Cartlann Nuachta: 9 Bealtaine 2018
Cois Fharraige ina Seaimpíní Sacair
Foireann sacair Chois Fharraige leis an gCorn a bronnadh orthu tar éis dóibh Dynamo Blues ó Thuama a bhualadh 4 – 1, an Domhnach seo caite i dTuaim.
Chríochnaigh foireann sacair Chois Fharraige ar bharr an tábla i Roinn 3 sa tSraith Sacair a eagraíonn FA na Gaillimhe. Ar an Domhnach seo caite bhuaileadar Dynamo Blues leis an scór 4 – 1, i gcluiche spóirtiúil. Don chéad uair ó bunaíodh Club Sacair Chois Fharraige tá sraithchomórtas buaite ag buachaillí na Gaeltachta.
Fuair an fhoireann baile seans iontach an chéad scór a aimsiú tar éis deich noiméad, gan le bualadh ag imreoir Thuama ach an cúl báire, ach chuir sé a chic ar foraíl. Ina dhiaidh sin thosaigh Cois Fharraige ag cur smacht ar an gcluiche. Tháinig an chéad scór ó chic cúinneach a thóg Dónal Ó Ceallaigh agus a chuir Seán Comerford isteach lena chloigeann. Taobh istigh de dhá noiméad bhí an dara cúl faighte ag Cois Fharraige nuair a thit an liathróid as lámha chúl báire Thuama agus ní raibh le déanamh ag Chris Ó Biadha ach é a thapáil isteach.
Níór mhaolaigh Cois Fharraige ar an ionsaí agus fuair siad an tríú cúl ar an 30 nóiméad nuair a bhain Cathal Ó Conghaile an liathóid ó imreoir Thuama. Thug sé pas gleoite do Dhónal Ó Ceallaigh a chuir san eangach é.
Bhí na maidí ligthe le sruth ar bheagán ag Cois Fharraige sa darna leath agus rugadh orthu nuair a cuireadh an liathróid ar ais ag cúl báire Chois Fharraige, ach d’éirigh le fear Thuama an liathróid a shroisint roimh an gcúl báire agus scóráil sé gan stró. Go gairid ina dhiaidh sin tugadh Rónán Mac Donnacha isteach agus is óna bhróg a tháinig an ceathrú cúl do Chois Fharraige. Ón gcoirnéal chuir Dinny Ó hÉallaithe an liathróid isteach, ach bhuail sé an posta. D’éirigh le Rónán Mac Donnacha a bhróg a chur leis, rud a chuir foireann Chois Fharraige trí cúl chun cinn.
Bua stairiúil a bhí ann d’fhoireann sacair Chois Fharraige, a d’fhág ar bharr an tábla iad i Roinn a 3 de Shraithchomórtas na Gaillimhe. An chéad bhliain eile beidh Cois Fharraige ag imirt i Roinn II.
Seo leanas an fhoireann bhuacach: Eoin Ó Coistealbha (cúlbáire), Dinny Ó hÉallaithe, Seán Ó Donnacha, Dara Mac Dubhghaill, Cuán Mac Dubhghaill, Seán Comerford, Dónal Ó Ceallaigh, Leon Mac Lochlainn, Cathal Ó Conghaile, Chris Beatty, Ciarán Thornton. Fir Ionaid a usáideadh: Rónán Mac Donnacha, Máirtín Ó Cualáin, Gerry Ó Curraoin, Cóil Ó Coistealbha, Colm Neachtain. Fir Ionaid eile: Tomaí Ó Conghaile, Luke Ó Riada agus Marty Ó Curraoin.
Bhí séasúr fíor mhaith ag foireann Chois Fharraige faoi 13 chomh maith. Ar an Satharn seo caite bhuail siad Corrib Rangers as baile. Tá cluiche amháin fós le imirt, ach an cosúlacht ar an scéal go mbeidh siad ag críochnú sa darna áit i Roinn II.
Dónal Ó Ceallaigh ag tógáil an chic cúinneach as a dtáinig an chéad chúl do Chois Fharraige sa gcluiche in aghaidh Dynamo Blues ar an Domhnach seo caite i dTuaim.
Bhain Cois Fharraige an cluiche leis an scór 4 – 1, chun Sraith na Gaillimhe (Roinn 3) a bhuachan.
Leon Mac Lochlainn, captaen Fhoireann Sacair Chois Fharraige, lena thuismitheoirí Máirín agus Tom.
Bronnadh an corn air mar gur chríochnaigh Cois Fharraige ar bharr an tábla i Roinn III de Shraith Sacair na Gaillimhe.
