Cartlann Nuachta: 9 Samhain 2022
Oireachtas na Samhna
Bróna Ní Uallacháin (ar chlé), Cré Dhubh, An Spidéal, agus Liadan Canny, Na hAille, Indreabhán, agus an lúibín á chur i láthair acu ar an stáitse mór ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne ag an deireadh seachtaine.
Fuair Bróna agus Liadan an dara áit sa gcomórtas.
[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
Bhí na céadta as Cois Fharraige i gCill Áirne an deireadh seachtaine seo caite le haghaidh Oireachtas na Samhna, an chéad tíocht le chéile a bhí ag na pobail Ghaeltachta agus pobal na Gaeilge le trí bliana anuas.
Bhí roinnt mhaith ó Chois Fharraige san iomaíocht sna comórtais éagsúla, idir daoine óga agus daoine fásta, agus tháinig cuid mhaith duaiseanna abhaile leo: Domhnall Ó Braonáin, ón Teach Mór, Indreabhán, a thug leis an corn i gcuimhne ar Chiaráin Ó Con Ceannainn i gComórtas Amhránaíochta na bhFear. Róisín Elsafty, ó Chor na Rón, a tháinig sa dara áit sa bpríomhchomórtas amhránaíochta, Corn Uí Riada, agus roimhe sin ar an Satharn tháinig Becky Ní Éallaithe, Na hAille, sa gcomórtas Damhsa ar an Sean-Nós.
Bhí bua chomh maith ag Ruairí Mac Con Iomaire, as Baile an tSléibhe, Ros a’ Mhíl, agus a dheirfiúr Máirín san Agallamh Beirte.
Thóg Máirín Mhic Lochlainn Corn Sheáin Uí Ghallchóir abhaile léi as an gcéad áit a fháil sa gComórtas Dreas Cainte.
Mar is gnáth bhain daoine óga ó cheantar Chois Fharraige neart duaiseanna chomh maith. Tá liosta iomlán na nduaiseoirí ó Chois Fharraige le fáil mar PDF anseo: Buaiteoirí Chois Fharraige 2022.
Domhnall Ó Braonáin ar éirigh leis an corn i gcuimhne ar Chiarán Con Conceannain a thabhairt abhaile go Cois Fharraige ón Oireachtas i gCill Áirne.
Beidh Domhnall i dteideal a bheith páirteach i gCorn Uí Riada ag an Oireachtas an chéad bhliain eile.
[Pictiúr: Bertie Ó hAinmhire]
An Caifé is Fearr sa Tír!
Diarmaid Ó Mathúna ina sheasamh ag doras an Pota Caifé.
Roghnaíodh an caifé mar An Caifé is Fearr sa Tír ag Gradaim Bhialann na Bliana, ag ócáid i dTeach an Ardmhéara ar an Domhnach seo caite.
Tá an caifé lonnaithe ar an Tulach, taobh le TG4, san áit a mbíodh Tigh Johnny Sheáin.
Ógánaigh na mBreathnaigh sa gCluiche Ceannais ar an Domhnach
Ag meánlae ar an Domhnach seo chugainn, 13 Samhain, beidh ógánaigh Chumann Micheál Breathnach ag dul chun páirce i gCluiche Ceannais an Iarthair faoi 17B in aghaidh Bearna ar Pháirc an Spidéil.
Tá éacht déanta ag an bhfoireann óg an Cluiche Ceannais a shroisint agus tá na bratacha gorm agus bán le feiceáil sa gceantar ag tacú leo.
AGM an Chomharchumainn
Is ar an Luan seo chugainn, 14 Samhain, a bheas an Cruinniú Ginearálta Bhliantúil ag Comharchumann Sailearna ag 8.00 tráthnóna. Ní raibh i láthair ach 13 scairshealbhóirí nuair a tugadh an cruinniú le céile coicís ó shin agus ceal córaim ní fhéadfaí dul ar aghaidh leis an gcruinniú.
Tá Comharchumann Sailearna ag freastal ar an gceantar ó Abhainn an Spidéil go hAbhann Casla. Is ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil a cuirtear tuairiscí cuimsitheacha ar fáil do na scairshealbhóirí, idir tuairiscí airgeadais agus bainistíochta. Chomh maith leis sin, líontar folúntais ar an mBord Stiúrtha. I mbliana tá sé fholúntas le líonadh ar an mBord.
Le freastal ar an gcruinniú ní mhór do dhuine a bheith ina scairshealbhóir, agus an scar íoctha suas chun dáta.
Beidh tuairisc ar an gcruinniú i Nótaí Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.
Fiosrúchán Iarrta Faoi Uisce an Spidéil
Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh ar an Aire Darragh O’ Brien fiosrúchán neamhspléach innealtóireachta a chur ar bun le fáil amach cén caoi go díreach ar truaillíodh an córas uisce poiblí i gceantar Chois Fharraige le leibhéil contúirteach mainginéise.
Mar chuid den fiosrúchán ba leis an gCumann Forbartha go bhfaighfí amach cé as a dtáinig an mainginéis, cén fáth nár tugadh faoi deara an fhadhb níos túisce, cén fhad a raibh an córas truaillithe agus céard iad na céimeanna ar cheart a ghlacadh anois lena chinntiú nach dtarlóidh truailliú den chineál céanna arís.
