Oireachtas Chois Fharraige
Oireachtas Chois Fharraige 2016
Bhí Oireachtas Chois Fharraige 2016 ar bun thar dhá dheireadh seachtaine mí Meán Fómhair. Is mar chomóradh ar Oireachtas Chois Fharraige 1976 a cuireadh an fhéile ar bun. Thosaigh imeachtaí an Oireachtais ar an Aoine, 16 Meán Fómhair, le oscailt Taispeántas Ealaíne i gCasla. Idir sin agus an Domhnach 25 Meán Fómhair bhí ceol, damhsa, ealaín, drámaíocht, taispeántais agus go leor eile . . .
Oireachtas Chois Fharraige 2014
Reachtáileadh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCeantar Chois Fharraige – an chéad uair ar fhág an tOireachtas Cathair Bhaile Átha Cliath. Ceathracha bliain dá éis, chuir an Cumann Forbartha grúpa oibre le chéile le tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar an Oireachtas stairiúil sin. Oireachtas Chois Fharraige: 1974 go 2014 toradh a chuid oibre. Bhí sé seo ar siúl ón 25ú go dtí an 28ú Meán Fómhair (Déardaoin go Domhnach). Lean an nasc chun tuilleadh a léamh.
Oireachtas na Gaeilge 1974
Is féidir tuilleadh a léamh faoi Oireachtas na Gaeilge 1974 ach an nasc a leanúint: éisteacht leis an bhfáilte a cuir Joe Steve Ó Neachtain roimh an gcomhluadar; breathnú ar fhíseáin a rinne Bob Quinn agus a chuid comhleacaithe i Cinegael; chomh maith le heolas faoi na comórtais éagsúla idir drámaíocht, amhránaíocht, ceol, scéalaíocht, agallaimh bheirte agus eile.
Fís 74 – Céard a Tharla Di?
Caint é seo a thug Gearóid Ó Tuathaigh ag seimineár poiblí i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Satharn 27 Meán Fomhair le linn Oireachtas Chois Fharraige 2014. Ba é téama an tseimineáir: Fís 74 – Céard a tharla di?
Cuireann sé cúrsaí chearta teanga sa taobh seo tíre sna 70idí i gcomhthéacs stairiúil domhanda. Tá Joe Steve Ó Neachtain, Seosamh Ó Cuaig agus a léithéidí i gcomhluadar Margaret Thatcher, Ayatolla Khomeni, agus agóidíocht Chearta Sibhialta na Gaeltachta taobh le Cogadh Yom Kippur 1973 idir Iosrael agus na hArabaigh . . .