Bua sa gCamógaí ag Cois Fharraige
Foireann Camógaí Chois Fharraige (Sóisear)
Bhí bua iontach ag foireann F14 chamógaíochta Chois Fharraige ar an Domhnach seo caite i gCraobh an Chontae, nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar chailíní Bhéal Átha Rí leis an scór 5 – 02 i gcoinne 4 – 02, thoir i nDroichead an Chláirín.
Bhí cóir na gaoithe ag cailíní Chois Fharraige sa gcéad leath agus bhíodar 3 – 02 i gcoinne 1 – 00 chun cinn ag leath ama. Ag tús an dara leath scóráil Clíona Ní Mhárta cúl iontach do chailíní Chois Fharraige. Ina dhiaidh sin, fuair Béal Átha an Rí an lámh in uachtar agus chláraigh siad 3 – 01, rud a d’fhág na foirne ar comhscór. Ach le sé nóiméad fágtha sa gcoimhlint, chroith Eadaoinn Nic Dhonnacha, laoch na himeartha, an líon, scór a chuir Cois Fharraige chun cinn arís. Uaidh sin go dtí séadadh na feadóige lean cailíní Chois Fharraige ag imirt le díocas, díograis, scil agus an-chroí, rud a chinntigh go mbeadh an lá leo.
Is iad Breandán Mac Mathúna agus Ruaidhrí Ó Béarra a bhí i mbun bainistíocht na foirne agus comhghairdeas leo sin freisin.
I dTreo an tSolais
Beidh an tsiúlóid bhliantúil ar mhaithe le Pieta House ar bun ar an Satharn seo, 12 Bealtaine, sa gCeathrú Rua. Tosóidh an tsiúlóid ag 4.15 ar maidin ag Scoil Chuimsitheach, An Cheathrú Rua.
Seo é an phríomhócáid tiomsaithe airgid a bhíonn ag an eagraíocht Pieta House, a oibríonn le daoine a mbíonn i gcontúirt báis ó fhéinmharú.
An maidin sin beidh daoine ag tíocht le chéile sa Scoil Chuimsitheach, An Cheathrú Rua, le tús a chur leis an siúlóid.
Is féidir clárú ar líne ach dul ag an suíomh dil.pieta.ie.
Níl aon siúlóid eagraithe sa Spidéal i mbliana. Iarrtar ar dhaoine ó Chois Fharraige tacú leis an tsiúlóid sa gCeathrú Rua.
Scoil na Tulaí – Lá Oscailte
Beidh cruinniú eolais ar bun sa tráthnóna ar an Máirt seo chugainn, 15 Bealtaine, i Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, do thuismitheoirí le gasúir ag tosaí scoile i Meán Fómhair 2018. Tosóidh an cruinniú ag 8.00pm.
Ar an Déardaoin, 17 Bealtaine, beidh Lá Oscailte do na gasúir ann ó 11.00am go 12.15pm.
Deá-Scéal don Turasóireacht
Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh deontas €60,000 á chur ar fáil thar tréimhse dhá bhliain chun tacú leis an turasóireacht i nGaeltacht Chonamara. Tá faoin Údarás ‘Cósta Gaelach Chonamara & Árann’ a bhunú mar chomhlacht chun an turasóireacht chultúrtha i gConamara a threisiú is a neartú. Beifear ag díriú ar acmhainn nadúrtha an cheantair, idir teanga, cultúr, oidhreacht agus timpeallacht.
Bhí sé molta i bPlean Teanga Chois Fharraige go mba cheart margaíocht a dhéanamh ar Ghaeltacht Chonamara mar ‘An Cósta Gaelach’.
Ionad Nua ag Club na bhFoghlaimeoirí
Tá ionad nua ag Club Fhoghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige i mBaile an tSagairt, a bhuíochas d’Údarás na Gaeltachta. As seo amach is ann a bheas an rang meánleibhéal ar siúl gach Máirt ó 11.00am go dtí 1.00pm.
Tá rang nua tosaithe ar an gCéadaoin, ó 7.00 – 8.00pm, le béim ar léamh na Gaeilge ag úsáid leabhra simplí atá aistraithe go canúint Chois Fharraige.
