Cartlann Nuachta: 9 Márta 2016

9 Márta 2016


Comóradh Órga an Chumann Forbartha

Peadar Mac an IomaireSa seomra cruinnithe ar chúl Shéipéal an Chnoic, tar éis aifrinn 11 ar an Domhnach seo caite, rinneadh comóradh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin. Ar an 6 Márta 1966, thug an sagart Seán de Bláca cruinniú poiblí le chéile i Séipéal an Chnoic, ag a roghnaíodh an chéad choiste ar an gCumann Forbartha.

Ag an gcomóradh ar an Domhnach seo caite, 50 bliain do dtí an lá ó tugadh an cruinniú stairiúil le chéile, bhí cúigear i láthair ón gcéad choiste: Cóilín Ó Céidigh, Sailethúna; Timín Joe Tim Ó Curraidhín, ón gCnocán Glas; Seán Strain, ón gCoill Rua; Seán Ó Tuairisg, ón Lochán Beag agus Peadar Mac an Iomaire (sa bpictiúr thuas) a bhí ina chéad rúnaí.

Daoine eile a bhí ar an gcéad choiste atá anois ar shlí na fírinne ab ea: Seán Ó Mainnín (an chéad chathaoirleach); Paddy King; Seán Touhy; Tomaí Carter Ó Maoileaoin; Paddy Costello; Maidhc Ceannabháin; Meairt Curraoin; Peadar Ó Loideáin agus Pádraig Ó Fátharta.

Ag an ócáid ar an Domhnach labhair Peadar Mac an Iomaire faoin tionchar mór a bhí ag an gCumann Forbartha, ní hamháin i bparóiste an Chnoic, ach ar fud Ghaeltacht Chonamara, de bharr na héilimh a bhí á ndéanamh acu go poiblí. Bhí baint mhór ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i 1969.

DonnchaÓhÉallaitheDúirt Donncha Ó hÉallaithe (sa bpictiúr ar dheis), atá ina Chathaoirleach faoi láthair ar an gCumann Forbartha, go bhféadfadh an pobal a bheith buíoch do na daoine a bhí gníomhach go deonach thar na blianta ar choiste an Chumann Forbartha as an méid a baineadh amach. Ach dúirt sé go raibh neart fadhbanna le réiteach fós sa gceantar, agus gur theastaigh coiste láidir fuinniúil i gcónaí le réiteach a fháil ar na fadhbanna sin. Dúirt sé gur fadhb mhór don cheantar an méid talamh atá reoite de bharr na seacht mbealach éagsúla atá leagaithe amach ar mhapa ag an gComhairle Chontae don bhóthair nua ó Ghaillimh go Ros a’ Mhíl. Caithfidh an Cumann Forbartha dul i mbun oibre le réiteach a fháil ar an bhfadhb, atá ag cruthú deacrachtaí ollmhóra do lánúineacha a bheadh ag iarraidh cead tógála i gceantar Chois Fharraige.

Dúirt sé chomh maith gur dúshlán mór a bhí ann don phobal i gCois Fharraige an Ghaeilge a choinneáil in uachtar mar theanga phobail sa gceantar agus í a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile lena chinntiú go mbeadh sí fós in úsáid go forleathan i gceann 50 bliain eile i measc an phobail.

Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha ócáid comórtha níos foirmeáilte a eagrú níos deireanaí sa mbliain agus eagrán speisialta den iris BISEACH a fhoilsiú.

Tá aiste a scríobh Donncha Ó hÉallaithe faoin gCumann ar fáil anseo.


Aisteoirí an Spidéil sa Taibhdhearc

Cáisc 1916Cuireadh daoine ó dhoras i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ag an deireadh seachtaine seo caite nuair a léiríodh Ionmhuin Liom Cois Fhairrge: Omós do 1916. Cuirfidh Aisteoirí an Spidéil an seó céanna ar an ardán sa Taibhdhearc ar an Satharn seo chugainn, 12 Márta.

Bhí áit an-lárnach ag an Spidéal i scéal Athbheochan na Gaeilge agus sa ngluaiseacht cultúrtha a bhain leis. Tá neart seanchais sa gceantar fós faoi chuid de laochra an Éirí Amach a bheith ag teacht chuig Coláiste Chonnacht mar scoláirí agus mar chuairteoirí. Ba mhinic drámaí ar an ardán sa gColáiste agus deirtear gur léirigh Séan Ó Conghaile, an chéad óglach a maraíodh san Éirí Amach, Dúirt Sé, Dáirt Sé leis an mBantiarna Gregory sa gColáiste.

