Cartlann Nuachta: 9 Deireadh Fómhair 2019
Lá Eile ag Na Breathnaigh
Foireann Peile na mBreathnaigh ag tíocht ar an bpáirc i Stáid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, le haghaidh Cluiche Ceannais an Chontae sa nGrád Idirmheánach, an Domhnach seo caite. Chríochnaigh an cluiche ar comhscór.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Ní bhainfear anuas na bratacha Gorm is Bán atá ar foluain le seachtain ar bhóthar Chois Fharraige go fóill mar go mbeidh ar pheileadóirí idirmheánacha Chumann Micheál Breathnach dul chun páirce arís leis an gcluiche ceannais a athimirt in aghaidh Uachtar Ard, mar gur chríochnaigh an cluiche Dé Domhnaigh seo caite ar comhscór, tar éis do Uachtar Ard an cluiche a chothromú sa nóiméad deireannach de am gortaithe.
Tríd is tríd cluiche cothrom go maith agus spoirtiúil a bhí ann, na Breathnaigh chun tosaigh ag leath ama le cúig chúilín in aghaidh trí chúilín do Uachtar Ard. Sa darna leath bhí cóir na gaoithe ag na Breathnaigh, ach mar sin féin d’éirigh le Uachtar Ard tarraingt cothrom théis cúig nóiméad. Chuaigh na Breathnaigh chun cinn aríst le dhá chúilín gleoite ó bhróg Sheán Denvir, a d’imir sárchluiche, agus le cúilín ó shaorchic a thóg Ruádhán Ó Curraoin. Ach cothromaigh Uachtar Ard an cluiche aríst sa 15 nóiméad den dara leath. As sin go deireadh an chluiche bhí an dá fhoireann ag malartú cúilíní.
Ba é Seán Denvir laoch na himeartha do na Breathnaigh. Chiceáil sé ceithre chúilín ón imirt sa darna leath. D’éirigh le Ruadhán Ó Churraoin roinnt saorchiceanna a fháil a bhí i bhfad amach agus ceann a fháil ón imirt ag tíocht chun deireadh an chluiche. Ar feadh tamaill sa gcéad leath bhí Uachtar Ard ag iarraidh cúl a fháil ach rinne Rónán Ó Beoláin cúpla sábháil an-tábhachtach.
Tá an athimirt socraithe don Satharn, 19 Deireadh Fómhair i Staid an Phiarsaigh.
Féile Leabhar Chois Fharraige
Pauline Nic Chonaonaigh, Duine de na Filí a Bhí ag Léamh ag Féile Leabhar Chois Fharraige
D’éirigh thar cionn le Féile na Leabhar a bhí ar bun an deireadh seachtaine seo caite i gCois Fharraige. I dTigh Mholly, An Lochán Beag, is mó a bhí na himeachtaí ar bun, ach amháin ar an Satharn, nuair a bhí Ceolchoirm na gCumadóirí i Seanscoil Sailearna. Bhí an teach lán go maith ag éisteacht le beirt ón ngrúpa ceoil Dris Óg, Katie agus Seán Ó Gallchobhair ag casadh ceoil dá gcuid féin.
Chuaigh Pádraic Jack Seoighe agus a ghrúpa ceoil ó Ros a’ Mhíl i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta, go speisialta Amhrán Pheter Báille a chum a shin-seanathair, faoi bhás a mhná.
Chuir an rapfhile Séamus Barra Ó Súilleabháin ó Lios Tuathail críoch spleodrach leis an oíche.
Cruinniú leis na Comhairleoirí
Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire – Duine de na Comhairleoirí a bheas i láthair ar an gCéadaoin.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Ar an gCéadaoin seo chugainn, 16 Deireadh Fómhair, beidh cruinniú poiblí ar bun i Seanscoil Sailearna leis na Comhairleoirí Contae do cheantar Conamara Theas, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le deis a thabhairt don phobal ceisteanna a ardú agus soiléiriú a fháil ar nithe atá ag déanamh imní don phobal. Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta a bheas sa gcathaoir. Tosóidh an cruinniú ag 8.00pm.
Cluiche Ceannais Iomána ar an Satharn
Foireann Chumann Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh Bearna/Na Forbacha níos túisce i mbliana.
Beidh an dá fhoireann in aghaidh a chéile ar an Satharn seo chugainn i gCluiche Ceannais Sóisear 1, ar an mBaile Dóite, Maigh Chuilinn, ag tosú ag 1.00pm.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Is ar an Satharn seo chugainn, 12 Deireadh Fómhair, a bheas an dá fhoireann iomána as Chois Fharraige – Cumann Micheál Breathnach agus Bearna/Na Forbacha – ag imirt in aghaidh a chéile sa gCluiche Ceannais Sóisear a hAon ar an mBaile Dóite, Maigh Chuilinn. Nuair a d’imir an dá fhoireann in aghaidh a chéile ag tús an tséasúir chríochnaigh an dá fhoireann ar comhscór. Tá roinnt mhaith de na peileadóirí ó fhoireann idirmheánach Chumann Micheál Breathnach a bhíonn ag imirt iománaíochta freisin leis an gCumann, ina measc Rónán Ó Beoláin, Maidhc Ó Conghaile, Dinny Ó hÉallaithe, Fiach Ó Béarra, Seán Denvir, Liam Mac Donnacha agus Rónán Mac Donnacha.
Cois Fharraige ar Bharr an Tábla
Foireann Sacair Chois Fharraige
Tá foireann sacair Chois Fharraige ar bharr an tábla i Roinn a hAon de Shraithchomórtas na Gaillimhe (Roinn 1) tar éis an bua 3 – 0 in aghaidh Dynamo Blues, Tuaim. Fuair foireann na Gaeltachta ardú céime anuraidh ó Roinn II agus ardú céime an bhliain roimhe sin ó Roinn 1.