Tá súil ag Club na bhFoghlaimeoirí tús a chur le rang nua bunléibhéal do dhaoine nach bhfuil acu ach ‘cúpla focal’. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig: spiddalgaeilge@nullgmail.com
Glantachán Chois Cósta
Daoine a thug cúnamh le gairid le bailiú brúscair
Tá sé i gceist ag Fochoiste Timpeallachta an Chumann Forbartha Glantachán Chois Cósta a eagrú seachtain ón Satharn seo chugainn, 19 Bealtaine. D’éirigh thar barr leis an nglantúchán a eagraíodh an mhí seo caite ar na boithríní sa gceantar. Beidh níos mó sonraí faoin nglantúchán sna Nótaí an tseachtain seo chugainn.
Oireachtas Chois Fharraige
Damhsa ar an Sean-Nós ag Oireachtas Chois Fharraige 2016
Shocraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige cruinniú a ghairm ar an Máirt seo chugainn, 15 Bealtaine, le plé a dhéanamh ar fhéile a eagrú i gCois Fharraige sa bhFómhar.
Beidh an cruinniú ar bun ar an Máirt seo chugainn, 15 Bealtaine, sa gCrann Taca (ITT) ag tosaí ag 8.30pm. Fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil spéis acu cúnamh a thabhairt le eagrú na féile.
Liathróid Láimhe
Eimhir Ó Diollúin, a bhuaigh an comórtas Aon Bhalla Náisiúnta sa liathróid láimhe faoi 17, i gCaisleán a’ Bharraigh ag an deireadh seachtaine.
Ag an gcomórtas Aon Bhalla Náisiúnta i gCaisleán an Bharraigh ar an deireadh seachtaine, bhuaigh Eimhin Ó Diollúin, Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach, Indreabhán an craobh do bhuachaillí 17 bliain agus faoi.
Seo an tríú uair d’Eimhin an craobh seo a bhuachan. Triúr ón gCumann a bhain amach an dara háit sa gcomórtas náisiúnta – Sadhbh Ní Fhlaithearta (cailíní 15 & faoi), Mike Dillon (Fir C) agus Áine Ní Dhroighneáin (Mná Challenger).
Oireachtas na nOileán
Sé Alan Esslemont, Ceannaire TG4 a dhéanfaidh an fhéile Oireachtas agus Ceardaíocht na nOileán a oscailte go hoifigiúil ar seo, 11 Bealtaine i nGalfmara, Anach Mheáin. Ar feadh an deireadh seachtaine déanfar ceiliúradh ar chultúr agus oidhreacht na noileán, atá timpeall an chósta, le neart imeachtaí idir ceol, buifé bia mara, scannáin agus turas stairiúil ar na hoileáin tréigthe.
Seo a leanas Clár na nImeachtaí:
Oireachtas agus Ceardaíocht na nOileán
Clár na Féile
Galf Mara, Anach Mheáin
Aoine, 11 Bealtaine
4.00 pm Oscailt Oifigiúil le Alan Esslemont, Ceannaire TG4. Fáilte roimh chách.
5.00 pm Blaiseadh Bia Mara
6.00 pm Taispeántas Sean scannáin.
8.00 pm Seisiún Ceoil.
Satharn, 12 Bealtaine
11.00 am Siúlóid Stairiúil i gCeantar na nOileán, ag tíocht le chéile ag Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin.
2.00 pm Turas Stairiúil timpeall Ceantar na nOileán agus turas ar na oileáin tréigthe. Ag tosú ag Galf Mara.
5.00 pm Buifé Bia Mara ag Galf Mara.
7.00 pm Ceolchoirm le ceoltóirí/damhsóirí/fonnadóirí áitiúla agus as oileáin éagsúla.
10.00 pm Gradam Pearsantacht na nOileán á bhronnadh.
Beidh na deartháireacha Connolly, iar-imreoirí iománaíochta na Gaillimhe, i láthair ar an oíche agus Corn Mhic Cárthaigh acu.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Sacar (Sóisear Roinn III): Cois Fharraige 4, Dynamo Blues 1.
Sacar (f13 Roinn II): Cois Fharraige 3, Corrib Rangers 2.
Iomáint (f 16 C): Cois Fharraige 3 – 06, Anach Cuan 3 – 12.
Iomáint (f14 C1): Ml. Breathnach 2 – 09, Creachmhaoil 0 – 06.
Peil (Sóisear): Ml Breathnach 0 – 09, Bearna 5 – 12.
Peil (Sinsear): An Spidéal 0 – 12, An Cheathrú Rua 0 – 13.
Camógaí (f14 C): Cois Fharraige 5 – 01, Bleá ‘n Rí 4 – 01.
Peil na mBan (Sóisear): Ml. Breathnach 3 – 02, St. Furseys 3- 17.
9 Bealtaine 2018