Cartlannn Nuachta: 10 Eanáir 2024

Seanchéibh An Spidéil

Radharc draíochtúil ag Seanchéibh An Spidéil le linn na seachtaine.

[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]


Forbairt Tithíochta ar Shuíomh an Óstáin

Bhí fógra pleanála sa gCuradh Connacht an tseachtain seo caite agus é ráite ann go raibh sé beartaithe ag Baile Éamoinn Teoranta iarratas pleanála a dhéanamh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe le 11 de hionaid chónaithe a thógáil ar an suíomh atá ag an gcomhlacht ag bun bhóthair Bhaile Éamoinn, trasna ón trá, taobh thoir den Spidéal.

Tá stair fhada pleanála ar an suíomh céanna. Rinne an comhlacht iarratas mí na Samhna 2017 agus dhiúltaigh an Chomhairle Chontae cead a thabhairt ar thrí chúis. Cuireadh achomharc chuig an mBord Pleanála faoi chinneadh an Chomhairle Chontae agus diúltaíodh cead arís don chomhlacht ar chúis amháin, a bhain le easpa córas séarachais sa gceantar ag an am. Ach thóg an chomhlacht an cás chuig an Ardchúirt agus rialaíodh go raibh fabhta i mbreith an Bhord Pleanála agus go gcaithfeadh An Bord Pleanála an cás a athoscailt agus breathnú ar an iarratas i bhfianaise go raibh córas nua séarachais le feistiú ar An Spidéal, rud a d’fhéadfadh freastal ar an óstán nua a bhí beartaithe.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, d’éirigh le Baile Éamoinn Teorannta an cead a fháil ón mBord Pleanála dul ar aghaidh leis an bhforbairt i Meitheamh na bliana 2022. Leagadh teach a bhí ar an suíomh agus tosaíodh ar an suíomh a chartadh. Ach, mar is léir ó chomhfheagras le Comhairle Chontae na Gaillimhe, ní raibh an oifig pleanála sásta go raibh an forbróir ag cloí leis na coinníollacha a bhí leagtha síos ag an mBord Pleanála. Tar éis cuid mhaith cartadh a dhéanamh ar an suíomh, éiríodh as an obair beagán le cois bliain ó shin.

Anois tá sé fógraithe ag an gcomhlacht go bhfuil cead le lorg ón gComhairle Chontae leis an bhforbairt seo a leanas a dhéanamh ar an suíomh: 8 aonaid chónaithe 2 urlár le 2 sheomra leaba agus 3 theach ar stíl bugaló le 2 sheomra leapan. Níl an t-óstán luaite sa bhfógra pleanála.


Scathlán Bus ar an gCnoc faoi Dheireadh

Scathlán Bus ag Séipéal an Chnoic

Roimh an Nollaig feistíodh dhá scathlán bus nua ar Bhóthar Chois Fharraige do dhaoine a bhíonn ag fanacht ar an mBus 424. Tá ceann de na scathláin feistithe i gCasla agus an ceann eile taobh amuigh de Shéipéal an Chnoic. Le fada an lá tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh go gcuirfí scathláin bus ar fáil ar Bhóthar Chois Fharraige.

Bhí sé i gceist scathlán a fheistiú sa Spidéal chomh maith, ach dúirt an Chomhairle Chontae nach bhféadfaí tíocht ar spás feiliúnach. Tógadh na scathláin i gCasla agus ar an gCnoc, ag úsáid cuid den liúntas bliantúil a thugtar do na comhairleoirí áitiúla – Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Tomás Ó Curraoin agus Daithí Ó Cualáin – le caitheamh ar thograí áitiúla.

Tá moladh déanta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige go mba cheart d’Údarás na Gaeltachta scáthlán bus eile a fheistiú, mar chuid den athchóiriú atá le déanamh ar Choláiste Lurgan. Is ann a bhíonn daoine atá ag obair sna monarchain, ag fanacht ar an mbus.

