Cartlann Nuachta: 9 Samhain 2016
9 Samhain 2016
Cois Fharraige ag Oireachtas na Samhna
Caitlín Ní Chualáin, An Teach Mór, Indreabhán le Corn Uí Riada, a bhuaidh sí don Amhránaíocht ar an Sean-Nós ag Oireachtas na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite. Ar chlé tá a hiníon Fóghla, a tháinig sa dara áit sa gcomórtas Amhránaíocht ar an Sean Nós faoi 15 agus ar dheis tá a mac Domhnall a bhuaidh an corn don Amhránaíocht ar an Sean-Nós faoi 18. Tháinig Adhna Ní Bhraonáin, iníon eile le Caitlín, sa gcéad áit san Amhránaíocht ar an Sean-Nós do mhná faoi 35 bliain d’aois.
Aríst i mbliana d’éirigh thar cionn le iomaitheoirí ó Chois Fharraige a ghlac páirt i gcomórtais Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne an tseachtain seo caite. Bhí go leor iomaitheoirí óga ó Scoil Sailearna, Indreabhán, páirteach sna comórtais do dhaoine óga agus d’éirigh le roinnt mhaith acu duaiseanna a bhuachaint. Thug Caitlín Ní Chualáin ón Teach Mór an chraobh léi oíche Shathairn sa gcomórtas mór amhránaíochta ar an sean-nós, le Corn Uí Riada a thabhairt ar ais go Cois Fharraige. Ciarán Ó Con Cheanainn, suaimhneas síoraí leis, an duine deireannach ó Chois Fharraige ar bronnadh Corn Uí Riada air ag Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh sa mbliain 2008.
Ní amháin go raibh an bua ag Caitlín i bpríomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais, ach bhí an bua chomh maith ag a hiníon, Adhna Ní Bhraonáin, i gcomórtas cáilithe na mban (faoi 35), agus ag a mac Domhnall sa gcomórtas amhránaíochta don aoisghrúpa 15 -18.
Le linn an bhriseadh i gCorn Uí Riada, bronnadh gradam speisialta ar Joe Steve Ó Neachtain ón gCré Dhubh, An Spidéal, as ucht an obair atá déanta aige le leathchéad bliain anuas le cultúr agus teanga na Gaeltachta a chaomhnú is a neartú.
Seo a leanas na duaiseanna a tháinig go Cois Fharraige ó Oireachtas na Gaeilge 2016 i gCill Áirne.
-
Amhránaíocht ar an Sean-Nós (Corn Uí Riada): An Chéad Duais: Caitlín Ní Chualáin, An Teach Mór, Indreabhán.
-
Lúibíní (daoine fásta): An Chéad Duais: Páid Ó Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal.
Páid Ó Neachtain & Bróna Ní Uallacháin a fuair an chéad duais sna Lúibíní .
-
Sceitse (daoine fásta): An Chéad Duais: Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal; An Dara Duais: Pádraig a’ Táilliúra Ó Conghaile, Ros a’ Mhíl.
-
Agallamh Beirte (daoine fásta): An Chéad Duais: Seán Ó Gráinne, Na Forbacha & Traolach Ó Conghaile, An Spidéal; Duais Speisialta: Bridín Ní Mhaoldomhnaigh & Eoin Mac Diarmada, An Lochán Beag.
-
Comórtas Amhránaíochta Cáilithe do Mhná (faoi 35): An Chéad Duais: Adhna Ní Bhraonáin, An Teach Mór, Indreabhán.
-
Amhránaíocht Sean-Nós na bhFear: An Chéad Duais: Colm Jimmy Ó Curraoin, Na Minna, Indreabhán; An Dara Duais: Traolach Ó Conghaile, Baile Liam, An Spidéal.
-
Lúibíní (12-15): An Chéad Duais: Liadan Canny, Na hAille, Indreabhán, & Bróna Ní Cheallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal; An Dara Duais: Éadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl & Cainear Nic Réamoinn, Na hAille, Indreabhán.
-
Lúibíní (faoi 12): An Chéad Duais: Neasa Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl, & Éabha Ní Chonghaile, Baile Liam, An Spidéal.
Neasa Nic Dhonncha agus Éabha Ní Chonghaile a fuair an chéad duais sna Lúibíní.
Stiofán Ó Neachtain agus Tomás ó Neachtain (lena máthair- Áine Uí Neachtain) ar éirigh leo an dara háit a bhaint amach sa gComórtas Lúibíní faoi 12 ag Oireachtas na Samhna.
-
Dreas Cainte (daoine fásta): An Dara Duais: Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach, Indreabhán.