Beidh Cois Fharraige ag imirt in aghaidh Colemanstown United ar an Satharn seo chugainn i Ros a’ Mhíl ag 2.30pm ar an gCanal.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ar Ais
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige an Nollaig Seo Caite
Tá Seisiún Ceoil na nDéagóiri tosaithe ar ais gach Satharn sa gCrúiscín Lán, An Spidéal ó 5.15 – 6.15pm.
Bíonn seisiún do na ceoltóirí in aois bunscoile san ITT gach Domhnach ón 12.00 meán lae go 1.00pm. Fáilte i gcónaí roimh cheoltóirí óga nua ag na seisiúin, atá eagraithe ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.
Club Scannán Sailearna
Radharc as FOXTROT, scannán suite in Iosrael faoi shaighdiúr a mharaítear ar dhiúité, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag 8.15pm an Déardaoin seo, 10 Deireadh Fómhair.
Ar an Déardaoin seo taispeánfar FOXTROT, scannán faoi shaighdiúr óg a mharaítear in Iosrael agus é ar diúité. Tugtar léargas ar shaol an tsaighdiúra leis féin ar ionad seiceála, agus léargas chomh maith ar a thuismitheoirí atá croíbhriste nuair a fhaigheann siad an drochscéal. Ach ní mar a shíltear mar a bhítear!
Is scannán fíor-dhéanta é seo, a chroch leis Gradam an Grand Jury ag Féile Scannán Venice, dhá bhliain ó shin. Tosaíonn an scannán ag 8.15pm. Is féidir le daoine nach baill iad íoc isteach ar €8 (€7).
Tá liosta iomlán na scannán don tséasúr le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Cúrsa Cruinneas Gaeilge
Cuireadh tús an Luan seo caite le cúrsa do dhaoine le Gaeilge mhaith cheana féin, ach a bheadh ag iarraidh a gcruinneas sa teanga scríofa a fheabhsú. Cúrsa sé seachtaine atá ann, á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht ón GRETB, faoin scéim Oideachas Pobail.
Máirtín Ó Curraoin, ón Spidéal, atá i mbun an teagaisc ar an gcúrsa.
Ranganna Seite Tigh Chualáin
Tá na ranganna seite ar an gCéadaoin, faoi stiúr Mháirtín Uí Bhrosnacháin, i dTigh Chualáin, Coill Rua, tosaithe ar ais, gach Céadaoin ag 8.00pm.
Fáilte i gcónaí roimh dhaoine nua.
Bailte Slachtmhara: Toradh Maith ag an Spidéal
Baile Slachtmhar – Céibh an Spidéil
Le linn na seachtaine seo caite foilsíodh na torthaí i gComórtas na mBailte Slachtmhara. Bronnadh 311 marc ar an Spidéal, as uasmhéid de 470 marc, 6 marc breise ar thoradh 2018. Bhí An Spidéal sa séú áit i gContae na Gaillimhe agus ar an iontráil ab fhearr i nGaeltacht na Gaillimhe.
Fáiltíonn Comhlacht Forbartha an Spideil roimh thorthaí 2019 agus glacann an comhlacht buíochas le chuile duine a thug tacaíocht don choiste, go speisialta na fir oibre ar an scéimeanna Tús agus Fostaíochta faoi Údarás na Gaeltachta agus don Chomhairle Condae a cuireann ábhar agus tacaíocht ar fáil.
Tá sé i gceist cruinníu poiblí a reáchtáil mí na Samhna le daoine nua a fháil le cur leis an bhfoireann oibre do 2020.
Comóradh 50 Bliain de Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl
Gasúir ó Scoil Ros a’ Mhíl
Sa mbliain 1969 dúnadh Scoil Nioclás Naofa i nGleann ‘Ac Muirinn agus déanadh cónascadh idir an scoil sin agus Scoil Cholmcille na nDoireadh. Bhí an scoil nua tógtha i Ros a’ Mhíl, ach is cosúil nach raibh an scoil baileach réidh fós agus ba i seanscoil na nDoireadh a cuireadh tús leis an scoilbhliain ar an 27 Lúnasa 1969. Bhog na múinteoirí agus na scoláirí isteach sa scoil nua ar an 6 Meán Fómhair.
Mar chomóradh ar an scoil agus í caoga bliain ar an bhfód, beidh deireadh seachtaine thíos i Ros a’ Mhíl ag ceiliúradh na hócáide. Cuirfear tús leis an ócáid ar an 11 Deireadh Fómhair, áit a ndéanfar oscailt agus beannú ar an ngairdín céadfach nuathógtha. Ar an 12 Deireadh Fómhair beidh cluiche peile ar pháirc Ros a’ Mhíl idir iarscoláirí Scoil Cholmcille agus foireann áitiúil. Beidh tús dhá chur leis sin ag 12.00 meán lae. Ar an Satharn freisin beidh seoladh Leabhar Ceiliúradh 50 bliain Scoil Cholmcille, thíos Tigh Terry ag 8.00 i.n agus beidh ceol le Cillín. Beidh sóláistí curtha ar fáil i rith an deireadh seachtaine agus céad míle fáilte roimh chách.
Torthaí Spóirt
Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 0 – 14, Uachtar Ard 0 – 14.
Peil (Sóisear A): Ml. Breathnach 1 – 05, Killanin 1 – 13.
Peil (faoi 15): An Spidéal 0 – 03, Tuam All Stars 4 – 12.
Iomáint (Coláistí): Col Chroí Mhuire 5 – 16, Col Einde 2 – 10
Iomáint (faoi 15): Ml. Breathnach 0 – 06, Bóthair na Trá 1 – 17.
Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 3, Dynamo Blues (Tuam) 0.