Bhí an-éileamh ar an leagan don amchlár nua don Bus 424 a rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige amach do cheantar Chois Fharraige, le tacaíocht ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Tá cóipeanna den amchlár nua le fáil in oifigí Comhar Creidmheasa Cholmcille, sa Leabharlann ar An Spidéal, agus ón Oifig Pleanála Teanga in Inis Fáil, ó Chomharchumann Sailearna agus ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Is féidir cóip den amchlár nua, atá réitithe go speisialta ag an gCumann Forbartha do cheantar Chois Fharraige, a íoslódáil mar PDF ón nasc seo: AMCHLÁR 424.


BÁNÚ

I ráiteas atá eisithe ag an eagraíocht nua BÁNÚ cuirtear fáilte roimh an gcinneadh a rinne Údarás na Gaeltachta roimh an Nollaig maidir le staidéar a dhéanamh faoi thithíocht a sholáthar do dhaoine le Gaeilge sa nGaeltacht ar shuíomhanna atá ag Údarás na Gaeltachta. Sa ráiteas dúradh go gcreideann BÁNÚ “gur céim sa treo ceart atá san fhógra seo agus go ngabhfaidh sé chun leas an phobail Ghaeltachta trí chéile. É sin ráite, tá ceist ann faoi thalamh eile atá i seilbh an Údaráis agus an bhfuil sé i gceist acu tuilleadh dá gcuid talamh a chur i dtreo na bhforbairtí seo?

Tá litir curtha ag Coiste Bánú chuig Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, ag iarraidh cruinniú leis chun an éigeandáil tithíochta sa nGaeltacht a phlé.

Idir an dá linn tá sé i gceist ag BÁNÚ oíche cheoil a eagrú sa bPoitín Stil, Indreabhán, ar an Aoine, 9 Feabhra, ar mhaithe le airgead a fháil chun feachtas a chur ar bun maidir le ceist na tithíochta sa nGaeltacht.

Faoi láthair tá taighde ar bun ag BÁNÚ faoin soláthar tithíochta i gConamara faoi láthair. Go dtí seo léiríonn an taighde gur beag teach atá ar fáil ar cíos sa gceantar, ach go bhfuil go leor tithe ar fáil ar AIRB&B.


Coláistí tríd sa gComórtas Díospóireachta

D’éirigh leis an dá fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, dul tríd go dtí babhta na craoibhe de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag an Babhta Réigiúnach (Cúige Connacht agus Cúige Mumhan), a bhí ar siúl i Luimneach roimh an Nollaig. Dhá dhíospóireacht a bhí ann, babhta sóisearach agus babhta sinsearach idir Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.

Sa díospóireacht shóisearach phléigh scoláirí an rún: “Tá ár gcuid luachanna mar shochaí caillte againn.” Ar fhoireann Choláiste Chroí Mhuire bhí Lorcán Ó Curraoin, Glaisne Mac Réamoinn agus Evan Cox, agus iad ag labhairt i gcoinne an rúin. Roghnaíodh iad le dul ar aghaidh.

Tá an ceart acu siúd atá ag diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach,” an rún a bhí faoi chaibidil sa mbabhta Sinsearach. Ar an bhfoireann shinsearach bhí Róise Ní Churraoin, Fionnán Ó Coisdealbha agus Éabha Ní Chonghaile agus iad ag labhairt i bhfábhar an rúin. Roghnaíodh chomh maith an fhoireann díospóireachta ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, le dul ar aghaidh ag an gCraobhchómórtas. Ar fhoireann na Ceathrú Rua tá Eimear Nic Dhonnchadha, Neans Nic Dhonncha agus Caoimhe Ní Chuinn.

Beidh an Craobhchomórtas ar bun seachtain ón gCéadaoin seo chugainn, 24 Eanáir, sa Tulach Mhór, Co. Uibh Fháilghe.


Báireoirí ó Chois Fharraige ar Fhoireann na Gaillimhe

Cúigear imreoir iomána a bhí ar fhoireann sóisear na Gaillimhe, ar éirigh leo an Sciath a thabhairt leo, ar an Satharn seo caite i gcluiche a imríodh in aghaidh Ros Comáin, i mBeacán, Co Mhaigheo.