Tá comóradh á dhéanamh ag na hAisteoirí ar an gceangal áitiúil seo leis an Éirí Amach sa seó ilmheáin seo. Is comhfhiontar pobail atá ann ina bhfuil thart ar leathchéad duine as an bpobal páirteach, idir Scoil Éinne, an bhunscoil áitiúil, a dheineann cóiriú de An Gadaí. Aisteoirí an Spidéil a chuireann Eoghainín na nÉan agus Dúirt Sé, Dáirt Sé, leagan Gaeilge de Spreading the News leis an mBantiarna Gregory ar an ardán. Tá tráchtaireacht ar an gcomhthéacs náisiúnta agus áitiúil mar chuid den léiriú ilmheáin seo. Siad Peadar Ó Treasaigh agus Pauline Nic Chonaonaigh comhstiúrthóirí an seó. Máire Uí Neachtain, Cormac Ó Tuairisg, Eimear Ní Chonaola agus Maidhc P Ó Conaola a léirigh na drámaí.


Mac Piarais i bPictiúir sa gCeathrú Rua

Mac Piarais i bpictiúirBeidh an seó speisialta, Mac Piarais i bPictiúir, atá réitithe ag FÍBÍN le tabhairt go Meiriceá agus Ceanada an chéad mhí eile, le feiceáil ar an ardán sa gCrompán ar an gCeathrú Rua ar an Déardaoin beag seo, 10 Márta, agus ar an Aoine, 11 Márta, ag 10.30 r.n. agus 12 i.n.

Athchruthú atá ann ar Éirí Amach na Cásca, curtha le céile ag na deartháireacha Dara agus Harry Mc Gee.

Tarlaíonn casadh drámatúil ag an deireadh, nach mbíonn aon duine ag súil leis.


Torthaí ó Éigse an Spidéil

Éigse an Spidéil 2016

Mary Ann Ní Cheannabháin, moltóir; Caroline Ní Chonaire, buaiteoir; Bríd Treasa Ní Ghaoithín, moltóir agus Máire Pheter Uí Dhroighneáin, múinteoir sean-nóis.

Bhí neart ceoil agus amhráin le cloisteál thart ar an Spidéal an deireadh seachtaine seo caite, le linn Éigse an Spidéil 2016.

Seo thíos cuid de buaiteoirí ó Chomórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin:

  • Faoi 9: Caoilte Canny, Na hAille, Indreabhán.

  • Amárach Dé hAoine, 4 Márta, i gColáiste Connacht, beidh Aisteoirí an Spidéil ag cur ar stáitse an seó speisialta atá réitithe acu in ómós do laochra 1916, ar a tugtar ‘Ionmhain Liom Cois Fharraige’.

  • Faoi 13: Colm Ó Curraoin, Na Minna.

  • Faoi 17: Domhnall Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán.

  • 18 agus faoi: Caroline Ní Chonaire, An Teach Mór, Indreabhán.

Cuireadh clabhsúr ar an Domhnach sa Droighneán Donn le seisiún breá ceoil le déagóirí na háite ag casadh le chéile. A bhuíochas don obair atá déanta ag an Gaelacadamh thar na blianta tá glúin nua ceoltóirí traidisiúnta i gCois Fharraige leis an gceol dúchasach a choinneáil beo bríomhar inár measc.

Ag an ócáid ar an Domhnach bronnadh an gradam Laoch an Traidisiúin ar Mhicheál Ó Chonghaile ó Inis Treabhair, ach a bhfuil cónaí air le fada ar an Teach Mór, Indreabhán. Sé Micheál a bhunaigh an teach foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht, in Indreabhán. Is mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige mar fhoilsitheoir, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir, a bhronn an file Jackie Mac Donnacha an gradam ar Mhicheál.

Laoch an Traidisiúin 2016

An gradam Laoch na hÉigse á bhronnadh ar an scíbhneoir is an foilsitheoir Micheál Ó Conghaile, An Teach Mór, Indreabhán, ag Máire Ní Neachtain, Coiste na hÉigse, ag ócáid ar an Domhnach seo caite sa Droighneán Donn, An Spidéal, nuair a cuireadh clabhsúr le Éigse na Bliana Seo.


Scannán faoi Mháire Mhac an tSaoi sa tSeanscoil Anocht

Deargdhuil_Maire_1956_thumbBeidh Louis de Paor i láthair ag teaspántas speisialta den chlár faisnéise, atá déanta ag an Astráileach Paula Kehoe faoin bhfile Máire Mac an tSaoi ar an Déardaoin seo, 10 Márta. Rugadh Máire Mhac an tSaoi i 1922, an bhliain a bunaíodh Saorstát Éireann. Sa gclár faisnéise seo cíorann Louis de Paor a saol, a saothar agus an tsamhlaíocht atá ag sníomh trína cuid filíochta. Insint phearsanta atá anseo ina bhfuil léirithe drámatúla ar chúpla dán, míreanna faisnéise agus tuairimí an fhile féin faoin méid atá bainte amach aici.

