Cartlann Nuachta: 8 Samhain 2023
Oíche Cheiliúrtha do Cholm Jimmy
Colm Jimmy Ó Curraoin, buaiteoir Chorn Uí Riada, in éindí leis na daltaí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ar éirigh leo coirn agus boinn a bhuachaint ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne an tseachtain seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Diarmaid Mac Réamoinn; Cuán Canny; Holly Ní Dhonnacha; Saoirse Nic Con Iomaire; Colm Jimmy Ó Curraoin; Laoise Nic Éinrí; Lúcás Ó Curraoin; Liam Riggott; Ada Ní Thuairisg.
Chun tosaigh, ó chlé: Laoise Ní Neachtain; Éle Nic Conaill; Saoirse Ní Neachtain; Isobel Ní Sheasáin; Síofra Ní Fhlatharta; Caoimhe Ní Choirbín.
Tá Corn Uí Riada ar ais i gCois Fharraige arís! Tá, agus neart duaiseanna eile. Bhí tinte lasta ar Bhóthar Chois Fharraige le fáilte abhaile a chur roimh Choilm Jimmy tráthnóna Dé Domhnaigh agus bhí slua dá chairde, dá chomharsana agus dá ghaolta bailithe le chéile sa bPoitín Stil le comhghairdeas a dhéanamh leis. Chas Colm cúpla stéibh d’amhrán dóibh.
Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige, i gcomhar le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus le cúnamh ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, ag reáchtáil oíche cheiliúrtha sa bPoitín Stil, Dé hAoine, an 10 Samhain.
Beidh ócáid speisialta ann idir 6.30 agus 8.30 pm do ghasúir an cheantair agus beidh ócáid eile, dírithe ar dhaoine fásta, ann ó 9.00 pm ar aghaidh. Beidh greim le n-ithe ann agus braon le n-ól agus beidh fáilte roimh chách.
Dar ndóigh, beidh fáilte faoi leith roimh Chorn Uí Riada agus an fear a chroch leis é, Colm Jimmy Ó Curraoin, ón Trá Bháin ó dhúchas ach atá ag cur faoi sna Mine le breis is 20 bliain.
Is cinnte go n-ólfar sláinte Choilm agus chuile iomaitheoir a sheas an fód do Chois Fharraige!
Duaisitheoirí Eile ó Chois Fharraige
Uachtarán an Oireachtais, an Dr. Gearóid Denvir ó Na hAille, ag bronnadh seic €2,000 ar Pháid Ó Neachtain is a bhean Bróna Ní Uallacháin mar chéad duais sa gcomórtas liteartha ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne don úrscéal do dhéagóirí “Nois Tá’s Agam”.
[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
Fuair Páid Ó Neachtain, a dheirfiúr Aisling, is a bhean chéile Bróna Ní Uallacháin an chéad duais sa gcomórtas sceitse.
Thóg Fearghas Mac Lochlainn ón Spidéal is a leathbhádóir, Éamonn Ó Donnchadha, ó Cho na Mí, an chéad áit sa gcomórtas do Amhrán Saothar.
Mar is gnáth bhain daoine óga ó cheantar Chois Fharraige neart duaiseanna chomh maith. Tá liosta iomlán na nduaiseoirí ó Chois Fharraige le fáil mar PDF anseo: Buaiteoirí Chois Fharraige Oireachas 2023.
Pleananna do Chois Fharraige
An Bainisteoir ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil, Pádraig Mac Diarmada, ag cur Plean Gníomhaíochta an Spidéil 2024 – 2028 i láthair an phobail ar an Máirt seo caite i Halla Scoil Éinne.
Sa bpictiúr, ó chlé: Cathal Groonell (Cisteoir an Chomhlacht Forbartha); Maidhc Ó Féinneadha (Stiúrthóir); Pádraig Mac Diarmada (Bainisteoir); Ruairí Mac an Iomaire (Údarás na Gaeltachta) agus Stiophán Mac Suibhne (Cathaoirleach ar an gComhlacht Forbartha).
Thart ar 60 duine a bhí i láthair nuair a seoladh Plean Gníomhaíochta An Spidéil 2024 – 2028 ar an Máirt seo caite i Halla Scoil Éinne, An Spidéal.
Údarás na Gaeltachta a d’iarr ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil plean cúig bliana a ullmhú don cheantar agus ba é Ruairí Mac an Iomaire, ó Udarás na Gaeltachta, a rinne an seoladh.