Ó chlé: Seán Mhaidhc Ó Conghaile, Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, Adrian Ó Tuathail, Cathal Ó Tuathail agus Macdara Ó Béarra. Cárthach Breathnach atá ar dheis ar fad, a bhí ar fhoireann bainistíochta na Gaillimhe.

Is ag báireoirí na Gaillimhe a bhí an bua sa gcluiche ceannais den chomórtas iománaíochta idir chontae a imríodh Dé Sathairn seo caite sa GAA Dome i mBíochan, in aice le Béal Átha an Thamhnais. Páirteach sa gcomórtas bhí fóirne ó Shligeach, Longfort, Ros Comáin, Maigh Eo agus Nua Eabhrach, chomh maith le foireann atá piocaithe ó na fóirne Junior a hAon i gContae na Gaillimhe.

Bhuail Nua Eabhrach foireann na Gaillimhe sa gcéad chluiche, ach i gcluiche ceannais don Sciath d’éirigh le báireoirí na Gaillimhe Ros Comáin a bhualadh.

Bhí na himreoirí seo leanas ó Chois Fharraige ar fhoireann na Gaillimhe: Mac Dara Ó Béarra, Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, Seán Mhaidhc Ó Conghaile, Adrian Ó Tuathail agus Cathal Ó Tuathail ó Chumann Micheál Breathnach.

Ar an bhfoireann ó Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha bhí Tom Halliday, Dónal Ó Cualáin, Ryan Ó Cualáin agus Charlie Friel.


Séamus Ó Conchubhair R.I.P.

Séamas Ó ConchubhairD’imigh Séamus Ó Conchubhair, as an mBaile Ard, sa Spidéal, ar shlí na fírinne ar an gCéadaoin, 3 Eanáir. B’as na Poilleacha i Maigh Cuillinn dó ó dhúchas. Bhain sé dintiúirí múinteoireachta amach in Ollscoil na Gaillimhe agus tar éis do a bheith ag teagasc i dTiobard Árann agus i gcathair Luimnigh, bhog sé féin, a bhean Mary agus a gclann iníon go dtí An Spidéal. Chaith Séamus sé bliana fichead ar fhoireann teagaisc Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua agus é i mbun treoirghairme do ghlúnta scoláirí ansin.

Fear suáilceach, lách, cuideachtúil ab ea Séamus nár spáráil a chuid ama ná a chumas ar mhaithe le pobal an Spidéil agus is beag coiste deonach áitiúil nár chaith sé dúthracht agus díograis leo. Ní túisce sa Spidéal dó i 1976 ná go raibh sé ag tacú le Coiste na gCurachaí. Bhí sé an-ghníomhach i gCumann Camógaíochta Chois Fharraige. Rinne sé obair mhór agus é i mbun rólanna éagsúla le Taispeántas Chois Fharraige. Bhíodh sé leis an mbuíon imeartha cártaí i gColáiste Chonnacht ar oícheanta Aoine an gheimhridh. Bhí sé ar dhuine d’Iontaobhaithe Choláiste Chonnacht.

Déantar comhbhrón lena bhean Mary agus lena chlann Áine, Caitríona, Máire, Fionnuala agus Eithne, lena gcéilí siúd agus le garchlann Shéamuis.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,100 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 2, 3, 21, 25.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Kathleen Glynn, Saile Thúna, An Spidéal;
  • Máire Bríd Geoghegan, Baile na hAbhann;
  • Seán Geoghegan, An Caisleán, An Tulaigh;
  • Róisín Breathnach, Na hAille, Indreabhán.

 

Gearóid Ó Finneadha, An Lochán Beag, a fuair duais an díoltóra.

 

€5,200 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

  • Sacar (Roinn I): MacDara 3, Galway Bohs 1.
  • Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, St. Patrick’s 2.
  • Sacar (Reserve): Cois Fharraige 1, East Galway Utd. 1.
  • Sacar (faoi 14, RII): MacDara 3, Gort Utd. 2.

10 Eanáir 2024