Siúlóidí Chois Fharraige
De réir a chéile a thógtar na caisleáin . . .
Siúlóidí Chois Fharraige. Eolas faoin dúlra, ainmhithe, éanacha agus plandaí.
Tá na siúlóidí seo bunaithe ar shraith bróisiúr a rinne Cósta Chonamara sna 1990idí. Ba iad Mandaí Uí Mhurchú, Seosamh Ó Giobúin agus David Hill a rinne an obair.
Cúram na Tuaithe
Le linn duit bheith amuigh ag siúlóid lean treoracha Cúram na Tuaithe le do thoil:
- Bain taitneamh as an timpeallacht ach bíodh meas agat uirthi.
- Dún gach geata i do dhiaidh.
- Coinnigh madraí faoi smacht docht.
- Ná déan damáiste do chlaí, d’fhál ná do bhalla.
- Tabhair do chuid brúscair abhaile leat.
- Bí cúramach le foinsí uisce.
- Tabhair aire don dúlra, do phlandai agus do chrainn.
- Bí aireach ar bhóithre tuaithe.
- Ná déan an iomarca gleo.
- Bí san airdeall ar bhaol tinteacha.