Mac Dara Hosty ó Hosty Consulting, Bearna, a chuir an plean i dtoll a chéile, bunaithe ar na moltaí agus na smaointí a tháinig ón bpobal: 253 smaoineamh éagsúil ó 91 rannpháirtithe, a ghlac páirt sa bpróiséas comhairliúcháin.
Mar thoradh ar an obair sin tá 42 moladh straitéiseach sa bPlean Gníomhaíochta i 7 réimse difriúil:
- (i) Teanga, Cultúir & Na hEalaíona (7);
- (ii) Turasóireacht (8);
- (iii) Fiontraíocht/Fiontraíocht Shóisialta (5);
- (iv) An Ghaeltacht Ghlas (4);
- (v) Seirbhísí, Bonneagar & Infrastuctúr (7);
- (vi) Seirbhísí Oideachais agus Oiliúna (7);
- (vii) Margaíocht (4).
Seo a leanas an chéad mholadh atá sa bPlean Gníomhaíochta: “Ionad Náisiúnta do na hEalaíona Gaelacha in ómós do Mháirtín Ó Cadhain a lonnú ar an Spidéal, bunaithe ar an múnla atá in úsáid in Ionad Tyrone Guthrie . . .” agus Clochar an Spidéil luaite mar áit fheiliúnach leis an Ionad a lonnú ann. Ar ndóigh díoladh an Clochar le gairid agus é ráite go bhfuil sé ceannaithe ag daoine a d’fhéadfadh a bheith báúil le Ionad Ealaíona agus Oideachais a lonnú ann.
Tá neart moltaí fiúntacha eile ann a d’fheabhsódh an saol do dhaoine ina gcónaí sa Spidéal agus a dhéanfadh borradh a chur faoin sráidbhaile Gaeltachta. Dúirt Pádraig Mac Diarmada, Bainisteoir an Chomhacht Forbartha, gur faoi mhuintir uile an Spidéil a chinntiú go mbeifear “ag obair as lámh a chéile chun bearta a chur i gcrích a neartóidh an pobal agus an baile seo againn, mar áit den scoth i dtaca le cónaí, obair, caitheamh aimsire, foghlaim agus infheistíocht de“.
Beidh Plean Gníomhaíochta den chineál céanna á sheoladh ag Comharchumann Sailearna ag 6.30pm ar an gCéadaoin seo chugainn, 15 Samhain, i Seanscoil Sailearna ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin.
BISEACH 2023
Ó cuireadh an iris BISEACH sna siopaí an tseachtain seo caite, tá éileamh mór ar an iris i gCois Fharraige agus í díolta amach i roinnt áiteacha cheana féin. Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH agus sé CL PRINT a chuireann an iris i gcló.
In eagarfhocal na bliana seo san iris, tarraingítear aird ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ón nGaeltacht a bhíonn ag iarraidh áit chónaithe a aimsiú i gCois Fharraige, de bharr ganntain tithíochta sa gceantar agus bacanna ar dhaoine dul agus teach a thógáil dóibh féin.
Iarrann an eagarfhocal ar an rialtas féachaint le cumhachtaí tithíochta a thabhairt do Údarás na Gaeltachta le go mbeidh an tÚdarás in ann talamh a cheannach, cead pleanála do thithíocht a fháil, suíomhanna a réiteach, seirbhíseacha riachtanacha a chur ar fáil agus na suíomhanna a dhíol ar phraghas réasúnach le cainteoirí maithe Gaeilge arbh mhian leo cur fúthu i gceantair Gaeltachta ina bhfuil an teanga fós le clos.
Níl ach €5 ar an iris, a bheas ar fáil le ceannach an deire seachtaine seo sna siopaí ó Bhearna go Cárna, chomh maith le Charlie Byrnes i gCathair na Gaillimhe, Cló Iar-Chonnacht agus an Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil.
Is féidir an iris a cheannach ar líne chomh maith ó Chló Iar-Chonnacht ach dul ag an suíomh WWW.CIC.IE.
Iománaithe na mBreathnaigh ag Dul go Béal Feirste
Beidh iománaithe ó Chumann Micheál Breathnach ag dul go Béal Feirste an deireadh seachtaine seo.
Tá siad chun páirt a thógáil sa gcomórtas camánaíochta, ina úsáidtear meascán de rialacha iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael agus rialacha Camánaíocht na hAlban.
