as an bpíosa a thógáil taobh thoir den Cheardlann, ina mbeidh 81 seomra leapan. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe sé theach cónaithe a thógáil ar an suíomh ina bhfuil sé acra ar fad.

Is ar an suíomh mór trasna ó Thrá na mBan, a díoladh thart ar sé mhí ó shin, atá an t-óstán beartaithe. Is é Rónán Bairéad an duine atá taobh thiar den fhorbairt mhór seo, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh An Spidéal chun tosaigh i dturasóireacht chúltúrtha. Deirtear sa bpreasráiteas a eisíodh go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an bhforbairt, a d’fhéadfadh idir 80 is 100 post nua a chruthú sa gceantar, le tús áite ag dul do chainteoirí Gaeilge.


Torthaí Spóirt

Peil (faoi 21A): An Spidéal 0 – 13, Maigh Cuilinn 2 – 11.

 

Sacar (Corn Chonnacht): Cois Fharraige 5, Real Tubber 0.


8 Samhain 2017