-
Scéalaíocht (daoine fásta): An Dara Duais: Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach, Indreabhán.
-
Agallamh Beirte (12-15): An Chéad Duais: Aifric Ní Ghibne, Teach Mór & Liadan Canny; An Dara Duais: Fódhla Ní Bhraonáin, Teach Mór & Cainear Nic Réamoinn, Na hAille, Indreabhán.
-
Agallamh Beirte (faoi 12): An Dara Duais: Emily Ní Chonghaile & Chloe Ní Chonaire, Scoil Sailearna, Indreabhán.
-
Amhránaíocht ar an Sean-Nós (15-18): An Chéad Duais: Domhnall Ó Braonáin, Teach Mór, Indreabhán.
-
Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 12 – 15): An Dara Duais: Foghla Ní Bhraonáin, Teach Mór, Indreabhán.
-
Amhránaíocht ar an Sean Nós (faoi 9 – 12): An Chéad Duais: Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán.
-
Aithriseoireacht (faoi 9): An Chéad Duais: Cormac Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán.
An grúpa mór scoláirí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, a ghlac páirt sna comórtais do dhaoine óga ag Oireachtas na Gaeilge , a bhí ar bun i gCill Áirne an deireadh seachtaine seo caite.
Chun tosaigh ó chlé: Ainnir Ní Choisdealbha, Cormac Ó Braonáin, Glaisne Mac Réamoinn, Dearbhail Nic Dhonncha, Caitríona Ní Raifeartaigh, Lorcán Ó Curraoin, Neasa Nic Dhonncha, Éabha Ní Chonghaile agus Róisín Ní Raifeartaigh.
Líne 2 ó chlé: Déithín Ní Fhátharta, Aodán Ó Coisdealbha, Fionnán Ó Coisdealbha, Ferdia Ó Braonáin, Caoilte Canny, Séaghan Ó Braonáin, Colm Ó Curraoin, David Ó Máille agus Marcus Ó Tuathail Robinson.
Líne a 3 ó chlé: Doireann Ní Fhoighil, Ríona Howlin, Damhnait Ní Fhátharta, Caitríona Ní Mhathúna, Ciara Ní Chúláin, Méabh Ní Chonghaile, Clíona Ní Chonghaile, Oscar Mac Réamoinn.
Ar chúl ó chlé: Fionn Ó Ceallaigh, Éamonn Ó Ceallacháin, Cormac Ó Tuairisg, Iarfhlaith Canny, Amanda Ní Bhrádaigh, Labhaoise Ní Bhéarra, Gránia Ní Fheinneadha, Ruby de Róiste, Katie Bhreathnach, Emily Ní Chonghaile, Éanna Ó hÉanaí, Kian Ó Máille, Ailbhe Ní Neachtain, Daniel Mac Dhabhoc, Méabh Ní Chualáin.
Iománaíocht
Briseadh croí a bhí i ndán d’fhoireann iománaithe Chumann Micheál Breathnach ar an Satharn seo caite i gCluiche Ceannais Connachta na gClubanna Sóisear. Is ag imirt in aghaidh Calry/St. Josephs ó Sligeach a bhí siad agus is i mBéal Átha hAmhnais a imríodh an cluiche. Is beag nach raibh an bua ag báireoirí Chois Fharraige, agus iad 3 chúilín chun tosaigh ar bhuile an 60 nóiméad, ach d’éirigh le Calry cúl a fháil leis an gcluiche a chothromú le 2 – 08 ag chaon taobh.
Imríodh 20 noiméad am breise agus don darna uair sciobadh an bua ó fhoireann Chois Fharraige, díreach sular séideadh an fheadóg. Ag deireadh an darna tréimhse am breise bhí Cumann Micheál Breathnach cúilín chun tosaigh agus iad ag imirt go maith, ach d’éirigh le foireann Calry cúl a fháil len iad a chur dhá chúilín chun tosaigh agus gan aon am fágtha ag Cumann Micheál Breathnach.
Cluiche crua a bhí ann agus bronnadh neart cártaí ar an lá. Cuireadh beirt d’fhoireann Sligigh den pháirc imeartha sa darna leath tar éis dóibh dhá chárta buí a fháil. Mar sin féin d’éirigh leo tíocht ar ais, le gaoth láidir ag cuidiú leo, ó bheith 7 gcúilín ar chúl, leis an gcluiche a chothromú.