Club Scannán Sailearna
An Déardaoin seo, 9 Samhain, beidh an scannán ‘SICK OF MYSELF’, á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth. Scannán ón Iorua atá ann faoi lánúin, ar ealaíontóirí an bheirt acu, atá in iomaíocht le chéile agus ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile go seasta. Aoir bharrúil chliste atá ann a dhéanann ceap magaidh de dhaoine a cheapann gurb iad féin a rug iad féin.
Do dhaoine nach baill iad is féidir leo íoc ag an doras. €8 ar an gcead isteach do dhaoine nach bhfuil ballraíocht acu.
An Club Leabhar
Leabhar nua, FANACHT FADA, le Seán Ó Cadhain ón gCnocán Glas, a bheas á phlé ag Club Leabhar Chois Fharraige, ar an gCéadaoin seo, 8 Samhain, i dTigh Mholly, An Lochán Beag.
Sé an chéad leabhar ó pheann Sheáin, mac le Pádraic Ó Cadhain agus a bhean Bríd agus nia leis an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain.
Margadh na Nollag
Tá Comharchumann Sailearna ag eagrú Margadh na Nollag i mbliana i Seanscoil Sailearna. Beidh an margadh ann ar an Domhnach, 10 Nollaig. Faoi láthair tá an Comharchumann ag glacadh le iarratais ó cheardaithe agus trádálaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa margadh chun a gcuid earraí a dhíol.
Tá foirmeacha iarratais le fáil ach ríomhphost a chur chuig sailerna@nullgmail.com, é sin nó glaoch a chur ar cheachtar de na huimhreacha seo a leanas: 091 399199/089 4169602.
AGM an Chomharchumainn
Is ar an gCéadaoin seo chugainn, 15 Samhain, a bheas an Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM) ag Comharchumann Sailearna Teo. Bhí sé ceaptha le bheith ann mí ó shin ach cuireadh siar an cruinniú. I Seanscoil Sailearna a bheas an cruinniú ar bun ag tosú ag 8.00pm.
Le freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ní mhór a bheith i do scairshealbhóir den Chomharchumann. Beidh folúntais le líonadh ar an mBord Stiúrtha, deirtear. Le seasamh don Bhord Stiúrtha caithfidh tú bheith i do scairshealbhóir agus bíonn foirm ainmniúcháin le líonadh.
Tá na foirmeacha ainmniúcháin agus na foirmeacha le rún a chur síos le fáil ó oifig an Chomharchumainn, nó tré glaoch a chur ar 091 399199. Is gá na foirmeacha líonta a bheith curtha ar ais faoin gCéadaoin seo, 8 Samhain.
Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán
Is cosúil go bhfuil dul chun cinn beag déanta maidir le Ionad Oideachais agus Óige a thógáil san áit a bhfuil Coláiste Lurgan, sa méid is go bhfuil Údarás na Gaeltachta le grúpaí pobail agus leis an bpobal a chur ar an eolas faoi na pleananna atá ann don tionscadal mór atá beartaithe.
Tá dréacht-dhearadh den ionad nua réitithe anois agus tá sé i gceist é a roinnt leis an dream a bheas ag úsáid an ionaid agus an pobal trí chéile. Táthar ag súil go mbeidh iarratas pleanála á chur faoi bhráid an údaráis áitiúil faoi dheireadh na bliana seo nó go luath san athbhliain.
Is mar choláiste Gaeilge a bheidh t-ionad á úsáid le linn tréimhse an tsamhraidh, tar éis don Údarás teacht ar shocrú le Coláiste Lurgan faoi na socruithe léasa a fhágann go mbeidh Coláiste Lurgan in ann freastal ar 2,000 duine óg gach Samhraidh.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €4,200 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 4, 6, 14, 31.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
Caitlín Uí Churraoin, Cloch Mhór;
Caitríona Uí Bhéarra, Bothúna;
Callum Geoghegan, An Caisleán;
John McDonagh, Bothúna.
Philip Costello, Baile na mBrabhach, a fuair duais an díoltóra.
€4,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
- Peil (Sinsear): An Spidéal 0 – 10, Naomh Anna, Leitir Móir 1 – 13.
- Sacar (Sóisear R1): Cois Fharraige 4, Salthill Devon B 1.
- Sacar (Sóisear R1): MacDara 4, Merlin Woods 0.
- Sacar (faoi 16, R1): MacDara 3, Colemanstown Utd 1.
- Sacar (faoi 15, R2): MacDara 3, Craughwell Utd. 3.
- Sacar (faoi 15, R4): MacDara 5, Athenry B 0.
- Sacar (faoi 13, R2): MacDara 1, Galway Bohs 2.