Siúlóid – An Tulach

Siúlóid l

Am: 1¼ – 1½ uair an chloig

Fad: 4¾km

Grád: Éasca

 

Siúlóid ll

Am: 2 -2½ uair an chloig

Fad: 9¼km

 Siúlóid - An Tulach

A. Má thosaíonn tú do shiúlóid ón leataobh atá díreach siar ó Shéipéal na Tulaí, tóg an casadh ar thaobh na láimhe clé, 100m thar an mbothán teileafóin agus leanacht ort 1¼km (15 nóiméad) síos i dtreo na farraige (fág an dá gheata mar a fuair tú iad). Feicfidh tú iarsma de chaisleáin agus fothracha theach na dtiarnaí talún áitiúla, na Blácaigh, 1km soir uait ar thaobh do láimhe clé. Siad na fothracha seo a thug an t-ainm ‘An Caisleán’ don bhaile fearainn seo.

B. Tar éis duit píosa siúil a chur díot, feicfidh tú cosán ar thaobh na láimhe deise. B’fhéidir go mba mhaith leat siúl síos an bealach seo chuig an trá ghleoite bhán. Má théann tú chomh fada leis an trá, tar ar ais anois ar an mbunchúrsa agus lean an cosán lúbach siar 600m (7 nóiméad). Ar do bhealach, tabharfaidh tú faoi deara na claíocha arda a thóg tionóntaithe na mBlácach. Tabharfaidh an bóthar siar tú chomh fada le droichead agus sruthán ag rith i dtreo Chéibh Bhaile na hAbhann (ar thaobh na láimhe deise tá ‘Bóthar an Mhuilinn’, suíomh Mhuileann na mBlácach).

C. Cas ar chlé i ndiaidh an droichid, agus téigh síos chomh fada leis an gcéibh athchóirithe. Tabharfaidh an bóthar a shíneann ó thuaidh uait ar dheis ar ais ar an bpríomhbhóthar tú chun an lúb a chríochnú (príomhbhóthar: 1.8km nó 22 nóiméad ansin, pointe tosaithe 1km). Má tá sé fós de fhuinneamh agat, siúl leat siar ar an duirling chun lúb níos mó a dhéanamh.

D. Lean ort, thar an dá chosán ar dheis ar feadh 1.8km (21 nóiméad) go dtí go bhfuil tú ó thuaidh de Chuan na Scailpe. Feicfidh tú iarsmaí de bhalla donn cloiche anseo.

E. Tóg an cosán glas garbh ar thaobh do láimhe deise. Is gearr go dtiocfaidh tú ar theach ceann tuí agus ar chúpla teach nua-aimseartha. Coinnigh ort thar trí theach ar do thaobh chlé; ag an bpointe seo cas siar isteach ‘An Bóthar Cam’ (900m nó 11 nóiméad). Lean an bóithrín seo. Is gearr go bhfeicfidh tú cosán ar dheis, ‘Bóthar na Seanbhallaí,’ mar a thugtar air. Níl fágtha anois den sean-lonnaíocht ach fothracha. Críochnaíonn an bóithrín seo ar an gcoimín.

F. Ar dhéanamh do bhealalgh siar duit tiocfaidh tú thar dhá Reilig Mhaorais (600m nó 7 nóiméad). Tá leachtanna cuimhneacháin sa tsean-reilig ó thús an chéid seo caite. Is le Muintir De Bhallís, báillí na mBlácach, an tuama mhór sa tseanreilig.

G. Ar dhul thar Thobar Cholmcille duit, atá le feiceáil ar lagtrá, agus Mullán Cholmcille, tar éis tamaill tabharfaidh tú Loch na Bántraí faoi deara ar thaobh do láimhe deise. Ar shroichint an phríomhbhóthair duit, cas ar dheis le filleadh ar do phointe tosaithe. Ar thaobh do láimhe chlé, gabhann an bóthar siar tríd Caorán na gCearc go dti an tseanchéibh agus Stáisiún an Gharda Cósta. Faoin am seo, beidh deoch fhada tuillte agat ins an tábhairne ceanntuí díreach siar an bóthar.