Sa tréimhse am breise is 15 in aghaidh 15 a bhí aríst ann. Scóráil Cumann Micheál Breathnach cúl nár ceadaíodh. Ina ait tugadh saorphoc amach. Bhí conspóid faoi chúilín eile. Crocadh an bratach bán ach nuair a labhair an réiteoir leis an maor cúil eile, cuireadh an cúilín ar cheal.
Torthaí Spóirt
-
Iomáint ( Cluiche Ceannais Chonnacht Sóisear): Micheál Breathnach 4-15; Calry (Sligeach) 3 – 12.
-
Peil na mBan (f12) (Cluiche Ceannais Sciath an Chontae): Mícheál Breathnach 3 – 01; Mionlach/Sceathánach 1 – 04.
Dráma Nua le Fíbín
Tá TÓRAÍOCHT, leagan nua den seanscéal fiannaíochta ‘Diarmaid agus Gráinne’, réitithe ag an gcomhlacht drámaíochta FÍBÍN le dul ar stáitse an tseachtain seo chugainn sa Black Box, Tír Oileáin, Gaillimh.
Scéal grá atá ann, lán le eachtraí aisteacha agus fathaigh, a úsáideann amharc-íomhánna cumhachtacha. Seo a leanas an cur síos a dhéanann Fíbín ar an dráma: ‘Bogann an scéal ar aghaidh níos sciopthaí ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fhionn agus na Fianna!’
Tosóidh an dráma ar an Déardaoin seo chugainn, 10 Samhain, le réamhléiriú agus leanfaidh sé ar aghaidh gach oíche ar an Aoine, an Satharn agus an Domhnach ag 8pm.
Costas na dTicéad: €15/€13, ach tá ráta speisialta €10 ann le haghaidh grúpaí thar 20, daltaí iarbhunscoile agus mic léinn sa tríú leibhéal. Is féidir ticéad a chur in áirithe ach glaoch ar 091-569777.
Scannán sa tSeanscoil Déardaoin: MEN AND CHICKENS
Scannán ón bhFrainc a bheas le feiceáil sa tSeanscoil ar an Déardaoin, 10 Samhain ag 8.15pm. Scannán greannmhar faoi bheirt deartháireacha ar thóir a n-athair cheart, ach ní mar a shíltear mar a bhítear . . .
Oíche Cártaí sna Minna
Beidh Oíche Cártaí i Scoil na Minna, gach oíche Céadaoine, ag tosaí ag 8.00pm.
Seisiún Ceoil na nDéagóirí
Beidh Seisiún Ceoil na nDéagóirí ag leanúint ar aghaidh ar an Satharn ó 7 go 8pm, sa Droighneán Donn, An Spidéal.
Nótaí ó Choláiste Cholmcille
-
Mar thoradh ar éisteachtaí i dTaibhdhearc na Gaillimhe d’éirigh le triúr scoláire ó Choláiste Cholmcille – Fiach Ó Coistealbha, Teresa Clifford & Domhnall Ó Braonáin – páirt a fháil i nGeamaireacht na Nollag – “Hans & a Chairde”.
-
Mar chuid d’obair an Ghaelbhrataigh chuir scoláirí ón idirbhliain agus ón gcéad bhliain ar fáil do scoláirí ó Choláiste Mheirlinne i nGaillimh, nuair a thug siad cuairt ar Choláiste Cholmcille le gairid.
-
Bhain rang 5 & rang 6 i Scoil Shailearna an-sásamh as seó puipéid na Samhna a chur scoláirí na hIdirbhliana ar fáil dóibh.
-
Le gairid thogh scoláirí Choláiste Cholmcille Comhairle Scoláirí nua. Ghlac Elyssa Nic Dhonnacha, Robert Ó hAllúráin, Fiach Ó Coistealbha agus Deirdre Ní Churraoin páirt i gcruinniú bliaintúil Chomhairle na nÓg in Óstán an Chósta, áit ar pléadh topaicí cosúil le “Caidreamh Sláintiúil”, “Athrú Aeráide/Iompar” & “Géarchéim na dTeifeach”.
-
Foilsíodh saorthar cruthaíoch le roinnt scoláirí ó Choláiste Cholmcille le gairid i gCOMHAR ÓG agus i mBISEACH. Tugadh cuireadh do Oisín Ó Fátharta as bliain 5 a scéal “Máirtín” a léamh ar RnaG nuair a seoladh an iris “Biseach” ar an gclár Iris Aniar le gairid.
-
Ag Oireachtas na Gaeilge fógraíodh gurb í Aifric Ní Scolaí a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas “Scéal Faoi 16” agus sé Domhnall Ó Braonáin a bhuaigh an chéad duais san “Amhránaíocht ar an Sean-Nós 15-18”.