Ag cruinniú de Choiste Stiúrtha an Chumann Forbartha ar an Luan seo caite léiríodh míshástacht le Uisce Éireann agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin mbealach inar cuireadh sláinte an phobail i mbaol agus nár tugadh míniú sásúil ar an gcúis ar tharla an truailliú.
Taisce Chois Fharraige
Ceoltóirí ó Chois Fharraige ag casadh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áine, tráth a seoladh an suíomh idirlín Taisce Chois Fharraige.
Ó chlé: Micheál Darby Ó Fátharta, Ruairí Mac Con Iomaire, Luisne Ní Neachtain, Nóirín Ní Ghrádaigh, Traolach Ó Conghaile agus Aisling Ní Neachtain atá ar an gcláirseach.
[Pictiúr: Bertie Ó hAinmhire]
Ag Oireachtas na Samhna seoladh Taisce Chois Fharraige, an suíomh nua idirlín atá curtha i dtoll a chéile ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus a muintir, ar a bhfuil eolas ar líne faoi fhonnadóirí, cheoltóirí, dhamhsóirí, scéalaithe agus scríbhneoirí Chois Fharraige.
Mórtas pobail, uaigneas, spreagthacht, misneach, ardú croí: uaigneas faoi daoine a bhí ag an Oireachtas trí bliana ó shin atá imithe uainn anois ach bród mar go bhfuil a ngaolta, comharsana agus cairde san áireamh sa gcnuasach atá curtha le chéile ag na TAISCE CHOIS FHARRAIGE.
Chuaigh an ócáid i bhfeidhm go mór ar an slua mór a bhí i láthair agus sheas an slua ag deireadh na hócáide le bualadh bos ó chroí a thabhairt don dream óg ó Chois Fharraige a bhailigh an t-ábhar le go mbeadh sé ar fáil ar an idirlín ar fud an domhain.
I gceann cúpla seachtain tá sé i gceist ceiliúradh áitiúil a eagrú. Idir an dá linn is féidir tíocht ar an suíomh ag WWW.TAISCECF.IE, le cuid den saibhreas atá ann a bhlaiseadh.
Lotó na mBreathnaigh
Is fiú Lotó Chumann Micheál Breathnach a cheannach na laethanta seo agus €11,000 sa bpota óir.
An tseachtain seo caite seo a leanas na huimhreacha a tarraingíodh: 9, 19, 30, 31.
Club Scannán
An Déardaoin seo, 10 Samhain, beidh an scannán THE WORST PERSON IN THE WORLD á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm.
Baineann scéal an scannáin le bean óg agus na driseacha cosáin a thagann sa mbealach uirthi maidir le cúrsaí grá agus cúrsaí oibre.
Ní bheidh scannán sa tSeanscoil Déardaoin na seachtaine seo chugainn, ach beidh na scannáin ar ais aríst ar an Déardaoin, 24 Samhain.
Is féidir ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, agus na treoracha a leanacht. Is féidir ticéad a fháil ag an doras chomh maith.
Éigse Joe Steve
Seachtain ón Aoine seo, 18 Samhain, cuirfear tús le Éigse Joe Steve, i gcuimhne ar an bhfear pobail, an scríbhneoir cumasach is an t-aisteoir Joe Steve Ó Neachtain.
Sé Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a seolfaidh an Éigse i Seanscoil Sailearna agus nochtóidh sé leacht cuimhneacháin in onóir Joe Steve sa tSeanscoil.
Leanfar le imeachtaí na héigse ar feadh an deireadh seachtaine. Seo a leanas na príomhimeachtaí a bheas ar bun:
• Aoine, 18 Samhain ag 8.00pm: Seoladh Oifigiúil na hÉigse i Seanscoil Sailearna agus nochtadh leacht cuimhneacháin in onóir Joe. Ina dhiaidh beidh Johnny Óg Connolly agus cairde leis ag cur ‘Fad Saoil’ i láthair, ceol a cumadh le cur le dánta Joe Steve.
• Satharn, 19 Samhain ag 8.00pm: Seó Beo Joe i Seanscoil Sailearna, ina mbeidh míreanna as saothar Joe Steve idir sceitseanna, radharcanna as drámaí, agallamh beirte, lúibíní agus dánta.
• Domhnach, 20 Samhain: Cuairt ar uaigh Joe Steve i Reilig an Chnoic ag meánlae agus Seó Beo Joe san oíche ag 8.00pm i Seanscoil Sailearna.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil (faoi 19B): Micheál Breathnach 1 – 01, Bearna 1 – 04.
• Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 5, St Patrick’s 3.
• Sacar (Roinn 1): Mac Dara 2, Cregmore/Claregalway 1.
• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 2, Galway Bohs 3.
• Sacar (f17): Bearna/Na Forbacha 5, Merlin Woods 3.
• Sacar (f17): Mac Dara 2, St. Bernard’s 1.
• Sacar (f15): Mac Dara 5, East Galway Utd. 0.
• Sacar (f13): Mac Dara 0, Ramblers 1.