 

Stair

Ní de thimpiste é nach bhfuil oiread is ruainne créafóige fágtha ar thalamh creagach na Tulaí. Cé gur ceantar iargúlta é, tá fianaise ann go raibh sé ar cheann de na háiteacha ba thúisce a raibh cónaí ar dhaoine ann i gceantar Chois Fharraige. Tháinig seandálaithe ar iarsma crannóige i Loch na Tulaí agus tá stair thraidisiúnta na háite ceangailte go dlúth le Naomh Colmcille i dtús Ré na Críostaíochta.

Rugadh Colmcille in 521 AD i nDún na nGall. Bhí fuil ríoga ina chuisleacha agus tar éis a ordnaithe, chaith sé cúig bliana déag ag taisteal na tíre, ag bunú mainistreacha, ag inscríobhadh cáipéisí eaglasta, ag cumadh filíochta (tá cuid di ar fáil i gcónaí) agus ag craobhscaoileadh bhriathair Dé. Nuair a cuireadh an ruaig air as Árainn, tháinig sé i dtír ag Mullán Cholmcille amach ó sheanreilig Mhaorais, áit ar iompaigh a bhád ina chloch. Tá an ‘bád cloiche eibhir’ le feiceáil ansin fós agus lorg láimhe an naoimh uirthi. Tá dhá thobar beannaithe anseo freisin, nach féidir a fheicéail ach le linn lag trá, agus deirtear ina dtaobh go bhfuil go leor leighis iontu. De réir traidisiúin, beidh toradh a ghuí le fáil ag duine ar bith a shiúlann thart ar an tobar seacht n-uaire le linn dó bheith ag guí. Sé 9 Meithimh lá an phátrúin agus bailíonn an pobal áitiúil le chéile anseo i gcomhair Aifrinn agus seirbhísí reiligiúnda eile. Tá altóir eibhir tógtha in aice na seanreilige le haghaidh na seirbhísí seo.

Bhíodh an-bhaint ag na feirmeoirí áitiúla, an dream a bhíodh ag iarraidh greim a mbéil a shaothrú ar an drochthalamh, le muintir Árann agus Co. an Chláir. Thugaidís ualaigh móna amach ar ghleoiteogaí go dtí na ceantair sin – a raibh an aolchloch go fairsing iontu ach an breosla gann – agus mhalartaíodh siad an mhóin ar iasc, ar shlata saileacha agus ar bhallasta aolchloiche. Dhóití an ballasta seo i dtornóg agus scaiptí mar leasú ar an gcréagfóg aigéadach é.

Ba dhroch-thiarnaí talún a bhí ins na Blácaigh agus chéasaidís na tionóntaithe trí iachall a chur orthu oibriú in aisce dóibh agus dhóighidís tithe na dtionóntaithe sin nárbh acmhainn dóibh an cíos a íoc. Tá fothracha na dtithe a dhóigh siad le feiceáil fós ar an taobh thoir de Loch na Tulaí. Ó am go chéile, nuair a dhóití nó nuair a leagtaí tithe tionóntaithe mar seo, thagadh na comharsana le chéile mar mheitheal chun na tithe a thógail as an nua arís. Ba mhinic a thógaidís tithe thar oíche, ach ní chosúil gur thárla sé sin sa gcás seo. Tá fianaise i chuile áit ar an mbánú daonra sa gceantar.

Tá nósanna maireachtála an phobail seo mórán mar a bhí leis na céadta bliain. Baineann teaghlaigh an cheantair a gcuid móna féin ar na portaigh áitiúla chuile shamradh agus cé go ndéantar iascaireacht ar scála i bhfad níos mó anois amach as Céibh Ros a’ Mhíl, d’fheicfeá corrchurach ag déanamh a bealach amach chuig na potaí gliomaigh a bhionn curtha amuigh sa gcuan ag na hiascairí áitiúla.

D’fhéadfá oíche an-phléisiúrtha a chaitheamh i gceann den dá theach ósta ceann tuí áitiúla. Bíonn amhranaithe sean-nóis ag gabháil fhoinn gan tionlacan iontu seo chomh binn le haon cheol a chuala Colmcille féin nuair a tháinig sé i dtír ar na cladaigh carraigreacha seo an chéad lá ariamh.