Beidh an clár faisnéise á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 25 Feabhra, ag tosaí ag 8.15 i.n.


Scoileanna Chois Fharraige sa Drámaíocht

ScoraíochtAg Féile Scoildrámaíochta Chonnacht, a reáchtáladh i Seanscoil Sailearna an tseachtain seo caite, roghnaíodh ceithre dhráma ó scoileanna i gConamara Theas, i measc an 12 de dhrámaí ó Chúige Chonnachta, atá le dul ar aghaidh ó Chonnacht ag an bhFéile Náisiúnta a bheas ar bun i Muileann gCearr, an chéad mhí eile. Seo a leanas an ceithre dhráma a roghnaíodh:

  • Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, le “Scéalta beaga 1916”

  • Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, le “Traí”

  • Coláiste Cholmcille, Indreabhán, leis “An Chéad Fhaoistin”

  • Scoil Náisiúnta, Leitir Mealláin, le “Annie”

Tugadh gradam don aisteoir is fearr do Oisín Ó Cualáin, Coláiste Cholmcille, a bhí i bpáirt an tsagairt sa dráma “An Chéad Fhaoistin”. Tugadh gradam do Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua, don léiriú ab fhearr. Bronnadh duais speisialta ar Scoil Náisiúnta Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a chuir “Scéalta Beaga 1916” ar an stáitse.


Rith/Siúl Spraoi 5km ag Scoil Sailearna

Rás2016Mar atá fhios ag daoine a theastalaíónn Bóthair Chois Fharraige na laethanta seo, tá obair mhór tógála ar siúl ar Scoil Sailearna sna hAille faoi láthair agus seomraí breise á gcur leis an scoil.

Tá feachtas ar siúl le airgead a bhailiú don leathnúchán seo. Mar chuid den fheachtas seo tá Coiste Tuismitheoirí Scoil Sailearna ag eagrú Rith/Siúl Spraoi (Fun-Run) 5km a bheas ar siúl Dé Domhnaigh seo chugainn, 13ú Márta 2016.

I gColáiste Lurgan a bheas an clárú ar bun don Rith/Siúl ag 11 r.n ar an Domhnach agus an rása ag tosaí ag meánlae. €10 an táille do dhaoine fásta agus €5 do ghasúir. Beidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo Choiste Tacaíochta Scoil Sailearna.

Beidh duaiseanna ann don chéad agus don dara háit, fir agus mná. Beidh sóláistí ar fáil ag deireadh an rása urraithe ag Ollmhargadh na Seoighe, Coill Rua Thiar.

Tosóidh an rása ag SOCOS ar an Eastát Tionscailíoch sa gCoill Rua. Gabhfaidh sé suas ar bóthar Bhaile na mBrabhach in aghaidh na hairde. Ag Leithrinn casfaidh sé soir chomh fada leis an mBóthar Buí agus ansin i dtreo Leitir Fir go dtí go gcasfaidh sé anuas aríst ar an mBóthar Buí go dtí an príomhbhóthar, bóthar Chois Fharraige an R336, le radharc álainn ar Chuan na Gaillimhe, trí oileán Árann agus Ceann Boirne. Ag an bpríomhbhóthar casfaidh sé soir agus críochnóidh an rása ag Coláiste Lurgan.


Lá ‘le Pádraig sa Spidéal

Traidpicnic

Ar an Déardaoin seo chugainn, Lá ‘le Pádraig, beidh paráid sa Spidéal mar is gnáth, ag tosaí ón gCeardlann ag 12.00 meán lae. Gach bliain bíonn an-obair déanta ag bailte agus ag gnóanna ag cur flótanna le chéile, ina mbíonn meascán den spraoi agus den ghreann agus páirtíocht ag na céadta daoine, idir óg is daoine nach bhfuil chomh óg sin.


Na Breathnaigh faoi 21 sa gCluiche Ceannais

Cumann Mícheál BreathnachTá peileadóirí Chumann Micheál Breathnach tríd go dtí an Cluiche Ceannais i gComórtas Peile an Iarthair faoi 21(B). Bhí bua éasca go maith acu sa gcluiche leathcheannais ar an Satharn seo caite in aghaidh Rinn Mhaoile. Ag leath ama bhí buachaillí Chois Fharraige chun cinn leis an scór 1 – 6 in aghaidh 0 – 4. Sa darna leath leis an ngaoth taobh thiar dóibh, rinne buachaillí na mBreathnach trí chúl gleoite a aimsiú leis an gcluiche a chríochnú 4 – 11 in aghaidh 1 – 8.

Beidh buachaillí Chois Fharraige ag castáil leis An Clochán sa gcluiche ceannais.

Bhí bua chomh maith ag na buachaillí faoi 13 leis an scór Micheál Breathnach 5 – 4, Uachtar Ard 0 – 8.